An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Meilt Chruithneachtan do Stiuradh agus do Rialail.)

7 1933

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta socrófar chuige sin le haon chó-ordú no có-orduithe ón Aire Tionnscail agus Tráchtála agus an Aire Talmhaíochta go generálta no maidir le haon chrích no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do shocrú amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir forálacha deifriúla den Acht so.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an focal “plúr” plúr ar bith a gheibhtear as cruithneachtain ach ní fholuíonn sé min a gheibhtear as cruithneachtain ná turscar cruithneachtan;

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe” cólucht corpruithe do bunuíodh roimh an Acht so do rith no a bunófar dá éis sin pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann a bunuíodh no a bunófar é;

léireofar an focal “scaireanna” mar fhocal fholuíonn stoc ach ná foluíonn debentiúirí ná stoc debentiúra;

cialluíonn an abairt “ceadúnas muilneoireachta” ceadúnas ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht so;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire sin chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Talmhaíochta” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire sin chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Talmhaíochta leis an Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so;

cialluíonn an abairt “bliain arbhair” an tréimhse bhliana dar tosach an ladh lá de Lúnasa, sa bhliain 1933 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, agus dar críoch an chéad 31adh lá d'Iúl tar éis an 1adh lá san de Lúnasa;

cialluíonn an abairt “arbhar dúthchais” arbhar do fásadh i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “bairille” bairille fiche cloch;

cialluíonn na focail “cruithneacht Indiathach” “coirce” “eorna” agus “seagal” grán cruithneachtan Indiathaighe, grán coirce, grán eornan agus grán seagail fé seach;

foluíonn an abairt “min bhuidhe” cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbh-mheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, cruithneacht Indiathach rolluithe agus min gheineoige cruithneachtan Indiathaighe;

foluíonn an focal “meilt” brughadh, briseadh, garbh-mheilt, calóga do dhéanamh, agus rollú.

Náisiúnach de Shaorstát Éireann.

4. —Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é ach gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin do bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair do rugadh an duine sin;

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

Cóluchtaí corpruithe Eireannacha

5. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe Éireannach” cólucht corpruithe go mbeidh, le linn an ama bhaineann leis an gcás, níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag duine bheidh, le linn an ama san, no ag beirt daoine no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, le linn an ama san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go mbeidh, le linn an ama san, níos mó ná leath (in ainmluach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, ach ní chun críche ar bith eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibheann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann bás agus má bhíonn sé le linn a bháis ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint ar únaeracht chun tairbhe dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann agus, ar an bprobháid no na litreacha riaracháin sin do dheonadh, an té is ionadaí pearsanta don náisiúnach san de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san, agus maran náisiúnach de Shaorstát Éireann é gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

(b) má thagann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a fhiach-éilitheoirí agus má bhí an náisiúnach san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát an náisiúnaigh sin mar fhéicheamh go mbeidh socrú á dhéanamh aige tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht chun tairbhe an tsannaí no an iontaobhaí sin, agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear maran náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san; agus

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt daoine no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear maidir le gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é an duine sin is únaer chun tairbhe ar chion có-réire de sna scaireanna san; agus

(e) má deintear na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe d'aistriú go dtí banc, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus má deintear an banc san do chlárú mar únaer na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin, tuigfear ná hoibreoidh an t-aistriú agus an clárú san chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san; agus

(f) i gcás na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta no i gcás na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe ag a mbeidh scaireanna i gcólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta do scur de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt san, tuigfear na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir an fho-ailt sin go cionn tréimhse sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh dáiríribh.

Cruithneacht inmhelite.

6. —Tar éis don Aire Talmhaíochta dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú an chaighdeáin nách foláir cruithneacht do bheith dá réir chun í d'áireamh mar chruithneachtain inmheilte agus déanfar tagairtí san Acht so do chruithneachtain inmheilte do léiriu mar thagairtí chialluíonn cruithneacht a bheidh do réir an chaighdeáin a bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

Meascán mine buidhe.

7. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “meascán mine buidhe” ullmhóid bheathadh a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) ná beidh sa mheascán san ach min bhuidhe agus aon tsaghas no saghsanna arbhair dhúthchais;

(b) go mbeidh in aon chruithneacht Indiathach, cruithneacht, eorna, no seagal a bheidh sa mheascán san an tora iomlán do tháinig as an gcruithneacht Indiathach, as an gcruithneacht, as an eorna no as an seagal san do mheilt;

(c) go raibh aon arbhar dúthchais a bheidh sa mheascán san, go raibh sé, sarar meileadh é, glan a dhóthain i gcóir an mhargaidh agus go milis, folláin.

(2) Is arbhar chun crícheanna an ailt seo gach ceann acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) cruithneacht;

(b) eorna;

(c) coirce;

(d) seagal.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Fertilisers and Feeding Stuffs Act, 1906, maidir le meascán mine buidhe.

Abhar beathadh cumaiscthe.

8. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “abhar beathadh cumaiscthe” aon earra le n'ithe ag ainmhithe nách meascán mine buidhe agus—

(a) is meascán de dhá earra no níos mó gur abhar beathadh earra amháin ar a laighead acu; no

(b) is abhar beathadh no is cógus a haithnítear i gcúrsaí tráchtála fé ainm thrádála dhílsithe no chosanta.

(2) San alt so cialluíonn an focal “ainmhithe” capaill, múileanna, ránaí, asail, eallach, caoirigh, muca, gabhar no éanlaithe clóis.

Ceadúnaisí fén Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 , maidir le harbhar do mheilt agus le meascán mine buidhe agus abhair bheathadh chumaiscthe do dhéanamh.

9. —Raghaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta sara ndeinidh, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le halt 6 den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 ( Uimh. 21 de 1932 ), ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh, no diúltú d'é do dheonadh, chun aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon tsaghas arbhair do mheilt;

(b) tora aon tsaghas arbhair do meileadh do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san;

(c) meascán mine buidhe do dhéanamh;

(d) meascán mine buidhe do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san;

(e) aon abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh;

(f) aon abhar beathadh cumaiscthe do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san.

Coiste Comhairlitheach Muilneoireachta.

10. —(1) Déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme Choda II den Acht so, coiste comhairlitheach (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach Muilneoireachta) do bhunú chun comhairle agus conganta do thabhairt don Aire i dtaobh éinní thiocfaidh anuas le linn forálacha na Coda san d'fheidhmiú no bhainfidh leis an bhfeidhmiú san.

(2) Beidh ar an gCoiste Comhairlitheach Muilneoireachta an méid sin gnáth-bhall, eadhon, ionadaithe do shealbhóirí na gceadúnaisí muilneoireachta, is oiriúnach leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(3) Ceapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála duine no daoine, fé mar is oiriúnach leis, a bheidh ionadathach do lucht oibre bhíonn ag gabháil do mhuilneoireacht phlúir chun bheith mar bhall no mar bhaill bhreise, i dteanta na ngnáth-bhall, den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta.

(4) Isé an tAire Tionnscail agus Tráchtála ainmneoidh gach ball den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta agus fanfaidh gach ball den tsórt san ina bhall amhlaidh faid is toil leis an Aire sin é.

(5) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála íocaíochta d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais chothuithe.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

11. —Má cruthuítear, i dtaobh cionta fé aon alt den Acht so do rinne cólucht corpruithe, gur le toiliú no le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí no oifigigh eile don chólucht chorpruithe sin do rinneadh an cionta san no gur cuireadh in usacht é do dhéanamh tré aon fhaillí do rinne éinne acu san, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus beidh sé i mbaol an dlí do chur air agus é do phionósú dá réir sin.

Deimhnithe i dtaobh cigirí do cheapadh, agus na deimhnithe sin do thaisbeáint.

12. —(1) Bhéarfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála do gach cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála deimhniú, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin, i dtaobh a cheaptha mar chigire den tsórt san agus nuair a bheidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so á feidhmiú ag cigire den tsórt san taisbeánfaidh an deimhniú san d'éinne le n-a mbaineann má héilítear san air.

(2) Bhéarfaidh an tAire Talmhaíochta do gach cigire don Aire Talmhaíochta deimhniú, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin, i dtaobh a cheaptha mar chigire den tsórt san agus nuair a bheidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so á feidhmiú ag cigire den tsórt san taisbeánfaidh an deimhniú san d'éinne le n-a mbaineann má héilítear san air.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe ag an Aire sin, agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe ag an Aire sin.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

13. —Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinnneadh roimhe sin fén rialachán san.

Forálacha airgeadais.

14. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar costaisí ar bith fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) Déanfar gach táille do gheobhaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.