Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

28 1933


Uimhir 28 de 1933.


ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1933.


ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS A DHÉANAMH DLEATHACH DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE SÍOLTA EORNAN, SÍOLTA COIRCE, AGUS PRÁTAÍ SÍL AGUS ABHAIR LEASUITHE DO CHUR AR FÁIL AGUS DO DHÍOL I gCAITHEAMH NA TRÉIMHSE DAR TOSACH AN 1ADH LÁ DE MHÁRTA, 1933, AGUS DAR CRÍOCH AN 31ADH LÁ D'IÚL, 1933, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHANN NO BHAINEANN LEIS AN gCUR AR FÁIL AGUS LEIS AN DÍOL SAN. [19adh Lúnasa, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “earraí” síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin, fé mar is gá sa chás;

ní chialluíonn an focal “síolta” ach amháin síolta eornan, síolta coirce agus prátaí síl;

déanfar tagairtí do chomhairle do dhíol earraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle do léiriú mar thagairtí fholuíonn eadarghníomhartha ina ndeineann no ina ndearna comhairle socrú le deighleálaí carraí ina ndeighleálann so do chur ar fáil do dhuine go n-údarás ón gcomhairle sin chun na n-earraí sin d'fháil.

Comhacht do chomhairle chontal chun, síolta agus abhar leasuithe do chur ar fáil.

2. —(1) Beidh sé dleathach do chomhairle chontae aon uair roimh an 31adh lá d'Iúl, 1933, síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, agus aon chuid de sna síolta agus de sna habhair leasuithe no de sna síolt no de sna habhair leasuithe (do réir mar bheidh) a cuirfear ar fáil amhlaidh do dhíol le haon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di.

(2) Má rinne comhairle chontae an 1adh lá de Mhárta, 1933, no dá éis sin, agus roimh an Acht so do rith, síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach don chomhairle sin aon chuid de sna síolta agus de sna habhair leasuithe no de sna síolta no de sna habhair leasuithe (do réir mar bheidh) do cuireadh ar fáil amhlaidh do dhíol le haon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di, agus gach cur ar fáil no díol den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén Acht so do rinneadh é agus déanfar tagairtí san Acht so do chomhairle chontae do chur earraí ar fáil no do dhíol earraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle chontae do léiriú dá réir sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh no do rinne comhairle chontae aon earraí do dhíol fén Acht so le duine ar bith, beidh ag gabháil leis an suim a bheidh iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos an díola san ús do réir an ráta san per cent. per annum a shocróidh an chomhairle sin chuige sin, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun úis d'íoc.

(4) Pé uair a dhéanfaidh comhairle chontae síolta agus abhair leasuithe no ceachtar acu do chur ar fáil no do rinneadar an céanna do chur ar fáil agus do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (lasmuich den phraghas d'íoc an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin no ar na síolta no ar na habhair leasuithe sin, pe'ca aca é) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin alos na n-earraí sin do chur ar fáil agus alos díol na n-earraí uile do díoladh agus féadfaidh an méid sin do roinnt idir na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh amhlaidh na hearraí sin, agus leis sin déanfar an tsuim a bheidh roinnte amhlaidh i gcoinnibh aon duine den tsaghas san do chur leis an suim agus beidh sí ina cuid agus tuigfear go raibh sí riamh ina cuid den tsuim a bheidh ag dul don chomhairle sin ón duine sin alos an díola do rinneadh amhlaidh leis an duine sin agus féadfar í do bhaint amach fén Acht so dá réir sin, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun na suime sin d'íoc.

(5) Aon tsuim a bheidh ag dul do chomhairle chontae alos aon earraí do dhíol fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-ús agus an cion de sna costaisí agus de sna caiteachaisí is iníoctha de bhuadh an ailt seo) íocfar í leis an gcomhairle sin san am agus sa tslí ar ar có-aontuíodh am an díola san no, más rogha leis an gcomhairle sin é, ina dhá tráth-chuid chó-ionannacha a bheidh iníoctha ar na dátaí fé seach a cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, agus i gceachtar cás acu féadfar an tsuim sin do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.

Suimeanna is iníoctha le comhairlí contae fén Acht so do bhaint amach.

3. —I dteanta aon mhodha eile agus gan dochar d'aon mhodh eile chun suime ar bith do bhaint amach is iníoctha le comhairle chontae alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí fén Acht so, féadfar gach suim den tsórt san ná beidh íoctha leis an gcomhairle sin ná bainte amach ag an gcomhairle sin roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934—

(a) féadfar, má bhíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tríd an gcomhairle sin do ghearradh ráta speisialta a cuirfear leis an ráta dealbhais agus a baileofar in éineacht leis an ráta dealbhais a bheidh measta ar an tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an duine sin rátuithe amhlaidh, no

(b) féadfar, mara mbíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tré ráta speisialta a ghearrfaidh an chomhairle sin chun crícheanna an ailt seo agus 'na ndéanfar an duine sin do rátú ina chóir agus a baileofar agus a féadfar a bhaint amach ar an gcuma gcéanna agus sa tslí chéanna in ar féidir don chomhairle sin ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

An Stát do dhéanamh cúitimh i gcailteanas.

4. —(1) Fé réir na teorann a forchuirtear tríd an gcéad fho-alt eile den alt so, déanfaidh an tAire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cúiteamh le haon chomhairle chontae i leath gach suime—

(a) is iníoctha ag duine ar bith leis an gcomhairle sin alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí leis an duine sin fén Acht so, agus

(b) go mbeidh dhá urra le n-a mbeidh an chomhairle sin sásta, agus nách neach ceannuithe earraí ón gcomhairle sin fén Acht so ceachtar acu, tar éis dul in urrús air i scríbhinn go n-íocfaidh an duine sin í leis an gcomhairle sin, agus

(c) go ndeimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí nách féidir don chomhairle sin í do bhaint den duine sin ná de sna hurraí sin.

(2) An méid iomlán íocfaidh an tAire Airgid fén alt so le comhairle aon chontae ní ragha sé thar an suim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae sin sa chéad cholún den Sceideal san.

Comhacht chun iasacht d'fháil.

5. —(1) Féadfaidh comhairle chontae pé airgead d'fháil ar iasacht is gá chun síolta agus abhar leasuithe no síolta amháin no abhar leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so.

(2) Déanfar gach suim do gheobhfar ar iasacht fén alt so d'aisíoc an 31adh lá de Mhárta, 1935, no roimhe sin, maraon le hús do réir an ráta ar ar có-aontuíodh.

(3) Tuigfear gach suim do gheobhfar ar iasacht fén alt so maraon leis an ús uirthi do bheith ina muirear, ón dáta ar a bhfuighfear an tsuim sin ar iasacht, ar an ráta dealbhais is inghearrtha i gcontae na comhairle do gheobhaidh an céanna ar iasacht.

Geallúintí agus urraíochtaí nea-stampálta do bheith ionghlactha.

6. —I gcás duine ar bith (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) do bheith tar éis earraí ar bith do cheannach fén Acht so o chomhairle chontae agus an duine sin do bheith, roimh an gceannach san no mar choinníoll do ghaibh le n-a cheadú dho an ceannach san do dhéanamh, tar éis geallúna (i dteanta no d'éamais urraíochta o urraí) do thabhairt fé n-a láimh go ndéanfaidh praghas na n-earraí do ceannuíodh amhlaidh d'íoc leis an gcomhairle sin no tar éis teacht ar aon tslí eile de dhruim geallúna den tsórt san chun bheith freagarthach san íoc san, féadfar an gheallúint sin agus an urraíocht (más ann di) ghabhann léi do thairisgint mar fhianaise, agus (ar a chruthú gur tugadh í go cuibhe) glacfar í mar fhianaise, in imeachta in aon Chúirt chun an phraghais sin do bhaint den duine sin no d'aon urra den tsórt san, d'ainneoin ná beifear tar éis forálacha an Stamp Act, 1891, mar a leasuítear no mar a hoiriúnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, do chólíonadh.

Saoirse o dhí-cháilíocht.

7. —Má rinne duine ar bith no má chó-aontuigh sé carraí ar bith, ar n-a gcur ar fáil agus ar n-a ndíol ag comhairle chontae fén Acht so, do cheannach ón gcomhairle sin, ní bheidh sé fé dhícháilíocht dá dheascaibh sin maidir le hé do thoghadh, do rogha no do bheith mar bhall de chomhairle chontae no cheanntair, no de bhord choimisinéirí baile.

Dleathacht do thabhairt d'orduithe, do rialacháin, etc., áirithe.

8. —Gach ordú agus rialachán a rinne an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, gach cead do thug sé uaidh, agus gach rud a rinne sé roimh an Acht so do rith i dtaobh comhairlí contaethe do chur earraí ar fáil agus do dhíol earraí fén Acht so beid agus tuigfear go rabhadar riamh dleathach agus éifeachtúil chun gach críche.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1933 , do ghairm den Acht so.