An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932) Ar Aghaidh (CUID II. Foralacha Airgeadais.)

19 1932

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932

CUID I.

Roimhraitheach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “cumann maitheasa puiblí” cumann atá cláruithe fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, no cara-chumann atá cláruithe fé sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, no aontas céirde atá cláruithe fé sna Trade Union Acts, 1871 to 1913, agus go bhfuil ar a gcuspóirí tithe don lucht oibre do thógáil agus foluíonn an abairt sin fós cuideachta chuireann ina luighe ar an Aire gur leas na ndaoine amháin is abhar dá gcuspóirí agus go bhfuil ar na cuspóirí sin tithe don lucht oibre do sholáthar;

foluíonn an focal “duine” i ngach áit ina bhfuil sé i gCuid II den Acht so an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha ach ní fholuíonn sé údarás áitiúil ná cumann maitheasa puiblí;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “sclábhaí talmhaíochta” atá leis an abairt “agricultural labourer” in Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931;

cialluíonn agus foluíonn an focal “tigh” foirgint no aon chuid d'fhoirgint atá oiriúnach chun bheith ina tigh comhnaithe;

ní fholuíonn an focal “tógáil” athdhéanamh agus is dá réir sin a léireofar na focail “tóg,” “ag tógail,” agus focail eile ata gaolmhar leo;

cialluíonn an focal “baile-líomatáiste” líomatáiste aon chontaebhuirge, buirge, no bailecheanntair no líomatáiste aon bhaile ag a bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act. 1854;

cialluíonn an focal “tuath-líomatáiste” líomatáiste ceanntair shláinte chontae ach gan aon bhaile-líomatáiste atá suidhte ann d'áireamh;

cialluíonn an focal “baile-údarás” comhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair no coimisinéirí baile ag a bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Achtacháin d'athghairm.

3. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus beidh éifeacht ag an athghairm sin ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach.

Costaisí.

4. —Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é a híocfar gach costas fé na raghaidh an tAire no an tAire Tionnseail agus Tráchtála chun an Achta so do chur i bhfeidhm.