20 1934


Uimhir 20 de 1934.


ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN AN ACHTA TALMHAÍOCHTA, 1931 , DO LEASÚ. [25adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) .

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an Príomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Má deintear duine do cheapadh, i rith aon tréimhse leath-bhliana, chun foth-fholúntais i mballraíocht choiste thalmhaíochta do líonadh, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 18 den Phríomh-Acht, beidh rann-íocanna iníoctha fén alt san 18 leis an duine sin alos é do bheith i láthair ag cruinnithe den choiste sin a bheidh ann tar éis dáta a cheapacháin agus roimh dheireadh na tréimhse leath-bhliana san má bhíonn sé tar éis bheith i láthair ag leath na gcruinnithe sin ar a laighead.

(2) Is tréimhse leath-bhliana chun crícheanna an ailt seo gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse de shé mhí dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag bliain ar bith;

(b) an tréimhse de shé mhí dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh bliain ar bith.

Daoine bheidh i dteideal sochair scéimeanna talmhaíochta.

3. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 33 den Phríomh-Acht ní déanfar aon bhuntáiste bheidh á thairiscint, chun crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha, ag coiste talmhaíochta do réir scéime talmhaíochta bheidh á riaradh ag an gcoiste sin do thabhairt alos aon tailimh atá lasmuich de líomatáiste feidhmiúcháin an choiste sin ná alos aon chapall ná beithíoch ná eallach stuic eile, ná alos aon éanlaithe clóis ná beacha, bheidh á gcoimeád lasmuich den líomatáiste feidhmiúcháin sin, maran fé fhorálacha soiléire agus do réir forálacha soiléire na scéime sin do bhéarfar an buntáiste sin.

(2) Chun crícheanna an ailt seo isé is líomatáiste feidhmiúcháin choiste thalmhaíochta chontae ná an chontae sin gan aon bhailecheanntair inti d'áireamh.

An Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Chun crícheanna Rialacha 3 agus 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, tuigfear nách togha-líomatáiste contae i gcontae Bhaile Atha Cliath buirg Dhún Laoghaire.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm ar thosnú don chéad chruinniú bhliantúil de chomhairle Chontae Bhaile Atha Cliath a bheidh ann tar éis an chéad toghacháin chinn trí mblian de bhaill den chomhairle sin a comórfar tar éis an Achta so do rith.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.