An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Comhlucht Siuicre Éireann, Teoranta.)

31 1933

ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933 , do ghairm den Acht so.

Míniú.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid.

Costaisí an Aire.

3. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deineann an tAcht so aon tsocrú eile ina chóir.