An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. E Bheith Eigeanta ar Iomportalaithe agus ar Cheartuitheoiri Alcol Ceardais do Cheannach.)

40 1934

ACHT ALCÓIL CHEARDAIS, 1934

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Srian le halcól ceárdais do dhéanamh.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith seachas an tAire alcól ceárdais do dhéanamh maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire a déanfar an t-alcól ceárdais sin.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun gach saghas alcóil cheárdais do dhéanamh no chun alcóil cheárdais de chineál no de cháilíocht no de neart áirithe do dhéanamh agus féadfaidh pé coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le ceiliúradh) is oiriúnach leis do chur ag gabháil leis an gceadúnas san.

(3) Má dheineann duine ar bith alcól ceárdais contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(5) Ní déanfar éinní san alt so ná in aon cheadúnas a deonfar fén alt so do léiriú mar ní údaruíonn do dhuine ar bith is sealbhóir ar an gceadúnas san alcól ceárdais le n-a mbaineann an ceadúnas san do dhéanamh tráth ar bith maran sealbhóir an duine sin freisin ar cheadúnas Máil á údarú dho biotáille do dhéanamh.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , fé mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm aige maidir le halcól ceárdais do dhéanamh, fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so, is alcól ceárdais den chineál le n-a mbaineann an ceadúnas san, ná maidir le sealbhóir an cheadúnais sin do dhéanamh oiriúnithe chun a dhíolta ar an alcól ceárdais sin no ar aon fho-thoradh gheobhfar le linn déanta an alcóil cheárdais sin.

Bord Comhairlitheach Alcóil Cheárdais.

15. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, déanfaidh an tAire le hordú cólucht comhairlitheach (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Comhairlitheach Alcóil Cheárdais agus dá ngairmtear an Bord san alt so) do bhunú chun comhairle do thabhairt don Aire i dtaobh pé nithe (is nithe bhaineas leis an ngnó) luadhfaidh an tAire san ordú san, agus déanfaidh socrú leis an ordú san i dtaobh có-dhéanamh an Bhúird agus i dtaobh ceapadh agus sealbhaíocht oifige ball den Bhord agus i dtaobh éinní eile maidir leis an mBord gur mhaith an rud é dar leis an Aire socrú do dhéanamh ina thaobh leis an ordú san.

(2) An t-ordú is gá do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo do dhéanamh féadfaidh an tAire é do leasú le hordú o am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire pé luach saothair a cheapfa sé le ceadú an Aire Airgid d'íoc le ball ar bith den Bhord amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é déanfaidh an tAire íocaíochtaí alos costaisí taistil agus liúntais chothuithe d'íoc le gach ball den Bhord amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Talamh agus an gnó do dhíol.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh fén Acht so agus fós dea-thoil, stoc trádála, agus sócmhainní eile an ghnótha do dhíol ar pé praghas is dóich leis is ceart.

(2) Déanfar aon airgead do gheobhfar as díol fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Tuarasgabhála ón Aire.

17. —Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1935, agus tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, tuarasgabháil i dtaobh a imeachta fén Acht so i rith na bliana airgeadais sin d'ullamhú agus do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Cuntaisí i dtaobh an ghnótha bheidh ar siúl ag an Aire.

18. —Déanfaidh an tAire a chur fé ndeár go gcoimeádfar maidir leis an ngnó, i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire Airgid, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar an airgead uile a gheobhaidh no a chaithfidh.

Forálacha airgeadais.

19. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so as díol alcóil cheárdais agus as díol aon fho-thorthaí do gheobhfar le linn alcóil cheárdais do dhéanamh déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.