An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleacht ar Bheitigh agus ar Chaoire Marbhofar i Seamlas Claruithe.)

42 1934

ACHT UM BEITHIGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH, 1934

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru.

Cláir d'áitreabhacha.

9. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár na cláir seo leanas do choimeád, sé sin le rá:—

(a) clár (dá ngairmtear an clár de sheamlais san Acht so) d'áitreabhacha ina mbíonn ar siúl mar ghnó beithígh do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann no caoire do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann no beithígh agus caoire do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann; agus

(b) clár (dá ngairmtear an clár d'áitreabhacha biataíochta san Acht so) d'áitreabhacha ina mbíonn ar siúl mar ghnó mairtfheoil, laoighfheoil, caoirfheoil, agus uainfheoil no aon fheoil acu san do dhíol.

(2) Iontrálfar sna cláir uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo na mion-innste seo leanas i dtaobh gach áitreibh a bheidh cláruithe sna cláir sin fé seach, sé sin le rá:—

(a) ainm agus sloinne agus tuairisc dílseánaigh an áitreibh sin, agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh sin d'aithint maraon le teoranta agus achar an áitreibh.

(3) Aitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlais ní bheidh sé ionchláruithe sa chlár d'áitreabhacha biataíochta, agus áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha biataíochta ní bheidh sé ionchláruithe sa chlár de sheamlais.

Toirmeasc ar ghnó nea-chláruithe.

10. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith marbhadh beithíoch chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann ná marbhadh caorach chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann ná marbhadh beithíoch agus caorach chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann do bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áitreabh no áit seachas seamlas cláruithe.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith díol mairtfheola, laoighfheola, caoirfheola agus uainfheola ná díol feola ar bith acu san do bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áitreabh no áit seachas áitreabh biataíochta cláruithe.

(3) Gach duine go mbeidh gnó ar bith ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Iarrataisí ar áitreabhacha do chlárú.

11. —(1) Gach iarratas ar áitreabh do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so isé dílseánach an áitreibh sin a dhéanfaidh é agus is i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe dhéanfaidh é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(2) Ar gach iarratas fén alt so ar áitreabh do chlárú íocfar leis an Aire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, táille de dheich scillinge agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san.

(3) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so maran deimhin leis ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith do réir na rialachán agus na bhfo-dhlithe uile (más aon cheann é) a bheidh déanta ag an údarás sláintíochta áitiúil agus a bhaineann leis an gcás.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

12. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád ag an Aire no ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip a thugann le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú thugann le tuisgint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a luaidhtear sa deimhniú san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoidhte ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) cóip d'fháil, a bheidh deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo do bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so ar tháille reulach d'íoc ar gach folio fé leith de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(b) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so ar tháille dhá scilling agus sé pingne d'íoc ar gach deimhniú fé leith.

Clárú d'atharú agus do chur ar ceal.

13. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar ceal ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm agus so tslí orduithe o dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no, i gcás pearsan, o n-a ionadaí pearsanta no, i gcás cóluchta chorpruithe, o leachtálaí dílseánaigh chláruithe an áitreibh sin.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, in éamais aon iarratais den tsórt san roimhráite, clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú i bponc ar bith ina bhfeicfear do an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, in éamais aon iarratais den tsórt san roimhráite, clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach di no nárbh eadh, do tugadh chun críche an t-áitreabh san do chlárú, no

(b) an gnó gur ina thaobh a bhí an t-áitreabh san cláruithe, ná fuil sé ar siúl a thuilleadh san áitreabh san, no

(c) má ba phearsa dílseánach cláruithe an áitreibh sin, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht corpruithe é, gur scuireadh é agus, i gceachtar cás, ná dearnadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san, éinne eile do chlárú mar dhílseánach ar an áitreabh san in ionad an dílseánaigh chláruithe do fuair bás no do scuireadh amhlaidh, no

(d) go ndearna dílseánach cláruithe an áitreibh sin cionta fé alt ar bith den Acht so.

(4) Sara ndéanfaidh an tAire clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar ceal (ar shlí eile seachas do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh fén alt so), bhéarfaidh do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá leachtálaí (pe'ca aca é) fógra mí ar a laighead i scríbhinn i dtaobh é bheith ar aigne an clárú san do chur ar ceal no d'atharú amhlaidh agus breithneoidh cúis ar bith a phléidhfidh an dílseánach cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an leachtálaí sin (pe'ca aca é) no aon cheadúnaí cláruithe den tsórt san leis laistigh de sheachtain tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus cuirfidh fé ndeár, má hiarrtar san air, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

(5) Fógra i dtaobh an Aire do bheith ar aigne clárú áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal no d'atharú féadfar é do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Má dheineann an tAire clárú áitreibh ar bith do chur ar ceal fén alt so féadfaidh an tAire tráth ar bith ina dhiaidh sin diúltú, fé réir forálacha an Achta so, don áitreabh san do chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.

Aitreabhacha chláruithe d'iniúchadh.

14. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh gur hiarradh é chlárú fén gCuid seo den Acht so agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an fearas, agus an feisteas ann agus fós na beithígh, na caoire, an mhairtfheoil, an laoighfheoil, an chaoirfheoil, agus an uainfheoil uile san áitreabh san d'iniúchadh agus breithniú ar gach próiseas no aon phróiseas a bheidh in úsáid sa ghnó bheidh ar siúl san áitreabh san.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe uatha;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna bhéarfar na tuairisceáin sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é.

Dílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe do choimeád breacachán.

16. —(1) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe no cuirfidh fé ndeár na breacacháin orduithe do choimeád san áitreabh san sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus fós déanfaidh no cuirfidh fé ndeár na hiontrála orduithe do dhéanamh i ngach breacachán den tsórt san ag na tráthanna orduithe no laistigh den aimsir orduithe.

(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir le pé breacachán is gá dho do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár a choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dho do réir an ailt seo do dhéanamh sa bhreacachán san, go dteipfidh air í dhéanamh no a chur fé ndeár í dhéanamh sa bhreacachán san laistigh den aimsir orduithe; no

(c) maidir le haon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun críche an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh chláruithe ar éinne bhí ar fostú ag an dílseánach cláruithe; agus

(c) más duine bheidh ar fostú ag an dílseánach cláruithe a dhiúltóidh no ar a dteipfidh, agus san san áitreabh chláruithe, breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe do dhiúltuigh amhlaidh no gur air do theip amhlaidh; agus

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna a bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh chláruithe.

Lánas na gclár agus nithe eile d'fhoillsiú.

17. —(1) Gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire é fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis agus fós fógra á rá gur cuireadh ar ceal no gur hatharuíodh an clárú in aon chlár den tsórt san.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl in áitreabhacha bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do bhailiú agus d'fhoillsiú.

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní beidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mion-innste sin gan cead i scríbhinn d'fháil ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin.

Comhachta chun iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh.

18. —(1) Udaruítear agus bheirtear comhacht leis seo do gach ball den Ghárda Síochána agus do gach cigire don Aire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus saorchead isteach do bheith aige gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn feoil, no ina gcreidtear feoil do bheith, á díol no ar coimeád no ar taisbeáint no ar stóras chun í do dhíol, no in áitreabh éinne ag á mbíonn ar siúl mar ghnó earraí d'iompar ar luach saothair, no in aon bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(b) scrúdú do dhéanamh ar an bhfeoil go léir a gheobhfar in aon áitreabh no feithicil go mbeidh cead aige dul isteach ann de bhuadh an ailt seo agus, chuige sin, aon phacáid d'oscailt a gheobhfar san áit sin agus go mbeidh feoil ann no go gcreidfear feoil do bheith ann;

(c) pé ceisteanna is dóich leis an mball no leis an gcigire sin is ceart, i dtaobh aon fheola gheobhfar le linn aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú, do chur chun duine ar bith ag á mbeidh coimeád no seilbh na feola san agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint agus fós ainm agus seoladh únaera na feola san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Le linn na gcomhacht a bronntar air leis an alt so do bheith á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis déanfaidh gach ball den Ghárda Síochána agus gach cigire do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

(3) Gach éinne—

(a) a dhéanfaidh aon bhall den Ghárda Síochána no aon chigire do bhac no do chosc agus an ball no an cigire sin ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon bhall no cigire den tsórt san chuige agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is col do a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) go dteipfidh air no dhiúltóidh a ainm no a sheoladh féin no ainm no seoladh éinne eile do thabhairt uaidh nuair éileoidh aon bhall no cigire den tsórt san air é agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no do bhéarfaidh uaidh sa chás san ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach.

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas ar dhuine ar bith a dhéanfaidh ní ar bith ina láthair (tré ghníomh no tré fhaillí) a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina chionta fén alt so.