An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT PÁIRCE CUIMHNEACHÁIN BOURN VINCENT, 1932) Ar Aghaidh (CUID II. Glacadh Leis an mBronnadh.)

31 1932

ACHT PÁIRCE CUIMHNEACHÁIN BOURN VINCENT, 1932

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Páirce Cuimhneacháin Bourn Vincent, 1932 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn an abairt “an Có-aontú Tosaigh” an Có-aontú go bhfuil cóip de leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “Dintiúir an Deonta” an Dintiúir go bhfuil cóip de leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Có-aontú Foirlíontach” an Có-aontú go bhfuil cóip de leagtha amach i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “na Scríbhinní Sceidealta” an Có-aontú Tosaigh, Dintiúir an Deonta agus an Có-aontú Foirlíontach, agus léireofar an abairt sin mar thagairt do sna scríbhinní sin le chéile no ar leithligh fé mar is gá do réir an chó-théacs;

cialluíonn an abairt “an Leithliú Tosaigh” Dintiúir áirithe atá ullamhuithe agus críochnuithe cheana mar scríbhinn choinníollach agus atá le bheith fé chó-dháta le Dintiúir an Deonta agus atá le déanamh idir Robert Nesbitt Keller, William Thomas Mackay agus Percival Hugh Browne ar thaobh agus Arthur Rose Vincent, Seanadóir, ar an taobh cile;

cialluíonn an abairt “an Pháirc” Páirc Chuimhneacháin Bourn Vincent.

Costaisí agus fáltaisí.

3. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire agus é ag feidhmiú an Achta so agus ar a n-áirmhítear go sonnrách an t-airgead is iníoctha ag an Aire fén gCó-aontú Foirlíontach mar phraghas ar an maoin go gcó-aontuítear tríd sin í do dhíol leis agus gach costas i bpáirt an Aire chun no i dtaobh na scríbhinní sceidealta d'ullamhú agus do chríochnú agus fós, sa mhéid go gceadóidh an tAire é, gach costas fé n-a raghaidh na Coimisinéirí agus iad ag feidhmiú an Achta so.

(2) Déanfar gach airgead do ghcobhaidh na Coimisinéirí fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire.