9 1935


Uimhir 9 de 1935.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (REACHT-SHAOIRSE DO LEATHNÚ), 1935.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE REACHT-SHAOIRSE RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS LE CLÁRÚ TOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚLA. [29adh Márta, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “dáta cáilíochta” aon 15adh lá de Mhí na Samhna tar éis an Achta so do rith;

cialluíonn an abairt “an chéad dáta cáilíochta” an chéad 15adh lá de Mhí na Samhna tar éis an Achta so do rith;

ní fholuíonn an focal “duine” cólucht corpruithe ná cólucht neamh-ionchorpruithe de dhaoine.

(2) Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) , agus leis an méid den Representation of the People Act, 1918, agus den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , a bhaineann no d'fhéadfadh baint le reacht-shaoirse rialtais áitiúla no le clárú toghthóirí rialtais áitiúla.

Reacht-shaoirse rialtais áitiúla do leathnú.

2. —(1) Gach duine (idir fhireann agus baineann) a bheidh, ar aon dáta cáilíochta, ina shaoránach de Shaorstát Éireann agus bliain is fiche slán aige agus gan é fé aon mhí-chumas dlíthiúil beidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár de thoghthóirí a hullamhófar maidir leis an dáta cáilíochta san mar thoghthóir rialtais áitiúla sa togha-líomatáiste rialtais áitiúla ina raibh gnáthchomhnaí air ar an dáta cáilíochta san.

(2) An ceart a bronntar leis an alt so ar dhuine ar bith chun a chláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla beidh sé i dteanta aon chirt agus gan dochar d'aon cheart chun a chláruithe amhlaidh a bheidh ag an duine sin fé achtachán ar bith atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith.

Forálacha diombuana.

3. —Ar feadh na tréimhse o am an Achta so do rith agus dá éis sin agus roimh an gcéad 1adh lá de Mheitheamh tar éis an chéad dáta cáilíochta tuigfear gach duine bheidh cláruithe mar thoghthóir Dhála in aon togha-líomatáiste rialtais áitiúla agus ná beidh cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla sa togha-líomatáiste sin do bheith cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla sa toghalíomatáiste sin agus beidh aige pé cearta vótála (más aon cheann é) do bheadh aige de bharr a chláruithe amhlaidh.

Eisceacht maidir le dí-cháilíochtaí, etc.

4. —Duine ar bith a bheidh cláruithe no tuigfear do bheith cláruithe fén Acht so no dá bhuadh mar thoghthóir rialtais áitiúla ní shaorfaidh an clárú san é o aon dí-cháilíocht chun vótála, ná o aon phionós mar gheall ar vótáil agus é dí-cháilithe, ná o theorainn ar bith a bheidh leis an líon de vótanna is infheidhmithe.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse do Leathnú), 1935 , do ghairm den Acht so.