An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Ciontai Ilghneitheacha.) Ar Aghaidh (CUID IX. Pionoisi mar gheall ar Chiontai, agus Imeachta Dli.)

1 1934

ACHT NA nDRUGANNA DAINSEARACHA, 1934

CUID VIII.

Iniuchadh, Cuardach agus Gabhail.

Comhachta chun iniúchadh do dhéanamh.

30. —(1) Beidh ball ar bith den Ghárda Síochána nách ísle céim ná sáirsint no cigire ar bith i dteideal dul isteach in áitreabh aon duine bhíonn ag táirgeadh, ag déanamh, ag díol, no ag roinnt aon tsubstainte le n-a mbaineann Cuid II den Acht so, no aon druga le n-a mbaineann Cuid III, Cuid IV no Cuid V den Acht so no aon táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so, agus a éileamh ar an duine sin go dtabharfaí aon leabhair no scríbhinní i láthair a bhíonn á gcoimeád san áitreabh san agus a bhaineann le deighleála in aon tsubstaint, druga no táirgeadh den tsórt san agus an céanna d'iniúchadh, agus fós aon stuic den tsubstaint, den druga no den táirgeadh san d'iniúchadh.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith—

(a) ball den Ghárda Síochána no cigire do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an mball no ar an gcigire sin leis an alt so; no

(b) go dteipfidh air aon leabhair no stuic den tsórt san roimhráite do thabhairt i láthair no go gceilfidh iad no go dtabharfaidh fé iad do cheilt;

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an alt so.

Barántaisí cuardaigh.

31. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, o scéala fé mhionn o oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná árd-cheannphort, go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus i dtaobh aon tsubstainte le n-a mbaineann Cuid II den Acht so no aon druga le n-a mbaineann Cuid III, Cuid IV no Cuid V den Acht so no aon táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so do bheith, contrárdha don Acht so no d'aon rialacháin ar n-a ndéanamh fé, ar seilbh no fé chúram éinne in áitreabh ar bith, no le hamhrus i dtaobh aon scríbhinne bhaineann no ghabhann go díreach no go nea-dhíreach le haon eadar-ghnó no deighleáil do bhí, no le haon eadar-ghnó beartuithe no deighleáil bheartuithe do bheadh dá ndeintí é, ina chionta fén Acht so, no, i gcás eadarghnótha no deighleála rinneadh no atá beartuithe do dhéanamh in áit ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann, ina chionta in aghaidh forálacha aon dlí chó-réire san áit sin, i dtaobh na scríbhinne sin do bheith ar seilbh no fé chúram éinne in áitreabh ar bith, féadfaidh an Breitheamh san an barántas cuardaigh sin a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.

(2) Déarfaidh agus déanfaidh barántas cuardaigh do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so a údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dóich leis an oifigeach san is ceart ina theanta, dul isteach agus san le héigean más gá é, aon tráth no tráthanna laistigh de mhí tar éis an bharántais chuardaigh do thabhairt amach, san áitreabh a hainmneofar sa bharántas, agus an t-áitreabh agus aon daoine gheobhfar ann do chuardach, agus fós, má bhíonn cúis réasúnta le hamhrus i dtaobh cionta fén Acht so do bheith déanta maidir le haon tsubstaint, druga no táirgeadh a gheobhfar san áitreabh no ar seilbh aon daoine den tsórt san, no le hamhrus i dtaobh aon scríbhinne gheobhfar amhlaidh do bheith ina scríbhinn den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, an tsubstaint, an druga, an táirgeadh no an scríbhinn sin, do réir mar bheidh, do ghabháil agus do choinneáil.

Comhachta gabhála.

32. —Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána duine ar bith do rinne cionta fén Acht so, no do thug fé san do dhéanamh, no go bhfuil cúis réasúnta ag an mball san le hamhrus i dtaobh é do dhéanamh cionta fén Acht so no i dtaobh é do thabhairt fé sin, féadfaidh an duine sin do ghabháil gan barántas, i gcás cúise réasúnta do bheith ag an mball san chun a chreidiúint go n-éalóidh an duine sin mara ndeintear é do ghabháil, no i gcás gan ainm agus seoladh an duine sin do bheith ar eolas aige agus nách féidir do iad d'fháil amach.