14 1932


Uimhir 14 de 1932


ACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1932.


ACHT CHUN FO-AILT (5) D'ALT 71 DEN DISEASES OF ANIMALS ACT, 1894, DO LEASÚ. [22adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, do leasú.

1. —An méid d'fho-alt (5) d'alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, mar a leasuítear é le halt 1 den Diseases of Animals (Ireland) Act, 1914, le n-a socruítear an tsuim is mó is féidir do ghearradh san iomlán fén alt san 71, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige maidir le haon airgead a gearrfar fé tar éis an Achta so do rith, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh an tsuim iomlán a féadfar a ghearradh tar éis an Achta so do rith fé alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, thar suim is cóionann le púntáiste de reul an púnt ar luach bhliantúil ghlan na maoine sna contaethe riaracháin uile de Shaorstát Éireann.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1932, do ghairm de sna Diseases of Animals (Ireland) Acts, 1894 to 1914, agus den Acht so le chéile.