An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An tAcht Leictreachais (Solathar), 1927, do Leasu.)

38 1934

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934

CUID II.

Oibreacha Breise do Dheanamh.

Na hoibreacha sceidealta do dhéanamh

4. —(1) D'fhonn forbairt bhreise do dhéanamh ar luchtmhaireacht taiscthe uisce Loch Deirg-dheirc, Loch Ríbh, agus Loch Aillinne ar Abhainn na Sionainne, féadfaidh an Bord na hoibreacha (dá ngairmtear na hoibreacha sceidealta san Acht so) a tuairiscítear go generálta sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do ghabháil de láimh agus do dhéanamh agus d'oibriú, agus féadfaidh an Bord, chun críche na gabhála de láimh agus an déanta agus an oibrithe sin, na nithe sin uile do dhéanamh is gá no is ceart do réir réasúin chun na críche sin no ghabhann leis an gcéanna.

(2) Féadfaidh an Bord connradh do dhéanamh le duine ar bith chun na hoibreacha uile no aon oibreacha do dhéanamh go n-údaruítear don Bhord leis an alt so iad do ghabháil de láimh agus do dhéanamh, agus féadfaidh an Bord, chuige sin, connartha do dhéanamh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Bord aon chonnradh fén alt so chun aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh féadfaidh an Bord, leis an gconnradh san, ceart do bhronnadh ar an gconnarthóir chun pé cinn de sna hoibreacha sceidealta san do dhéanamh is dóich leis an mBord is cóir agus a luadhfaid sa chonnradh san, agus leis sin beidh ceart ag an gconnarthóir sin (i gcó-réim leis an mBord) chun gach ní no éinní luaidhtear amhlaidh do dhéanamh agus san chó hiomlán is dá mba leis an Acht so do bronnfaí an ceart san air, ach san sa mhéid gur gá é chun an chonnartha san d'fheidhmiú go cuibhe agus sa mhéid sin amháin.

Féadfaidh an Bord talamh, etc., do thógaint go héigeanta.

5. —(1) Chun gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh (pe'ca dhéanfaidh an Bord féin na hoibreacha san no dhéanfaid tré chonnarthóir iad) féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon tailte no áitreabh do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(c) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ar bith ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do chríochnú no do shrianadh, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(d) aon bhóthar, slí no droichead, puiblí no príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce saordha eile no aon chúrsa uisce saordha do chasadh, do dhúnadh no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(e) cur isteach do dhéanamh go héigeanta ar aon tailte no áitreabh.

(2) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no an praghas no an cúiteamh d'fháil amach, ach fé réir fógra mí ar a laighead roimh ré no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mí ar a laighead roimh ré do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte no an áitreibh no d'únaer na héasáide no na maoine no an chirt eile le n-a mbaineann an scéal, féadfaidh an Bord (agus gach connarthóir go n-údarás chuige sin ón mBord) dul isteach agus seilbh do thógaint ar aon tailte no áitreabh no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruítear don Bhord, leis an alt so, a thógaint go héigeanta, no, aon éasáid no maoin no ceart eile go n-údaruítear don Bhord leis an alt so é chríochnú no é shrianadh no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta, féadfaid é chríochnú no é shrianadh no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, no, aon bhóthar, slí, droichead, bealach uisce, no cúrsa uisce go n-údaruítear don Bhord leis an alt so é chasadh, é dhúnadh, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta, féadfaid é chasadh, é dhúnadh, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile.

(3) Pé uair is dóich leis an mBord ná béadh sé economiciúil no go mbeadh sé neamh-oiriúnach toisc aon chúise eile cúiteamh d'íoc as tailte no áitreabh ar bith do chur fé uisce no as cur isteach do dhéanamh ortha ar shlí eile fén alt so, féadfaidh an Bord na tailte no an t-áitreabh san do thógaint go buan fén alt so agus san go héigeanta no tré chó-aontú.

Praghas no cúiteamh d'fháil amach.

6. —(1) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919, agus dá réir a socrófar méid an phraghais no an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord, as tailte agus as áitreabh a thógfaid go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no go bhfuil estáit no leasanna acu ionta, no, as éasáidí ceadanna slí, ceartanna uisce, ceartanna iascaigh agus ceartanna eile a thógfaid go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é), no ar a scór san, le húnaer an chéanna, no leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chun na dtailte agus an áitreibh, no go bhfuil estáit no leasanna acu sna tailte agus san áitreabh, gur ortha no maidir leo tógfar na ceartanna san amhlaidh.

(2) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, agus fé is dá mba phraghas tailimh a tógfaí go héigeanta é, a socrófar méid an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord mar gheall ar aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ar bith ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do chríochnú no do shrianadh, no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh air i slí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, no mar gheall ar aon bhóthar, slí no droichead príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce saordha eile, no aon chúrsa uisce saordha eile, do chasadh, do dhúnadh, no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air i slí eile go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh go héigeanta fén Acht so ar thailte no ar áitreabh ar bith.

(3) Nuair a bheidh aon phraghas no cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, go bhfuiltear á sealbhú no ag baint úsáide no tairbhe aisti in éineacht le haon mhaoin eile, no atá ina cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar aire d'aon tsochar i bhfuirm dréineála no feabhsú ar sholáthar uisce nách miste do réir réasúin súil a bheith le n-a theacht don mhaoin sin de bharr aon oibreacha bheidh déanta ag an mBord no bheidh á déanamh acu no bheid ar tí a dhéanamh fén Acht so.

(4) Gach éileamh ar an bpraghas no ar chúiteamh a bheidh á iarraidh maidir le haon talamh, áitreabh, no ceart a bheidh tógtha go héigeanta, no maidir le haon tailte, áitreabh, ceart, slí, no maoin eile go mbeidh curtha isteach air go héigeanta fén Acht so, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Bhord no do chonnarthóir dul isteach no feidhmiú no cur isteach do dhéanamh, ar na tailte, ar an áitreabh, ar an gceart, ar an slí, no ar an maoin sin mar an gcéad uair fén Acht so, ach amháin go bhféadfar, i gcás curisteach buan ar cheart iascaigh, an t-éileamh do dhéanamh aon uair laistigh de dheich mbliana tar éis críochnú na n-oibreacha le n-a gcuirtear isteach ar an gceart iascaigh amhlaidh.

(5) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon phraghas no cúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus leis an leithliú chun an Bhúird a déanfar ar mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, a thógfaid go héigeanta fén Acht so, agus chun na críche sin tuigfear gurb é an Bord bunathóir an ghnótha.

(6) Ní luighfidh aon aicsean, do réir dlí ná cothruim, i gcoinnibh an Bhúird ná aon chonnarthóra ná i gcoinnibh aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord no d'aon chonnarthóir alos ná i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda go mbeidh cúiteamh iníoctha mar gheall air de bhuadh an ailt seo.

Oibreacha do dhéanamh in ionad cúitimh.

7. —(1) I gcás duine do bheith i dteideal cúitimh, láithreach no ar ball, maidir le héinní dhéanfaidh an Bord no bheid ar intinn a dhéanamh go dleathach fén Acht so, féadfaidh an Bord pé oibreacha do dhéanamh ar mhaithe leis an duine sin is dóich leis an mBord is ceart agus aontóidh an duine sin a ghlacadh mar shásamh no mar shásamh leathrannach ina éileamh ar an gcúiteamh san.

(2) Féadfaidh an Bord téarmaí agus coinníollacha do chur ag gabháil le hoibreacha do dhéanamh fén alt so, pé téarmaí agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear téarmaí maidir le húnaereacht, le seilbh, agus le cúram na n-oibreacha san) ar a gcó-aontóidh an Bord agus an duine gur ar mhaithe leis a déanfar na hoibreacha amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, a dhearbhú aon oibreacha áirithe déanfar fén alt so do bheith saor, go buan no go ceann tréimhse teoranta, o ráta dealbhais do chur ortha agus fós o aon ráta eile do chur ortha ghearrfaidh údarás áitiúil, agus pé uair a déanfar ordú ar bith den tsórt san beidh na hoibreacha le n-a mbainfidh an t-ordú san saor o rátaí do réir an orduithe sin.

Pleananna, etc., do lóisteáil.

8. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus ar dháta nách déanaí ná mí roimh thosnú ar aon chuid áirithe de sna hoibreacha sceidealta, no roimh dhul isteach ar aon tailte no áitreabh no roimh fheidhmiú aon chirt no roimh chur isteach ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, fén Acht so chun na críche sin, cuirfidh an Bord fé ndeár mapaí, pleananna, agus leabhra eolais i dtaobh na n-oibreacha san do lóisteáil mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(2) Na mapaí agus na pleananna lóisteálfar fén alt so, ní foláir dóibh bheith líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun méid na n-oibreacha sceidealta le n-a mbainfid do thaisbeáint ar scálaí is leor, maraon le gach claonadh agus atharú bheidh beartuithe, agus fós gach maoin, corpardha agus (san áit ina mbeidh san oiriúnach) nea-chorpardha, a bheidh beartuithe a thógaint go héigeanta chun críche na n-oibreacha san agus fós gach cur-isteach (sa mhéid gur féidir a thaisbeáint ar tharraiceoireacht) a bheidh beartuithe a dhéanamh go héigeanta chun na críche sin ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, no ar aon bhóthar no droichead.

(3) Beidh sna leabhra eolais a lóisteálfar fén alt so ainmneacha na ndaoine is únaerí no is únaerí tuairimithe, na ndaoine is léasaithe no is léasaithe tuairimithe, agus na ndaoine is sealbhairí ar gach talamh agus áitreabh go mbeidh beartuithe iad do thógaint no baint leo ar shlí eile go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha sceidealta go lóisteálfar na leabhra eolais sin ina dtaobh agus ar gach maoin, corpardha no nea-chorpardha (maraon le bóithre agus droichid), go mbeidh beartuithe cur isteach ortha in aon tslí go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha san.

(4) Na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais a lóisteálfar fén alt so is i bpríomh-oifig an Bhúird i gCathair Bhaile Atha Cliath a lóisteálfar iad agus fós, i gcás mapaí, pleananna, agus leabhra eolais a bhainfidh le haon cheann de sna hoibreacha sceidealta no le maoin ar bith laisteas den droichead atá ar Abha na Sionainne ag an gceann thuaidh de Loch Deirg-dheirc agus dá ngairmtear Droichead Phort Omna, is in oifig an Bhúird no in áit chaothúil eile i gCathair Luimnigh a lóisteálfar iad, agus i gcás mapaí pleananna, agus leabhra eolais a bhainfidh le haon cheann de sna hoibreacha sceidealta no le maoin ar bith lastuaidh den droichead san, is in áit chaothúil i mbaile Phort Omna a lóisteálfar iad, no i pé áit no áiteanna eile cheapfaidh an Bord le haontú an Aire, agus fanfaidh na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais sin uile ar lóisteáil amhlaidh go dtí go gcríochnófar na hoibreacha sceidealta le n-a mbainfid, agus faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh beid ar nochtadh chun a n-iniúchta ag éinne in aisce in áit na lóisteála idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lae ach Sathairn, Domhntaí agus laetheanta saoire bainc.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis aon mhapaí, pleananna, no leabhra eolais do bheith lóisteálta in aon chathair no baile do réir an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra puiblí i dtaobh na lóisteála san le fógrán a foillseofar fé dhó i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta no níos mó a léightear sa chathair no sa bhaile sin, agus déarfaid i ngach fógra den tsórt san go bhfuil na mapaí, na pleananna, agus na leabhra eolais sin ar nochtadh chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht do réir an ailt seo.

Seirbhísí puist agus telegrafa do chaomhaint.

9. —Ní dhéanfidh an Bord ná aon chonnarthóir a bheidh ag déanamh oibreacha fén Acht so, ní dhéanfaid, de bhuadh an Achta so, aon tailte, áitreabh, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair, ná maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa do thógaint ná d'aistriú, ná dul isteach ortha ná cur isteach ortha ar aon tslí eile ná aon oibreacha do chur suas, ná éinní ná aon rud eile do dhéanamh is dóich leis an Aire Puist agus Telegrafa do bhacfadh, do mhoilleodh, do choiscfeadh no do dhíobhálfadh ar aon tslí eile cólíonadh cuibhe seirbhísí puiblí na Roinne Puist agus Telegrafa.

Beidh na hoibreacha sceidealta saor o rátaí.

10. —(1) Faid a bheidh na hoibreacha sceidealta in aon-tseilbh agus fé aon-stiúradh an Bhúird, beid saor o ráta dealbhais agus fós o aon ráta eile ghearrfaidh údarás áitiúil do chur ortha.

(2) San alt so foluíonn an abairt “údarás áitiúil” (i dteanta an bhrí chuireann an Príomh-Acht léi) aon chólucht daoine go gcomhacht acu fé Acht de Pháirlimint na hÉireann no fé aon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no aon Acht Príobháideach den Oireachtas ráta do chur agus do ghearradh ar thalamh no ar dhaoine alos a mbeith i seilbh thailimh.

Bóithre agus droichid phuiblí do chaomhaint.

11. —Más gá agus nuair is gá, de dhruim aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh fén Acht so, aon bhóthar no droichead puiblí do chasadh no d'aistriú no cur isteach air ar shlí eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead do dhúnadh in aghaidh tráchta de dhruim na hoibreacha sceidealta do dhéanamh, déanfaidh an Bord, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, agus coinneoid i dtreo, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas céanna tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san do ghnáth;

(b) ar chríochnú na n-oibreacha sceidealta no roimhe sin cuirfidh an Bord an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfaid, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar, agus gan é puinn níos neamh-oiriúnaí fána agus lúb ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead san;

(c) má dheineann an Bord buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh an Bord costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir, do réir réasúin, do bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid do deimhníodh amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí bóithre contae no bailecheanntair (pe'ca aca é) do choinneáil i dtreo, agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í;

(d) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon no nár chólíon an Bord forálacha an ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á choinneáil i dtreo no á chur ina sheanariocht acu do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó no nách mó de chuid mhaith na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o bhuandroichead nua do rinne an Bord ná ón seanadhroichead, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leis an mBord.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir na dteorann a forchuirtear leis an alt so, roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis leis an mBord fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air é sna suimeanna san uile (nách mó san iomlán ná an méid a luaidhtear anso ina dhiadh seo) a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil do réir réasúin agus cirt ón mBord chun críche ar bith eireoidh fén gCuid seo den Acht so.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na roimh-íocanna bheidh le n'íoc leis an mBord fén alt so amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis thar suim chúig céad agus triocha míle púnt.

(3) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun na suimeanna uile roimh-íocfar amhlaidh no aon chuid díobh d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun aon urrúsanna do bhéarfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná beidh aon tsoláthar eile déanta chun a n-íoctha, féadfaidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúsanna do thabhairt amach is dóich leis is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim do gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(4) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis do bhéarfar amach fén alt so.

(5) Is chun críche na n-oibreacha sceidealta no chun éinní do dhéanamh a húdaruítear don Bhord leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh, agus chuige sin amháin, a chaithfidh an Bord na suimeanna roimh-íocfar fén alt so.

Us d'íoc ar roimh-íocanna as an bPrímh-Chiste.

13. —(1) Íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir pé ráta cheapfaidh an tAire Airgid agus íocfar an t-ús san amhlaidh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla có-ionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgid o am go ham.

(2) Má theipeann ar an mBord aon ús áirithe is iníoctha acu fén alt so d'íoc leis an Aire Airgid an t-am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.

(3) An t-ús uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire sin o am go ham.

(4) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham atharú do dhéanamh ar an ráta gur dá réir a híocfar ús is iníoctha fén alt so.

Roimh-íocanna as an bPrímh-Chiste d'aisíoc.

14. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc a híocfar leo amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta cheapfaidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapadh amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimh-íocanna san.

(2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfaidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodanna uile agus fé seach de sna roimh-íocanna 'na ndéanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san ina n-aghaidh agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús a thiocfaidh chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, tuigfear an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord gan dochar d'fhiachas an Bhúird i leith aon úis a bheidh gan íce ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san.

(3) Má theipeann ar an mBord aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha acu leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin an t-am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an íocaíocht leathbhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.

(4) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham atharú do dhéanamh ar an ráta gur dá réir a híocfar ús is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(5) An t-airgead uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin o am go ham.

Muirir ar na hoibreacha sceidealta.

15. —(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus an t-ús uile agus gach íocaíocht leath-bhliantúil is iníochta ag an mBord fén Acht so ar an suim sin no ina haghaidh agus an t-ús uile is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid—

(a) ina gcéad-mhuirear ar na hoibreacha sceidealta, agus

(b) ina muirear ar oibreacha na Sionainne ná beidh tosach air ach ag na muirir ar na hoibreacha san do cruthnuíodh le halt 16 den Phríomh-Acht, agus

(c) ina muirear so-ghluaiste (ná beidh tosach air ach ag na muirir sho-ghluaiste do cruthnuíodh le halt 16 den Phríomh-Acht) ar gach maoin, de shaghas ar bith (ach amháin oibreacha na Sionainne no na hoibreacha sceidealta) a bheidh dílsithe sa Bhord no ar únaeracht acu o am go ham, ach an muirear so-ghluaiste cruthnuítear leis seo ní oibreoidh chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíonadh ceart cuibhe na ndualgaisí bronntar no cuirtear ar an mBord le dlí no bronnfar no cuirfear ar an mBord ina dhiaidh seo.

(2) Na muirir a cruthnuítear leis an alt so beid dílsithe san Aire Airgid agus féadfaidh an tAire sin iad do chur i bhfeidhm do réir fuirme cuibhe na dlí pé uair is dóich leis is ceart san do dhéanamh agus pe'ca bheidh aon ús no íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh urruithe le muirear den tsórt san dlite agus gan íoc no ná beidh agus an t-airgead uile bainfear amach de bhuadh aon mhuirir den tsórt san íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire sin.

Deontaisí ón Aire Airgid.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord san air, deontaisí do dheonadh don Bhord, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, de pé suimeanna (nách mó san iomlán ná an méid iomlán a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil do réir réasúin agus cirt ón mBord chun aon chríche áirithe chun ar féidir na deontaisí sin do chur fén alt so.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a féadfar do dheonadh don Bhord fén alt so thar suim thrí mhíle nóchad púnt.

(3) Gach deontas a dheonfaidh an tAire Airgid fén alt so cuirfidh an Bord é chun pé crícheanna acu so leanas a bheidh luaidhte sa deimhniú san ón Aire Tionnscail agus Tráchtála bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá, chun na n-oibreacha sceidealta do dhéanamh no chun éinní eile do dhéanamh a húdaruítear don Bhord leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.