19 1933


Uimhir 19 de 1933.


ACHT IASACHTAÍ AGUS CISTÍ DHÁIL ÉIREANN (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA nIASACHTAÍ DO BUNUÍODH LE SINTIÚISÍ PUIBLÍ I STÁIT AONTUITHE AMERICE FÉ ÚDARÁS AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN AGUS AN DARA DÁIL ÉIREANN FÉ SEACH D'FHUASCAILT, AGUS CHUN TEORANN DO CHUR LEIS AN AIMSIR CHUN A ÉILEAMH GO nDEANFAÍ IONTRÁIL AR AN gCLÁR DO hULLAMHUÍODH FÉ ALT 4 D'ACHT IASACHTAÍ AGUS CISTÍ DHÁIL ÉIREANN, 1924 . [28adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 (Uimh. 3 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “íocaíocht ar cuntas” suim do rinne na Glacadóirí do cheap Cúirt Uachtarach Stáit Nua-Eabhrac i Stáit Aontuithe Americe d'íoc in airgead no sa tsubstaint alos síntiúisí do sna hIasachtaí Coigríche agus foluíonn sí suim ar a dtug na Glacadóirí sin alos na síntiúisí sin aon urrús, ionstraim ionaistrithe, no bille malairte no éinní i bhfuirm urrúis, ionstraime ionaistrithe, no bille mhalairte;

cialluíonn na focail “dollaer” agus “cent” dollaer agus cent fé seach d'airgead reatha Stát Aontuithe Americe;

foluíonn an focal “síntiúsaire” (i dteanta na brí tugtar do le hAcht 1924) éinne bheidh ag éileamh tré shíntiúsaire no fé shíntiúsaire;

tá le gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 1 d'Acht 1924 an bhrí tugtar do amhlaidh.

Na hIasachtaí Coigríche d'fhuascailt.

2. —(1) Féadfaidh an tAire na hIasachtaí Coigríche d'fhuascailt tré íocaíocht do dhéanamh, do réir an Achta so, sa tsuim a luaidhtear i pé mír acu so leanas a bhaineann leis an gcás áirithe, sé sin le rá:—

(a) i gcás ná dearnadh aon íocaíocht ar cuntas, suim de dhollaer agus cúig cent fichead in aghaidh gach dollaeir do tugadh mar shíntiús, no

(b) i gcás ina ndearnadh íocaíocht ar cuntas, suim is cóionann leis an deifríocht idir an suim de dhollaer agus cúig cent fichead in aghaidh gach dollaeir do tugadh mar shíntiús agus méid na híocaíochta san ar cuntas.

(2) An fhuascailt a déanfar ar na hIasachtaí Coigríche fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus dá réir beidh sí ina lán-tsásamh agus ina lán-chúiteántas i gcaipital na nIasachtaí Coigríche agus i ngach éileamh alos úis ar an gcaipital san.

Modh na fuascailte.

3. —(1) Is mar leanas a dhéanfaidh an tAire na hIasachtaí Coigríche d'fhuascailt fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) i gcás gurb é suim is iníoctha ná an méid no an t-iarmhéid atá dlite ar bhanna deich ndollaer no ar bhanna cúig ndollaer fichead, tríd an méid no an iarmhéid sin d'íoc in airgead de chuid Stát Aontuithe Americe;

(b) i gcás gurb é suim is iníoctha ná an méid no an t-iarmhéid atá dlite ar aon bhanna eile, ar pe'ca slí acu so is oiriúnach leis an Aire—

(i) tré íocaíocht do dhéanamh, in airgead de chuid Stát Aontuithe Americe, i pé suim (fe bhun cúig dollaer) is gá chun an mhéide no an iarmhéide sin do laigheadú go dtí iolrú ar cúig dollaeir, agus tré urrúis a bunófar fén alt so do thabhairt amach in aghaidh na coda san den mhéid no den iarmhéid sin ná híocfar amhlaidh in airgead, no

(ii) tré iomlán an mhéide no an iarmhéide sin d'íoc in airgead de chuid Stát Aontuithe Americe.

(2) Chun aon tsuimeanna d'íoc atá, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, iníoctha tré urrúis do thabhairt amach, féadfaidh an tAire pé urrúis ionchláruithe do bhunú is oiriúnach leis agus le n-a ngeobhaidh pé ráta úis agus a bheidh fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile (le n-a n-áirmhítear aisíoc no fuascailt in airgead de chuid Stát Aontuithe Americe) is oiriúnach leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis a bheidh muirear an airgid uile is iníoctha fén Acht so chun na nIasachtaí Coigríche d'fhuascailt agus fós muirear colna agus úis gach urrúis do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

Iarrataisí ar fhuascailt.

4. —(1) Féadfaidh duine ar bith no gníomhaire cuibhe-údaruithe dhuine ar bith adeir gur síntiúsaire é do sna hIasachtaí Coigríche (no do cheachtar acu) féadfaidh, aon uair roimh an 31adh lá de Lúnasa, 1934, ach ní dá éis sin, a iarraidh i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe go ndéanfaí an méid de sna hIasachtaí Coigríche adeirtear atá dlite don duine sin d'fhuascailt.

(2) Ní bheidh duine ar bith ná déanfaidh iarratas ar fhuascailt fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so i dteideal aisíoca d'fháil fén Acht so sa mhéid de sna hIasachtaí Coigríche atá dlite dho.

(3) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so.

Comhacht chun iasachta d'fháil chun muirear ar an bPrímh-Chiste fén Acht so d'íoc.

5. —(1) Féadfaidh an tAire aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar milleon agus cúig céad míle púnt d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith, agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire, chun íoctha na suimeanna bheidh mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis de dhruim na bhforálacha san roimhe seo den Acht so, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte, no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

An dáta deiridh d'éilithe fé alt 4 d'Acht 1924.

6. —Is roimh an 31adh lá de Mhárta, 1934, ach ní dá éis sin a déanfar gach éileamh go ndéanfaí iontráil ar an gclár do hullamhuíodh fé alt 4 d'Acht 1924 agus ní thabharfaidh an tAire aon áird ar éileamh ar bith, ar an iontráil sin, a déanfar tar éis an dáta san.

Athghairm ar chuid d'alt 6 d'Acht 1924.

7. —Athghairmtear leis seo alt 6 (ach amháin fo-alt (1) de) d'Acht 1924.

Costaisí an Aire.

8. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deintear aon tsocrú eile ina chóir leis an Acht so.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann (Leasú), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 agus 1933, do ghairm d'Acht 1924 agus den Acht so le chéile.