Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Méideanna na nDeontas.)

28 1932


Uimhir 28 de 1932.


ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1932.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DEONTAISÍ DE SHUIM DHÁ CHÉAD AGUS CAOGA MÍLE PUNT DO DHEONADH CHUN FAOISIMH DO DHÉANAMH MAIDIR LE RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NA nDEONTAS SAN D'ÚSÁID AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg;

cialluíonn an abairt “talamh talmhaíochta” talamh a tuairiscítear mar thalamh thalmhaíochta sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn an abairt “tionóntachán tailimh thalmhaíochta” ionoighreacht no tionóntachán ionrátuithe is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán.

(2) Féadfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair, más ceart san dar leo, a dhearbhú nách talamh talmhaíochta chun crícheanna an Achta so an talamh is clós do thigh chomhnaithe áirithe sa chontae no sa bhailecheanntar san, agus leis sin ní bheidh an talamh san ina thalamh thalmhaíochta chun na gcrícheanna san.

An luacháil áirithe d'fháil amach.

2. —(1) Déanfar an luacháil áirithe bheidh, chun crícheanna an Achta so, ar aon talamh talmhaíochta in aon chontae áirithe d'fháil amach do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin thailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus nách mó ná deich bpúint luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(b) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán thailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus nách mó ná deich bpúint méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(c) i gcás duine do bheith rátuithe fón Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , mar únaer alos dhá thionóntachán thailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(d) i gcás údaráis áitiúla do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán thailimh thalmhaíochta no níos mó is leis an údarás áitiúil sin no atá ar seilbh acu maidir le hiostáin sclábhuithe do cuireadh ar fáil fé Achtanna na Sclábhuithe, 1883 go 1931, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála no deich bpúint, pe'ca suim acu san is lugha i ngach cás;

(e) i gcás gan Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin thailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus gur mó ná deich bpúint luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná deich bpúint;

(f) i gcás Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheidh rátuithe alos dhá thionóntachán thailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus gur mó ná deich bpúint méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála no deich bpúint, pe'ca suim acu san is lugha i ngach cás;

(g) beidh feidhm ag an bhforáil seo leanas i gcás gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den ait so agus sa chás san amháin, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin thailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin. isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta sa tionóntachán san ná deich bpúint. agus

(ii) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán thailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur aon tionóntachán tailimh thalmhaíochta amháin na tionóntacháin sin le chéile, agus isé luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san aon tionóntachán amháin sin ná deich bpúint.

(2) San alt so léireofar an focal “contae” mar fhocal a chialiuíonn an chontae, agus gach bailecheanntar atá sa chontae sin agus a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'áireamh mar chuid di, ach gan aon cheann de sna bailecheanntair eile atá sa chontae sin d'áireamh mar chuid di.

Míniú ar chion áirithe.

3. —Isé is cion áirithe, chun crícheanna an Achta so, de luacháil áirithe aon tailimh thalmhaíochta ná an méid sin den luacháil áirithe sin go mbeidh idir é agus an luacháil áirithe sin an cothrom céanna bheidh idir an deontas is iníoctha fén Acht so le comhairle na contae no an bhailecheanntair ina bhfuil an talamh talmhaíochta san agus méid iomlán luachálanna áirithe uile an tailimh thalmhaíochta sa chontae no sa bhailecheanntar san.

Deontaisí do chomhairlí contae agus do chomhairlí bailecheanntair.

4. —(1) Déanfaidh an tAire Airgid, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, deontaisí gurb é a méid iomlán ná suim £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) do dheonadh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhairlí fé seach na gcontacthe agus na mbailecheanntar uile agus ré seach a luaidhtear sa chéad cholún agus sa dara colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so

(2) Isé méid an deontais a deonfar fén alt so do chomhairle gach contae luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do chomhairle gach bailecheanntair a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san ná an tsuim a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne ainme contac no bailecheanntair (pe'ca aca é) na comhairle sin sa chéad cholún no sa dara colún den Sceideal san.

Na deontaisí d'úsáid.

5. —(1) An deontas a deonfar fén Acht so d'aon chomhairle chontae no bhailecheanntair déanfaidh an chomhairle sin é d'úsáid chun suime do lomháil, do réir an Achta so, do gach duine atá rátuithe alos tailimh thalmhaíochta sa chontae no sa bhailecheanntar san i gcóir seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán. 1932.

(2) Isé méid a lomhálfaidh comhairle d'éinne fén alt so ná suim is có-ionann leis an gcion áirithe den luacháil áirithe (mar a mínítear san leis an Acht so) a bheidh ar an talamh thalmhaíochta i gcontae no i mbailecheanntar (pe'ca aca é) na comhairle sin gur ina thaobh atá an duine sin rátuithe i gcóir seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932.

(3) Gach suim a lomhálfaidh comhairle fén alt so do dhuine bheidh i dteideal na suime sin do lomháil do lomhálfar í tríd an gcomhairle sin do thabhairt nóta no ráitis (dá ngairmtear nóta creidiúna san Acht so) don duine sin á dhearbhú é bheith i dteideal creidiúna d'fháil alos méid na suime sin i gcoinne rátaí is iníoctha aige leis an gcomhairle sin alos na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, no alos aon bhliana airgeadais áitiúla roimhe sin.

Nótaí creidiúna do ghlacadh mar íocaíocht.

6. —(1) Gach nóta creidiúna do bhéarfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair amach fén Acht so d'éinne agus a thairgfidh an duine sin an 31adh lá de Mhárta, 1933, no roimhe sin chun no mar chabhair chun aon ráta d'íoc do ghearr an chomhairle sin ar an duine sin i gcóir seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, no i gcóir seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla roimhe sin, déanfaidh an chomairle sin é do ghlacadh agus do thógaint mar íocaíocht airgid i méid an nóta chreidiúna san.

(2) Gach duine dá dtabharfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair nóta creidiúna amach fén Acht so agus a bheidh tar éis íocaíochta do dhéanamh, roimh an Acht so do rith no dá éis sin no go leathrannach roimh an Acht so do rith agus go leathrannach dá éis sin, sna rátaí uile i gcóir seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, do ghearr an chomhairle sin air alos an tionóntacháin thailimh thalmhaíochta ina bhfuil an talamh talmhaíoctha gur ina thaobh a bhéarfar amach an nóta creidiúna san, beidh sé i dteideal ar an nóta creidiúna san do sheachadadh don chomhairle sin chun crícheanna an ailt seo an 31adh lá de Mhárta, 1933, no roimhe sin aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa mhéid sin de sna rátaí sin d'íoc sé amhlaidh is có-ionann le méid an nóta chreidiúna san.

(3) Féadfaidh duine dá dtabharfar nóta creidiúna amach fén Acht so tairbhe fho-ailt (1) den alt so d'éilcamh maidir le cuid de mhéid an nóta chreidiúna san agus tairbhe fho-ailt (2) den alt so d'éileamh maidir le hiarmhéid an mhéide sin, agus pé uair a déanfar an t-éileamh san beidh baint ag na fo-ailt sin fé seach le codanna fé seach méide an nóta chreidiúna san fé is dá mba mhéid iomlán nóta chreidiúna gach cuid díobh san.

An tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, do chur i mbaint.

7. —(1) Chun crícheanna ailt 6 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) (dá ngairmtear an tAcht san san alt so) agus chun crícheanna an ailt sin mar a cuirtear i mbaint é tré alt 9 den Acht san tuigfear gurab é is méid d'aon ráta le n-a mbaineann an tAcht san agus do gearradh ar dhuine bheidh i dteideal suime do lomháil do fén Acht so alos an ráta san ná an méid den ráta san a bheidh fágtha tar éis méid na suime bheidh le lomháil amhlaidh do bhaint as.

(2) Pé uair a bheidh údarás rátúcháin, mar a mínítear san leis an Acht san, ina n-únaer ar thigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta san, bainfidh an tAcht so leis an údarás rátúcháin sin maidir leis an tigh comhnaithe beag san fé is dá mba dhuine an t-údarás rátúcháin sin ar ar ghearr an t-údarás rátúcháin sin ráta alos an tighe chomhnaithe bhig sin i gcóir seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus go n-íocfadh an t-údarás rátúcháin sin, an 31adh lá de Mhárta. 1933, no roimhe sin, an ráta tuigeadh amhlaidh do bheith gearrtha.

(3) Má lomháltar suim d'éinne fén Acht so ní chuirfidh san an duine sin o theideal do bheith aige chun tairbhe forálacha fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht san má bhaineann agus sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis.

Cad déanfar le farasbár deontaisí ná húsáidfear.

8. —(1) Aon fharasbár, den deontas a deonfar fén Acht so do chomhairle chontae no bhailecheanntair, a fhanfaidh ar láimh na comhairle sin an 1adh lá d'Abrán, 1933, agus nách féidir, ag féachaint d'fhorálacha an Achta so, don chomhairle sin a úsáid go dlíthiúil do réir an Achta so, déanfaidh an chomhairle sin é d'úsáid sa tslí chéanna gur gá do réir dlí an t-airgead d'úsáid is iníoctha leis an gcomhairle sin alos an deontais thalmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an deontas talmhaíochta” an deontas dá dtagartar in alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar atá san oiriúnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin no fé.

Suimeanna bheidh le lomháil d'áireamh.

9. —Nuair a bheidh méid aon tsuime bheidh le lomháil á dhéanamh amach chun crícheanna an Achta so ní tabharfar áird ar aon chodán de phingin is lugha ná leith-phingin agus áirmheofar mar phingin aon chodán de phingin is có-ionann le leithphingin no is mó ná san.

Orduithe agus treoracha ón Aire.

10. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe no treoracha, generálta no áirithe, maidir leis an Acht so do chur i bhfeidhm, do thabhairt do chomhairlí contaethe agus do chomhairlí bailecheanntar no d'aon chomhairle den tsórt san, pé orduithe no treoracha chífear don Aire do bheith riachtanach no ceart chun feidhmithe an Achta so do chur in áirithe no do chur in usacht.

(2) Gach ordú no treoir do thug an tAire uaidh roimh an Acht so do rith, agus le n-a mbeadh údarás an fho-ailt sin roimhe seo den alt so dá mba tar éis an Achta so do rith do bhéarfaí é, tuigfear gur fé údarás an fho-ailt sin do tugadh é.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle chontae no bhailecheanntair gach ordú agus treoir do chólíonadh bhéarfaidh an tAire uaidh no tuigfear do bheith tugtha uaidh ag an Aire fén alt so don chomhairle sin agus tuigfear, maidir le gach gníomh ar n-a dhéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) ag aon chomhairle den tsórt san do réir aon orduithe no treorach den tsórt san, gur fé údarás an Achta so do rinneadh no deintear é agus beidh éifeacht ag an ngníomh san agus (más roimh an Acht so do rith do rinneadh é) tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin.

(4) Gach gníomh do rinne comhairle chontae no bhailecheanntair sara ndearnadh agus le súil go ndéanfaí an tAcht so do rith beidh aige agus tuigfear go raibh riamh aige an dleathacht agus an éifeacht uile (más ann dóibh sin) do bheadh aige dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair do rinneadh an gníomh san.

Gearr theideal.

11. —Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1932 , do ghairm den Acht so.