An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Srian Breise le hEarrai Airithe do Dheanamh.)

36 1934

ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1934

CUID II.

An Priomh-Acht de Leasu agus do Leathnu.

Srian le déantúisí do choimeád ar siúl.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, go mbeidh gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige, aon obair acu so leanas do dhéanamh i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san, sé sin le rá, earra, abhar no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú, no do chur in oiriúint chun a dhíolta, maran rud é—

(a) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus tráth déanta na hoibre sin, agus go raibh an gnó san an 2adh lá d'Iúl, 1934, ar únaeracht thairbheach ag pearsain ba náisiúnach de Shaorstát Éireann an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht thairbheach ag pearsain is náisiúnach de Shaorstát Éireann an tráth san; no

(b) go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht thairbheach ag pearsain is duine cáilithe an tráth san; no

(c) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus tráth déanta na hoibre sin, agus go raibh an gnó san an 2adh lá d'Iúl, 1934, ar únaeracht ag dhá phearsain no níos mó agus go raibh níos mó ná leath an chaipitail do bhí suncálta an 2adh lá d'Iúl, 1934, sa ghnó san ar únaeracht thairbheach ag pearsain do bhí, no ag dhá phearsain no níos mó go raibh gach pearsa fé leith acu, an 2adh lá d'Iúl, 1934, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht ag dhá phearsain no níos mó agus go mbeidh níos mó ná leath an chaipitail a bheidh suncálta sa ghnó san an tráth san ar únaeracht thairbheach ag pearsain a bheidh no ag dhá phearsain no níos mó go mbeidh gach pearsa fé leith acu, an tráth san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann; no

(d) go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht thairbheach ag dhá phearsain no níos mó gur duine cáilithe gach pearsa fé leith acu an tráth san; no

(e) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus tráth déanta na hoibre sin, agus go raibh an gnó san an 2adh lá d'Iúl, 1934, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go raibh, an 2adh lá d'Iúl, 1934, níos mó ná leath (in ainm-luach) dá scaireanna eisithe ar únaeracht thairbheach ag duine bhí, no ag beirt no níos mó go raibh gach duine fé leith acu, an 2adh lá d'Iúl, 1934, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go raibh an 2adh lá d'Iúl, 1934, níos mó ná leath (in ainm-luach) dá scaireanna eisithe ar únaeracht thairbheach ag daoine ba náisiúnaigh de Shaorstát Éireann an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh, tráth déanta na hoibre sin, níos mó ná leath (in ainm-luach) dá scaireanna eisithe ar únaeracht thairbheach ag duine bheidh, no ag beirt no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, an tráth san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go mbeidh an tráth san níos mó ná leath (in ainm-luach) dá scaireanna eisithe ar únaeracht thairbheach ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann; no

(f) go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht ag cólucht corpruithe (dá ngairmtear an cólucht corpruithe únaerach sa mhír seo) bheidh do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(i) go mbeidh an tráth san níos mó ná leath (in ainmluach) de scaireanna eisithe an chóluchta chorpruithe únaeraigh ar únaeracht thairbheach ag duine bheidh, no ag beirt no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, an tráth san, ina dhuine cháilithe no ina chólucht chorpruithe is cólucht corpruithe (dá ngairmtear cólucht corpruithe sealbhach cáilithe sa mhír seo) bheidh do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(I) go mbeidh an tráth san níos mó ná leath (in ainm-luach) de scaireanna eisithe an chóluchta chorpruithe shealbhaigh sin ar únaeracht thairbheach ag daoine is daoine cáilithe an tráth san, agus

(II) go mbeidh an tráth san dhá dtrian ar a laighead (in ainm-luach) de gach saghas scaireanna le n-a ngabhann cearta vótála (le feidhmiú láithreach no i gcás áirithe bheidh ann) agus a bheidh eisithe ag an gcólucht corpruithe sealbhach san ar únaeracht thairbheach ag daoine is daoine cáilithe an tráth san; agus

(ii) go mbeidh an tráth san dhá dtrian ar a laighead (in ainm-luach) de gach saghas scaireanna le n-a ngabhann cearta vótála (le feidhmiú láithreach no i gcás áirithe bheidh ann) agus a bheidh eisithe ag an gcólucht corpruithe únaerach ar únaeracht thairbheach ag duine bheidh, no ag beirt no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, an tráth san, ina dhuine cháilithe no ina chólucht chorpruithe is cólucht corpruithe sealbhach cáilithe; agus

(iii) gur náisiúnaigh de Shaorstát Éireann mór-áireamh de stiúrthóirí an chóluchta chorpruithe únaeraigh (lasmuich de stiúrthóir bainistí bheireann a chuid aimsire go léir dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san); no

(g) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus tráth déanta na hoibre sin agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht ag an gcólucht corpruithe ag á raibh sé ar únaeracht an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh de mhí díreach roimh an dáta san a déanfaí an obair sin, gur i ngnáth-chúrsa an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(h) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus tráth déanta na hoibre sin agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht thairbheach ag an bpearsain ag á raibh sé, no ag gach pearsain no ag cuid no ag duine amháin de sna pearsana ag á raibh sé, ar únaeracht thairbheach an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh de mhí díreach roimh an dáta san a déanfaí an obair sin, gur i ngnáth-chúrsa an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus tráth déanta na hoibre sin agus go mbeidh an gnó san, tráth déanta na hoibre sin, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh níos mó ná leath (in ainm-luach) dá scaireanna eisithe ar únaeracht thairbheach ag an bpearsain no ag na pearsana ag á raibh an gnó ar únaeracht thairbheach an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh de mhí díreach roimh an dáta san a déanfaí an obair sin, gur i ngnáthchúrsa an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(j) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas déantóireachta nua ar n-a dheonadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén bPríomh-Acht agus gur fén gceadúnas san a déanfar an obair sin; no

(k) go mbeidh an gnó san ar siúl i gcomharbas dhíreach do ghnó dhuine mhairbh do bheadh, dá mba díreach roimh a bhás a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so an obair sin do dhéanamh i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san agus gur idir lá éaga an duine sin agus lá deonta probháide a uachta no litreach riaracháin a estáit phearsanta agus i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san a déanfar an obair sin no gur faid a bheidh an gnó san ar siúl aige i gcúrsa cuibhe riaracháin a dhéanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin an obair sin amhlaidh; no

(l) go ndéanfar an obair sin i gcúrsa gnótha no mar chuid de ghnó bheidh ar siúl ag sannaí i ngnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe, no ag glacadóir no bainisteoir a cheapfaidh cúirt, agus é ag leanúint de ghnó duine do bheadh, dá mba díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an ngnó san do bheith ar siúl aige a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so an obair sin do dhéanamh i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

(2) Chun crícheanna míreanna (e) agus (f) d'fho-alt (1) den alt so ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má éagann pearsa is náisiúnach de Shaorstát Éireann no is duine cáilithe agus go mbeidh sé le linn a bháis ina únaer thairbheach ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint, má ba náisiúnach de Shaorstát Éireann an phearsa san, ar únaeracht thairbheach ag náisiúnach de Shaorstát Éireann no, má ba dhuine cáilithe an phearsa san, ar únaeracht thairbheach ag duine cáilithe agus, ar an deonadh san do dhéanamh, an té is ionadaí pearsanta don phearsain sin de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é únaer tairbheach na scaireanna san é agus, má ba náisiúnach de Shaorstát Éireann an phearsa san agus nách náisiúnach de Shaorstát Éireann an t-ionadaí pearsanta san, gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é no, má ba dhuine cáilithe an phearsa san agus nách duine cáilithe an t-ionadaí pearsanta san, gur duine cáilithe é; agus

(b) má thagann pearsa is náisiúnach de Shaorstát Éireann no is duine cáilithe chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a chreidteoirí agus má bhí an phearsa san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer thairbheach ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát na pearsan san mar fhéicheamh shocruitheach, tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht thairbheach ag an sannaí no ag an iontaobhaí sin agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear an sannaí no an t-iontaobhaí sin, más náisiúnach de Shaorstát Éireann an phearsa san agus nách náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin, do bheith ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no, más duine cáilithe an phearsa san agus nách duine cáilithe an sannaí no an t-iontaobhaí sin, do bheith ina dhuine cháilithe; agus

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é únaer tairbheach na scaireanna san é; agus

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear i dtaobh gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é is únaer tairbheach ar chion chóréire de sna scaireanna san; agus

(e) má haistrítear scaireanna eisithe cóluchta chorpruithe go dtí banc, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus go gclárófar an banc san mar únaer ar na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin tuigfear gan an t-aistriú agus an clárú san d'oibriú chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san.

(3) Pé uair a scuirfidh scaireanna eisithe cóluchta chorpruithe de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt so tuigfear, chun crícheanna na míre sin, na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir na míre sin go cionn sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh.

(4) Pé uair a scuirfidh scaireanna eisithe cóluchta chorpruithe de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear a mír (f) d'fho-alt (1) den alt so tuigfear, chun crícheanna na míre sin, na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir na míre sin go cionn sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh.

(5) Gach duine dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Fianaise.

10. —(1) Má deintear cólucht corpruithe ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do chúiseamh i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo do dhéanamh is ar an gcólucht corpruithe cúiseofar amhlaidh a bheidh na nithe no aon cheann de sna nithe atá luaidhte i míreanna (e), (f), (g) agus (i) fé seach d'fho-alt (1) den alt san do chruthú agus go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna nithe sin maidir leis an ngníomh go ndeirtear gurb é an cionta san é.

(2) Más rud é, in aon imeachta i gcoinnibh cóluchta chorpruithe, ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, i dtaobh cionta fén alt deiridh sin roimhe seo, go dtabharfar i láthair deimhniú fé láimh dhuine bheidh cláruithe mar dhílseánach scaireanna sa chólucht chorpruithe sin agus é sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann agus é fíoruithe sa tslí orduithe, á dheimhniú—

(a) gurb é únaer tairbheach na scaireanna san é agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é, no

(b) gur thar ceann duine eile atá na scaireanna san ar seilbh aige agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann an duine eile sin, no

(c) gurb é únaer tairbheach na scaireanna san é agus gur duine cáilithe é, no

(d) gur thar ceann duine eile atá na scaireanna san ar seilbh aige agus gur duine cáilithe an duine eile sin,

beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh.

(3) Má chuireann duine ar bith i ndeimhniú fén alt so ráiteas ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Ceadúnas déantóireachta nua do cheiliúradh ar é do theip ar shealbhóir oibreacha do thosnú laistigh d'am áirithe.

11. —(1) I gcás—

(a) ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) gan sealbhóir an cheadúnais sin do thosnú ar na nithe uile a húdaruítear leis an gceadúnas san do dhéanamh,

féadfaidh an tAire fógra do sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin tosnú, laistigh de pé am is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfa sé sa bhfógra san, ar na nithe sin uile do dhéanamh.

(2) I gcás fógra do sheirbheáil ar shealbhóir ceadúnais déantóireachta nua fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht, an ceadúnas san do cheiliúradh má chítear do ná dearnadh do réir éilithe an fhógra san.

(3) I dteanta gach ceadúnas déantóireachta nua deonfar tar éis dáta an Achta so do rith do bheith fé réir aon téarma no coinníll gur fé n-a réir a bheidh an ceadúnas san le deonadh de bhuadh míre (c) d'fho-alt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht, deonfar é agus déarfa sé go ndeontar é fé réir chomha go dtosnóidh sealbhóir an cheadúnais sin, laistigh de pé am is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san, ar na nithe uile do dhéanamh a húdarófar do dhéanamh fén gceadúnas san.

(4) Má thárlann d'aon tsealbhóir ceadúnais déantóireachta nua deonfar tar éis dáta an Achta so do rith go dteipfidh air no go leigfidh i bhfaillí na nithe uile a húdarófar do dhéanamh fén gceadúnas san do dhéanamh laistigh den am a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, féadfaidh an tAire, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht, an ceadúnas san do cheiliúradh.

Clár de cheadúnaisí déantóireachta nua.

12. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire agus coimeádfaidh ar bun ina dhiaidh sin clár (da ngairmtear an clár san san alt so) de cheadúnaisí déantóireachta nua deonfar fén Acht so.

(2) Díreach tar éis an chláir sin do bhunú iontrálfaidh an tAire ann gach ceadúnas déantóireachta nua do deonadh fén bPríomh-Acht roimh an Acht so do rith agus pé uair a deonfar ceadúnas déantóireachta nua tar éis an Achta so do rith iontrálfaidh an tAire an ceadúnas san sa chlár san láithreach.

(3) Gach uair a hiontrálfar ceadúnas déantóireachta nua sa chlár san luadhfar san iontráil ainm an té dar deonadh an ceadúnas san, an earra, an t-abhar, no an tsubstaint le n-a mbaineann an ceadúnas san, agus an ní no na nithe a húdaruítear leis an gceadúnas san, don cheadúnaí fén gceadúnas san, do dhéanamh.

(4) Coimeádfar an clár san i pé áit i gCathair Bhaile Atha Cliath ordóidh an tAire agus beidh sé ar fáil chun na puiblíochta dá iniúchadh le linn na n-uaireanta orduithe gach lá (ach amháin Domhntaí agus laetheanta saoire bainc) ar íoc na táille orduithe.

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —Déanfar an abairt “fé aon alt den Acht so” atá i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht do léiriú mar abairt a chialluíonn fé aon alt den Phríomh-Acht no fé aon alt den Acht so.

Pearsana agus cóluchtaí corpruithe áirithe do thabhairt eolais uatha.

14. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar phearsain ar bith, do chífear dó bheith ina únaer no ina únaer i bpáirt ar ghnó no bheith ag rialú gnótha do chífear dó bheith ar siúl mar thrádáil no chun sochair d'fháil as agus bheith ina ghnó le n-a mbaineann an t-alt so, á cheangal ar an bpearsain sin a rá an é an t-únaer é no an t-únaer i bpáirt ar an ngnó san no an é rialuíonn é agus, má sé, cuntas do chur chun an Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil—

(a) á rá ce'ca tá no ná fuil an gnó san do réir gach coinníll acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus an dáta (dá ngairmtear an dáta luaidhte sa bhfo-alt so) a luaidhtear sa bhfógra san, agus

(ii) go raibh an gnó san, an 2adh lá d'Iúl, 1934, ar únaeracht thairbheach ag pearsain ba náisiúnach de Shaorstát Éireann an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus

(iii) go raibh an gnó san, ar an dáta luaidhte, ar únaeracht thairbheach ag pearsain ba náisiúnach de Shaorstát Éireann ar an dáta luaidhte,

agus má tá, ag luadh na mion-innste seo, eadhon—

(I) maidir leis an bpearsain ag á raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach an 2adh lá d'Iúl, 1934, na mion-innste is gá i dtaobh na pearsan san maidir leis an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus

(II) maidir leis an bpearsain ag á raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach ar an dáta luaidhte, na mion-innste is gá i dtaobh na pearsan san maidir leis an dáta luaidhte; agus

(b) á rá ce'ca bhí no ná raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach ar an dáta luaidhte ag pearsain ba dhuine cáilithe ar an dáta luaidhte agus, má bhí, ag luadh na mion-innste is gá i dtaobh na pearsan san maidir leis an dáta luaidhte; agus

(c) á rá ce'ca tá no ná fuil na coinníollacha uile seo leanas cólíonta maidir leis an ngnó san, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus an dáta luaidhte, agus

(ii) go raibh an gnó san an 2adh lá d'Iúl, 1934, ar únaeracht ag dhá phearsain no níos mó, agus

(iii) go raibh níos mó ná leath an chaipitail do bhí suncálta an 2adh lá d'Iúl, 1934, sa ghnó san ar únaeracht thairbheach ag pearsain do bhí no ag pearsana go raibh gach pearsa fé leith acu, an 2adh lá d'Iúl, 1934, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann, agus

(iv) go raibh an gnó san, ar an dáta luaidhte, ar únaeracht ag dhá phearsain no níos mó, agus

(v) go raibh níos mó ná leath an chaipitail do bhí suncálta ar an dáta luaidhte sa ghnó san ar únaeracht thairbheach ag pearsain do bhí, no ag dhá phearsain no níos mó go raibh gach pearsa fé leith acu, ar an dáta luaidhte, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann,

agus, má tá, ag luadh na mion-innste seo, eadhon—

(I) maidir leis an bpearsain (ba náisiúnach an tráth san de Shaorstát Éireann) no le gach pearsain de sna pearsana (ba náisiúnaigh an tráth san de Shaorstát Éireann) ag á raibh níos mó ná leath an chaipitail, do bhí suncálta an 2adh lá d'Iúl, 1934, sa ghnó san, ar únaeracht, na mion-innste is gá i dtaobh na pearsan san no i dtaobh gach pearsan fé leith de sna pearsana san maidir leis an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus

(II) maidir leis an bpearsain (ba náisiúnach an tráth san de Shaorstát Éireann) no le gach pearsain fé leith de sna pearsana (ba náisiúnaigh san tráth san de Shaorstát Éireann) ag á raibh níos mó ná leath an chaipitail, do bhí suncálta ar an dáta luaidhte sa ghnó san, ar únaeracht, na mion-innste is gá i dtaobh na pearsan san no i dtaobh gach pearsan fé leith de sna pearsana san maidir leis an dáta luaidhte; agus

(d) á rá ce'ca bhí no ná raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach ar an dáta luaidhte ag dhá phearsain no níos mó go raibh gach pearsa fé leith acu ina dhuine cháilithe ar an dáta luaidhte agus, má bhí, ag luadh na mion-innste is gá i dtaobh gach pearsan fé leith acu san maidir leis an dáta luaidhte; agus

(e) á rá ce'ca tá no ná fuil an gnó san do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus an dáta luaidhte, agus

(ii) go raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach ar an dáta luaidhte ag an bpearsain no ag na pearsana go léir no ag an bpearsain áirithe acu ag á raibh sé ar únaeracht thairbheach an 1adh lá de Mheitheamh, 1932,

agus má tá, ag luadh na mion-innste seo leanas, sé sin le rá:—

(I) ainm agus seoladh na pearsan no ainmneacha agus seolta na bpearsan ag á raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus ar an dáta luaidhte, agus

(II) cinéal agus méid an ghnótha (ar a n-áirmhítear cúrsaí mar chaipital atá suncálta sa ghnó, au cur amach agus an líon fostaithe) ar an dáta luaidhte agus an 1adh lá de Mheitheamh, 1932. agus, má bhí an gnó san ar siúl i rith mí na Bealtaine, 1932, i rith an mhí sin.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht corpruithe go mbíonn gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl acu mar thrádáil no chun sochair d'fháil as, á cheangal ar an gcólucht corpruithe sin cuntas do chur chun an Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil—

(a) á rá ce'ca tá no ná fuil an gnó san do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus an dáta luaidhtear sa bhfógra san (dá ngairmtear an dáta luaidhte sa bhfo-alt so), agus

(ii) go raibh an gnó san ar únaeracht ag cólucht corpruithe an 2adh la d'Iúl, 1934, agus

(iii) go raibh an gnó san ar únaeracht ag cólucht corpruithe ar an dáta luaidhte; agus

(b) á rá ce'ca tá no ná fuil an gnó san do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus an dáta luaidhte, agus

(ii) go bhfuil an gnó san, ar an dáta luaidhte, ar únaeracht ag an gcólucht corpruithe ag á raibh sé ar únaeracht an 1adh lá de Mheitheamh, 1932,

agus, má tá, ag luadh mion-innste i dtaobh cinéal agus méide an ghnótha (ar a n-áirmhítear cúrsaí mar chaipital atá suncálta sa ghnó, an cur amach agus an líon fostaithe) ar an dáta luaidhte agus an ladh lá de Mheitheamh, 1932, agus fós, má bhí an gnó san ar siúl i rith mí na Bealtaine, 1932, i rith an mhí sin; agus

(c) á rá ce'ca tá no ná fuil na coinníollacha uile seo leanas cólíonta maidir leis an ngnó san, sé sin le rá:—

(i) go raibh an gnó san ar siúl go leanúnach i Saorstát Éireann idir an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus an dáta luaidhte, agus

(ii) go raibh an gnó san ar únaeracht ag cólucht corpruithe ar an dáta luaidhte, agus

(iii) go raibh níos mó ná leath (in ainm-luach) de scaireanna eisithe an chóluchta chorpruithe sin ar únaeracht ar an dáta luaidhte ag an bpearsain no ag na pearsana ag á raibh an gnó san ar únaeracht thairbheach an 1adh lá de Mheitheamh, 1932,

agus, má tá, ag luadh na mion-innste seo leanas, sé sin le rá:—

(I) ainm agus oifig chláruithe an chóluchta chorpruithe ag á raibh an gnó san ar únaeracht ar an dáta luaidhte, agus

(II) ainm agus seoladh no ainmneacha agus seolta na bpearsan ag á raibh an gnó san ar únaeracht an ladh lá de Mheitheamh, 1932, agus

(III) mion-innste i dtaobh cinéil agus méide an ghnótha (ar á n-áirmhítear cúrsaí mar chaipital atá suncálta sa ghnó, an cur amach agus an líon fostaithe) ar an dáta luaidhte agus an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus fós, má bhí an gnó san ar siúl i rith mí na Bealtaine, 1932, i rith an mhí sin.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht chorpruithe á cheangal ar an gcólucht corpruithe sin cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina luadhfar—

(a) i gcás gan ach aon tsaghas amháin scaireanna do bheith eisithe ag an gcólucht corpruithe sin ar an dáta bheidh luaidhte sa bhfógra san (dá ngairmtear an dáta luaidhte sa bhfo-alt so), na mion-innste seo leanas, sé sin le rá:—

(i) an méid de sna scaireanna san a bheidh eisithe ar an dáta luaidhte agus ainm-luach gach scaire fé leith acu san, agus

(ii) ainmneacha agus seolta na scaireánach ar an dáta luaidhte, agus

(iii) an méid de sna scaireanna san do bhí ar seilbh ag gach scaireánach fé leith ar an dáta luaidhte; no

(b) i gcás níos mó ná aon tsaghas amháin scaireanna do bheith eisithe ag an gcólucht corpruithe sin ar an dáta luaidhte, na mion-innste seo leanas i dtaobh gach saghas fé leith acu, sé sin le rá:—

(i) an méid scaireanna den tsaghas san do bhí eisithe ar an dáta luaidhte, ainm-luach gach scaire fé leith acu san, agus na cearta vótála (más aon cheann é) ghabhann leis na scaireanna san, agus

(ii) ainmneacha agus seolta na scaireánach ag á raibh na scaireanna san ar an dáta luaidhte, agus

(iii) an méid de sna scaireanna san do bhí ar seilbh ag gach scaireánach fé leith ar an dáta luaidhte.

(4) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar phearsain ar bith is scaireánach ar an dáta bheidh luaidhte sa bhfógra san (dá ngairmtear an dáta luaidhte sa bhfo-alt so) in aon chólucht corpruithe go mbíonn gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl acu mar thrádáil no chun sochair d'fháil as no in aon chólucht corpruithe go scaireanna in aon chólucht corpruithe den tsórt san a céad-luaidhtear, á cheangal air cuntas do chur chun an Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil—

(a) á rá ce'ca dob é únaer tairbheach na scaireanna san é ar an dáta luaidhte no nárbh é, agus

(b) i gcás nárbh é únaer tairbheach na scaireanna san é ach gurbh únaer coda acu é no nárbh únaer tairbheach aon scaireanna acu san é ar an dáta luaidhte, ag luadh ainm agus seoladh an duine no ainmneacha agus seolta na ndaoine gur thar a cheann no thar a gceann do bhí na scaireanna san ar seilbh aige ar an dáta luaidhte agus, i gcás gach duine fé leith den tsórt san, ag luadh an méid scaireanna do bhí ar seilbh thar a cheann agus ag tabhairt mion-innste ortha, agus

(c) i gcás gurb é únaer tairbheach na scaireanna san uile é no gurbh únaer tairbheach coda acu é ar an dáta luaidhte—

(i) á rá ce'ca adeir sé no ná habrann sé gur náisiúnach de Shaorstát Éireann no gur dhuine cáilithe é ar an dáta luaidhte, agus

(ii) má deir sé gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é ar an dáta luaidhte, ag tabhairt na mion-innste is gá ina thaobh féin maidir leis an dáta luaidhte, agus

(iii) má deir sé gur dhuine cáilithe é ar an dáta luaidhte, ag tabhairt na mion-innste is gá ina thaobh féin maidir leis an dáta luaidhte.

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar phearsain ar bith is únaer tairbheach no go dtuigtear gurb é is únaer tairbheach ar aon scaireanna in aon chólucht corpruithe go mbíonn gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl acu mar thrádáil no chun sochair d'fháil as no in aon chólucht corpruithe go scaireanna in aon chólucht corpruithe den tsórt a céad-luaidhtear, á cheangal air cuntas do chur chun an Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil—

(a) á rá ce'ca adeir sé no ná habrann sé gur náisiúnach de Shaorstát Éireann no gur dhuine cáilithe é ar an dáta luaidhtear sa bhfógra san (dá ngairmtear an dáta luaidhte sa bhfo-alt so), agus

(b) má deir sé gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é ar an dáta luaidhte, ag tabhairt na mion-innste is gá ina thaobh féin maidir leis an dáta luaidhte, agus

(c) má deir sé gur dhuine cáilithe é ar an dáta luaidhte, ag tabhairt na mion-innste is gá ina thaobh féin maidir leis an dáta luaidhte.

(6) Má dhiúltann no má fhaillíonn duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so cuntas do thabhairt do réir an fhógra san no má bheireann sé cuntas uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é no fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt más é an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

(7) Baineann an t-alt so le gach gnó gur cuid de aon obair no oibreacha acu so leanas, eadhon, earra, abhar no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú no d'oiriúnú chun a dhíolta.

(8) San alt so—

cialluíonn an abairt “na mion-innste is gá” nuair a húsáidtear í i dtaobh pearsan adeirtear ba náisiúnach de Shaorstát Éireann ar dháta áirithe—

(a) a ainm agus a sheoladh;

(b) an scór ar a n-abartar gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é ar an dáta san, á luadh, más beireatas is foras don ráiteas san, cár rugadh é agus cathain agus, más comhnaí is foras don ráiteas san, cá háit no áiteanna i Saorstát Éireann ina raibh comhnaí air i gcaitheamh na gcúig mblian díreach roimh an dáta san agus cadé an tréimhse no cadiad na tréimhsí do chaith se ina chomhnaí i ngach áit fé leith acu san;

cialluíonn an abairt “na mion-innste is gá” nuair a húsáidtear í i dtaobh duine adeirtear ba dhuine cáilithe ar dháta áirithe—

(a) a ainm agus a sheoladh;

(b) an scór ar a n-abartar gur dhuine cáilithe é ar an dáta san, á luadh, más beireatas is foras don ráiteas san, cár rugadh é agus cathain agus, más comhnaí is foras don ráiteas san, cá háit no áiteanna i Saorstát Éireann ina raibh comhnaí air i gcaitheamh na gcúig mblian díreach roimh an 2adh lá d'Iúl, 1934, agus cadé an tréimhse no cadiad na tréimhsí do chaith sé ina chomhnaí i ngach áit fé leith acu san.

Aitreabh d'iniúchadh le hordú an Aire.

15. —(1) Más dóich leis an Aire tráth ar bith go bhfuil sé oiriúnach a fháil amach an bhfuil éinní á dhéanamh in aon áitreabh no áit contrárdha don Acht so féadfaidh an tAire, le hordú fé n-a shéala oifigiúil ar n-a dhíriú chun oifigigh don Aire, a údarú don oifigeach san dul isteach san áitreabh no san áit sin gach tráth réasúnta agus chó minic agus is dóich leis an oifigeach san is ceart i rith na tréimhse luaidhtear san ordú san agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá, an t-áitreabh no an áit sin d'iniúchadh, aon oibriú bheidh ar siúl san áitreabh no san áit sin do scrúdú, agus aon earraí gheobhfar san áitreabh no san áit sin do scrúdú.

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so beidh an t-oifigeach chun a mbeidh an t-ordú san dírithe i dteideal gach ní no éinní acu san a húdaruítear leis an ordú san do dhéanamh.

(3) Gach duine chuirfidh cosc no bac le haon oifigeach agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é no fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

(4) Gach oifigeach chun a mbeidh ordú fén alt so dírithe, déanfaidh, le linn é bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, an t-ordú san do thaisbeáint do dhuine ar bith le n-a mbaineann ar san d'éileamh air.

Nithe áirithe ná bainfidh Cuid II den Acht so leo.

16. —Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so:—

(a) le cruithneacht do mheilt, ná

(b) le haon toradh cruithneachtan do meileadh i muileann do chur in oiriúint sa mhuileann san chun a dhíolta, ná

(c) le talmhaíocht, ná

(d) le mion-dioltóir d'atharú no do dheisiú earra bheidh sé ar aigne do dhíol ina mion-choda, ná

(e) le héinní do dhéanamh, fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fé Chuid III den Acht so, 'na mbeidh sé údaruithe é do dhéanamh fén gceadúnas san maidir le haon earra is earra fhorcoimeádta do réir bhrí na Coda san III de thurus na huaire, ná

(f) in aghaidh tréimhse ar bith tar éis tosach feidhme an Achta Stroighne, 1933 ( Uimh. 17 de 1933 ), le stroighin do dhéanamh is stroighin Rómhánach no stroighin Phortland no stroighin hídrálach eile ná le haon stroighin den tsórt san do rinneadh i monarchain do chur in oiriúint sa mhonarchain sin chun a díolta, ná

(g) le gníomh ná ní ar bith a dhéanfaidh Cómhlucht Siúicre Éireann, Teoranta.