Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

9 1933


Uimhir 9 de 1933.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1933.


ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE BÓITHRE IARAINN AGUS LE CUIDEACHTANA BÓTHAIR IARAINN DO LEASÚ. [15adh Meitheamh, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála ;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt ;

foluíonn an abairt “stoc caipitail” stoc debentiúra.

Fiacha áirithe atá dlite ag an Stát ar an gCuideachtain do mhaitheamh.

2. —Deintear leis seo íocaíocht na suimeanna caipitail seo leanas atá dlite ag an Stát ar an gCuideachtain ar scór na n-iasacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fós íocaíocht aon úis atá dlite no ag fás le linn an Achta so do rith ar na suimeanna caipitail sin fé seach do mhaitheamh, agus saortar leis seo an Chuideachta o n-a bheith ortha na híocaíochtaí sin no aon cheann acu d'íoc, sé sin le rá :—

(a) an tsuim de £41,500 (aon mhíle ceathrachad agus cúig céad púnt) eadhon, an farasbarr atá dlite fós ar scór suimeanna go ndeineann a n-iomlán £56,185 (sé mhíle caogad, céad agus cúig púint ochtód) agus do roimh-íoc Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn ar tráthanna iomdha le Cuideachta Bhóthar Iarainn an Deiscirt do bhí ann le déanaí ;

(b) an tsuim de £65,000 (cúig mhíle seascad púnt) do roimhíoc Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn sa bhliain 1902 no tuairim na bliana san le Cuideachta Bhóthar Iarainn Chorcaighe, na Carraige Duibhe agus an Phasáiste do bhí ann le déanaí;

(c) an tsuim de £179,400 (céad agus naoi míle seachtód agus ceithre chéad púnt) do roimh-íoc Rialtas Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí sa bhliain 1918 no tuairim na bliana san le Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas do bhí ann le déanaí.

Caipital na Cuideachtan d'ath-chóiriú.

3. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an príomh-stoc caipitail” méideanna fé seach, a luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, saghas uile agus fé seach stuic chaipitail na Cuideachtan a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal san ;

cialluíonn an abairt “an stoc caipitail laigheaduithe” príomhstoc caipitail na Cuideachtan mar a laigheaduítear é tré oibriú an ailt seo ;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” maidir le gach saghas fé leith de phríomh-stoc caipitail na Cuideachtan an lá cheapfaidh an tAire fén alt so mar lá ceaptha chun crícheanna an ailt seo maidir leis an saghas san den phríomh-stoc caipitail sin ; agus

déanfar tagairtí don chuid d'aon tsaghas den phríomh-stoc caipitail a bheidh ar seilbh ag duine do léiriú mar thagairtí don mhéid iomlán den tsaghas san a bheidh ar seilbh ag an duine sin pe'ca aon deimhniú amháin no níos mó ná aon deimhniú amháin a bheidh aige alos na seilbhe sin.

(2) Déanfaidh na tAire, le hordú déanfar chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, lá do cheapadh, maidir le gach saghas fé leith de phríomh-stoc caipitail na Cuideachtan, mar lá ceaptha chun crícheanna an ailt seo maidir leis an saghas san den phríomh-stoc caipitail sin, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh maidir le saghsanna deifriúla den phríomh-stoc caipitail sin.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis tiocfaidh na saghsanna uile agus fé seach den phríomh-stoc caipitail chun bheith agus beid (fé réir oibrithe na bhforálacha den alt so bhaineann le codáin de phúnt stuic) laigheaduithe go dtí na méideanna uile fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh gach saghais fé leith acu san den phríomh-stoc caipitail sa chéad cholún den Chéad Sceideal san.

(4) Gach duine is sealbhóir an lá ceaptha ar aon chuid d'aon tsaghas den phríomh-stoc caipitail tiocfaidh chun bheith agus beidh, in aghaidh gach céad púnt den tsaghas san den stoc san a bheidh ar seilbh aige amhlaidh, mar shealbhóir an lá ceaptha ar an méid den tsaghas chéanna den stoc caipitail laigheaduithe a luaidhtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh an tsaghais sin sa chéad cholún den Chéad Sceideal san, agus mar sin do réir na cionúireachta céanna i gcóir méideanna stuic is mó no is lugha ná céad púnt, ach beidh san i ngach cás fé réir na bhforálacha den alt so bhainean le codáin de phúnt stuic.

(5) Ní thiocfaidh éinne tré oibriú an ailt seo chun bheith mar shealbhóir ar chodán de phúnt den stoc caipitail laigheaduithe, agus i gcás ina dtiocfadh duine amhlaidh chun bheith mar shealbhóir ar chodán de phúnt den stoc caipitail laigheaduithe an lá ceaptha mara mbeadh an fo-alt so, déanfar an codán san d'áireamh mar phúnt agus méid an stuic chaipitail laigheaduithe go dtiocfaidh an duine sin chun bheith mar shealbhóir air de bhuadh an ailt seo do mhéadú dá réir sin.

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so, tuigfear na méideanna fé seach de sna saghsanna uile agus fé seach den stoc caipitail laigheaduithe luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith méaduithe pé méideanna is gá iad do mhéadú de dhruim oibrithe an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(7) An lá ceaptha tiocfaidh na deimhnithe uile i dtaobh an phríomh-stuic chaipitail chun bheith agus beid ar nea-mbrí, agus gach duine is sealbhóir ar aon chuid d'aon tsaghas den phríomhstoc caipitail beidh sé i dteideal, aon uair tar éis an lae cheaptha, an deimhniú no na deimhnithe (a cuirtear ar nea-mbrí leis an bhfo-alt so) a bhaineann leis an gcuid sin den tsaghas san do thabhairt suas don Chuideachtain agus deimhniú d'fháil in aisce ón gCuideachtain i gcóir an mhéide den tsaghas chéanna den stoc caipitail laigheaduithe go dtiocfaidh an duine sin chun bheith mar shealbhóir air an lá ceaptha de bhuadh an ailt seo.

(8) Beidh feidhm ag ailt 10, 11, agus 12 de Scéim Chó-nascthachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, 1925, maidir leis an stoc caipitail laigheaduithe agus leis na saghsanna uile fé seach den stoc san, ar gach slí fé mar atá feidhm acu maidir leis an bpríomh-stoc caipitail agus leis na saghsanna uile fé seach de, agus dá réir sin déanfar na focail “gach céad púnt den stoc san” atá san alt san 12 do léiriú mar fhocail a chialluíonn gach céad púnt den stoc caipitail laigheaduithe, nách stoc debentiúra.

(9) I gcás é bheith d'oblagáid dlíthiúil ar an gCuideachtain, fé aon chó-aontú do rinneadh roimh an Acht so do rith, cion de sna fáltaisí no de sna fáltaisí glan no íocaíocht as na fáltaisí no as na fáltaisí glan a thagann as aon pháirt áirithe de bhóthar iarainn no de ghnó na Cuideachtan d'íoc le haon chuideachtain eile (pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann atá sí cláruithe) ní dhéanfaidh an laigheadú deintear leis an alt so ar stoc caipitail na Cuideachtan méid an cheana no na híocaíochta san do mhéadú thar an méid do bheadh iníoctha fén gcó-aontú san dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

(10) Ní dhéanfaidh an laigheadú deintear leis an alt so ar ainm-luach caipitail aon stuic dhebentiúra de chuid na Cuideachtan ná an laigheadú deintear sa tslí chéanna ar mhéid an úis ar aon stoc debentiúra den tsórt san teideal do thabhairt d'éinne is sealbhóir ar aon stoc debentiúra den tsórt san glacadóir do cheapadh no aon rud eile do dhéanamh chun a chur d'fhiachaibh go n-íocfaí an t-airgead caipitail do hurruíodh leis an stoc debentiúra san no chun a chur d'fhiachaibh go n-íocfaí ús in aghaidh aon tréimhse tar éis an lae cheaptha ar shuim chaipitail is mó ná an méid caipitail chun a laigheaduítear an stoc debentiúra san leis an alt so.

Airgead iontaobhais no cúirte do shuncáil i stoc leis ar gCuideachtain.

4. —(1) Pe'ca dhéanfaidh an Chuideachta dividendum do réir trí per cent. per annum no aon dividendum d'íoc ar a ngnáthstoc no ná déanfaidh, leanfaidh na cinn sin de stuic chaipitail na Cuideachtan do bhí, an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, ina n-urrúsanna go n-údaruítear d'iontaobhaithe leis an Trustee Act, 1893, airgead iontaobhais do shuncáil ionta, leanfaid, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, de bheith ina n-urrúsanna go n-údaruítear amhlaidh d'iontaobhaithe airgead iontaobhais do shuncáil ionta, agus na cinn sin de stuic chaipitail na Cuideachtan do bhí, an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, ina n-urrúsanna ina bhféadfaí, fé rialacha aon chúirte, cistí sa chúirt sin do shuncáil, leanfaid, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, de bheith ina n-urrúsanna ina bhféadfar cistí sa chúirt sin do shuncáil.

(2) Chun crícheanna na feidhme bheidh, an 1adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin ag na forálacha den Trustee Act, 1893, a bhaineann leis na hurrúsanna go n-údaruítear d'iontaobhaithe airgead iontaobhais do shuncáil ionta no ag na forálacha d'aon rialacha cúirte bhaineann leis na hurrúsanna ina bhféadfar cistí i gcúirt do shuncáil, tuigfear an Chuideachta do bheith tar éis dividendum d'íoc do réir ráta aon per cent. per annum ar a ngnáth-stoc in aghaidh gach bliana do bhlianta airgeadais na Cuideachtan do chríochnuigh tar éis an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1932, agus roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, agus go raibh an Chuideachta gan dividendum ar bith no gan ach dividendum do réir ráta ba lugha ná aon per cent. per annum d'íoc ar a ngnáth-stoc ina haghaidh.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “bliain de bhlianta airgeadais na Cuideachtan” tréimhse go ndeintear ina haghaidh cuntaisí bliantúla na Cuideachtan do dhéanamh suas agus d'iniúchadh.

An riail-ioncum d'atharú.

5. —(1) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, ath-bhreithneoidh an Bínse Bóthair Iarainn riail-ioncum na Cuideachtan (do réir bhrí ailt 53 den Phríomh-Acht) agus, tar éis dóibh éisteacht do thabhairt don Aire (más mian leis go n-éistfí é) agus do gach páirtí eile gur mian leo go n-éistfí iad agus go bhfeictear don Bhínse Bóthair Iarainn leas do bheith acu sa scéal, déanfaidh an Bínse Bóthair Iarainn an riail-ioncum san do choigeartú agus d'atharú tré pé méid do bhaint de a chífear don Bhínse Bóthair Iarainn do bheith cóir agus cothrom ag cuimhneamh ar an laigheadú sa mhéid úis is iníoctha agus ar na dividenda le n-a bhféadfar bheith ag súil go réasúnta mar gheall ar an ath-chóiriú deintear ar chaipital na Cuideachtan leis an Acht so, agus socróidh an Bínse Bóthair Iarainn méid an riail-ioncuim sin dá réir sin agus leis sin isé an riail-ioncum a socrófar amhlaidh a bheidh mar riail-ioncum na Cuideachtan chun crícheanna ailt 53 den Phríomh-Acht.

(2) Ar an Acht so do rith scuirfidh alt 54 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige, agus an lá cheapfaidh an tAire le hordú chun bheith mar lá cheaptha chun críche an fho-ailt seo tiocfaidh an t-alt san 54 i bhfeidhm arís ach go n-a hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá :—

(a) ciallóidh an abairt “riail-ioncum na Cuideachtan” an riail-ioncum mar a shocróidh an Bínse Bóthair Iarainn é fén alt so, agus

(b) ciallóidh an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén bhfo-alt so chun bheith mar lá cheaptha chun críche an fho-ailt seo.

Stiúrthóirí do thoghadh tré phost-vótáil.

6. —(1) Laistigh de ráithe tar éis an Achta so do rith ullamhóidh an Chuideachta agus cuirfid fé bhráid an Aire scéim (dá ngairmtear an scéim phost-vótála san Acht so) tré n-a ndéanfar gach toghachán striúrthóra don Chuideachtain ba ghá do réir dlí, mara mbeadh an t-alt so, do dhéanamh tré vótanna ball den Chuideachtain do thabhairt ag cruinniú coitiann cinn bliana den Chuideachtain do dhéanamh tré vótanna ball den Chuideachtain do thabhairt i bpáipéirí ballóide chuirfidh no sheachadfaidh na baill sin tríd an bpost no ar shlí eile chun na Cuideachtan no chun cinn choimhrimh thar ceann na Cuideachtan.

(2) Nuair a dhéanfaidh an Chuideachta an scéim phost-vótála do chur fé bhráid an Aire fén alt so, déanfaidh an tAire, do réir mar is dóich leis is ceart, le hordú an scéim sin do dhaingniú gan í d'atharú no pé atharuithe do dhéanamh ar an scéim sin is dóich leis, fé réir forálacha an ailt seo, do bheith ceart agus an scéim sin mar a bheidh sí atharuithe amhlaidh do dhaingniú le hordú.

(3) Gan dochar do gheneráltacht na bhforálacha san roimhe seo den alt so socrófar sa scéim phost-vótála, mar a dhaingneoidh an tAire í fén alt so, i gcóir na nithe áirithe seo leanas maidir le gach toghachán a déanfar fén scéim sin, sé sin le rá :—

(a) an tslí ina n-ainmneofar iarrthóirí chun a dtoghtha sa toghachán san ;

(b) ceann cóimhrimh do cheapadh chun crícheanna an toghacháin sin ;

(c) an Chuideachta do thabhairt phaipéirí ballóide do bhaill na Cuideachtan chun crícheanna an toghacháin sin ;

(d) na baill sin do chur na bpáipéirí ballóide sin thar n-ais tríd an bpost no ar shlí eile chun na Cuideachtan no chun an chinn chóimhrimh sin thar ceann na Cuideachtan ;

(e) a chur in áirithe go mbeidh gach ball den Chuideachtain i dteideal an oiread céanna vótanna do thabhairt sa toghachán san do bheadh sé i dteideal do thabhairt sa toghachán san dá mba ná hachtófaí an t-alt so agus gur ag cruinniú coitiann cinn bliana den Chuideachtain do bheadh an toghachán san ar siúl;

(f) a chur in áirithe go bhféadfaidh ionadaithe do bhaill na Cuideachtan bheith i láthair ag scrúdú agus cóimhreamh na vótanna do tugadh sa toghachán san agus, más mian leo é, bheith páirteach sa chéanna;

(g) a shocrú go ndéanfar na páipéirí ballóide chun crícheanna an toghacháin sin do chur chun ball na Cuideachtan seachtain ar a laighead roimh an gcruinniú coitiann cinn bliana den Chuideachtain ag á mbeadh an toghachán san ar siúl dá mba ná hachtófaí an t-alt so, agus ná cuirfear deireadh leis an vótaíocht sa togachán san go ceann seachtaine ar a laighead tár éis an chruinnithe choitinn chinn bliana san.

(4) Déanfaidh an tAire, leis an ordú le n-a ndaingneofar an scéim phost-vótála fén alt so, an lá (nách déanaí ná bliain tar éis an Achta so do rith) ar a dtiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm do cheapadh.

(5) Féadfaidh an tAire, aon uair tar éis do an scéim phostvótála do dhaingniú fén alt so, agus mar gheall ar chúis do phléidh an Chuideachta leis no uaidh féin tar éis fógra míosa do thabhairt don Chuideachtain, an scéim sin do leasú (tré chur léi, tré fhágaint ar lár no tré atharú) le hordú i pé slí is dóich leis, fé réir forálacha an ailt seo, do bheith ceart.

(6) I gcionn dhá mhí ón dáta ar a dtiocfaidh an scéim phostvótála i bhfeidhm fén alt so agus dá éis sin is fén scéim sin agus do réir na scéime sin, fé réir pé leasuithe no atharuithe (más ann dóibh) ar an scéim sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire fén alt so, a cuirfear ar siúl agus a déanfar gach toghachán stiúrthóra don Chuideachtain ba ghá do réir dlí, mara mbeadh an t-alt so, do dhéanamh tré vótanna ball den Chuideachtain do thabhairt ag cruinniú coitiann cinn bliana den Chuideachtain.

Líon agus téarmaí oifige stiúrthóirí.

7. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an chéad chruinniú cinn bliana eile” an chéad chruinniú coitiann cinn bliana den Chuideachtain a bheidh ann tar éis dhá mhí ón dáta ar a dtiocfaidh an scéim chun stiúrthóirí don Chuideachtain do thoghadh tré phost-vótáil i bhfeidhm fén Acht so;

cialluíonn an abairt “toghachán bliantúil” toghachán de stiúrthóirí don Chuideachtain a déanfar fén scéim sin agus dá réir; agus

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán bliantúil eile” an chéad toghachán bliantúil a déanfar tar éis an dá mhí sin.

(2) O chríochnú cóimhrimh na vótanna sa chéad toghachán bliantúil eile is seachtar a bheidh mar líon stiúrthóirí na Cuideachtan agus is do réir an ailt seo a déanfar iad san uile do thogha no do chó-thogha.

(3) An téarma oifige bheidh ag gach stiúrthóir don Chuideachtain a bheidh i seilbh oifige mar stiúrthóir den tsórt san díreach roimh an gcéad chruinniú cinn bliana eile ragha sé in éag ar chóimhreamh na vótanna sa chéad toghachán bliantúil eile do chríochnú, ach beidh gach stiúrthóir den tsórt san ion-toghtha fén alt so mar stiúrthóir sa toghachán bliantúil sin.

(4) Déanfar, sa chéad toghachán bliantúil eile, seachtar stiúrthóirí don Chuideachtain do thogha.

(5) De sna stiúrthóirí don Chuideachtain a toghfar amhlaidh sa chéad toghachán bliantúil eile beidh beirt (a roghfar, cheal có-aontuithe, tré chrann-chur sa toghachán san no díreach ina dhiaidh) i seilbh oifige go ceann bliana, agus beidh beirt eile (a roghfar sa tslí chéanna) i seilbh oifige go ceann dhá bhlian, agus beidh an triúr eile i seilbh oifige go ceann trí mblian, ach beidh san i gcás gach stiúrthóra acu fé réir é d'fháil bháis, é d'eirghe as no é do theacht fé dhí-cháilíocht.

(6) Gach folúntas a thárlóidh imeasc stiúrthóirí na Cuideachtan tar éis an chéad toghacháin bhliantúla eile de dheascaibh stiúrthóra d'fháil bháis, d'eirghe as, no do theacht fé dhí-cháilíocht, líonfaidh duine é dhéanfaidh na stiúrthóirí eile no móráireamh díobh do chó-thogha chun an críche sin, agus gach duine cóthoghfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh gan caitheamh den tréimhse gur ar a feadh do bheadh an stiúrthóir gur ina áit a có-thoghfar é i seilbh oifige mara mbeadh eisean d'fháil bháis, d'eirghe as, no do theacht fé dhí-cháilíocht.

(7) Féadfaidh na stiúrthóirí gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntaisí den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith ann.

(8) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh gach stiúrthóir den Chuideachtain a toghfar tar éis an chéad toghacháin bhliantúla eile i seilbh oifige mar stiúrthóir den tsórt san go ceann trí mblian, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do.

(9) Gach stiúrthóir don Chuideachtain a toghfar sa chéad toghachán bliantúil eile no a toghfar no a có-thoghfar ina dhiaidh sin beidh sé ion-aththoghtha sa toghachán bliantúil gur ar chóimhreamh na vótanna ann do chríochnú a raghaidh a théarma oifige in éag.

(10) An téarma oifige bheidh ag gach stiúrthóir don Chuideachtain a toghfar sa chéad toghachán bliantúil eile no dá éis sin tosnóidh sé ar chóimhreamh na vótanna do chríochnú sa toghachán bliantúil ina dtoghfar é, agus an téarma oifige bheidh ag gach stiúrthóir den tsórt san agus ag gach stiúrthóir don Chuideachtain a có-thoghfar tar éis an chéad toghacháin bhliantúla eile ragha sé in éag ar chóimhreamh na vótanna do chríochnú sa chéad, sa dara no sa tríú toghachán bliantúil (pe'ca aca is gá sa chás) tar éis é do thoghadh no do chó-thoghadh.

(11) Tar éis an chéad toghacháin bhliantúla eile is triúr a bheidh mar quorum do chruinniú de stiúrthóirí na Cuideachtan.

Cáilíocht stiúrthóirí

8. —On lá ceaptha do ghnáth-stoc na Cuideachtan go dtí an chéad toghachán bliantúil eile, do réir bhrí an ailt sin roimhe seo, bainfidh fo-alt (3) d'alt 34 de Scéim Chó-nascthachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, 1925, le stiúrthóirí den Chuideachtain ach amháin go ndéanfar an tagairt atá ann do £2,000 do léiriú mar thagairt do £200 agus ón gcéad toghachán bliantúil eile sin amach bainfidh leis na stiúrthóirí sin ach amháin go ndéanfar an tagairt sin do £2,000 do léiriú mar thagairt do £1,000.

Deireadh do chur le seirbhísí traenacha.

9. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “seirbhís de thraenacha” seirbhís de thraenacha gur mian ina taobh leis an gcuideachtain bhóthair iarainn ag á mbíonn an tseirbhís sin ar siúl, chun fearachais do dhéanamh san oibriú, na saoráidí iompair sin is gá don trácht a hiompruítí go dtí san leis an seirbhís sin do chur ar fáil tré iompar de bhóthar.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú déanfar ar iarratas cuideachtan bóthair iarainn—

(a) a údarú don chuideachtain bhóthair iarainn sin, in ainneoin aon oblagáide, de dhruim reachta, connartha no eile, contrárdha dho san deireadh ar fad do chur le seirbhís de thraenacha bheidh ar siúl, ar dháta an iarratais sin, ar aon líne bhóthair iarainn áirithe no ar aon chuid áirithe de líne bhóthair iarainn is leis an gcuideachtain sin no oibríd, no

(b) a údarú don chuideachtain bhóthair iarainn sin, in ainneoin aon oblagáide, de dhruim reachta, connartha no eile, contrárdha dho san laigheadú do dhéanamh i pé slí agus pé méid a luadhfar san ordú san, ar sheirbhís de thraenacha bheidh ar siúl, ar dháta an iarratais sin, ag an gcuideachtain bhóthair iarainn sin ar aon líne bhóthair iarainn áirithe no ar aon chuid áirithe de líne bhóthair iarainn is leis an gcuideachtain sin no oibríd.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so maran deimhin leis go bhfuil ag an gcuideachtain bhóthair iarainn, gur ar a n-iarratas a déanfar an t-ordú san, údarás dleathach de dhruim reachta orduithe, ceadúnais, no eile chun seirbhíse iompair de bhóthar do bheith ar siúl acu do bhéarfaidh don phuiblíocht saoráidí iompair is leor (chun crícheanna an tráchta a hiomparuítear leis na seirbhísí bóthair iarainn go n-údarófar leis an ordú san deireadh do chur leo) mar mhalairt in ionad na seirbhísí sin, agus go dtug an chuideachta bhóthair iarainn sin leor-fhógra puiblí i dtaobh iad do chur na seirbhíse iompair sin de bhóthar ar bun no do bheith ar intinn í do chur ar bun.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an líne bhóthair iarainn no leis an gcuid de líne bhóthair iarainn le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá :—

(a) an chuideachta bhóthair iarainn gur leo an líne bhóthair iarainn sin no an chuid sin de líne bhóthair iarainn no oibríonn an céanna beidh sé dleathach dóibh in ainneoin aon oblagáide, de dhruim reachta, connartha, no eile, contrárdha dho san ceachtar ní acu so do dhéanamh (do réir mar a bheidh téarmaí an orduithe sin), eadhon, scur d'aon traenacha do rith ar an líne bhóthair iarainn sin no ar an gcuid sin de líne bhóthair iarainn no an tseirbhís de thraenacha ar an líne bhóthair iarainn sin no ar an gcuid sin de líne bhóthair iarainn do laigheadú sa tslí agus sa mhéid a luadhfar san ordú san;

(b) ní dhéanfaidh an t-ordú san fuascailt ná deifir maidir le haon fhreagarthacht de chuid na cuideachtan bóthair iarainn sin i gcoimeád gach droichid, croise ar leibheul, claidhe, dréin agus oibre eile i dtreo, do tógadh agus a coimeádtar i dtreo chun úsáide, áise no cosanta na puiblíochta i gcoitinne no aon choda den phuiblíocht no únaerí no sealbhairí tailte áirithe ;

(c) i gcás an orduithe sin d'údarú don chuideachtain bhóthair iarainn sin scur d'aon traenacha in aon chor do rith ar an líne bhóthair iarainn sin no ar an gcuid sin de líne bhóthair iarainn ní bhainfidh an méid d'alt 47 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, a chuireann d'oblagáid ar chuideachtain bhóthair iarainn daoine cearta do bheith ar fostú acu chun geataí ag crois ar leibheul d'oscailt agus do dhúnadh, ní bhainfidh le haon chrois ar leibheul ar an líne bhóthair iarainn sin no ar an gcuid sin de líne bhóthair iarainn má deintear agus faid a déanfar geataí uile na gcros san ar leibheul do choimeád agus do dhaingniú ar dhul ná cuirfidh cosc ar thrácht de bhóthar dul trasna na líne sin ag an gcrois sin ar leibheul ;

(d) gach duine d'fhostaithe na cuideachtan bóthair iarainn sin a brisfear toisc gan gá do bheith le n-a sheirbhísí de dheascaibh nithe dhéanfaidh an chuideachta bhóthair iarainn sin fé údarás an orduithe sin no ag brath air go ndéanfar an t-ordú san beidh sé i dteideal an chuideachta bhóthair iarainn sin d'íoc cúitimh leis do réir forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so agus na forálacha i dtaobh eadrascáin atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar atá san leasuithe leis an Acht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926 (Uimh. 25 de 1926) , bainfid le gach éileamh ar chúiteamh a déanfar i gcoinnibh aon chuideachtan bóthair iarainn fén Acht so fé mar a bhaineann na forálacha san le héilithe ar chúiteamh a deintear i gcoinnibh na cuideachtan có-nasctha fé sna hAchtanna san ;

(e) féadfaidh an chuideachta bhóthair iarainn sin aon fhostaí ná beidh gá le n-a sheirbhísí de dheascaibh nithe dhéanfaidh an chuideachta bhóthair iarainn sin fé údarás an orduithe sin d'aistriú chun aon ghnótha iompair de bhóthar no chun aon ghnótha eile bheidh ar únaeracht no fé stiúradh ag an gcuideachtain bhóthair iarainn sin agus, maran rud é go ndiúltóidh an fostaí sin don aistriú san ar chúis réasúnta no go ndéanfar aon fhostaí den tsórt san a haistreofar amhlaidh do bhriseadh ar aon chúis seachas mí-inniúlacht no mí-iompar laistigh de dhá bhliain ón dáta ar a n-aistreofar é amhlaidh, ní tuigfear aon fhostaí a haistreofar amhlaidh do bhriseadh chun crícheanna na míre sin roimhe seo.

(5) Ach amháin mar a húdaruítear fén alt so, ní dhéanfaidh aon chuideachta bhóthair iarainn an tseirbhís bhóthair iarainn a bhíonn ar siúl ar a líne bhóthair iarainn no ar aon chuid di do laigheadú ná d'atharú sa mhéid ná sa tslí go mbeadh na saoráidí i gcóir paisnéirí, earraí ceannaíochta no postanna d'iompar cuid mhaith níos lugha, i gcomparáid leis an trácht a bheidh ar fáil de thuras na huaire chun a iompartha de bhóthar iarainn, ná na saoráidí i gcóir an iompair sin do bhí á dtabhairt ag an seirbhís bhóthair iarainn a bhí ar siúl ar an líne sin no ar an gcuid sin i rith na seacht lá tosaigh de mhí Eanair, 1933.

Coinníollacha seirbhíse fostaithe cuideachtan bóthair iarainn, in iompar de bhóthar, do rialáil.

10. —O am an Achta so do rith déanfar rátaí páigh, uaire diúite agus coinníollacha eile seirbhíse na bhfostaithe do chuideachtain bhóthair iarainn in iompar de bhóthar a bheidh ar fostú chun aon chríche de chrícheanna an ghnótha iompair de bhóthar a bheidh ar siúl ag an gcuideachtain sin agus gur i Saorstát Éireann a bheidh a mbun-áit no a n-áit eile fostaíochta, déanfar iad do rialáil do réir chó-aontuithe ar n-a ndéanamh, no a déanfar o am go ham, idir na ceárd-chumainn is ionadathach do sna fostaithe sin, ar thaobh, agus an chuideachta bhóthair iarainn sin ar an taobh eile.

Aois-liúntas d'fhostaithe don Chuideachtain.

11. —(1) Déanfaidh an Chuideachta, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith, scéim (dá ngairmtear scéim aois-liúntais san alt so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Bhínse Bhóthair Iarainn chun ciste do bhunú agus do choinneáil ar siúl, tríd an gCuideachtain agus fostaithe na Cuideachtan d'íoc síntiús có-ionann isteach ann, chun aois-liúntaisí do chur ar fáil do sna fostaithe sin de chuid na Cuideachtan gur féidir, agus áird chuibhe do thabhairt ar chúrsaí rímh-chléireachais, na liúntaisí sin do chur ar fáil dóibh as an gciste sin.

(2) I gcás aon fhostaithe don Chuideachtain do bheith, ar dháta an Achta so do rith, i dteideal aon cheart in aon chiste aoisliúntais no sochair atá ann cheana féin no i dteideal aon tsochar as an gcéanna, ní dhéanfaidh aon scéim aois-liúntais fén alt so dochar do sna cirt sin ná laigheadú ar na sochair sin.

(3) Beidh i scéim aois-liúntais fén alt so forálacha chuirfidh ar chumas ionadaithe do sna fostaithe don Chuideachtain íocfaidh síntiúisí fén scéim sin có-pháirt do bheith acu le hionadaithe don Chuideachtain i mbainistí an chiste aois-liúntais a bheidh le cur ar bun fén scéim sin.

(4) Breithneoidh an Bínse Bóthair Iarainn aon scéim aoisliúntais a cuirfear fé n-a mbráid fén alt so agus, tar éis dóibh éisteacht do thabhairt don Aire (más mian leis go n-éistfí é) agus do gach páirtí eile (ar a n-áirmhítear ceárd-chumainn) gur mian leo go n-éistfí iad agus go bhfeictear don Bhínse Bóthair Iarainn leas do bheith acu sa scéal, déanfaid, fé mar is dóich leo is ceart ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, an scéim sin do dhaingniú gan í d'atharú no pé atharuithe do dhéanamh uirthe is dóich leo is ceart agus an scéim sin agus í atharuithe amhlaidh do dhaingniú no, más dóich leo nách leor an scéim sin i gcóir riachtanaisí réasúnta fostaithe na Cuideachtan, diúltadh don scéim sin do dhaingniú agus tuarasgabháil speisialta, ina luadhfar na réasúin do bhí acu leis an diúltadh san, do chur chun an Aire.

(5) Déanfar, leis an ordú ón mBínse Bhóthair Iarainn tré n-a ndaingneofar scéim aois-liúntais fén alt so, an dáta ar a dtiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm do cheapadh agus beidh éifeacht reachtúil ag an scéim sin ar an dáta a ceapfar amhlaidh agus ón dáta san amach.

(6) Féadfaidh forálacha bheith i scéim aois-liúntais fén alt so chun aon údaráis no duine áirithe do dhéanamh leasuithe (tré chur leis, tré fhágaint ar lár, no tré atharú) no chun san do dhéanamh tré aon mheán áirithe ar gach saghas no ar aon tsaghas áirithe de théarmaí na scéime sin agus, fé réir na bhforálacha san agus, maidir leis an méid ná baineann na forálacha san leis féadfaidh an Bínse Bóthair Iarainn aon uair an scéim sin do leasú (tré chur léi, tré fhágaint ar lár, no tré atharú) ar iarratas na Cuideachtan, an Aire, no aon duine eile agus tar éis dóibh éisteacht do thabhairt do gach duine gur mian leis go n-éistfí é agus go bhfeictear don Bhínse Bóthair Iarainn leas do bheith aige sa scéal.

(7) Nuair a bheidh an Bínse Bóthair Iarainn ag breithniú scéime aois-liúntais fén alt so no ag éisteacht iarratais fén alt so ar scéim aois-liúntais do leasú beid i dteideal congnamh bheirt mheastóirí d'fháil ag á mbeidh eolas agus taithí ar rímhchléireachas agus a ainmneoidh an tAire agus le n-a n-íocfar (mar chuid de chostaisí an Bhínse Bhóthair Iarainn) pé luach saothair ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid.

Ráta cothrom ar earraí ceannaíochta d'iompar.

12. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair le hordú (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san alt so, ordú um ráta chothrom) a ordú, nuair a bheidh aon earraí ceannaíochta áirithe á n-iompar de bhóthar iarainn ag aon chuideachtain bhóthair iarainn no cuideachtana bóthair iarainn áirithe ar na coinníollacha (dá ngairmtear na coinníollacha speisialta san alt so) a bheidh orduithe maidir leis na hearraí ceannaíochta san leis an ordú san, gur do réir ráta (dá ngairmtear ráta cothrom san alt so) a bheidh ceaptha in aghaidh gach faid slí (dá ngairmtear faid slí orduithe san alt so) a bheidh orduithe leis an ordú san do réir an ailt seo a hiomprófar iad amhlaidh agus pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú den tsórt san ceapfar ráta cothrom fén alt so in aghaidh gach faid slí orduithe agus ón dáta ar a dtiocfaidh an ráta cothrom san i bhfeidhm fén alt so, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, isé gach ráta cothrom fé leith den tsórt san a bheidh mar ráta a déanfar, d'ainneoin aon achtachán eile, d'éileamh ar son na cuideachtan san d'iompar na n-earraí ceannaíochta san ar na coinníollacha speisialta an fhaid slí orduithe le n-a mbaineann an ráta san.

(2) Luadhfaidh an tAire i ngach ordú um ráta chothrom na hearraí ceannaíochta áirithe le n-a mbaineann an t-ordú san agus an t-aontán caindíochta de sna hearraí ceannaíochta san gur dá réir a háirmheofar an t-éileamh ar son na n-earraí ceannaíochta san d'iompar agus ordóidh na coinníollacha speisialta ar a n-iomprófar na hearraí ceannaíochta san agus na faideanna slí dá gceapfar rátaí cothroma fén ordú san.

(3) Féadfaidh an tAire, in aon ordú um ráta chothrom, na faideanna slí dá gceapfar rátaí cothroma fén ordú san d'ordú tré scála gráduithe d'fhaideanna slí d'ordú, tré fhaideanna slí maximum do cheapadh, tré cheanntair mór-thimpeal aon phuínte áirithe do luadh, no ar aon tslí eile is oiriúnach leis an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas do chur mar chuid de sna coinníollacha speisialta a hordófar le haon ordú um ráta chothrom, sé sin le rá :—

(a) an chaindíocht mhinimum ar a mbeidh ráta cothrom inéilithe ;

(b) ládáil agus dí-ládáil ;

(c) pacáil ;

(d) na seirbhísí traenach a bheidh ar fáil chun iompair ;

(e) freagarthacht i gcailliúint no i ndamáiste ;

(f) éinní eile is dóich leis an Aire d'fhéadfadh, do réir réasúin, deifir do dhéanamh do chostas iompair.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú um ráta chothrom i dtaobh aon earraí ceannaíochta beidh sé de dhualgas ar aon chuideachtain bhóthair iarainn a luadhfar ann meas do dhéanamh do réir an ailt seo in aghaidh gach faid slí orduithe fé leith, laistigh de mhí tar éis an orduithe sin do dhéanamh, ar ráta chothrom a bheidh le héileamh ar son na cuideachtan san d'iompar na n-earraí ceannaíochta san ar na coinníollacha speisialta gach faid slí orduithe fé leith acu san.

(6) Chun cuideachtan bóthair iarainn do dhéanamh measta fén bhfo-alt san roimhe seo ar ráta chothrom a bheidh le héileamh in aghaidh faid slí orduithe ar son aon earraí ceannaíochta áirithe d'iompar beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) toghfaidh an chuideachta san tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse chaighdeánach san alt so) is dóich leis an gcuideachtain sin do bheith oiriúnach, sa chás áirithe, mar thréimhse chun a mheas cé méid tráchta le n-a bhféadfar bheith ag súil as na hearraí ceannaíochta san d'iompar an fhaid slí orduithe sin ;

(b) má rinne an chuideachta san aon chaindíocht mhaith mhór de sna hearraí ceannaíochta san d'iompar i gcaitheamh aon tréimhse maith fada roimh am an mheasta san, agus más rud é nár thárla aon atharú mór no ná beidh coinne le haon atharú mór ar mhéid agus ar choinníollacha an tráchta as na hearraí ceannaíochta san d'iompar, isé bheidh mar thréimhse chaighdeánach ná tréimhse roimh an meas san do dhéanamh ;

(c) mara ndearna an chuideachta san aon chaindíocht mhaith mhór de sna hearraí ceannaíochta san d'iompar i gcaitheamh aon tréimhse maith fada roimh am an mheasta san, no más rud é gur thárla atharú mór no go mbeidh coinne le hatharú mór ar mhéid agus ar choinníollacha an tráchta, is roimh an am san a bheidh cuid den tréimhse chaighdeánach agus is ina dhiaidh a bheidh an chuid eile dhi, no is ina dhiaidh a bheidh an tréimhse sin ar fad, fé mar is rogha leis an gcuideachtain sin ;

(d) má bhíonn an tréimhse chaighdeánach no cuid den tréimhse chaighdeánach i ndiaidh ama an mheasta san measfaidh an chuideachta san an méid tráchta le n-a bhféadfar bheith ag súil in aghaidh na faide slí orduithe sin as na hearraí ceannaíochta san d'iompar i gcaitheamh na tréimhse caighdeánaighe sin no na coda san den tréimhse chaighdeánach san agus isé an méid a measfar amhlaidh a bheidh, chun crícheanna an ailt seo, mar mhéid an tráchta in aghaidh na tréimhse caighdeánaighe sin no na coda san den tréimhse chaighdeánach san ;

(e) déanfaidh an chuideachta san an mór-ioncum as méid tráchta na tréimhse caighdeánaighe in aghaidh na faide slí orduithe sin d'áireamh do réir na n-éilithe do rinneadh, no do déanfaí mara mbeadh an t-alt so, alos an tráchta san tar éis lomhála do dhéanamh mar gheall ar rátaí nea-ghnáthacha nuair dob fhéidir a leithéidí do chur i bhfeidhm no nuair do bheidís ionchurtha i bhfeidhm, agus déanfaidh ráta cothrom do mheas is dóich leis an gcuideachtain sin do bhéarfadh a leithéid eile sin de mhór-ioncum do theacht as an méid céanna tráchta d'iompar an fhaid slí orduithe sin i dtréimhse is có-ionann leis an tréimhse chaighdeánach.

(7) Gach ráta cothrom a mheasfaidh cuideachta bhóthair iarainn do réir an fho-ailt sin roimhe seo déanfaidh an chuideachta san é do leagadh fé bhráid an Bhínse Bhóthair Iarainn láithreach agus déanfaidh an Bínse Bóthair Iarainn, tar éis dóibh éisteacht do thabhairt do gach páirtí gur mian leis go n-éistfí é agus go bhfeictear dóibh leas do bheith aige sa scéal, an tsuim do mheas an chuideachta san no pé suim eile chífear don Bhínse Bhóthair Iarainn do bheith ceart do cheapadh mar ráta cothrom agus dáta do shocrú ar a dtiocfaidh an ráta cothrom a ceapfar amhlaidh i bhfeidhm agus gach ráta cothrom a ceapfar amhlaidh tiocfa sé i bhfeidhm ar an dáta socrófar amhlaidh.

(8) Déanfaidh an Bínse Bóthair Iarainn gach ráta cothrom a cheapfaid fén alt so d'athscrúdú i gceann gach bliana caileandair ón dáta ar ar ceapadh an ráta cothrom san agus féadfaidh an Bínse Bóthair Iarainn, ar aon athscrúdú den tsórt san do dhéanamh, pé atharú is dóich leo is ceart do dhéanamh ar an ráta cothrom san.

(9) Féadfaidh an tAire a ordú, in aon ordú um ráta chothrom, go mbainfidh an t-ordú san leis na hearraí ceannaíochta áirithe luadhfar ann d'iompar de chanáil no de chanáil agus de bhóthar agus féadfaidh leis an ordú san, más dóich leis gur gá san sa chás, coinníollacha speisialta d'ordú, maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar de chanáil no de chanáil agus de bhóthar, i dteanta no in ionad aon choinníollacha speisialta eile a hordófar leis sin, agus leis sin bainfidh an t-alt so leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar de chanáil no de chanáil agus de bhóthar fé is dá mba chuideachta bhóthair iarainn cuideachta chanáile agus na coinníollacha speisialta a hordófar leis an ordú san, maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar de chanáil no de chanáil agus de bhóthar, beid ina gcoinníollacha speisialta maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar nuair is de chanáil no de chanáil agus de bhóthar a hiomprófar iad.

(10) Féadfaidh an tAire a ordú, in aon ordú um ráta chothrom, go mbainfidh an t-ordú san leis na hearraí ceannaíochta áirithe luadhfar ann d'iompar ar bhóthar-sheirbhísí cuideachtan bóthair iarainn fé is dá mba chuid de sheirbhísí bóthair iarainn na cuideachtan san na bóthar-sheirbhísí sin agus pé uair ordóidh an tAire amhlaidh bainfidh forálacha an ailt seo leis an gcuideachtain bhóthair iarainn sin agus leis an gcuideachtain sin d'iompar na n-earraí ceannaíochta san fé is dá mba chuid de sheirbhísí bóthair iarainn na cuideachtan san na bóthar-sheirbhísí sin agus gurbh iompar de bhóthar iarainn ag na gcuideachtain sin an t-iompar san de bhóthar.

(11) Féadfaidh an tAire a ordú, in aon ordú um ráta chothrom, go ndéanfar ráta cothrom ar leithligh do cheapadh alos aon chuideachtan bóthair iarainn d'iompar na n-earraí ceannaíochta luadhfar san ordú san de bhóthar agus féadfaidh, más dóich leis gur gá san sa chás, coinníollacha speisialta do luadh san ordú san, maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar de bhóthar, i dteanta no in ionad aon choinníollacha speisialta eile a hordófar leis sin, agus leis sin beidh feidhm ag an alt so fé is dá mb'iompar de bhóthar iarainn ag an gcuideachtain sin iompar de bhóthar agus na coinníollacha speisialta maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar de bhóthar beid ina gcoinníollacha speisialta maidir leis na hearraí ceannaíochta san d'iompar nuair iompróidh an chuideachta san de bhóthar iad agus déanfar ráta cothrom do cheapadh alos an iompair sin gan bacaint le haon ráta cothrom a ceapfar alos na cuideachtan san d'iompar aon earraí ceannaíochta de bhóthar iarainn.

(12) Féadfaidh an tAire, tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, aon ordú um ráta chothrom do cheiliúradh, do leasú, no d'atharú.

Freagarthacht i gcostaisí an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le hiompar de bhóthar.

13. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “costaisí an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le hiompar de bhóthar” na costaisí uile, mar a chinnfidh an tAire Airgid iad, fé n-a raghaidh an Bínse Bóthair Iarainn chun a gcomhacht agus a ndualgas, fé aon Acht a bhaineann le hearraí ceannaíochta d'iompar de bhóthar agus do rith no rithfidh an tOireachtas tar éis an 1adh lá d'Fheabhra, 1933, agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1933, d'fheidhmiú agus do chólíonadh agus chuige sin amháin, ach ní fholuíonn aon chuid ná cionúireacht de luach saothair ball, clárathóra, oifigeach agus seirbhíseach an Bhínse Bhóthair Iarainn ná aon chostaisí eile is dóich leis an Aire Airgid is cuid de chostaisí generálta an Bhínse Bhóthair Iarainn agus ná baineann ar fad le haon cheann áirithe d'fheidhmeanna an Bhínse Bhóthair Iarainn d'fheidmiú; agus

cialluíonn an abairt “táillí iompair de bhóthar” táillí éileoidh agus do gheobhaidh an Bínse Bóthair Iarainn fé aon Acht den tsórt san roimhráite.

(2) Ní fholóidh an abairt “gach costas eile fé n-a raghaidh an Bínse Bóthair Iarainn,” san áit ina bhfuil an abairt sin i bhfo-alt (4) d'alt 15 den Phríomh-Acht, costaisí an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le hiompar de bhóthar; agus

ní fholóidh an abairt “shuim na dtáillí uile d'éilimh agus a fuair an Bínse Bóthair Iarainn,” san áit ina bhfuil an abairt sin sa bhfo-alt san, táillí iompair de bhóthar, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Chun crícheanna an ailt seo déanfaidh an Bínse Bóthair Iarainn, i pé slí ordóidh an tAire Airgid, costaisí an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le hiompar de bhóthar agus na táillí iompair de bhóthar do dheighilt fé seach ina gcuntaisí o chostaisí eile an Bhínse Bhóthair Iarainn agus o sna táillí eile éileoid agus do gheobhaid.

Comhacht do thabhairt do chuideachtana bóthair iarainn iompar d'aer do dhéanamh.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhacht do thabhairt d'aon chuideachtain bhóthair iarainn le n-a mbaineann Cuid III den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) gnó iompair d'aer do dhéanamh no do bheith ar siúl acu ;

(b) iomlán aon ghnótha iompair d'aer a bhíonn ar siúl ag éinne eile (le n-a n-áirmhítear aon ghnó bhíonn ar siúl ag an duine sin agus is gnó cabhartha no fo-ghnó ghabhann leis an ngnó iompair d'aer sin) no aon chuid den ghnó san no aon scair no leas ann do cheannach maraon leis an maoin agus leis na sócmhainní a bhíonn á n-úsáid sa ghnó san no maidir leis;

(c) scaireanna in aon chuideachtain go mbíonn gnó iompair d'aer ar siúl acu do cheannach, do choimeád, d'aistriú, agus do dhíol ;

(d) airgead do thabhairt ar iasacht d'éinne go mbíonn gnó iompair d'aer ar siúl aige agus urrús do ghlacadh, tré mhorgáiste no eile, ar an airgead san d'aisíoc ;

(e) aer-árthaí, meaisíneacht, gléasra agus abhar do dhéanamh, do dheisiú agus do choimeád i dtreo don chuideachtain sin no d'éinne eile chun iad d'úsáid in iompar d'aer no chuige sin ;

(f) connartha do dhéanamh maidir le hiompar d'aer pe'ca ag an gcuideachtain sin no ag duine eile bhíonn sé ar siúl ;

(g) a gcuid airgid agus a gcuid cistí d'úsáid chun éinní do dhéanamh go dtabharfar comhacht le hordú fén alt so don chuideachtain sin é do dhéanamh agus, go sonnrách, aon airgead a bheidh ar láimh acu ar dháta an orduithe sin d'úsáid chun na críche sin agus fós aon airgead do cruinníodh fé chomhacht reachtúil roimh dháta an orduithe sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus nách gá chun na críche chun ar cruinníodh an t-airgead san amhlaidh ;

(h) éinní chabhruíonn no bhaineann le héinní go dtabharfar comhacht le hordú fén alt so don chuideachtain sin é do dhéanamh.

(2) Chun críche an ailt seo cialluíonn an abairt “iompar d'aer” paisnéirí, bagáiste paisnéirí, earraí ceannaíochta, agus postanna no aon taobh acu san d'iompar d'aer ar luach saothair, ach féadfar na comhachta bheidh á mbronnadh le hordú fén alt so do theorannú leis an ordú san i dtreo ná bainfid ach le ceann amháin no níos mó de sna habhair iompair sin.

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh in ordú déanfar fén alt so do chur le haon chomhacht a bronnfar leis an ordú san.

(4) Oibreoidh ordú fén alt so chun a údarú don chuideachtain bhóthair iarainn le n-a mbainfidh pé ní no nithe dhíobh san atá luaidhte i bhfo-alt (1) den alt so a luadhfar chuige sin san ordú san do dhéanamh, ach beidh san fé réir pé teoranta, coinníollacha, agus srianta forchuirfear fén alt so leis an ordú san.

Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú.

15. —Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no ag aon oifigeach don Aire go n-údarás uaidh” do chur isteach díreach i ndiaidh an fhocail “Aire” san áit deiridh ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ní bhainfidh alt 55 den Phríomh-Acht le fostaithe in iompar de bhóthar.

16. —(1) Ní bhainfidh alt 55 den Phríomh-Acht le fostaithe aon chuideachtan bóthair iarainn in iompar de bhóthar.

(2) Deintear leis seo an tOchtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú tré sna focail “Fuireann Chairéireachta” sa dara colún do scriosadh amach agus tré sna focail “Cairéirí, Tiománaithe Ród-Mhótair, Saoist-Oibritheoirí” sa tríú colún os coinne na bhfocal san do scriosadh amach.

An tAcht Talmhaíochta, 1931 , do leasú.

17. —Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 4 den Acht Talmhaíochta, 1931 ( Uimh. 8 de 1931 ), do leasú tré sna focail “no de bhua aon Achta eile, pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é” do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Costaisí fén Acht so.

18. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

19. —(1) Athghairmtear leis seo Acht na mBóthar Iarainn (Lucht Stiúrtha), 1924 (Uimh. 61 de 1924) .

(2) Athghairmtear leis seo Cuid II d'Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 (Uimh. 3 de 1932) , ach beidh san gan dochar do dhleathacht gach orduithe do rinneadh fé alt 8 den Acht san na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932, roimh an Acht so do rith, agus do gach ordú den tsórt san do leanúint de bheith i bhfeidhm fén alt san 8 agus dá réir.

Gearr-theideal agus luadh.

20. —(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1933, do ghairm d'Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1932, agus den Acht so le chéile.