30 1932


Uimhir 30 de 1932.


ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1932.


ACHT CHUN É DO DHÉANAMH DLEATHACH DO CHOMHAIRLÍ CONTAE SÍOLTA EORNAN, SÍOLTA COIRCE, AGUS PRÁTAÍ SÍL, NO ABHAIR LEASUITHE, NO NA SÍOLTA SAN AGUS NA hABHAIR LEASUITHE SIN DO CHUR AR FÁIL AN 9adh LÁ DE MHÁRTA, 1932, NO DÁ ÉIS SIN AGUS ROIMH DHÁTA AN ACHTA SO DO RITH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AIRGID I dTAOBH NA SÍOLTA AGUS NA nABHAR LEASUITHE SIN D'ÍOC AGUS DO BHAINT AMACH AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

ní chialluíonn an focal “síolta” ach amháin síolta eornan, síolta coirce agus prátaí síl;

léireofar tagairtí do chomhairle do dhíol carraí mar thagairtí fholuíonn eadar-ghníomhartha ina ndeineann comhairle socrú le deighleálaí carraí ina ndeighlcálann sé do chur ar fáil do dhuine go n-údarás ón gcomhairle sin chun na n-carraí sin difháil.

Dleathacht do chomhairlí contae do chur síolta no abhar leasuithe ar fáil.

2. —(1) Má rinne comhairle chontae an 9adh lá de Mhárta, 1932, no dá éis sin, agus roimh dháta an Achta so do rith síolta no abhair leasuithe no síolta agus abhair leasuithe do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, beidh sé dleathach don chomhairle sin aon chuid de sna síolta no de sna habhair leasuithe sin do dhíol le haon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di (pe ca aca é) agus má dhíol an chomhairle sin aon tsíolta no abhair leasuithe den tsórt san le haon tsealbhaire no saothruitheoir den tsórt san roimh an Acht so do rith tuigfear gur fén Acht so do rinneadh an díol san agus go bhfuil an díol san agus go raibh sé riamh dleathach agus éifeachtúil.

(2) Pé uair a dhéanfaidh no do rinne comhairle chontac aon tsíolta no abhair leasuithe no aon tsíolta agus abhair leasuithe do dhíol fén Acht so beidh ag gabháil le haon tsuim a bheidh ag dul don chomhairle sin alos aon díola den tsórt san agus tuigfear go raibh ag gabháil léi riamh ús do réir an ráta san per cent. per annum a shocróidh an chomhairle sin (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) chuige sin, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun úis do dhíol.

(3) Pé uair a dhéanfaidh no do rinne comhairle chontac aon tsíolta no abhair leasuithe no aon tsíolta agus abhair leasuithe do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (seachas an praghas d'íoc an chomhairle sin ar na síolta no ar na habhair leasuithe sin no ar na síolta agus ar na habhair leasuithe sin) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin alos na ndíol san uile agus féadfaid an méid sin do roinnt idir na daoine le n-ar díoladh amhlaidh aon tsíolta no abhair leasuithe no aon tsíolta agus abhair leasuithe den tsórt san. agus leis sin cuirfear an tsuim a bheidh roinnte amhlaidh leis an suim agus beidh sí ina cuid agus tuigfear go raibh sí riamh ina cuid den tsuim a bheidh dlite ag an gcomhairle sin ar an duine sin alos an díola san agus féadfar í do bhaint amach fén Acht so dá réir sin d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun na suime sin d'íoc.

(4) Aon tsuim (le n-a n-áirmhítear an t-ús agus an cion de sna costaisí agus de sna caiteachaisí is iníoctha de bhuadh an ailt seo) a bheidh ag dul do chomhairle chontae alos aon tsíolta no abhar leasuithe den tsórt san roimhráite do dhíol íocfar í leis an gcomhairle sin san am agus sa tslí ar ar có-aontuíodh am an díola no, más rogha leis an gcomhairle sin é, ina dhá thráth-chuid chó-ionannacha a bheidh iníoctha ar na dátaí fé seach a cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, agus i gceachtar cás acu féadfar an tsuim sin do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.

Có-aontuithe do bheith ina bhfianaise.

3. —Má bhíonn aon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh i gcontae tar éis aon tsíolta no abhar leasuithe d'fháil o chomhairle na contae sin agus más rud é, roimh na síolta no na habhair leasuithe sin d'fháil no mar choinníoll do ghaibh le n-a bhfáil (do réir mar bheidh), go mbeidh sé tar éis aon gheallúna do thabhairt fé n-a láimh no do thabhairt uaidh ar aon tslí eile go ndéanfa sé praghas na síolta no na n-abhar leasuithe do fuarthas amhlaidh d'íoc le comhairle na contae sin no tar éis teacht de dhruim aon gheallúna chun bheith freagarthach san íoc san, ansan, ar a chruthú gur tugadh í go cuibhe, féadfar an gheallúint sin do thairisgint agus glacfar í mar fhianaise in imeachta in aon chúirt chun an phraghais sin do bhaint amach d'ainneoin ná beifear tar éis forálacha an Stamp Act, 1891, fé mar a leasuítear no mar a hoiriúnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, do chólíonadh.

Saoirse o dhícháilíocht i gcásanna áirithe.

4. —Má rinne aon duine no má dheineann sé ina dhiaidh seo marga chun aon tsíolta no abhar leasuithe, ar n-a ndíol ag comhairle chontae fén Acht so, do cheannach ón gcomhairle sin, ní bheidh sé ná ní tuigfear go raibh sé fé dhí-cháilíocht dá dheascaibh sin maidir le hé do thogha, do rogha, no do bheith mar bhall de chomhairle chontae no cheanntair, no de bhord choimisinéirí baile.

Dleathacht do thabhairt d'orduithe, do rialacháin, etc., áirithe.

5. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire, gach cead a thabharfa sé uaidh agus gach rud a dhéanfa sé i dtaobh comhairle contae do chur síolta no abhar leasuithe no síolta agus abhar leasuithe ar fáil an 9adh lá de Mhárta, 1932, no dá éis sin, agus roimh dháta an Achta so do rith no i dtaobh díola agus roinnt na síolta agus na n-abhar leasuithe sin beid agus tuigfear go rabhadar riamh dleathach agus éifeachtúil chun gach críche.

Suimeanna is iníoctha fén Acht so le comhairlí contae do bhaint amach.

6. —I dteanta aon mhodha eile agus gan dochar d'aon mhodh eile chun í do bhaint amach féadfar suim ar bith a dearbhuítear leis an Acht se do bheith iníoctha le comhairle contae agus ná beidh íoctha leis an gcomhairle sin ná bainte amach ag an gcomhairle sin ar aon tslí eile roimh an 1adh lá d'Eanar, 1933—

(a) féadfar, má bhíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tríd an gcomhairle sin do ghearradh ráta speisialta a cuirfear leis an ráta dealbhais agus a baileofar in éineacht leis an ráta dealbhais a bheidh measta ar an tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an duine sin rátuithe amhlaidh mar adubhradh, agus

(b) féadiar, mara mbíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tré ráta speisialta a ghearrfaidh an chomhairle sin chun críche an ailt seo agus go mbeidh an duine sin rátuithe ina chóir agus a baileofar agus a féadfar a bhaint amach ar an gcuma gcéanna agus sa tslí chéanna in ar féidir don chomhairle sin ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

Fáil suimeanna áirithe ar iasacht do dhéanamh dleathach.

7. —(1) Baineann an t-alt so le gach suim a fuair no a gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht, le haontú ón Aire, an 9adh lá de Mhárta, 1932, no dá éis sin agus roimh dháta an Achta so do rith chun síolta no abhar leasuithe no síolta agus abhar leasuithe do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi.

(2) Gach suim le n-a mbaineann an t-alt so tuigfear gur go dleathach do rinne an chomhairle do fuair ar iasacht í an céanna d'fháil ar iasacht, agus aisíocfaidh an chomhairle sin an tsuim sin an 31adh lá de Mhárta, 1934, no roimhe sin, maraon le hús do réir an ráta ar ar có-aontuíodh.

(3) Tuigfear gach suim le n-a mbaineann an t-alt so maraon leis an ús uirthi do réir an ráta roimhráite do bheith ina muirear, ón dáta ar a bhfuarthas an tsuim sin ar iasacht, ar an ráta dealbhais is inghearrtha i gcontac na comhairle do fuair an céanna ar iasacht.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1932 , do ghairm den Acht so.