29 1934


Uimhir 29 de 1934.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 , AGUS CHUN ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1931 , D'ATHGHAIRM CHUN NA CRÍCHE SIN. [20adh Iúl, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) .

(2) Gach focal no abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht do mhéadú.

2. —Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a bheidh le tabhairt fén bPríomh-Acht thar suim shé chéad agus caoga míle púnt.

Méideanna maximum deontas agus iasacht tógála d'atharú.

3. —(1) Athghairmtear leis seo mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht agus ina hionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid deontais tógála aonair a deonfar fén bPríomh-Acht—

(a) i gcás deontais tógála a deonfar do shealbhaire tighe chomhnaithe nuair nách mó ná cúig púint luach ionrátuithe (mar a luaidhtear san sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála) no iomlán luachanna ionrátuithe (mar a luaidhtear san amhlaidh) an tighe chomhnaithe sin agus gach tailimh agus áitreibh eile (más ann dóibh) i seilbh an tsealbhaire sin—suim nóchad púnt, agus

(b) i gcás deontais tógála a deonfar do shealbhaire tighe chomhnaithe nuair is mó ná cúig púint ach nách mó ná deich bpúint luach ionrátuithe (mar a luaidhtear san amhlaidh) no iomlán luachanna ionrátuithe (mar a luaidhtear san amhlaidh) an tighe chomhnaithe sin agus gach tailimh agus áitreibh eile (más ann dóibh) i seilbh an tsealbhaire sin—suim chúig bpúnt ochtód, agus

(c) i ngach cás eile—suim ochtód púnt.

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 8 den Phríomh-Acht ní raghaidh méid iomlán deontais tógála agus na hiasachta do bhéarfar fén bPríomh-Acht chun curtha leis an deontas tógála san, ní raghaidh san thar suim chéad agus seasca púnt.

Gan an Príomh-Acht do bhaint ach le líonta tighe is Gaedhilgeoirí.

4. —D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht ní déanfar deontaisí ná iasachtaí fén Acht san do thabhairt ach do shealbhairí tithe comhnaithe ina mbíonn an Ghaedhilg mar theangain teaghlaigh ag an líon tighe de ghnáth, agus dá réir sin scuirfidh an méid sin d'fho-alt (3) d'alt 11 den Phríomh-Acht a cheanglann ar an Aire tosach do thabhairt do shealbhairí tithe comhnaithe den tsórt san, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige.

An srian le caitheamh an airgid a bheidh ar fáil d'athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1931 , d'athghairm.

6. —Athghairmtear leis seo Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1931 (Uimh. 53 de 1931) .

Gearr-theideal agus luadh.

7. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.