An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Riaraiste agus Athscrudu Blianachtai Ceannaigh, Ciosanna, agus Iocaiochtai Bliantula eile.)

38 1933

ACHT TALMHAN, 1933

CUID IV.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineas le Ceannach Talmhan.

Clárathóir contae do ghearradh airgid ar bharántas d'fháil i dtaobh riaráiste íocaíochtaí bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan.

28. —(1) Má theipeann ar éinne (dá ngairmtear “an faillitheoir” san alt so) airgead d'íoc a bheidh dlite air ag Coimisiún na Talmhan, agus iníoctha aige leo, mar gheall ar bhlianacht cheannaigh, no suim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh, no suim bhreise, no íocaíocht in ionad cíosa, no ús in ionad cíosa, no ús ar airgead cheannaigh, no cíos gabháltais, no cíos is iníoctha fé chó-aontú le n-ar cuireadh paiste tailimh ar cíos chun áise scaladaighe, beidh sé dleathach do Choimisiún na Talmhan, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan é, barántas do thabhairt amach do chlárathóir chontae na contae ina bhfuil na tailte no do chlárathóir chontae aon chontae ina bhfuil an faillitheoir ina chomhnaí no ina bhfuil áit ghnótha aige, barántas sa bhfuirm orduithe ag deimhniú ainme an fhaillitheora, méide an airgid a bheidh dlite air amhlaidh mar adubhradh, agus (fé mar is gá sa chás) áite comhnaithe no áite gnótha an fhaillitheora no suidhimh agus tuairisce na dtailte gur ina dtaobh a bheidh an t-airgead san dlite, agus á údarú don chlárathóir chontae sin an t-airgead adubhradh do ghearradh do réir an ailt seo.

(2) Beidh ag barántas do bhéarfar amach fén alt so an fheidhm agus an éifeacht chéanna bhíonn ag ordú is ordú feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) , agus beidh an barántas san ina leor-údarás do chlárathóir chontae chun gníomhú dá réir.

(3) Díreach ar bharántas fén alt so d'fháil o Choimisiún na Talmhan déanfaidh an clárathóir contae, tar éis na fógraí do sheirbheáil agus na nithe do dhéanamh a bheidh orduithe chuige sin le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, an t-airgead a deimhnítear sa bharántas san do bheith dlite ar an bhfaillitheoir do ghearradh fé mar a deintear gearradh do réir dlí de dhruim ordú feidhmiúcháin ar agra Choimisiúin na Talmhan, agu chuige sin beidh ag an gclárathóir contae sin na cearta, na comhachta agus na dualgaisí uile bheidh dílsithe ann no curtha air de thurus na huaire do réir dlí maidir le hordú feidhmiúcháin d'fheidhmiú, agus ortha san na cearta, na comhachta agus na dualgaisí bheidh dílsithe ann no curtha air de thurus na huaire le halt 31 den Acht Talmhan, 1927 .

(4) An t-airgead uile a híocfar le clárathóir contae, no ghearrfaidh no gheobhaidh sé ar shlí eile, mar gheall ar an airgead a bheidh luaidhte i mbarántas do bhéarfar amach fén alt so íocfaidh scisean é le Coimisiún na Talmhan.

(5) Na leighseanna chun airgid do bhaint amach do bheirtear do Choimisiún na Talmhan leis an alt so is mar bhreis, agus ní mar laigheadú, bheid ar aon leighseanna eile bheidh ag Coimisiún na Talmhan do réir dlí chun an airgid sin do bhaint amach.

(6) Chun an ailt seo do chur i bhfeidhm maidir le contae ina mbeidh fo-shirriam de thurus na huaire, beidh éifeacht ag an alt so fé is dá ndeintí an focal “fo-shirriam” do chur in ionad na habairte “clárathóir contae” ar fuaid an ailt seo.

Cumhangracht do leigheas.

29. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , agus ina ionad san achtuítear leis seo, má dheineann Coimisiún na Talmhan a dhearbhú aon tailimh (dá ngairmtear an talamh dearbhuithe san alt so) le n-a mbaineann clás (a) d'fho-alt (2) den alt san 24 do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus má bhíonn tionónta no dílseánach an tailimh dhearbhuithe no bean chéile no fear céile an tionónta no an dílseánaigh sin ina chomhnaí ar an talamh dearbhuithe no ina ghar-chomhursanacht agus an talamh san á úsáid aige fé mar úsáidfeadh gnáth-fheirmeoir é do réir na slite cearta feirmeoireachta, ansan, marab únaer ar thalamh (seachas an talamh dearbhuithe) gur mó a mharga-luach ná £2,000 an tionónta no an dílseánach san, go ndéanfaidh Coimisiún na Talmhan, má éilíonn an tionónta no an dílseánach san ortha laistigh den am orduithe agus sa tslí orduithe a chuid tailimh ar fad do dhearbhú agus do thógaint agus gabháltas nua do chur ar fáil do, gabháltas nua do chur ar fáil don tionónta no don dílseánach san, gabháltas is dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe do bheith oiriúnach don tionónta no don dilseánach san agus is dóich leo fós (fé réir cirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhaire agus ní bheidh dul thar a mbreith sin) nách lugha marga-luach do ná don talamh dearbhuithe no nách lugha marga-luach do ná £2,000 (pe'ca suim aca san is lugha).

(2) I gcás Coimisiúin na Talmhan do chur gabháltais nua ar fáil don tionónta no don dílseánach san fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo is i mbannaí talmhan a híocfar an méid d'airgead ceannaigh an tailimh dhearbhuithe bheidh mar bhreis ar mhargaluach an ghabháltais nua san.

(3) Na forálacha den Acht Talmhan, 1923 , agus de sna hAchtanna leasuíonn no leathnuíonn an tAcht san, a bhaineann le hualaighe agus le cearta d'aistriú ar ghabháltaisí do mhalairtiú tré chó-aontú, bainfid le haon mhalairtiú tailte déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 .

(5) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan fógra d'fhoillsiú sa tslí orduithe á rá go bhfuiltear ar aigne a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus is in ionad agus in áit liosta shealadaigh de sna tailte d'fhoillsiú do réir ailt 40 den Acht Talmhan, 1923 , a foillseofar an fógra san.

(6) An chomhacht atá ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , chun a dhearbhú aon talamh dá dtagartar sa bhfo-alt san do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, isiad na Coimisinéirí Tuaithe fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh í agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ach go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhaire i dtaobh aon cheiste bhaineann le dlí no le luach, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon cheist den tsórt san a bhaineann le luach.

(7) Ní leor chun Coimisiúin na Talmhan do chosc ar a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas imeachta um dhearbhú, do tosnuíodh roimh an Acht so do rith, do bheith ar feitheamh, no iad do bheith caithte amach no leigthe ar lár roimh an Acht so do rith.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan i gcásanna áirithe an lá ceaptha i dtaobh tailimh nea-thionóntuithe do dhearbhú sara mbeidh an praghas socair.

30. —(1) Más rud é go bhfoillseofar liost sealadach de thailte nea-thionóntuithe, no fógra fén gCuid seo den Acht so á rá go bhfuiltear ar aigne a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus ná lóisteálfar aon agóid ina choinnibh sin no má lóisteáltar go mbeifear tar éis deireadh do chur léi, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más ciriúnach leo san do dhéanamh chun na dtailte sin do roinnt láithreach, an lá ceaptha i dtaobh na dtailte sin do dhearbhú le hordú cé ná beifear tar éis a chó-aontú i dtaobh an phraghais no é do shocrú agus leis an ordú céanna a dhearbhú cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas sealadach san alt so) ar a bhfuil sé beartuithe na tailte sin do cheannach.

(2) Déanfar, cheal có-aontuithe, praghas tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do shocrú tré fhéachaint don méid is fiú iad an lá ceaptha do réir na bhforálacha atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chuige sin.

(3) I gcás praghais tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén alt so do bheith níos mó ná an praghas sealadach, déanfaidh Coimisiún na Talmhan roimh-íoc breise d'íoc agus bannaí talmhan breise do thabhairt amach chun na dtailte sin do cheannach agus beidh suim is có-ionann le hús (lughaide cáin ioncuim) ar na bannaí talmhan breise bhéarfar amach amhlaidh, ón lá ceaptha go dtí dáta na mbannaí talmhan breise sin do thabhairt amach, iníoctha ag Coimisiún na Talmhan leis an duine do bhí i dteideal cíosanna agus sochair an tailimh sin d'fháil sarar ceannuíodh é.

(4) I gcás praghais tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén alt so do bheith níos lugha ná an praghas sealadach, íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gCiste na mBannaí Talmhan pé suim is leor chun fuascailte do dhéanamh ar na bannaí talmhan a bheidh tugtha amach de bhreis ar phraghas na dtailte sin agus beid i dteideal an tsuim a híocfar amhlaidh isteach i gCiste na mBannaí Talmhan, maraon leis an ús a bheidh íoctha ar na bannaí a fuasclófar amhlaidh ón lá ceaptha go dtí dáta fuascailte na mbannaí sin, do bhaint as an méid d'airgead ceannaigh na dtailte sin nár roinneadh agus an roinnt á déanamh, no den duine sin do fuair an t-airgead ceannaigh sin no aon chuid de agus go bhfuighfear go ndligheann sé na haisíocaíochtaí sin d'íoc.

(5) D'ainneoin éinní atá in alt 36 den Acht Talmhan, 1931 , déanfar ús, ar bhannaí talmhan ar n-a roimh-íoc mar phraghas tailte nea-thionóntuithe go mbeifear tar éis praghais shealadaigh ina dtaobh do dhearbhú fén alt so, d'íoc leis an duine chítear do Choimisiún na Talmhan dob únaer ar na tailte sarar ceannuíodh iad, ach féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar iarratas éinne le n-a mbaineann, a ordú an t-ús san no aon chuid de d'íoc leis an duine sin le n-a mbaineann.

Gabháltaisí d'ath-thógaint.

31. —(1) I gcás Coimisiún na Talmhan do bheith chun feidhmithe do dhéanamh ar a gcomhachta chun gabháltais no coda de ghabháltas d'ath-thógaint bhéarfaid sa tslí orduithe don duine dheallruíonn bheith i seilbh an ghabháltais mar thionónta fógra á rá go bhfuilid chun an ghabháltais no coda den ghabháltas d'ath-thógaint mara ndeintear, laistigh den am orduithe, achuinge do thíolacadh do Choimisiún na Talmhan á impí ná déanfaí an gabháltas no an chuid de (pe'ca aca é) d'ath-thógaint gan tuilleadh fiosrúcháin.

(2) Má tíolactar aon achuinge den tsórt san roimhráite, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ceisteanna thiocfaidh aisti do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc ar cheist dlí.

(3) Mara dtíolactar aon achuinge den tsórt san roimhráite, no más rud é go dtíolacfar aon achuinge den tsórt san agus go ndiúltófar do ghéilleadh dhi, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe a dheimhniú an gabháltas no an chuid de do bheith ag teastáil o Choimisiún na Talmhan i bhfeidhmiú a gcomhacht ath-thógainte, agus údaróidh an chúirt, ar iarratas Choimisiúin na Talmhan, an gabháltas no an chuid de, mar a deimhneofar amhlaidh san do bheith ag teastáil, d'ath-thógaint agus, má dheimhníonn na Coimisinéirí Tuaithe freisin é do bheith oiriúnach an gabháltas do bheith ar fáil chun a roinnte láithreach, údaróidh an chúirt leis sin do Choimisiún na Talmhan dul i scilbh an ghabháltais, cé ná beifear tar éis an phraghais ath-thógainte do shocrú agus sa chás san nuair a bheidh an praghas ath-thógainte secair beidh ús iníoctha ag Coimisiún na Talmhan, leis an duine bheidh ina theideal, ar an bpraghas ath-thógainte do réir an ráta per annum gur dá réir a bheidh ús iníoctha ar bhannaí talmhan a bhéarfar amach in íoc an phraghais ath-thógainte ón dáta ar a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan i seilbh an ghabháltais go dtí dáta tugtha amach na mbannaí talmhan in íoc an phraghais ath-thógainte.

Comhachta Choimisiúin na Talmhan chun tailimh do thógaint go héigeanta do leathnú.

32. —(1) I gcás na gCoimisinéirí Tuaithe do dheimhniú, roimh an lá ceaptha, aon talamh do bheith ag teastáil chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leathnuítear san leis an Acht so, beidh ag Coimisiún na Talmhan, agus beidh infheidhmithe acu, maidir leis na tailte sin gach comhacht no aon chomhacht dá bhfuil acu maidir le tailte do thógaint chun cumhangrachta do leigheas.

(2) Má bhíonn cúrsaí ag baint le talamh ar bith a chuirfeadh tionónta no dílseánach an tailimh sin i dteideal fén Acht so, i gcás Coimisiúin na Talmhan do thógaint an tailimh sin, a éileamh ar Choimisiún na Talmhan gabháltas nua do chur ar fáil do, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so no in aon achtachán eile, ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan an talamh san do thógaint go héigeanta chun críche ar bith seachas chun cumhangrachta do leigheas no chun faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh no faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráidbhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna no chun gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna.

(3) D'ainneoin éinní atá san alt so no in aon achtachán eile ní thógfaidh Coimisiún na Talmhan go héigeanta chun críche ar bith seachas chun cumhangrachta do leigheas sa chomharsanacht no chun faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh, no faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna, no chun gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna, aon talamh gur deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe ina thaobh, ag féachaint do mhéid, do shuidheamh agus do chineál an tailimh sin, don mhéid cumhangrachta agus díomhaointis atá sa cheanntar ina bhfuil an talamh san agus ar fuaid na tíre agus dá oiriúnaí bheadh sé saothrú abhar bídh do mhéadú, leor-mhéid de thorthaí talmhaíochta do bheith á fháil as an talamh san, agus fostaíocht do bheith á tabhairt do leor-líon daoine, ar a n-áirmhítear aon ghaolta do thionónta no do dhílseánach an tailimh sin a bhíonn ar buan-fhostú ar an talamh san.

(4) Ní bheidh dul thar deimhniú bhéarfar fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhaire i dtaobh aon cheiste bhaineann le dlí no le luach, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon cheist den tsórt san a bhaineann le luach.

Roimh-íoc le hiontaobhaithe chun crícheanna áirithe.

33. —(1) Déanfar agus deintear leis seo forálacha alt 4 agus 20 den Irish Land Act, 1903, agus ailt 18 den Irish Land Act, 1909, mar atáid san leathnuithe le halt 69 den Acht Talmhan, 1923 , do leathnú tuilleadh i dtreo go mbeidh ar na crícheanna chun ar féidir roimh-íocanna d'íoc fé sna hailt sin faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh, agus faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna agus gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna, agus féadfar scéimeanna do cheapadh no do leasú fé sna hailt sin chun gach críche no aon chríche acu san no i dtreo go mbeidh an céanna ina chuid de sna scéimeanna san.

(2) Beidh ar na hiontaobhaithe luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , iontaobhaithe chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun cearta spóirt do cheannach i gcásanna áirithe.

34. —I gcás tailte do dhílsiú i gceannuitheoir fé aon Acht Talamh-Cheannaigh roimh an Acht Talmhan, 1923 , agus gan na cearta spóirt (seachas cearta iascaigh) ar na tailte sin no os a gcionn do dhílsiú amhlaidh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más dóich leo go raghadh sé chun leasa don tír na cearta san do thógaint agus iad do dhílsiú i ndílseánaigh na dtailte gur ortha no os a gcionn a feidhmítear iad mar ní ghabhann leis na tailte sin agus má bhíonn na dílseánaigh sin sásta na cearta san do cheannach, ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha maidir le gach ceart acu san agus ag dílsiú an chéanna i gCoimisiún na Talmhan ar phraghas a híocfar i mbannaí talmhan agus a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (cheal có-aontuithe) a shocrú, fé réir chirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc.

Alt 24 den Acht Talmhan, 1927 , do leasú.

35. —Beidh ag alt 24 den Acht Talmhan, 1927 , maidir le himeachta in ar tharraing Coimisiún na Talmhan siar roimh an Acht so do rith o thailte do cheannach no d'ath-thógaint, feidhm fé is dá ndeintí na focail uile o sna focail “i gcás inar dhin Coimisiún na Talmhan tarrac siar” go dtí deireadh an ailt do scriosadh amach.

Alt 24 (2) (b) agus (g) den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

36. —(1) Déanfar agus deintear leis seo clásanna (b) agus (g) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú tré sna dátaí seo leanas do chur isteach ionta in ionad dáta an Achta san do rith mar an dáta ar a socrófar cad is cineál don ghabháltas—

(a) in aghaidh agus ar feadh na tréimhse de chúig bliana o dháta an Achta so do rith, dáta an Achta so do rith agus

(b) in aghaidh agus ar feadh gach tréimhse ina dhiaidh sin de chúig bliana ón dáta san, an dáta ar a dtosnóidh an tréimhse sin.

(2) I gcás fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , do bheith tagtha i mbaint no é do theacht i mbaint ina dhiaidh seo le haon talamh de bhuadh an leasuithe deintear ar an alt san leis an alt so, ní déanfar dochar do bhaint sin an fho-ailt sin leis an talamh san ná ní coiscfear an bhaint sin de bhíthin a chinneadh roimhe sin nár bhain an fo-alt san leis an talamh san agus dá bhíthin sin amháin.

Blianachtaí ar thailte báidhte.

37. —(1) I gcás coda de ghabháltas ar a bhfuil roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar mhuirear do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta no creimeartha eile no de dheascaibh cúise eile nách é gníomh ná faillí an tionónta fé ndeár í, féadfaidh Coimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag roinnt na blianachta talamh-cheannaigh no na suime bliantúla ina cionúireachtaí idir an chuid bháidhte agus an chuid eile den ghabháltas san, agus ina dhiaidh sin ní dhlighfidh an ceannuitheoir no an tionónta a íoc ach an chionúireacht den bhlianacht talamhcheannaigh no den tsuim bhliantúil a bheidh ar an gcuid eile sin agus, má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh, déanfar iarmhéid na blianachta no na suime bliantúla san do scriosadh amach mar shuim nách ionbhainte amach di.

(2) I gcás iomláin ghabháltais ar a bhfuil roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar mhuirear do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta no creimeartha eile no de dheascaibh cúise eile nách é gníomh ná faillí an tionónta fé ndeár í, déanfar, má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh, an bhlianacht talamh-cheannaigh no an tsuim bhliantúil a bheidh mar mhuirear air do scriosadh amach mar shuim nách ionbhainte amach di.

(3) Ní bheidh riaráiste blianachtaí no suimeanna bliantúla no codanna den chéanna, a scriosfar amach fén alt so mar shuim nách ionbhainte amach di, ní bheidh san ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta.

(4) Na heasnaimh uile bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim an ailt seo déanfar cúiteamh ionta leis an gciste sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt so i gcás cúitimh alos báthadh an ghabháltais do bheith iníoctha fé aon Acht den Oireachtas pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do ritheadh é.

(6) Talamh a bhíonn fé uisce taoide o am go ham de dheascaibh creimeartha cósta no nách féidir a shaothrú ná d'úsáid chun crícheanna talmhaíochta no féaraigh de dheascaibh uisce, gaineamh no substaint eile (pe'ca fliuchánach no soladach do) do bheith ag teacht isteach air go buan no o am go ham, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, é do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan i gcásanna áirithe chun riailbhlianachta ceannaigh gabháltais do laigheadú.

38. —(1) Maran deimhin le Coimisiún na Talmhan, i gcás gabháltais ar liost de ghabháltaisí dílsithe ar n-a fhoillsiú fé alt 9 den Acht Talmhan, 1931 , gurbh urrús an gabháltas, an 9adh lá de Lúnasa, 1923, ar an riail-bhlianacht cheannaigh, pe'ca rinneadh có-aontú ina taobh san idir an tiarna talmhan agus an tionónta no socruíodh í do réir an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , no do réir ailt 2 den Acht Talmhan, 1929 , féadfaidh Coimisiún na Talmhan, sara ndílsítear an gabháltas sa tionónta ceannuitheach no sara n-ath-thógaidh Coimisiún na Talmhan é, do réir mar bheidh, an riail-bhlianacht cheannaigh don ghabháltas do shocrú sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , maidir le cásanna ná dearnadh aon chó-aontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta ina dtaobh, agus féadfaid ordú do dhéanamh chun na riail-bhlianachta ceannaigh do laigheadú dá réir sin.

(2) Na forálacha den Acht Talmhan, 1931 , de dhruim orduithe do dhéanamh chun riail-bhlianachta ceannaigh gabháltais do laigheadú, bainfid le hordú déanfar fén alt so.

Gabháltaísí muilinn.

39. —(1) Ní dúnfar amach gabháltas o sna forálacha den Acht Talmhan, 1923 , agus de sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, gur dá mbuadh a dílsítear tailte i gCoimisiún na Talmhan mar thailte tionóntuithe an lá ceaptha, de bhíthin foirginte muilinn do bheith ar an ngabháltas san agus dá bhíthin sin amháin más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, furmhór an ghabháltais do bheith ina thalamh thalmhaíochta no fhéaraigh no cuid de do bheith ina thalamh thalmhaíochta agus cuid de ina thalamh fhéaraigh.

(2) Ní coiscfear éinne ar a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha i dtaobh aon ghabháltais den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so de bhíthin an ghabháltais do dhúnadh amach, roimh an Acht so do rith, o sna forálacha san de sna hAchtanna san toisc gur ghabháltas muilinn é, agus dá bhíthin sin amháin.

Gabháltaisí ar n-a gcur ar cíos chun críche speisialta.

40. —(1) Ní dúnfar amach gabháltas o sna forálacha den Acht Talmhan, 1923 , agus de sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, gur dá mbuadh a dílsítear tailte gCoimisiún na Talmhan mar thailte tionóntuithe an lá ceaptha, de bhíthin an ghabháltais sin do bheith ar seilbh fé chonnradh tionóntachta adeir gur chun inbhir shealadaigh, chun áise sealadaighe, no i gcóir riachtanais sealadaigh do rinneadh é agus dá bhíthin sin amháin más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nách chun inbhir shealadaigh do ceapadh an tionónacht san no nách in aghaidh aon áise sealadaighe no aon riachtanais sealadaigh do rinneadh an connradh tionóntachta san no gur mar ghnáth-fheirm a húsáidtear an gabháltas san agus más dóich leo, pé scéal é, gur cheart go dtuigfí an gabháltas san do bheith ina ghabháltas le n-a mbaineann na forálacha san de sna hAchtanna san.

(2) Ní coiscfear éinne ar a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha i dtaobh aon ghabháltais den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so de bhíthin an ghabháltais do dhúnadh amach, roimh an Acht so do rith, o sna forálacha san de sna hAchtanna san, toise é do bheith á shealbhú fé chur ar cíos chun inbhir shealadaigh no chun áise sealadaighe no i gcóir riachtanais scaladaigh, agus dá bhíthin sin amháin.

(3) I gcás forála do bheith in aon chonnradh tionóntachta (pé uair do rinneadh) den tsaghas a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so no i gconnradh tionóntachta (pé uair do rinneadh) dar phríomh-chuspóir áit chomhnaithe do bheith ar fáil agus í do thabhairt le tuiscint go díreach no go nea-dhíreach go ndeineann sí an tionónta fén gconnradh san do chosc ar chearta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no ar aon cheart áirithe acu san d'fheidhmiú, beidh an fhoráil sin agus, más roimh an Acht so do rith do rinneadh an connradh san, tuigfear go raibh sí riamh gan bhrí agus neamh-infheidhmithe.

Breithneofar roimh-íocanna do híocadh roimhe seo le fear céile no le mnaoi chéile tionónta.

41. —Nuair a bheidh breithniú a dhéanamh, do réir fo-ailt (6) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , no do réir ailt 33 den Acht san, no do réir ailt 11 den Acht Talmhan, 1931 , ar mhéid na roimhíocanna do híocadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun tailte do cheannach gurb é is dílseánach ortha an lá ceaptha ná tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , agus na hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, tuigfear roimh-íocanna do híocadh chun tailte do cheannach, gurb é is dílseánach ortha ná fear céile no bean chéile (pe'ca aca é) an tionónta san, d'íoc leis an tionónta san.

Talamh neathionóntuithe ar seilbh fé dheontas fheirmdhílse no fé léas fhada.

42. —(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1931 .

(2) Nuair a géillfear d'iarratas fén alt san 44, ansan, na forálacha atá in alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , i dtaobh tailimh thionóntuithe, agus na forálacha den tsórt chéanna atá sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an t-alt san, bainfid leis an bpaiste tailimh gur ina thaobh do géilleadh don iarratas.

(3) Ní géillfear d'iarratas fén alt san 44 in aon chás ina mbeadh an paiste tailimh le n-a mbaineann an t-iarratas san eiscithe o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , dá mba thalamh tionóntuithe é do réir bhrí fo-ailt (2) d'alt 73 den Acht san.

(4) In iarratas ar bith fén alt san 44, marab ionann an cíos íocann an t-iarratasóir agus an cíos a cuirtear ar cosnamh leis an deontas no leis an léas fé n-a sealbhuítear an paiste tailimh le n-a mbaineann an t-iarratas san agus más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go ndearnadh an cíos d'íoc an t-iarratasóir d'íoc agus do ghlacadh in ionad an chíosa cuirtear ar cosnamh leis an deontas no leis an léas san, tuigfear gurb é an cíos do híocadh amhlaidh is cíos don phaiste thailimh sin chun crícheanna an iarratais sin.

(5) Nuair nách deimhin le Coimisiún na Talmhan paiste tailimh go ngéilltear ina thaobh d'iarratas fén alt san 44 do bheith ina urrús ar an riail-bhlianacht cheannaigh, pe'ca rinneadh có-aontú ina taobh san idir an tiarna talmhan agus an tionónta no socruíodh í fé alt 2 den Acht Talmhan, 1929 , féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar fhógra do sheirbheáil ar na páirtithe sa tslí orduithe, ordú do dhéanamh ag socrú riail-bhlianachta ceannaigh an phaiste sin sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , maidir le cásanna ná dearnadh aon chó-aontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta ina dtaobh.

(6) Nuair a bheidh riail-bhlianacht cheannaigh phaiste thailimh go ngéilltear ina thaobh d'iarratas fén alt san 44 á socrú ag Coimisiún na Talmhan féadfaid féachaint don mhéid (más ann do), in airgead no i luach airgid, do rinne an deonaí no an léasaí d'íoc leis an deontóir no leis an léasóir no do thabhairt do, i bhfuirm fíneála no eile, ar agus as an deontas no an léas fé n-a sealbhuítear an paiste tailimh sin do dhéanamh.

(7) Deintear leis seo míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt san 44 do leasú tré pé lá gála roimh dháta lóisteálta an iarratais fén alt san a lomhálfaidh riaráiste cíosa trí mblian ach ná lomhálfaidh thar riaráiste cíosa trí mblian do shocrú fén bhfo-alt san do chur in ionad an chéad lae ghála sa bhliain 1928.

(8) I gcás Coimisiúin na Talmhan do dhéanamh orduithe fén alt san 44 á rá go ndílseoidh paiste tailimh an lá ceaptha, féadfaidh, leis an ordú céanna, an lá ceaptha do dhearbhú agus an riail-bhlianacht cheannaigh do shocrú don phaiste sin.

(9) Ní coiscfear éinne ar iarratas de dhéanamh chun Coimisiúin na Talmhan fén alt san 44 de bhíthin orduithe do dhéanamh ag diúltadh do ghéilleadh d'iarratas roimhe sin fén alt san i dtaobh an phaiste chéanna thailimh roimh an Acht so do rith agus dá bhíthin sin amháin, agus in aon chás den tsórt san féadfar an t-iarratas san do dhéanamh d'ainneoin an deontais no an léasa fé n-a raibh an paiste tailimh sin ar seilbh ar dháta an orduithe sin do chur ar ceal ina dhiaidh sin de dhruim no de dheascaibh an chíosa bhí curtha ar cosnamh leis do bheith gan íoc, agus sa chás san tuigfear, chun crícheanna an ailt sin 44 agus an iarratais sin, an deontas no an léas san do bheith ar marthain.

(10) Athghairmtear leis seo alt 38 den Acht Talmhan, 1923 , achsan gan dochar d'imeachta fén alt san, atá ar feitheamh le linn an Achta so do rith, do chur ar aghaidh agus do chríochnú agus fós gan dochar do dhleathacht na n-imeacht san.

(11) Más rud é, in aon imeachta fén alt san 44, go mbeidh únaer an phaiste thailimh le n-a mbaineann na himeachta san tar éis bháis agus ná beidh aon ionadaí pearsanta dlíthiúil ann don únaer marbh san, no ná beidh seirbhísí a ionadaí phearsanta dhlíthiúla ar fáil go caothúil le haghaidh na n-imeacht san, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar pé téarmaí agus coinníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leo, duine ceart éigin do cheapadh chun bheith ina riarthóir ar estát phearsanta an únaera mhairbh sin le haghaidh na n-imeacht san amháin, agus leis sin déanfaidh an riarthóir sin, chun crícheanna na n-imeacht san, an t-únaer marbh san d'ionadú fé is dá mba dhuine an t-únaer san do fuair bás gan uacht do dhéanamh agus go ndéanfaí leitreacha riaracháin a estáit agus a áirnéise pearsanta do dheonadh go cuibhe don riarthóir sin.

Riaráiste cíosanna socruithe á mhuirearú ar ghabháltaisí atá fo-churtha ar cíos.

43. —I gcás ina mbeifear tar éis blianachta breise in aisíoc riaráiste chíosa shocruithe do mhuirearú ar ghabháltas go bhfuil a iomlán no cuid de fo-churtha ar cíos agus a dhearbhú na fothionóntaithe do bheith ina dtionóntaithe díreacha ar a gcoda féin fé seach den ghabháltas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh gach fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil, sa mhéid den riaráiste cíosa socruithe sin is ion-aisíoctha tríd an gcuid den bhlianacht bhreise sin a bheidh ina muirear ar a ghabháltas féin ar leithligh, in aghaidh an riaráiste chíosa, más ann do, a bheidh dlite air ag á ghar-thiarna talmhan agus iníoctha aige leis sin;

(b) mara mbeidh aon riaráiste cíosa dlite ar an bhfothionónta san no más mó méid an riaráiste chíosa shocruithe is ion-aisíoctha amhlaidh mar adubhradh ná méid an riaráiste chíosa bheidh dlite ar an bhfothionónta san, déanfar an chuid den bhlianacht bhreise sin a bheidh ina muirear ar a ghabháltas féin ar leithligh no an oiread den chuid sin den bhlianacht bhreise sin gurb í an bhreis í bheidh ag an riaráiste cíosa socruithe sin ar an riaráiste cíosa bheidh dlite ar an bhfo-thionónta san (pe'ca aca é) d'fhuascailt as leas eadarghabhálach a ghar-thiarna sa mhéid gur leor chuige sin praghas fuascailte an leasa eadarghabhálaigh sin, tar éis éilithe alos tráthchodanna bheidh gan íoc d'íocaíocht in ionad cíosa no de shuimeanna bliantúla no de shuimeanna breise (más ann dóibh) do ghlanadh, agus, sa mhéid nách leor amhlaidh an leas eadar-ghabhálach san, as an suim do cuireadh le hairgead ceannaigh an ghabháltais in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe;

(c) i gcás aon choda den bhlianacht bhreise sin d'fhuascailt as an suim do cuireadh le hairgead ceannaigh an ghabháltais in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe, beidh an duine bheidh i dteideal an riaráiste chíosa shocruithe sin d'fháil i dteideal an tsuim sin a bheidh íoctha amach as an riaráiste cíosa socruithe sin i bhfuascailt na blianachta breise sin i bpáirt no go hiomlán d'fháil ón duine agus do bhaint den duine ag á mbeadh an riaráiste cíosa socruithe sin iníoctha dá mba ná cuirfí leis an airgead ceannaigh é.

Caiteachas ar bhancánachtaí nách mó na £500.

44. —Maran mó ná suim chúig céad púnt an méid iomlán a bheartóidh Coimisiún na Talmhan do chaitheamh chun no mar chabhair chun aon oibre d'ath-dhéanamh fé fho-alt (5) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923 , féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más rogha san leo, an méid sin do chaitheamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan, agus na forálacha den fho-alt san i dtaobh caiteachais fé bainfid leis an gcaiteachas san fén alt so.

Alt 73 (2) (b) den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

45. —Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 73 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú tré mhír (b) den fho-alt san do scriosadh amach agus tríd an mír seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na míre scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“ (b) más i gcontae ceanntracha nea-chumhanga don ghabháltas agus má dheimhníonn Coimisiún na Talmhan go ndeachaidh cruthnú na tionóntachta chun leasa don tír, dílseoidh an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan mar thalamh thionóntuithe, ach, mara ndeimhnighidh Coimisiún na Talmhan amhlaidh, ní dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan maran dóich leo é bheith oiriúnach é do dhílsiú mar thalamh nea-thionóntuithe, agus más dóich dílseoidh an gabháltas amhlaidh agus déanfar amach an praghas fé is dá mba thalamh neathionóntuithe é.”

Forálacha i dtaobh tailimh thionóntuithe atá oiriúnach d'fhoirgintí.

46. —(1) I gcás aon tailte tionóntuithe do bheith eiscithe o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , mar atá san leasuithe agus leathnuithe leis na hAchtanna Talmhan ina dhiaidh sin, de bhíthin no de bharr a luachmhaire no a úsáidighe bhíodar no is deallrathach a bheidís mar thalamh fhoirgneoireachta, agus gan iad do bheith ath-thógtha agus á n-úsáid chun crícheanna foirgneoireachta roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, bainfidh na forálacha den Acht san mar atá san leasuithe agus leathnuithe amhlaidh (seachas na forálacha bhaineann le talamh tionóntuithe atá no is deallrathach a bheidh luachmhar no úsáideach mar thalamh fhoirgneoireachta) bainfid leis an talamh tionóntuithe sin agus tuigfear iad do bhaint leis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, agus dá éis sin.

(2) Má rinne an tiarna talmhan, roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, deireadh do chur le tionóntacht aon tailte do heisceadh mar adubhradh agus má rinneadh an tionónta do chur thar n-ais ortha fé chó-aontú nua tionóntachta tuigfear, mara ndearna an tiarna talmhan roimh an dáta san na tailte d'úsáid chun crícheanna foirgneoireachta, gur fé n-a sheana-thionóntacht atá an tionónta ina thionónta ortha.

(3) Ní déanfar talamh nár heisceadh mar adubhradh roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, d'eisceadh amhlaidh tar éis an dáta san de bhíthin no de bharr a luachmhaire atá sé no is deallrathach a bheidh sé mar thalamh fhoirgneoireachta.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon talamh tionóntuithe atá ar únaeracht ag údarás áitiúil chun críche ar bith seachas crícheanna a gcomhachta agus a ndualgaisí mar údarás den tsórt san.

Comhacht chun portaigh d'fháil do leathnú.

47. —(1) Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun portaigh ar bith do thógaint chun móna do chur ar fáil do shealbhairí talmhan déanfar agus deintear leis seo iad do leathnú i dtreo go mbeidh ortha comhacht chun portaigh do thógaint chun é d'fhorbairt chun pé crícheanna eile dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgid, a cheadú.

(2) Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan ag feidhmiú na gcomhacht leathnuithe bronntar leis an alt so féachfar go cuibhe do riachtanasaí réasúnta sealbhairí tailimh sa chomharsanacht maidir le móin gur mar abhar teine ina dtithe féin agus nách chun í do dhíol a theastóidh sí uatha.

Gabháltaisí do chlárú ar iad do dhílsiú.

48. —(1) Gach gabháltas a dílseofar ina thionónta tré ordú dílsiúcháin no tré fiat an chó-aontuithe cheannaigh do rinne sé chun a cheannuithe tuigfear gur talamh cláruithe é do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 19 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus beidh sé fé réir forálacha an Achta san ar dháta an orduithe dhílsiúcháin no an fiat san agus dá éis sin, agus beidh gach gabháltas den tsórt san saor, an dáta san agus dá éis sin, o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí.

(2) Bainfidh na forálacha san roimhe seo le paiste tailimh ar n-a dhíol le duine fé is dá mba ghabháltas a díolfaí le n-a thionónta an paiste sin.

Muirear deachmhachíosa no cíos ion-atharuithe i mBaile Atha Cliath.

49. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach muirear deachmha-chíosa no cíos ion-atharuithe a thagann as ionoighreachta atá, le linn an Achta so do rith, laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) i gcás muirir dheachmha-chícsa no cíosa ion-atharuithe le n-a mbaineann na forálacha so do bheith atharuithe fé ailt 2 agus 3 agus do réir alt 2 agus 3 den Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900, no fé sna hailt sin agus do réir na n-alt san fé mar a cuirtear i mbaint iad tré alt 90 den Irish Land Act, 1903, agus fós fé alt 49 agus do réir ailt 49 den Acht Talmhan, 1931 , bainfidh na hailt sin 2 agus 3 agus an t-alt san 49, agus tuigfear iad do bhaint riamh, leis an muirear dheachmha-chíosa san no leis an gcíos ion-atharuithe sin dá réir sin;

(b) i gcás gan muirear deachmha-chíosa no cíos ion-atharuithe le n-a mbaineann na forálacha so do bheith atharuithe amhlaidh mar adubhradh, bainfidh alt 49 den Acht Talmhan, 1931 , leis an muirear dheachmha-chíosa san no leis an gcíos ion-atharuithe sin ach san go sna hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

(i) cuirfear an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1933, in ionad an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1930, i ngach áit ina bhfuil an dáta san, agus

(ii) cuirfear an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1933, in ionad an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1930; agus

(iii) cuirfear dó is seasca per cent. in ionad dó is nócha per cent.

(2) San alt so tá leis na habairtí” muirear deachmha-chíosa” agus “cíos ion-atharuithe” ná bríonna céanna fé seach atá leo in alt 49 den Acht Talmhan, 1931 .

Comhacht chun iontaobhaithe do cheapadh.

50. —(1) Beidh comhacht ag an gCoimisinéir Breithiúntais, má chítear san do bheith caothúil chun ciste ar bith i gCúirt Choimisiúin Talmhan na hÉireann do roinnt, iontaobhaithe do cheapadh, chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, d'aon tsocrú, no d'aon líon ionstraimí atá le chéile ina gcó-shocrú, chun aon chiste den tsórt san, no chun aon choda dhe i gcás muirir do bheith ann de dhruim an tsocruithe no an chó-shocruithe sin pe'ca urruithe dho tré théarma blian no nách eadh, do ghlacadh ar iontaobhaisí an tsocruithe no an chó-shocruithe sin, d'ainneoin na dílse agus na hoighreachta do bheith dílsithe ar fad, agus i gcás na n-iontaobhaithe sin do cheapadh amhlaidh beidh admháil na n-iontaobhaithe sin ina leor-ghlanadh do Choimisiún na Talmhan maidir leis an gcistc sin no leis an gcuid sin de.

(2) Chun crícheanna an ailt seo féadfar a thuiscint tailte bheidh dílsithe i gCoimisiún na Talmhan an lá ceaptha, no airgead ceannaigh na dtailte sin, no aon chíos, no praghas a fhuascailte sin, no aon chiste eile bheidh le roinnt ag an gCoimisinéir Breithiúntais, do bheith á shealbhú i bhfuirm chomharbais fé shocrú no fé chó-shocrú d'ainneoin deireadh do bheith le forálacha na hionstruime áirithe gur fé a eiríonn aon mhuirear den tsórt san ach amháin maidir leis na muirir sin.

(3) Ní luighfidh aon athchomharc o bhreith an Choimisinéara Bhreithiúntais fén alt so.

Fíneála ar léasanna d'athnuachaint d'íoc ar chiste do roinnt.

51. —Má deintear, ar aon chiste is ionroinnte ag an gCúirt fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do roinnt, an cíos agus na fíneála athnuachainte is iníoctha amach as tailte sealbhuítear fé léas ar feadh saolanna no ar feadh blianta, go gcumhnant i gcóir síor-athnuachainte ar íoc fíneála, d'fhuascailt, i bpairt no go hiomlán, agus a ordú iad d'íoc amach as an gciste sin, ní déanfar aon fhíneáil a tháinig chun bheith iníoctha breis agus dhá bhliain fhichead roimh dháta na roinnte sin ná thar trí fíneála ar fad do chur san áireamh nuair a bheidh luach na bhfíneála bheidh le fuascailt amhlaidh á mheas, agus, in aon chás den tsórt san, ní raghaidh an tsuim iomlán is iníoctha i bhfuascailt na bhfíneála san thar 10 per cent. de phraghas fuascailte an chíosa is iníoctha fén léas san.

Scaireanna beaga d'airgead ceannaigh, etc., do roinnt.

52. —Bainfidh forálacha ailt 63 den Irish Land Act, 1903, agus ailt 35 den Acht Talmhan, 1931 , le haon scair i bpraghas fuascailte no in iarsma phraghais fhuascailte leasa uachtaraigh, no in airgead ceannaigh no in iarsma airgid cheannaigh estáit, no in aon chiste no in iarsma aon chiste is ionroinnte ag an gcúirt, i gcás ina mbeidh méid na scaire sin—

(a) gan bheith níos mó ná triocha púnt; no

(b) níos mó ná triocha púnt gan bheith níos mó ná céad púnt;

fé mar a bhaineann na hailt sin le praghsanna fuascailte leasanna uachtaracha, le hairgead ceannaigh estát, agus le cistí is ionroinnte ag an gcúirt, no le hiarsmaí de phraghsanna fuascailte, d'airgead cheannaigh no de chistí den tsórt san nách mó ná triocha púnt agus is mó ná triocha púnt gan bheith níos mó ná céad púnt, fé seach.

Fiacha bheidh dlite don Stát do bhaint as an airgead cheannaigh.

53. —(1) Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan ag roinnt airgid cheannaigh estáit bainfid as an méid den airgead cheannaigh is iníoctha le duine ar bith ná comhnuíonn i Saorstát Éireann aon fhiacha bheidh dlite ar an duine sin ag aon Aire no Roinn Rialtais no bheidh iníoctha aige le haon Aire no Roinn Rialtais agus ’na mbeidh fógra faighte ag Coimisiún na Talmhan ina dtaobh roimh íocaíocht do thabhairt don duine sin.

(2) I gcás méide aon fhiacha den tsórt san do bheith gan déanamh amach déanfaidh Coimisiún na Talmhan pé suim iarrfaidh an tAire no an Roinn Rialtais do choinneáil as an méid den airgead cheannaigh chun a mbeidh teideal ag an duine ar a mbeidh na fiacha san dlite no ag á mbeid iníoctha go dtí go seachadfa sé na cuntaisí is gá no go dtabharfaidh uaidh na tuairiscí is gá chun a chur ar chumas an Aire no na Roinne dá mbeidh na fiacha san dlite méid cruinn na bhfiacha san do dhéanamh amach agus go dtí go mbeidh an méid cruinn sin déanta amach.

Earlaisí urraíochta.

54. —(1) Má deintear airgead ceannaigh estáit do roinnt sara ndéanfar na horduithe dílsiúcháin maidir leis na gabháltaisí uile san estát san, coinneoidh an Coimisinéir Breithiúntais i mbannaí talmhan as an airgead ceannaigh mar éarlais urraíochta suim is có-ionann le deich per cent. den airgead cheannaigh, no pé suim níos mó ná san is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais do bheith ceart ach ná raghaidh i gcás ar bith thar cúig fichead per cent. den airgead cheannaigh, mara ndeimhnighidh Coimisiún na Talmhan, ar an airgead ceannaigh sin do roinnt, nách gá aon tsuim no nách gá ach suim fé bhun deich per cent. den airgead cheannaigh do choinneáil.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Talmhan, 1931 .