An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934) Ar Aghaidh (CUID II. Contaethe do Roinnt ina dha gCeanntar Slainte Contae no nios mo.)

44 1934

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1934, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Príomh-Achtanna.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1933;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

Costaisí an Aire.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Fiosrúcháin phuiblí.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, sara bhfeidhmeoidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an ní go mbeidh an chomhacht san le feidhmiú ina thaobh amhlaidh.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so den Acht so fé mar atá feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear ann.