An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TALMHAN, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. An tAire agus an Binse Athchomhairc.)

38 1933

ACHT TALMHAN, 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

cialluíonn an abairt “an chéad lá gála sa bhliain 1933” an chéad lá sa bhliain 1933 is lá gála alos na blianachta, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile gur ina thaobh no ina taobh a húsáidtear an abairt;

foluíonn an abairt “oifigeach do Choimisiún na Talmhan” Coimisinéir Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais;

cialluíonn an abairt “Coimisinéir Tuaithe” Coimisinéir Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais;

déanfar tagairtí d'imeachta chun aon bhlianachta, cíosa, úis, no íocaíochta bliantúla eile do bhaint amach do léiriú mar thagairtí fholuíonn díol no imeachta chun díolta an ghabháltais, na tionóntachta no an tailimh eile mar gheall ar fhaillí do thabhairt in íoc na blianachta, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile sin.

Rialacha agus rialacháin ghenerálta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le có-aontú móráirimh choiste ar a mbeidh an Coimisinéir Breithiúntais, Rúnaí Choimisiúin na Talmhan, agus Coimisinéir Tuaithe bheidh ceaptha chuige sin ag an Aire, agus tar éis do dul i gcomhairle le hUachtarán an Dlí-Chumainn Ionchorpruithe, rialacha do dhéanamh chun forálacha (seachas na forálacha i dtaobh airgeadais thalamhcheannaigh) na nAchtanna Talamh-Cheannaigh le n-a n-áirmhítear an tAcht so (ach amháin Cuid II dhe) do chur in éifeacht agus san Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha san.

(2) Féadfar, le rialacha déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon riail a bheidh déanta fé aon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ach amháin rialacha i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh, do cheiliúradh i bpáirt no go hiomlán no do leasú.

(3) Féadfaidh an tAire Airgid rialacha agus rialacháin do dhéanamh chun na bhforálacha den Acht so i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh do chur in éifeacht, agus féadfaidh, leis na rialacha no na rialacháin sin, aon fhoráil i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh atá in Acht ar bith do ritheadh roimh an Acht so do chur in oiriúint d'éilimh an Achta so.

Costaisí.

4. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná fuil aon tsocrú eile ina chóir san Acht so.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach íocaíocht a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan agus gach costas fé n-a raghaid chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná fuil aon tsocrú eile ina gcóir san Acht so.