An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA OIBREACHAIS), 1933)

29 1933

ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA OIBREACHAIS), 1933

SCEIDEAL.

Airtiogal 2.

Ní déanfar daoine óga fé bhun ocht mblian déag d'aois d'fhostú in obair lucht feistithe guail ná in obair theineadóirí ar árthaighe.

Airtiogal 3.

Ní bhainfidh forálacha Airtiogail 2:—

(a) Le hobair a dhéanfaidh daoine óga ar scoil-longa no ar longa tréineála, ach an obair sin do bheith fé cheadú agus fé mhaoirseacht údaráis phuiblí;

(b) Le daoine óga d'fhostú ar árthaighe gur ar shlí eile seachas le gail a tiomáintear iad nách mór ar fad;

(c) Le daoine óga nách óige ná sé bliana déag d'aois, agus a féadfar, ar a fháil amach tré scrúdú dhochtúra a ndíol sláinte agus nirt do bheith acu, d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí ar árthaighe ná beidh ach ag gabháil do thrádáil fan chóstaí na hIndia agus na Seapáine, fé réir rialachán ar n-a ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na có-ghléasanna is fearr ionaduíonn fostóirí agus oibritheoirí sna tíortha san.