20 1935


Uimhir 20 de 1935.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN ALT 51, 52 AGUS 53 DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ GO nÉIFEACHT IAR-RÉ. [7adh Meitheamh, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Soláthair Leictreachais.

Alt 51 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) An chomhacht a bronntar ar an mBord le to-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht chun línte iompartha agus línte roinnte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn no trambhealaigh beidh mar chuid di agus tuigfear go raibh riamh mar chuid di comhacht chun línte den tsórt san do chur suas aon aoirde os cionn tailimh agus fós comhacht chun pé postaí, polaí no déanmhaisí eile do chur suas in aon tsráid, bóthar, bóthar iarainn, no trambhealach no air, is dóich leis an mBord is gá no is ceart chun aon líne den tsórt san a cuirfear suas amhlaidh d'iompar no do choinneáil suas, agus an chomhacht a bronntar ar an mBord leis an bhfo-alt san chun aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn no trambhealaigh do réabadh beidh mar chuid di agus tuigfear go raibh riamh mar chuid di comhacht chun aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn no trambhealaigh do réabadh chun postaí, polaí agus déanmhaisí eile den tsórt san roimhráite do chur suas ann no air.

(2) An chomhacht a bronntar ar an mBord le fo-alt (2) d'alt 51 den Phríomh-Acht chun comhachta do bhronnadh ar aon ghnóthaire údaruithe chun línte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn no trambhealaigh beidh mar chuid di agus tuigfear go raibh riamh mar chuid di comhacht chun comhachta den tsórt chéanna do bhronnadh ar aon ghnóthaire údaruithe chun línte den tsórt san do chur suas aon aoirde os cionn tailimh agus fós comhacht den tsórt chéanna chun pé postaí, polaí agus déanmhaisí eile do chur suas in aon tsráid, bóthar, bóthar iarainn, no trambhealach den tsórt san no air, is dóich leis an ngnóthaire údaruithe sin is gá no is ceart chun aon líne den tsórt san a cuirfear suas amhlaidh d'iompar no do choinneáil suas, agus comhacht chun na sráide, an bhóthair, an bhóthair iarainn, no an trambhealaigh sin do réabadh chun aon phosta, pola no déanmhais eile den tsórt san do chur suas.

(3) I gcás imeachta dlí do bhunú i gcoinnibh an Bhúird roimh an 11adh lá d'Abrán, 1935, maidir le post, pola no déanmhas eile go ndeineann an t-alt so é bheith dleathach é chur suas agus na himeachta san do bheith ar feitheamh (pe'ca i gcúirt chéadchéime é no i gcúirt go ndlighinse athchomharcach maidir leis na himeachta san) le linn an Achta so do rith, tuigfear chun críche na n-imeacht san gan feidhm ná éifeacht do bheith ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir leis an bposta no leis an bpola no leis an déanmhas eile sin agus bhéarfar breith ar na himeachta san fé is ná hachtófaí na fo-ailt sin.

Alt 52 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Léireofar alt 52 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá bhfoluíodh an focal “bóthar” sráid.

(2) Aon ghníomh no ordú do rinne an Bord fé alt 52 den Phríomh-Acht roimh an Acht so do rith agus gur de bhuadh an leasuithe dheineann an t-alt so ar an alt san 52 agus dá bhuadh san amháin a deintear é bheith dleathach ní bheidh sé neadhleathach de bhíthin gan an Bord do dhul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil mar is gá do réir an fho-ailt, a bhaineann leis an gcás, den alt san 52 mar a leasuítear amhlaidh é agus dá bhíthin sin amháin.

Alt 53 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —Bainfidh fo-alt (2) d'alt 53 den Phríomh-Acht agus tuigfear gur bhain sé riamh le líne leictreachais ar bith agus le fearas leictreachais ar bith, agus áireamh do dhéanamh go sonnrách ar aon líne leictreachais do cuireadh no cuirfear suas os cionn tailimh fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn, no trambhealaigh agus aon fhearas leictreachais is cuid d'aon líne leictreachais do cuireadh no cuirfear suas amhlaidh no dheineann ceangal leis an gcéanna.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1934, agus den Acht so le chéile.