|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Iascach na Sionainne do Bhainisti.) |
ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta. | |
[EN] |
Roimh-íocanna ón Aire Airgid. |
13. —(1) Na suimeanna uile dheimhneoidh an tAire o am go ham do bheith ag teastáil go réasúnta agus go ceart ón mBord chun aon chríche thiocfaidh le linn dóibh bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so féadfaidh an tAire Airgid (fé réir forálacha an ailt seo) iad do roimh-íoc leis an mBord, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air déanamh amhlaidh. |
[EN] | (2) Chun crícheanna ailt 1 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934 (Uimh. 6 de 1934) , ach ní chun aon chríche eile, tuigfear i dtaobh gach roimh-íoca a déanfar leis an mBord fén alt so gur roimh-íoc é do rinneadh fé alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ), agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt san 1. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 12 d'Acht 1927 maidir le roimh-íocanna déanfar leis an mBord fén alt so fé is dá mba fén alt san 12 a déanfaí na roimh-íocanna san. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna alt 13, 14 agus 16 d'Acht 1927, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, tuigfear i dtaobh gach roimh-íoca déanfar leis an mBord fén alt so gur fén Acht san do rinneadh é agus beidh feidhm dá réir sin ag na hailt sin, mar a leasuítear amhlaidh iad, maidir leis na roimh-íocanna san. | |
[EN] | (5) An t-airgead uile is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so no dá bhuadh is amach as an ioncum do gheobhaidh an Bord as cólíonadh a bhfeidhmeanna fé Acht 1927 a híocfar é sa mhéid go mbainfidh an t-airgead san le roimh-íocanna déanfar fén alt so chun crícheanna Coda II den Acht so agus is amach as an ioncum do gheobhaidh an Bord as cólíonadh na ndualgaisí, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord leis an gCuid sin III a híocfar é sa mhéid go mbainfidh an t-airgead san le roimh-íocanna déanfar fén alt so chun crícheanna Coda III den Acht so. | |
[EN] |
Cúiteamh no praghas do mheas. |
14. —(1) Cheal có-aontuithe isé slí ina gceapfar méid aon phraghais no cúitimh is iníoctha ag an mBord fén Acht so ná fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 agus dá réir, mar a hatharuítear é leis an Acht so, agus fós, i gcás cúitimh, fé is dá mba phraghas talmhan do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an praghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar mhaoin ar bith á mheas do réir an ailt seo ní tabharfar aon áird ar éinní do rinneadh no do thárla maidir leis an maoin sin an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1929, no dá éis agus do mhéaduigh no do laigheaduigh luach na maoine sin no do rinne aon deifir eile dho. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an praghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar iascach no ar cheart iascaireachta á mheas do réir an ailt seo agus a cuirfear ina luighe ar an eadrascánaí go ndearna únaer an iascaigh no an chirt iascaireachta san, no duine go dteideal aige chun coda den phraghas san de bhuadh estát no leas do bheith aige san iascach no sa cheart iascaireachta san, an t-iascach san d'oibriú no an ceart iascaireachta san d'fheidhmiú go pearsanta le stuaim agus saothar a lámh féin agus go raibh marthain no cuid mhaith de mharthain an únaera no an duine sin ag brath ar an mbrabús do thagadh as an oibriú no as an bhfeidhmiú san cuirfidh an t-eadrascánaí leis an bpraghas agus sa phraghas is iníoctha amhlaidh leis an únaer no neachtar acu leis an gcuid de agus sa chuid de is iníoctha amhlaidh leis an duine sin (pe'ca aca é), mar a measfar san fé fhorálacha an Achta so lasmuich den fho-alt so, pé suim do chífear don eadrascánaí is cúiteamh réasúnta ina shlí mhartha do chailliúint, i bpáirt no go hiomlán (pe'ca aca é), don únaer no don duine sin de dhruim an Bord do thógaint an iascaigh no an chirt iascaireachta san chúcha, ag féachaint d'aon chosúlacht a bheidh ann go bhféadfaidh an t-únaer no an duine sin, agus cúrsaí a cháis mar a bheid, feidhm do bhaint as stuaim agus saothar a lámh in obair thairbheach éigin eile. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha ag an mBord fén Acht so agus maidir leis an bpraghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar mhaoin ar bith a cheannóidh an Bord fén Acht so agus maidir le leithliú na maoine sin chun an Bhúird, agus chun críche na feidhme sin tuigfear gurb é an Bord bunuitheoir an ghnótha. | |
[EN] |
Cúiteamh d'fhostaithe áirithe iascaigh. |
15. —(1) Gach duine chuirfidh na nithe uile seo leanas ina luighe ar an mBord no ar an eadrascánaí pé uair a dhéanfaidh an Bord iascach no ceart iascaireachta do thógaint chúcha (go héigeanta no tré chó-aontú) fén Acht so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) go raibh sé, go coitianta agus go reigleálta, ar feadh iomlán no furmhór mór gach saosúir de sna trí lántsaosúir oscailte iascaigh díreach roimh an tógaint sin, ar fostú ar phágh sheachtainiúil in oibriú an iascaigh sin no i bhfeidhmiú an chirt iascaireachta san no in obair do bhain le ceachtar acu, agus | |
[EN] | (b) gur ag duine no ag roimh-shealbhadóir teidil duine atá i dteideal an praghas no cuid den phraghas d'fháil is iníoctha ag an mBord alos na tógainte sin do bhí sé ar fostú amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) faid do bhí sé ar fostú amhlaidh go raibh a mharthain no cuid mhaith di ag brath ar an bpágh do bhí á fháil aige as an bhfostaíocht san, agus | |
[EN] | (d) nár bhain an fhostaíocht san aige ach le hoibriú an iascaigh sin no le feidhmiú an chirt iascaireachta san, agus | |
[EN] | (e) ná bíodh sé ar gnáth-fhostú lasmuich den tsaosúr oscailte iascaigh ag an té ag á mbíodh sé ar fostú amhlaidh i gcaitheamh an tsaosúir oscailte iascaigh, | |
[EN] | beidh sé (fé réir forálacha an ailt seo) i dteideal an Bord d'íoc cúitimh leis ina fhostaíocht do chailliúint do de dhruim an Bord do thógaint an iascaigh sin no an chirt iascaireachta san. | |
[EN] | (2) Is mar leanas a háirmheofar an cúiteamh is iníoctha le haon duine áirithe fén alt so, sé sin le rá, in aghaidh gach lán-tsaosúir oscailte iascaigh go raibh an duine sin le n-a linn do réir na gcoinníollacha uile luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so gheobhaidh an duine sin suim is có-ionann le ceithre oiread an mheán-pháigh sheachtainiúla do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i gcaitheamh an lán-tsaosúir oscailte iascaigh díreach sarar thóg an Bord chúcha an t-iascach no an ceart iascaireachta san ach gan an cúiteamh san do bheith níos mó in aon chás ná an meán-phágh seachtainiúil sin fé dhó is caoga. | |
[EN] | (3) Ní bheidh duine i dteideal cúitimh ar bith fén alt so maidir leis an mBord do thógaint iascaigh no cirt iascaireachta chúcha má cuirtear ina luighe ar an eadrascánaí go mbeidh an duine sin, toisc an Bord dá gheallúint an duine sin do choimeád ar fostú no toisc éinní eile, gan aon chailliúint ná laigheadú fostaíochta do bhaint do de dhruim na tógainte sin. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird. |
16. —An dualgas a cuirtear ar an mBord le halt 8 d'Acht 1927 maidir le hoifigigh agus seirbhísigh do cheapadh folóidh sé, agus áirmheófar mar chuid de, oifigigh agus seirbhísigh do cheapadh chun crícheanna an Achta so, crícheanna ar a n-áirmhítear an Bord do chólíonadh na ndualgas, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord le Cuid III den Acht so agus bainfidh an t-alt san 8 le gach oifigeach agus seirbhíseach a ceapfar amhlaidh. |
[EN] |
Oblagáid ar an mBord cuntaisí choimeád. |
17. —(1) An oblagáid a cuirtear ar an mBord le halt 7 d'Acht 1927 maidir le cuntaisí do choimeád ar airgead a gheibheann no chaitheann an Bord beidh feidhm agus éifeacht aici maidir le hairgead a gheobhaidh no chaithfidh an Bord fén Acht so no gheobhaidh no chaithfidh an Bord i bhfeidhmiú na ndualgas a cuirtear ar an mBord fén gCuid seo den Acht so maidir le hiascach na Sionainne, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar cuntaisí ar leithligh do choimeád fén alt san 7 maidir leis an airgead go gcuirtear an t-alt san i mbaint leis tríd an alt so. |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha uile ailt 7 d'Acht 1927 leis na cuntaisí choimeádfaidh an Bord fén alt san maidir le hairgead go gcuirtear an t-alt san i mbaint leis tríd an alt so. | |
[EN] |
Oblagáid ar an mBord tuarasgabhála agus staitistíocht do thabairt uatha. |
18. —(1) Sa tuarasgabháil is gá don Bhord, do réir ailt 32 d'Acht 1927, do thabhairt uatha gach bliain cuirfear tuairisc ar imeachta an Bhúird fén Acht so i rith na bliana le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin agus ortha san áirmhítear imeachta an Bhúird i bhfeidhmiú na ndualgas, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord le Cuid III den Acht so. |
[EN] | (2) An oblagáid a cuirtear ar an mBord le halt 32 d'Acht 1927 maidir le staitistíocht agus tuairisceáin do thabhairt uatha beidh feidhm agus éifeacht aici maidir le staitistíocht agus tuairisceáin ar imeachta an Bhúird fén Acht so. | |
[EN] |
An tsaorbhearna i gcoraí in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh. |
19. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta aon uair, le hordú, más oiriúnach leis é a údarú don Bhord, d'fhonn eolas staitistíochta d'fháil agus d'fhonn taighde eolaíochta do dhéanamh, an tsaorbhearna in aon chora áirithe in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh pé tráthanna agus ar feadh pé tréimhsí agus i pé slí luadhfa sé san ordú san. |
[EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú fén alt so, a údarú don Bhord an tsaor-bhearna in aon chora áirithe in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, beidh sé dleathach don Bhord an tsaor-bhearna san do dhúnadh fén ordú san agus dá réir; | |
[EN] | (b) ní bheidh feidhm ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, maidir le haon chosc a chuirfidh an Bord sa tsaor-bhearnain sin fén ordú san agus dá réir. | |
[EN] |
Uisce do dhul tríd an gcora ag Parteen Villa. |
20. —Ní cheadóidh an Bord gan an tAire do thoiliú leis roimh ré, an t-uisce do dhul tríd an gcora ag Parteen Villa tráth ar bith do réir ráta níos lugha ná deich méadair chúbacha sa tseacund. |
[EN] |
Ballraíocht an Bhúird Choimeádaithe do Cheanntar Iascaigh Luimnigh. |
21. —Triúr ball agus ní níos mó ná san an méid ball den Bhord Coimeádaithe do Cheanntar Iascaigh Luimnigh a toghfar i ngach ceann de dhá thogh-roinn taoide an cheanntair sin ag an gcéad toghachán cinn trí mblian do bhaill den tsórt san a déanfar tar éis an Achta so do rith agus ag gach toghachán eile dá shórt ina dhiaidh sin agus beidh líon ball an Bhúird Choimeádaithe sin atharuithe dá réir sin o thosach téarma oifige na mball den Bhord Coimeádaithe sin a toghfar ag an gcéad toghachán cinn trí mblian san a déanfar tar éis an Achta so do rith. |
[EN] |
An saosúr coiscthe seachtainiúil d'atharú. |
22. —(1) Beidh éifeacht ag alt 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, maidir le huiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, fé is dá ndeintí na focail “the succeeding Tuesday morning” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal “the succeeding Monday morning” atá anois ann. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Talmhaíoctha, le hordú, atharú do dhéanamh fé mar is dóich leis is ceart, maidir le huiscí taoide sin Abhann na Sionainne, ar an saosúr coiscthe seachtainiúil a ceaptar maidir leis na huiscí sin leis an alt san 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, mar a leasuítear san leis an alt so, ach ní dhéanfaidh le haon ordú den tsórt san an saosúr coiscthe seachtainiúil sin do mhéadú go dtí níos mó ná dhá uair sheachtód a' chluig ná do laigheadú go dtí níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a' chluig. | |
[EN] |
Teora leis an líon de cheadúnaisí iascaireachta áirithe do bhéarfar amach. |
23. —(1) Ní mó ná seachtó an méid ceadúnaisí chun iascaireachta le sruth-líonta in uiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, do bhéarfar amach fé sna hAchtanna san an chéad bhliain a thosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis an Achta so do rith no aon bhliain ina dhiaidh sin agus ní mó ná cúig is fiche an méid ceadúnaisí chun iascaireachta le líon tarraice no saighne sna huiscí sin do bhéarfar amach fé sna hAchtanna san aon bhliain den tsórt san. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta rialacháin do dhéanamh, maidir le ceadúnaisí den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt amach, d'fhonn a chur in áirithe do dhaoine ag á raibh ceadúnaisí den tsórt san sa bhliain 1934 go mbeidh ceart tosaíochta acu chun ceadúnaisí den tsórt san do cheannach roimh thosach an tsaosúir oscailte chun iascaireachta fé sna ceadúnaisí sin aon bhliain a bheidh líon na gceadúnas san teoranta leis an Acht so. | |
[EN] |
Toirmeasc le sciob-líonta. |
24. —Tar éis an Achta so do rith ní tabharfar aon cheadúnas amach fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, chun iascaireachta le sciob-líon in uiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna san. |
[EN] |
Toirmeasc ar iasc do thógaint le líon. |
25. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas duine no comharbaí teidil duine do rinne, i gcaitheamh tréimhse de dhá mhí dhéag díreach roimh an Acht so do rith, ceart iascaireachta le líonta no le líon sna fíor-uiscí luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'fheidhmiú go dleathach) iasc (seachas eascoin) d'iascach no do ghabháil no do thógaint ná tabhairt fé san do dhéanamh le aon tsórt lín i bhfíor-uiscí Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe sin den alt so le bradóg d'úsáid mar chongnamh chun iascach dleathach do dhéanamh le slait is ruaim agus mar sin amháin ná le bradóg no líon eile d'úsáid chun éise do thógaint go dleathach as cora dhleathach iascaigh ná ní bheidh ceachtar den dá ní sin neadhleathach de dhruim an fho-ailt sin. | |
[EN] | (3) Gach duine dhéanfaidh iasc d'iascach no do ghabháil no do thógaint no bhéarfaidh fé san do dhéanamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, priosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá mhí agus ina theanta san geallbhruidfear, i ngach cás, gach líon, bád agus ionstruimint eile do húsáideadh i ndéanamh an chionta san. | |
[EN] | (4) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ar agra an Bhúird no ar agra an bhúird choimeádaithe gur laistigh dá gceanntar do rinneadh an cionta. |