Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a Hathghairmtear.)

29 1932


Uimhir 29 de 1932.


ACHT TOGHACHÁIN (ATHCHOMHAIRC CHLÁRATHACHTA), 1932.


ACHT CHUN ATHCHOMHARC CLÁRATHACHTA I gCATHAIR AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I nDÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE D'AISTRIÚ Ó SNA hABHCÓIDÍ ATH-FHÉACHANA GO dTÍ AN CHÚIRT CHUARDA. [16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “Príomh-Acht” an t Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) .

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht beidh, mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt, an bhrí chéanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.

Athchomhairc chlárathachta i mBaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntair phríomh-scoile.

2. —(1) I gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus i ndáilcheanntar phríomh-scoile, agus i gcontae Bhaile Atha Cliath is chun an Bhreithiún Cúirte Cuarda a fheidhmíonn dlighinse na Cúirte sin i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta a déanfar an t-athchomharc fé alt 16 den Phríomh-Acht ón oifigeach clárathachta san, agus bainfidh an t-alt san (sa mhéid ná hathghairmtear é leis an Acht so no le haon Acht roimhe seo) le hathchomhairc den tsórt san fé réir na n-athruithe go ndéanfar tagairtí don Chúirt Chontae, do Phrímh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighc, agus don Chúirt Athchomhairc fé seach do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí don Chúirt Chuarda. do Phrímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus don Chúirt Uachtaraigh fé seach.

(2) Is fé réir forálacha an Achta so a bheidh éifeacht ag an alt san 16 maidir le toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú do réir an Achta chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) .

(3) Chun crícheanna an ailt sin 16, fé mar atá sé curtha i mbaint leis an alt so, tuigfear líomatáiste clárathachta dháilcheanntair phríomh-scoilc do bheith suidhtc i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Athghairm.

3. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Toghacháin (Athchomhaire Chlárathachta), 1932, do ghairm den Acht so.