35 1933


Uimhir 35 de 1933.


ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH) (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH), 1923 GO 1926, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [29adh Meán Fhómhair, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “ an Príomh-Acht ” an t Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) , mar atá san leasuithe leis an Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Leasú), 1923 (Uimh. 43 de 1923) ;

tá leis an abairt “ Achtanna um Dhíobháil Choiriúil ” agus leis an bhfocal “ díobháil ” na bríonna céanna atá leo fé seach sa Phríomh-Acht ;

cialluíonn an abairt “ an Breitheamh ” an Breitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa ní gur maidir leis a húsáidtear an abairt.

Na nithe le na mbaineann an tAcht so.

2. —(1) Baineann an tAcht so—

(a) le gach díobháil do mhaoin, eadhon, foirgint no áirnéis i bhfoirgint no timpeal foirginte, do thárla i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1916, no dá éis sin agus roimh an 21adh lá d'Eanar, 1919, agus gurb é fé ndeár í ná gníomhartha do rinne údaráis mhileata no phóilíneachta na Breataine (pe'ca bhí na húdaráis sin ag gníomhú no á thabhairt le tuiscint iad do bheith ag gníomhú fé dhlí airm no ná rabhadar) agus gur i gcás den dá chás so leanas do rinneadh í, sé sin le rá, faid do bhí duine ar bith do bhí ina ghnáth-chomhnaí sa bhfoirgint sin á cosaint le hairm i gcoinnibh na n-údarás san no faid do bhí aon duine den tsaghas san fé ghabháil no a d'iarraidh cur i gcoinnibh a ghabhála ag na húdaráis sin ; agus

(b) le gach díobháil do mhaoin (le n-a n-áirmhítear damáiste do mhaoin no milleadh maoine gurb é fé ndeár é ná gníomhartha do rinne údaráis mhileata no phóilíneachta na Breataine agus iad ag gníomhú no á thabhairt le tuiscint iad do bheith ag gníomhú fé dhlí airm) do thárla i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Eanar, 1919, no dá éis sin, agus roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, no an lá san, agus nár cuireadh aon éileamh ina thaobh go dtí an Coimisiún Cúitimh (Éirinn) no gur cuireadh éileamh ina thaobh go dtí an Coimisiún san ach nár thug an Coimisiún san breith air ; agus

(c) le gach díobháil do mhaoin do thárla i Saorstát Éireann tar éis an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, no an lá san, agus—

(i) gur thárla ina taobh iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil do dhéanamh fén bPríomh-Acht agus go ndearnadh san do chaitheamh amach de bhíthin forálacha míre (a) no míre (b) d'alt 9 den Acht san agus dá mbíthin sin amháin, no

(ii) go bhféadfaí ina taobh iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil do dhéanamh agus géilleadh dho go dleathach fén bPríomh-Acht no go bhféadfaí ina taobh san do dhéanamh agus géilleadh dho amhlaidh dá mba na hachtófaí míreanna (a) agus (b) d'alt 9 den Acht san ach (i gceachtar cás acu) ná dearnadh é go cuibhe ; agus

(d) le gach gníomh díobhálach do thárla i Saorstát Éireann tar éis an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, no an lá san agus gur daoine ar bith den tsórt a luaidhtear i mír (d) d'fho-alt (9) d'alt 15 den Phríomh-Acht do rinne an gníomh san agus gurbh é bhí ann ná áirnéis (seachas aon áirnéis den tsórt a luaidhtear i mír (b) den fho-alt san) do thógaint chun siúil le toiliú an únaera no dá éamuis agus gur thárla ina thaobh ná dearnadh aon iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil do lóisteáil fé alt 15 den Phríomh-Acht no go ndearnadh an t-iarratas san do lóisteáil amhlaidh agus gur caitheadh amach é agus gan de chúis leis sin ach cúis no cúiseanna acu so leanas, sé sin le rá, toisc nár tógadh an áirnéis chun siúil gan toiliú an únaera no toisc forálacha míre (a) no míre (b) d'alt 9 den Phríomh-Acht no toise nár cruthuíodh gur daoine ar bith den tsórt a luaidhtear i mír (d) d'fho-alt (9) d'alt 15 den Phríomh-Acht do thóg an áirnéis chun siúil ; agus

(e) le gach gníomh díobhálach do thárla i Saorstát Éireann agus atá, de bhuadh fo-ailt (10) d'alt 15 den Phríomh-Acht, ina ghníomh éagcórtha do réir bhrí an ailt sin agus gur thárla ina thaobh ná dearnadh aon iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil do lóisteáil fén alt san 15 no go ndearnadh an t-iarratas san do lóisteáil amhlaidh agus gur caitheadh amach é de bhíthin forálacha míre (a) no míre (b) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus dá mbíthin sin amháin ; agus

(f) le gach gníomh díobhálach do thárla i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Fheabhra, 1922, no dá éis sin, agus roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, no an lá san, agus gur ball no baill de sna fórsaí armtha do bhí fé urláimh an Aire Cosanta no á gcoinneáil suas ag an Rialtas Sealadach no ag Rialtas Shaorstáit Éireann do rinne an gníomh san agus gurbh é bhí ann ná áirnéis do thógaint chun siúil go nea-dhleathach as áitreabh no talamh do bhí i seilbh dhleathaigh únaera na háirnéise sin ; agus

(g) le haon chaillteanas no damáiste díreach, den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Acht Slánaíochta, 1924 ( Uimh. 40 de 1924 ), do thárla i Saorstát Éireann agus ná dearnadh aon éileamh ina thaobh fén alt san laistigh den am a ceaptar leis an bhfo-alt san.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ní bhaineann an tAcht so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt in aon fhoráil ina dhiaidh seo den Acht so) le haon díobháil do mhaoin ná le haon ghníomh díobhálach ná le haon chaillteanas no damáiste go ndearna Rialtas Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí, no aon údarás áitiúil, no aon Roinn Stáit, no Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn aon chúiteamh d'íoc ina thaobh.

(3) San alt so, nuair a húsáidtear an abairt “ Saorstát Éireann ” maidir le gníomh no ní do thárla roimh Shaorstát Éireann do bhunú cialluíonn sí an chuid sin d'Éirinn atá anois i Saorstát Éireann.

An t-am i gcóir iarratas agus fógraí i dtaobh iarratas fén Acht so.

3. —(1) Féadfaidh duine ar bith, laistigh de ráithe tar éis an dáta cheaptha, iarratas do dhéanamh fén Acht so ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil alos aon díobhála do mhaoin le n-a mbaineann an tAcht so no alos aon ghnímh

8

dhíobhálaigh le n-a mbaineann an tAcht so no alos aon chaillteanais no damáiste dhírigh le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Gach duine iarrafaidh fén Acht so cúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil alos aon díobhála do mhaoin, alos gnímh dhíobhálaigh, no alos aon chaillteanais no damáiste dhírigh, le n-a mbaineann an tAcht so déanfaidh pé fógraí do sheirbheáil i pé fuirmeacha agus ar pé daoine bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgid fén alt so.

(3) Más rud é, ar iarratas fén Acht so ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil d'éisteacht, nách deimhin leis an mBreitheamh go ndearnadh na fógraí a horduítear leis na rialacháin do rinneadh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do sheirbheáil go cuibhe do réir na rialachán san, déanfaidh éisteacht an iarratais do chur ar athló go dtí go seirbheálfar na fógraí sin agus féadfaidh, chuige sin, an t-am d'fhaidiú a horduítear leis na rialacháin sin chun aon fhógra den tsórt san do sheirbheáil agus, mara ndeintear na fógraí sin do sheirbheáil laistigh de mhí tar éis an churtha ar athló san, caithfidh amach an t-iarratas san ar pé téarmaí i dtaobh costaisí is dóich leis do bheith ceart.

(4) Is fógraí i dteanta na bhfógraí is gá do réir na nAchtanna um Dhíobháil Choiriúil agus ní fógraí ina n-ionad san na fógraí bheidh le seirbheáil fé sna forálacha san roimhe seo den alt so.

(5) Déanfar, chun crícheanna iarratas fén Acht so, agus deintear leis seo faidiú go ceann ráithe ón dáta ceaptha ar na hamannta atá ceaptha leis na hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil mar atáid san leasuithe le halt 21 den Phríomh-Acht.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “ an dáta ceaptha ” an lá thiocfaidh na rialacha Cúirte i bhfeidhm is céad rialacha Cúirte chun crícheanna an Phríomh-Achta, mar a leasuítear leis an Acht so é, agus chun crícheanna an Achta so.

Feidhm forálacha áirithe den Phríomh-Acht.

4. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas den Phríomh-Acht, go sna hatharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé n-a réir san, maidir le hiarrataisí déanfar fén Acht so ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil alos díobhála do mhaoin le n-a mbaineann an tAcht so, feidhm chó hiomlán agus do bhí acu maidir le hiarrataisí fén bPríomh-Acht alos díobhála do mhaoin le n-ar bhain Cuid II den Acht san. sé sin le rá :—

(a) ailt 5, 6, agus 7, agus fo-ailt (1) agus (3) d'alt 8 ;

(b) alt 9 ach na focail uile, o sna focail “ no má sé tuairim ” go dtí deireadh an ailt, do leigint ar lár ;

(c) fo-ailt (5), (8), (10), (11), (13), agus (14) d'alt 10 ;

(d) alt 11.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas den Phríomh-Acht, go sna hatharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé n-a réir san, maidir le hiarrataisí déanfar fén Acht so ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil alos gníomhartha díobhálacha no alos caillteanais no damáiste dhírigh le n-a mbaineann an tAcht so, feidhm chó hiomlán agus do bhí acu maidir le hiarrataisí do lóisteáladh fé alt 15 den Phríomh-Acht, sé sin le rá :—

(a) ailt 5, 6, agus 7 agus fo-ailt (1) agus (3) d'alt 8 ;

(b) alt 9 ach na focail uile, o sna focail “ no má sé tuairim ” go dtí deireadh an ailt, do leigint ar lár ;

(c) alt 11 ;

(d) alt 15 (ach amháin fo-alt (1) de) ach an tagairt do choinníoll ath-shuidhimh i bhfo-alt (4) do leigint ar lár, agus an Ard-Chúirt do chur in ionad an Bhreithimh Ardshiosóin i bhfo-alt (8), agus na focail “ gan cead ón únaer ” i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (9) do leigint ar lár, agus mír (d) d'fho-alt 9 do leigint ar lár (ach gan san do dhéanamh ach i dtaobh iarratas alos gníomhartha is gníomhartha díobhálacha le n-a mbaineann an tAcht so de bhuadh míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so), agus na focail “ agus i gCuideann II agus III den Acht so ” i bhfo-alt (11) do leigint ar lár.

(3) Nuair a bheidh forálacha den Phríomh-Acht á bhfeidhmiú do réir an ailt seo déanfar an abairt “ an Breitheamh ” do léiriú mar abairt a chialluíonn an Breitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse sa chúrsa, agus déanfar tagairtí d'iarrataisí fén bPríomh-Acht no fé aon Chuid no alt áirithe dhe do léiriú mar thagairtí d'iarrataisí fén Acht so.

Saghsanna áirithe caillteanais agus damáiste do dhúnadh amach.

5. —D'ainneoin éinní atá san Acht so no sa Phríomh-Acht mar a cuirtear i bhfeidhm é tríd an Acht so, nuair a bheidh an cúiteamh a bheidh le moladh le haithne no le luadh i dtuarasgabháil do bhéarfar ar iarratas fén Acht so ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil á mheas ag an mBreitheamh ní thabharfaidh áird—

(a) ar aon chaillteanas no damáiste den tsórt a luaidhtear i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Slánaíochta, 1924 ( Uimh. 40 de 1924 ), ná

(b) ar aon chaillteanas no damáiste is fíneáil, no bhaineann le gearradh no íoc fíneála, do ghearr aon bhínse ar bith, ná

(c) ar aon chaillteanas no damáiste is íoc no caitheamh airgid, seachas caiteachas de dheascaibh díobhála do mhaoin, no gnímh dhíobhálaigh, no caillteanais no damáistc dhírigh, le n-a mbaineann an tAcht so.

Cúiteamh d'íoc.

6. —(1) An cúiteamh agus na costaisí molfar le haithne ar n-a déanamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar iarratas fén Acht so alos díobhála do mhaoin le n-a mbaineann an tAcht so déanfaidh an tAire Airgid iad d'íoc do réir an Achta so leis an iarratasóir no an duine eile bheidh ina dteideal fén aithne sin.

(2) Pé uair a thuairisceoidh an Breitheamh, fé alt 15 den Phríomh-Acht mar a cuirtear i bhfeidhm é tríd an Acht so, gur thárla caillteanas do dhuine tré ghníomh dhíobhálach le n-a mbaineann an tAcht so no de dheascaibh aon chaillteanais no damáiste dhírigh le n-a mbaineann an tAcht so, féadfaidh an tAire Airgid íoc do dhéanamh do réir an Achta so leis an duine sin i pé suim, mar chúiteamh sa chaillteanas san, is dóich leis an Aire sin do bheith ceart ag féachaint do théarmaí na tuarasgabhála san ach nách mó ná an tsuim a bheidh luaidhte sa tuarasgabháil sin mar an suim do chúiteodh an duine sin go cóir sa chaillteanas san.

(3) Pé áit ina ndubhrathas i dtuarasgabháil do tugadh fé alt 15 den Phríomh-Acht don Aire Airgid roimh an Acht so do rith gur thárla caillteanas do dhuine tré ghníomh éagcórtha le n-ar bhain an t-alt san agus nár íoc an tAire sin aon íocaíocht leis an duine sin mar chúiteamh sa chaillteanas san toisc forálacha míre (a) no míre (b) d'alt 9 den Phríomh-Acht no fo-mhíre (ii) de mhír (a) d'fho-alt (9) d'alt 15 den Phríomh-Acht, beidh sé dleathach don Aire sin, más ceart san dar leis, íoc do dhéanamh do réir an Achta so leis an duine sin, aon uair tar éis an Achta so do rith agus d'ainneoin na bhforálacha san den Phríomh-Acht, i pé suim, mar chúiteamh sa chaillteanas san, is dóich leis an Aire do bheith ceart ag féachaint do théarmaí na tuarasgabhála san ach nách mó ná an tsuim a bheidh luaidhte sa tuarasgabháil sin mar an suim do chúiteodh an duine sin go cóir sa chaillteanas san.

Feidhm ailt 13 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Beidh feidhm ag alt 13 (ach amháin fo-ailt (1) agus (11) de, an provisó ghabhann le fo-alt (3) dhe agus an chuid sin d'fho-alt (6) dhe dar tosach na focail “ agus, gan dochar ” agus dar críoch na focail “ sara bhfuair sé bás ”) den Phríomh-Acht (go sna hatharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé n-a réir san) maidir leis an gcúiteamh agus na costaisí molfar le haon aithne ar n-a déanamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar iarratas fén Acht so alos díobhála do mhaoin le n-a mbaineann an tAcht so agus maidir le gach aithne den tsórt san fé mar atá feidhm aige maidir leis an gcúiteamh agus na costaisí agus leis na haitheanta luaidhtear san alt san.

(2) Beidh feidhm freisin ag an alt san 13 (ach amháin fo-ailt (1), (2) agus (11) de, an provisó ghabhann le fo-alt (3) dhe, agus an chuid sin d'fho-alt (6) dhe dar tosach na focail “ agus, gan dochar ” agus dar críoch na focail “ sara bhfuair sé bás ”) den Phríomh-Acht (go sna hatharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé n-a réir san) maidir le gach suim is dóich leis an Aire Airgid is ceart d'íoc fén Acht so mar chúiteamh de dhruim tuarasgabhála do tugadh do, fé alt 15 den Phríomh-Acht, no do bhéarfar do, fén alt san 15 mar a cuirtear i bhfeidhm é tríd an Acht so, tar éis an Achta so do rith, fé mar atá feidhm ag an alt san maidir leis an gcúiteamh a luaidhtear ann.

(3) Chun an ailt sin 13 den Phríomh-Acht d'fheidhmiú do réir an ailt seo cuirfear na míreanna so leanas i bhfo-alt (5) in ionad míreanna (a) go (e) go huile den fho-alt san, sé sin le rá :—

“ (a) i gcás cúitimh a molfar le haithne—

(i) maran mó ná £300 an cúiteamh san, iomlán an chúitimh sin, agus

(ii) más mó ná £300 an cúiteamh san, pé suim (más aon tsuim é) is gá chun ceachtar críche acu so leanas no chúcha araon, sé sin le rá, chun an mhéide den chúiteamh san go mbeifear chun deighleáil leis fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo do laigheadú go dtí iolrú ar £50 no chun go bhféadfar fiacha no suim eile airgid nách iolrú ar £50 do bhaint as méid an chúitimh fé fho-alt (3) den alt so ;

(b) i gcás cúitimh a híocfar de dhruim tuarasgabhála—

(i) más lugha ná £50 an cúiteamh san, iomlán an chúitimh sin, agus

(ii) más có-ionann le £50 no más mó ná £50 an cúiteamh san, pé suim (más aon tsuim é) is gá chun ceachtar críche acu so leanas no chúcha araon, sé sin le rá, chun an mhéide den chúiteamh san go mbeifear chun deighleáil leis fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo do laigheadú go dtí iolrú ar £50 no chun go bhféadfar fiacha no suim eile airgid nách iolrú ar £50 do bhaint as méid an chúitimh fé fho-alt (3) den alt so.”

(4) I gcás suime do bhaint, fé fho-alt (3) den alt san 13 den Phríomh-Acht mar a cuirtear i bhfeidhm é tríd an alt so, as cúiteamh is iníoctha i bpáirt no go hiomlán tré urrúis tuigfear, chun na críche sin, gurb é méid is fiú na hurrúis sin ná a n-aghaluach ainmnithe agus (i gcás cúitimh nách iníoctha tré urrúis ach i bpáirt) is as na hurrúis sin a déanfar, chó fada agus is féidir é, an tsuim sin do bhaint.

Feidhm ailt 19 den Phríomh-Acht.

8. —An chomhacht chun rialacha do dhéanamh a luaidhtear in alt 19 den Phríomh-Acht, bainfe sí le rialacha Cúirte do dhéanamh is rialacha Cúirte chun crícheanna an Phríomh-Achta, mar a leasuítear leis an Acht so é, agus chun crícheanna an Achta so.

An tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1926 , do dhúnadh amach.

9. —Ní bhainfidh an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1926 (Uimh. 19 de 1926) , le haon chúiteamh a molfar le haithne déanfar fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar iarratas ar n-a dhéanamh fén Acht so ná le haon chúiteamh is dóich leis an Aire Airgid is ceart d'íoc fén Acht so de dhruim tuarasgabhála do tugadh do fé alt 15 den Phríomh-Acht no fén alt san mar a cuirtear i bhfeidhm é tríd an Acht so.

Iocaíochtaí breise alos aithní áirithe fén bPríomh-Acht.

10. —(1) Más rud é—

(a) go ndearnadh, roimh an Acht so do rith, aithne fén bPríomh-Acht ag moladh méide áirithe cúitimh (dá ngairmtear an bun-mhéid san alt so) do dhuine ar bith, agus

(b) go ndearna an tAire Airgid athchomharc do lóisteáil i gcoinnibh na haithne sin ar an scór gur bhain mír (a) no mír (b) d'alt 9 den Phríomh-Acht leis an duine sin. no ar an scór san agus ar scóranna eile, agus

(c) go ndearnadh idir an tAire sin agus an duine sin có-aontú tré n-ar aontuigh an duine sin méid (dá ngairmtear san alt so an méid níos lugha ar ar có-aontuíodh) ba lugha ná an bun-mhéid do ghlacadh i nglanadh na haithne sin agus go ndearnadh, de dhruim an chó-aontuithe sin, an t-athchomharc san do tharrac siar no, marar tarraigeadh siar é, go ndearnadh, ar an athchomharc san d'éisteacht, an aithne sin do dhaingniú tré chó-aontú ach an bun-mhéid do laigheadú go dtí an méid níos lugha ar ar có-aontuíodh,

beidh sé dleathach don Aire sin, más dóich leis san do bheith ceart, pé suim, is dóich leis an Aire sin is ceart agus nách mó ná an deifríocht idir an bun-mhéid agus an méid níos lugha ar ar có-aontuíodh, d'íoc leis an duine sin do réir an ailt seo, ach, i gcás ina raibh coinníoll ath-shuidhimh ag gabháil leis an aithne sin, an t-íoc san do bheith fé réir an duine sin do chólíonadh pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis an Aire sin do chur leis an íoc san.

(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Phríomh-Acht maidir le gach suim is dóich leis an Aire Airgid is ceart d'íoc fé fho-alt (1) den alt so fé mar atá feidhm aige maidir leis an gcúiteamh a luaidhtear san alt san 13, ach san go sna hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá :—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (4), (11) agus (12) den alt san 13, agus

(b) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (5) den alt san 13 do choinníoll ath-shuidhimh do léiriú mar thagairtí do choinníollacha cuirfear fé fho-alt (1) den alt so le híoc na suime sin.

(3) Beidh feidhm ag an Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1926 (Uimh. 19 de 1926) , maidir le gach suim is dóich leis an Aire Airgid is ceart d'íoc fé fho-alt (1) den alt so fé mar atá feidhm aige maidir le cúiteamh fé aithne fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil alos aon díobhála le n-a mbaineann Cuid II den Phríomh-Acht.

Teora leis an am chun saghsanna áirithe cúitimh d'íoc.

11. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht eile, agus lasmuich de chás ina bhfuil coinníoll ath-shuidhimh ag gabháil leis an aithne agus ná dearnadh aon chuid den choinníoll ath-shuidhimh sin do chólíonadh roimh an Acht so do rith, ní híocfar íocaíocht ar bith tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, alos aon chúitimh do moladh le haithne ar n-a déanamh fén bPríomh-Acht, agus ní hionbhainte amach d'aon chúiteamh den tsórt san ná d'aon chuid de chúiteamh den tsórt san ná beifear tar éis a éileamh agus a íoc roimh an dáta san.

(2) Más rud é go bhfuil coinníoll ath-shuidhimh ag gabháil le haithne mholta cúitimh do rinneadh fén bPríomh-Acht agus ná dearnadh aon chuid den choinníoll ath-shuidhimh sin do chólíonadh roimh an Acht so do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) i gcás an duine dar moladh an cúiteamh san d'fháil bháis tar éis an Achta so do rith agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1936, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ní híocfar íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin tar éis trí mblian o bhás an duine sin agus ní hionbhainte amach d'aon chúiteamh den tsórt san ná d'aon chuid de chúiteamh den tsórt san ná beifear tar éis a éileamh agus a íoc roimh dheireadh na tréimhse sin ;

(b) i gcás—

(i) an duine dar moladh an cúiteamh san d'fháil bháis tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1936, agus

(ii) aon mhac no inghean don duine sin dá chó-aontú leis an Aire i scríbhinn, roimh an 1adh lá d'Iúl, 1936, go ndéanfaidh, i gcás é no í do theacht ar fháil bháis don duine sin i dteideal an tailimh ar a raibh an t-áitreabh gur maidir leis a moladh an cúiteamh san, cólíonadh iomlán ar an gcoinníoll ath-shuidhimh sin laistigh de thréimhse trí mblian tar éis bháis an duine sin, agus

(iii) an mac no an inghean san do theacht i dteideal an tailimh sin amhlaidh,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ní híocfar íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin tar éis deireadh na tréimhse sin, agus ní hionbhainte amach d'aon chúiteamh den tsórt san ná d'aon chuid de chúiteamh den tsórt san ná beifear tar éis a éileamh agus a íoc roimh dheireadh na tréimhse sin ;

(c) in aon chás eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ní híocfar íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1936, agus ní hionbhainte amach d'aon chúiteamh den tsórt san ná d'aon chuid de chúiteamh den tsórt san ná beifear tar éis a éileamh agus a íoc roimh an dáta san.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire Airgid, ach amháin i gcás coinníll ath-shuidhimh do bheith ag gabháil leis an moladh no leis an tuarasgabháil (pe'ca aca é) agus gan aon chuid den choinníoll ath-shuidhimh sin do chólíonadh roimh an Acht so do rith, íocaíocht ar bith d'íoc tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, alos aon chúitimh do mhol an Coimisiún Cúitimh (Éirinn) ná alos aon chaillteanais no damáiste dob abhar do thuaras gabháil do tugadh roimh an Acht so do rith fé alt 15 den Phríomh-Acht.

(4) Más rud é go bhfuil coinníoll ath-shuidhimh ag gabháil le moladh cúitimh do rinne an Coimisiún Cúitimh (Éirinn) no le tuarasgabháil do tugadh roimh an Acht so do rith fé alt 15 den Phríomh-Acht, agus ná dearnadh aon chuid den choinníoll athshuidhimh sin do chólíonadh roimh an Acht so do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) i gcás an duine gur ina fhabhar do rinneadh an moladh san no do tugadh an tuarasgabháil sin (pe'ca aca é) d'fháil bháis tar éis an Achta so do rith agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1936, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, ní íocfaidh an tAire Airgid íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin ná alos aon chaillteanais no damáiste dob abhar don tuarasgabháil sin (pe'ca aca é) tar éis trí mblian o bhás an duine sin ;

(b) i gcás—

(i) an duine gur ina fhabhar do rinneadh an moladh san no do tugadh an tuarasgabháil sin (pe'ca aca é) d'fháil bháis tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1936, agus

(ii) aon mhac no inghean don duine sin dá chó-aontú leis an Aire i scríbhinn roimh an 1adh lá san d'Iúl, 1936, go ndéanfaidh, i gcás é no í do theacht ar fháil bháis don duine sin i dteideal an tailimh ar a raibh an t-áitreabh le n-a mbaineann an moladh no an tuarasgabháil sin (pe'ca aca é), cólíonadh iomlán ar an gcoinníoll ath-shuidhimh sin laistigh de thréimhse trí mblian tar éis bháis an duine sin, agus

(iii) an mac no an inghean san do theacht i dteideal an tailimh sin amhlaidh,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, ní íocfaidh an tAire sin íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin ná alos aon chaillteanais no damáiste dob abhar don tuarasgabháil sin (pe'ca aca é) tar éis deireadh na tréimhse sin ;

(c) in aon chás eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, ní íocfaidh an tAire sin íocaíocht ar bith alos an chúitimh sin ná alos aon chaillteanais no damáiste dob abhar don tuarasgabháil sin (pe'ca aca é) tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1936.

(5) Ní íocfaidh an tAire Airgid íocaíocht ar bith tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, alos aon chaillteanais no damáiste dob abhar do thuarasgabháil do tugadh roimh an Acht so do rith fé alt 5 den Acht Slánaíochta, 1924 ( Uimh. 40 de 1924 ).

Airnéis do gheobhfar thar n-ais tar éis cúitimh d'íoc no do mholadh.

12. —(1) Baineann an t-alt so—

(a) leis an gcúiteamh go léir do híocadh, no a híocfar ina dhiaidh seo, amach as cistí puiblí ar mholadh an Choimisiúin Chúitimh (Éirinn) no fén bPríomh-Acht no fén Acht Slánaíochta, 1924 (Uimh. 40 de 1924) ;

(b) leis an gcúiteamh go léir d'íoc aon Roinn Stáit no Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, no íocfaid ina dhiaidh seo, amach as cistí puiblí alos gnímh, teagmhais, no ní do thárla an 21adh lá d'Eanar, 1919, no dá éis sin agus roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, no an lá san ;

(c) leis an gcúiteamh go léir a híocfar amach as cistí puiblí fén Acht so.

(2) Má rinneadh no má deintear ina dhiaidh seo aon chúiteamh le n-a mbaineann an t-alt so d'ioc no má rinneadh no má deintear ina dhiaidh seo aon chúiteamh le n-a mbainfidh an t-alt so nuair a híocfar an cúiteamh san do mholadh agus gur alos aon áirnéise do mhilleadh, do thógaint chun siúil no do chailliúint an cúiteamh san ar fad no cuid de, agus más rud é go bhfuighidh an Gárda Síochána, no an duine le n-ar híocadh an cúiteamh san no duine ar bith eile an áirnéis sin thar n-ais (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) tiocfaidh an áirnéis sin chun bheith agus beidh sí, ar an Acht so do rith no ar an áirnéis sin d'fháil thar n-ais (pe'ca ní aca san is déanaí thárlóidh), ina maoin is leis an Aire Airgid agus, mara mbeidh an áirnéis sin ina sheilbh, féadfaidh an tAire sin í do bhaint amach tré aicsean síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

(3) Má thagann aon áirnéis chun bheith, de bhuadh an ailt seo, ina maoin is leis an Aire Airgid, ansan, an duine chuirfidh ina luighe ar an Aire sin gurb é bheadh mara mbeadh an t-alt so, ina únaer ar an áirnéis sin beidh sé i dteideal an áirnéis sin do cheannach ón Aire sin ar phraghas is có-ionann le méid an chúitimh do híocadh no do moladh alos na háirnéise sin do mhilleadh, do thógaint chun siúil, no do chailliúint no (i gcás gan an cúiteamh san do bheith deighilte amach o chúiteamh do híocadh no do moladh alos nithe eile) ar phraghas is có-ionann leis an méid cúitimh do híocadh no do moladh, alos an mhillte, an tógaint chun siúil, no an chaillteanais sin dar leis an Aire no. i gceachtar cás, ar pé praghas, níos lugha ná san, ar a gcó-aontóidh an tAire sin agus an duine sin.

(4) Más eol don Aire Airgid cé hé an duine bheadh i dteideal fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon áirnéis do cheannach ón Aire sin bhéarfaidh an tAire sin caoi don duine sin ar an áirnéis sin do cheannach amhlaidh.

(5) An áirnéis uile thiocfaidh chun bheith, de bhuadh an ailt seo, ina maoin is leis an Aire Airgid agus ná ceannófar fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaidh an tAire sin í do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile chun tairbhe don Stát-Chiste pé am agus ar pé slí is ceart dar leis an Aire sin.

Gearr-theideal agus luadh.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1926, agus den Acht so le chéile.