An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TRAMBHEALACH CHORCAIGHE (CÚITEAMH D'FHOSTAITHE), 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Coiste Comhairlitheach Thrambhealach Chorcaighe (Cuiteamh d'Fhostaithe).)

27 1933

ACHT TRAMBHEALACH CHORCAIGHE (CÚITEAMH D'FHOSTAITHE), 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Trambhealach Chorcaighe (Cúiteamh d'Fhostaithe), 1933 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bórd Soláthair an Leictreachais;

cialluíonn an abairt “an Trambhealach” na trambhealaigh leictriciúla i geathair agus i gcontac Chorcaighe do bhí tráth ar únaeracht agus á n-oibriú ag Cuideachta Sholáthair Leictreachais Chorcaighe, Teoranta, agus ina dhiaidh sin ag daoine eile;

déanfar tagairtí d'fhostaíocht ar an Trambhealach do léiriú mar thagairtí d'fhostaíocht ar an Trambhealach no ann no ina thaobh i bhfeadhmannas lán-aimsearach;

cialluíonn an abairt “an dáta cinnteach” (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir) an 31adh lá de Mhárta, 1931;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Rialacháin ghenerálta.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.