An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Congnamh Diomhaointis.)

46 1933

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933

CUID II.

Deimhnithe Cailiochta.

An Coiste Athchomharc Díomhaointis.

9. —(1) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire Coiste Athchomharc Díomhaointis chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Beidh ar an gCoiste Athchomharc Díomhaointis pé daoine agus pé méid daoine is rogha leis an Aire o am go ham a cheapadh chun bheith ina mbaill de.

(3) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, a ordú cadé an tsealbhuíocht agus an ré oifige bheidh ag baill den Choiste Athchomharc Díomhaointis agus cadé an cleachta agus an nós-imeachta gur dá réir a dhéanfaidh an Coiste sin feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fén Acht so.

Deimhnithe cáilíochta.

10. —(1) Féadfaidh duine ar bith, fé réir forálacha an ailt so, deimhniú cáilíochta d'iarraidh sa tslí orduithe.

(2) Má iarrann duine deimhniú cáilíochta go cuibhe agus é de thurus na huaire i dteideal fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo san d'iarraidh agus má thaisbeánann an duine sin sa tslí orduithe go bhfuil sé do réir na gcoinníollacha, sa mhéid go mbainid leis an gcás, a luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so beidh an duine sin i dteideal deimhnithe d'fháil (dá ngairmtear deimhniú cáilíochta san Acht so) á dheimhniú é do bheith do réir na gcoinníollacha san.

(3) Isiad na coinníollacha dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so mar na coinníollacha nách foláir do dhuine bheith dá réir agus é ag iarraidh deimhnithe cháilíochta ná:—

(a) gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é;

(b) go bhfuil ocht mbliana déag slán aige ach ná fuil seachtó blian slán aige;

(c) ná fuil a acfuinn, ar n-a háireamh do réir an Achta so, níos mó, i gcás gur i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire atá comhnaí air, ná dhá phúnt chaogad no, i gcás gur in aon áit eile i Saorstát Éireann atá comhnaí air, naoi bpúnt triochad sa bhliain;

(d) i gcás mná pósta—

(i) go bhfuil a fear céile mar chleithiúnaí dhi, no

(ii) ná fuil sí féin na a fear céile mar chleithiúnaí don duine eile agus go bhfuil cleithiúnaí no níos mó aice sin:

(e) i gcás baintrighe no mná single, go bhfuil cleithiúnaí no níos mó aice;

(f) i gcás baintrighe no mná single ná fuil aon chleithiúnaí aice, nách lugha ná dhá shíntiús chaogad a híocadh ina taobh, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, i rith na tréimhse de cheithre bliana díreach roimh dháta an iarratais.

(4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach deimhniú cáilíochta agus luadhfar ann cad is ráta seachtainiúil, do réir an ráta bhliantúla ar n-a áireamh san do réir an Achta so, d'acfuinn an duine le n-a mbaineann an deimhniú san.

(5) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon deimhniú cáilíochta d'iarraidh mara dtagaidh an méid sin den Acht so, údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh, mara dtagaidh ná go dtí go dtiocfaidh an méid sin i bhfeidhm maidir leis an líomatáiste gur laistigh de chomhnuíonn an duine sin.

(6) Chun crícheanna an ailt seo is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é ach gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin do bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair do rugadh an duine sin;

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

Breith do thabhairt ar iarrataisí ar dheimhnithe cáilíochta.

11. —(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar dheimhniú cáilíochta do ghlacadh agus do bhreithniú, agus isé bhéarfaidh breith ar gach iarratas den tsórt san agus ar gach ceist eireoidh ina thaobh, ná oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, agus gach ceist eireoidh maidir le deimhniú cáilíochta tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach is oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do bhéarfaidh breith uirthi sin freisin.

(2) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, más dóich leis san do bheith ceart, aon iarratas no ceist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis sa tslí orduithe in ionad é féin do thabhairt breithe air.

(3) Einne ar a ngoillfe sé oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas ón duine sin ar dheimhniú cáilíochta no ar a ngoillfidh an bhreith do bhéarfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis fén alt so ar aon chúrsa, féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an diúltuithe sin do dhéanamh no na breithe sin do thabhairt no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis agus leis sin déanfaidh an t-oifigeach san an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste sin sa tslí orduithe.

(4) Déanfaidh an Coiste Athchomharc Díomhaointis gach iarratas, ceist agus breith a cuirfear ar aghaidh chúcha no tuairisceofar dóibh fén alt so do bhreithniú sa tslí orduithe agus cinneadh ina thaobh agus beidh cinneadh an Choiste sin, maidir le haon iarratas, ceist no breith den tsórt san, ina chinneadh dheiridh gan aon dul thairis.

Deimhnithe cáilíochta do cheiliúradh agus do leasú.

12. —(1) Pé uair a scuirfidh duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa deimhniú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an sealbhóir sin laistigh de sheacht lá tar éis an scurtha san an scur san agus an chúis do bhí leis do chur in úil d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis;

(b) má thárlann don tsealbhóir sin go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí maidir le déanamh do réir forálacha na míre deiridh sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phúnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(2) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhaointis go bhfuil duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta tar éis scur de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa deimhniú san, déanfaidh an deimhniú san do cheiliúradh agus beidh éifeacht ag an gceiliúradh san o dháta an scurtha san.

(3) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhtaointis—

(a) gur tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh do fuarthas deimhniú cáilíochta, no

(b) gur tré aon chamthuairisc neamh-urchóidigh no dearmhad bona fide eile do fuarthas no do tugadh amach deimhniú cáilíochta,

déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an deimhniú san do cheiliúradh agus beidh éifeacht ag an gceiliúradh san o dháta an deimhnithe sin do thabhairt amach i gcás an deimhnithe sin d'fháil tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh no o dháta an cheiliúrtha in aon chás eile.

(4) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhaointis go bhfuil méid acfuinne duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta tar éis atharú o tugadh amach an deimhniú san, ach ná fuil an acfuinn sin níos mó, i gcás gur i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire atá comhnaí ar an duine sin, ná dhá phúnt chaogad no, i gcás gur in aon áit eile i Saorstát Éireann atá comhnaí ar an duine sin, naoi bpúnt triochad sa bhliain, féadfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an deimhniú san do leasú i pé slí is gá.

(5) Pé uair a déanfar deimhniú cáilíochta do cheiliúradh fén alt so de bhithin an deimhnithe sin d'fháil tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh beidh an duine dar tugadh amach an deimhniú san dí-cháilithe, go ceann sé mhí tar éis an cheiliúrtha san, chun deimhnithe cháilíochta d'fháil no do shealbhú.

(6) Pé uair a dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis deimhniú cáilíochta do cheiliúradh no do leasú fén alt so, ansan, an duine ba shealbhóir ar an deimhniú san díreach roimh an gceiliúradh san no le linn an leasuithe sin féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an cheiliúrtha no an leasuithe sin no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an ceiliúradh san no an leasú san (pe'ca aca é) do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis, agus leis sin tuairisceoidh an t-oifigeach san an ceiliúradh san no an leasú san don Choiste sin sa tslí orduithe agus breithneoidh an Coiste sin an céanna.

(7) Déanfaidh an Coiste Athchomharc Díomhaointis gach ceiliúradh no leasú tuairisceofar dóibh fén alt so do bhreithniú sa tslí orduithe, agus féadfaid, do réir mar is dóich leo is ceart, aon cheiliúradh den tsórt san do dhaingniú, no é do chur ar neambrí agus féadfaid, do réir mar is dóich leo is ceart, aon leasú den tsórt san do dhaingniú, no é do chur ar nea-mbrí, no é d'atharú, agus i ngach cás den tsórt san beidh breith an Choiste sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

(8) Má ceiliúrtar deimhniú cáilíochta déanfaidh sealbhóir an deimhnithe sin, ar n-a éileamh san air d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san agus coimeádfaidh seisean é.

(9) Gach duine dá dtárlóidh, ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis d'éileamh air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo a dheimhniú cáilíochta do sheachadadh, é do theip air an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(10) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, más gá san sa chás, pé ordú do dhéanamh, is ceart dar leis an gcúirt, chun a chur in áirithe go ndéanfar an deimhniú cáilíochta gur ina thaobh do rinneadh an cionta san do sheachadadh d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis.

Acfuinn daoine d'áireamh.

13. —(1) Nuair a bheidh acfuinn duine á háireamh chun crícheanna an Achta so isiad na nithe seo leanas agus ní haon nithe eile tuigfear is acfuinn an duine sin, sé sin le rá:—

(a) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, na maoine uile is leis an duine sin (nách maoin a bhíonn á húsáid aige féin) agus a bheidh suncálta no curtha chun tairbhe ar shlí eile no is féidir do shuncáil no do chur chun tairbhe ach ná beidh san déanta léi;

(b) gach ioncum go bhféadfaidh an duine sin go réasúnta súil a bheith aige le n-a fháil in airgead i rith na bliana ina dhiaidh sin, agus áireamhófar air sin méid no méid mheasta aon ioncuim go bhféadfaidh an duine sin go réasúnta súil a bheith aige le n-a fháil i rith na bliana san ina dhiaidh sin mar cheann an teaghlaigh, pe'ca i bhfuirm síntiúisí mar chabhair in aghaidh caiteachaisí an teaghlaigh no ar shlí eile é, ach fágfar gan áireamh—

(i) aon ioncum no airgead le n-a mbaineann aon mhír eile den fho-alt so,

(ii) an t-airgead uile bheidh á thuilleamh ag an duine sin alos fostaíochta pearsanta i láthair na huaire fé chonnradh seirbhíse,

(iii) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm sochair fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933,

(iv) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm sochair dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930,

(v) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm chongnaimh dhíomhaointis fén Acht so,

(vi) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm chongnaimh theaghlaigh;

(c) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, aon bhuntáiste bhíonn ag an duine sin as úsáid mhaoine (seachas troscán agus áirnéis phearsanta) bhíonn á húsáid aige féin;

(d) gach ioncum maraon le luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, na maoine uile le n-ar scar an duine sin go díreach no go nea-dhíreach chun go mbeadh sé cáilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil;

(e) luach bliantúil aon tsochair no príbhléide bhíonn ag an duine sin.

(2) Chun crícheanna míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear, i gcás nách féidir ioncum duine do dhéanamh amach i slí eile, gurb é is ioncum an duine sin ná an t-ioncum do fuarthas i rith na bliana díreach roimh dháta an áirimh.