An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Phairc do Choinneail i dTreo.)

31 1932

ACHT PÁIRCE CUIMHNEACHÁIN BOURN VINCENT, 1932

CUID II.

Glacadh Leis an mBronnadh.

Glacadh leis an mbronnadh agus é do thabhairt chun críche.

4. —An mhaoin, dá ngairmtear do ghnáth Estát Mhucrois, atá á bronnadh go fial ag Arthur Rose Vincent, Scanadóir, maraon le William Bowers Bourn agus Agnes M. Bourn, ar an Náisiún chun crícheanna Páirce Náisiúnta, agus go bhfuiltear ar aigne a bronnadh do thabhairt chun críche tré sna scríbhinní sceidealta, deintear leis seo glacadh le n-a bronnadh go fior-bhuidheach, agus dá réir sin—

(a) dearbhuítear leis seo go n-aontuítear tríd seo leis an gCó-aontú Tosaigh agus go dtabharfar éifeacht don Chó-aontú san sa tslí foráltar leis an Acht so, agus

(b) achtuítear leis seo go mbeidh sé dleathach don Aire Dintiúir an Deonta do chríochnú agus na tailte agus an mhaoin a déanfar a leithliú dho leis an Dintiúir sin do thógaint agus do shealbhú do réir an Achta so, agus

(c) achtuítear fós leis seo go mbeidh sé dleathach don Aire an Có-aontú Foirlíontach do thabhairt chun críche agus na tailte agus an áirnéis uile déanfar a leithliú no a sheachadadh dho do réir an Chó-aontuithe sin do thógaint, do ghlacadh agus do shealbhú do réir an Achta so.

Usáid ghenerálta na maoine.

5. —(1) Na tailte agus an mhaoin uile (seachas áirnéis phearsanta) a déanfar, leis na scríbhinní sceidealta no dá réir no le haon cheann de sna scríbhinní sin no dá réir sin, a leithliú don Aire beid ar seilbh ag an Aire agus dílsithe ann chun bheith, do réir an Achta so, ina bpáirc náisiúnta agus á n-úsáid mar pháirc náisiúnta agus déanfar agus deintear leis seo “Páirc Chuimhneacháin Bourn Vincent” do ghairm den pháirc náisiúnta san agus do thabhairt mar theideal uirthi.

(2) An áirnéis phearsanta uile a haistreofar chun an Aire no do gheobha sé fé sna scríbhinní sceidealta no dá réir no fé aon cheann de sna scríbhinní sin no dá réir sin beid ar seilbh ag an Aire agus dílsithe ann chun na gcrícheanna ceaptar leis an Acht so.

Leacht cuimhne do thógáil.

6. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “na Bronntóirí” Arthur Rose Vincent, Seanadóir, William Bowers Bourn agus Agnes M. Bourn a luaidhtear agus a tuairiscítear fé seach sna scríbhinní sceidealta, agus na daoine agus an duine acu san is sia mhairfidh.

(2) Beidh sé dleathach do sna Bronntóirí, ar a gcostas féin agus in aon áit sa Pháirc ar n-a thogha acu féin no (le húdarás uatha) ag cumadóir patrúin an leachta chuimhne luaidhtear anso ina dhiaidh seo, leacht amháin, ach ní níos mó ná leacht amháin, do thógáil i gcuimhne ar Maud Chase Bourn Vincent, ná maireann, bain-chéile Arthur Rose Vincent, Seanadóir, adubhradh.

(3) Isé déanamh a bheidh ar an leacht cuimhne sin ná pé déanamh is toil leis na Bronntóirí féin agus, ar chostas na mBronntóirí, beidh pé inscríbhinn air ordóidh na Bronntóirí, á chur in úil cad chuige an leacht cuimhne sin.

(4) Cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfar an leacht cuimhne sin do choimeád in ordú agus ar staid agus fé dheisiú mhaith cheart, agus gach tagairt atá san Acht so don Pháirc do choinneáil i dtreo léireofar í mar thagairt a fholuíonn an leacht cuimhne sin do choimeád san ordú, ar an staid agus fén deisiú san.

Cabhair chun costas na scríbhinní sceidealta d'íoc.

7. —Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfaidh an tAire le hArthur Rose Vincent, Seanadóir, a hainmnítear agus a tuairiscítear sna scríbhinní sceidealta, pé suim nách mó ná cúig céad púnt agus ar a gcó-aontóidh an tAire agus Arthur Rose Vincent, Seanadóir, adubhradh mar chabhair chun íoctha na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeachaidh Arthur Rose Vincent, Seanadóir, adubhradh chun agus i dtaobh na scríbhinní sceidealta d'ullamhú agus do chríochnú agus chun íoctha na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeachaidh páirtithe an Leithlithe Thosaigh chun agus i dtaobh an Leithlithe sin d'ullamhú agus do chríochnú.

Saoirse o dhiúité stampa.

8. —Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar an Leithliú Tosaigh ná ar aon cheann de sna scríbhinní sceidealta ná ar aon ionstruimid a bheidh fé dháta is déanaí ná dáta an Achta so do rith agus is instruimid is gá chun éifeachta do thabhairt d'aon cheann de sna scríbhinní sceidealta.

Saoirse o dhiúité báis.

9. —(1) Ní bheidh diúité estáit ná diúité comharbais inéilithe maidir le bás Arthur Rose Vincent, Seanadóir, a hainmnítear agus a tuairiscítear sna scríbhinní sceidealta, alos na dtailte (pe'ca ar sealbhuíocht réalta no ar sealbhuíocht áirnéis-réalta dhóibh) ná na háirnéise pearsanta déanfar leis na scríbhinní sceidealta no le haon cheann acu no a có-aontuítear no a có-aontófar leis na scríbhinní sceidealta san no le haon cheann acu do leithliú, d'aistriú no do dhíol.

(2) Ní bheidh diúité estáit inéilithe fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, mar a leathnuítear san le fo-alt (2) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, ar fháil bháis do William Bowers Bourn, a hainmnítear agus a tuairiscítear sna scríbhinní sceidealta, ar an gcomaoin do tugadh alos an leithlithe do rinneadh leis an Leithliú Tosaigh, d'ainneoin gurbh é an William Bowers Bourn san do thug an chomaoin sin uaidh.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir le fo-alt (2) den alt so ní oibreoidh éinní san alt so chun na comaoine sin, do tugadh alos an leithlithe do rinneadh leis an Leithliú Tosaigh, ná chun aon tailimh, súncálanna, no cistí is ionann de thurus na huaire agus an chomaoin sin, do shaoradh tráth ar bith o dhiúité estáit ná o dhiúité chomharbais.