An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifite Corparaide.)

28 1935

ACHT AIRGID, 1935

CUID III.

Diuitethe Bais.

Cáinmheas ar ionaduithe pearsanta daoine dhligheann diúité báis d'íoc.

30. —(1) I gcás duine dhlighfidh cuntas maoine do sheachadadh chun críche cáinmheasta diúité estáit, no diúité léagáide, no diúité chomharbais alos na maoine sin d'fháil bháis gan an cuntas san do bheith seachadta aige, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh, an diúité sin do cháinmheas is iníoctha alos na maoine sin chó fada agus is eol, is tuigthe, agus is léir dóibh san.

(2) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir an fho-ailt sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim no cuirfid fé ndeár go ndéanfar dúbláid den cháinmheas san do chur go dtí seiceadúir no riarthóir an duine do dhligh faid a bhí sé beo an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh, agus luighfidh an t-athchomharc céanna i gcoinnibh an cháinmheasa san ar agra an tseiceadúra no an riarthóra san no ar agra aon duine ar a ngoillfidh an cáinmheas san do luighfeadh i gcoinnibh an cháinmheasa san dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí é.

(3) Féadfar an diúité measfar le cáinmheas ar n-a dhéanamh mar adubhradh do bhaint amach ón seiceadúir no ón riarthóir sin sa tslí chéanna ina bhféadfaí agus tré imeachta den tsórt chéanna tré n-a bhféadfaí an diúité sin do bhaint amach, dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí an cáinmheas, ach ní dhlighfidh an seiceadúir no an riarthóir sin an diúité sin d'íoc i méid is mó ná sócmhainní an duine dár seiceadúir no riarthóir é agus do fuair an seiceadúir no an riarthóir sin no do bheadh faighte aige mara mbeadh faillí no teip uaidh féin.

(4) Ní déanfar de bhuadh an ailt seo diúité do ghearradh ná do cháinmheas ar aon tseiceadúir ná riarthóir do rinne, roimh dháta an Achta so do rith, lán-riaradh ar estát an duine dár seiceadúir no riarthóir é agus sóchmhainní an duine sin do roinnt.

Diúité do cháinmheas i gcás gan cuntas do sheachadadh.

31. —(1) Má theipeann ar dhuine, dhligheann cuntas maoine do sheachadadh chun diúité estáit no diúité léagáide no diúité comharbais do cháinmheas, an cuntas san do sheachadadh do sna Coimisinéirí Ioncuim, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh, an diúité sin do cháinmheas is iníoctha alos na maoine sin chó fada agus is col, is tuigthe, agus is léir dóibh san.

(2) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir an fho-ailt sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) más eol do sna Coimisinéirí Ioncuim cad is áit chomhnuithe don duine dhligheann an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh, dúbláid den cháinmheas san do chur no a chur fé ndeár í do chur tríd an bpost chláruithe chun an duine sin fé sheoladh na háite comhnuithe sin aige, no

(b) marab eol do sna Coimisinéirí Ioncuim cad is áit chomhnuithe don duine sin, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá go ndearnadh an cáinmheas san agus pé mion-innste ann i dtaobh an cháinmheasa san is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(3) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do réir an fho-ailt sin, beidh ag an té dhlighfidh an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh no ag éinne ar a ngoillfidh an cáinmheas san an ceart céanna athchomhairc i gcoinnibh an cháinmheasa san do bheadh aige dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí an cáinmheas san, ach amháin, i gcás inar gá do réir an ailt seo fógra i dtaobh an cháinmheasa san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, gur o dháta fhoillsithe an fhógra san a comharófar an t-am a ceaptar do réir dlí don athchomharc san.

(4) Féadfar an diúité measfar le cáinmheas fén alt so do bhaint amach sa tslí chéanna ina bhféadfaí agus tré imeachta den tsórt chéanna tré na bhféadfaí an diúité sin do bhaint amach da mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh do cáinmheasfaí é.

Diúité báis i gcás maoine áirithe do bhí fé bhlianacht, etc., roimhe sin.

32. —I gcás duine gheobhaidh bás tar éis an Achta so do rith tuigfear chun crícheanna Coda I den Finance Act, 1894, maoin do bhí roimhe sin fé bhlianacht no íocaíocht tréimhsiúil eile do bhí le scur ar bhás an duine mhairbh sin do dhul chun duine eile, ar bhás an duine mhairbh sin, chó fada le méid an tsochair do thiocfadh as an mblianacht no an íocaíocht tréimhsiúil eile sin do scur, d'ainneoin go ndearnadh an bhlianacht no an íocaíocht tréimhsiúil eile sin do thabhairt suas no d'árachú no scarúint léi no í do chur de láimh ar shlí eile (pe'ca ar luach é no ar shlí eile) faid a bhí an duine marbh san beo chun an duine no chun sochair don duine do bhí i dteideal na maoine sin, maran rud é—

(a) go ndearnadh an tabhairt suas, an t-árachú, an scarúint no an cur de láimh sin bona fide trí bliana ar a laighead roimh bhás an duine mhairbh sin, agus

(b) ná raibh an duine marbh san, tráth ar bith laistigh de thrí bliana roimh a bhás, ag fáil aon mhalairt bhlianachta no íocaíochta tréimhsiúla eile do bhí le scur ar a bhás agus do cuireadh in áirithe dho (pe'ca tré chonnradh no ar shlí eile é) i gcomaoin an tabhartha suas, an árachuithe, na scarúna, no an chur de láimh sin.

Airgead a bheidh in ainmneacha beirt daoine no níos mó d'íoc.

33. —(1) Más rud é go ndéanfar, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, suim airgid is mó ná céad púnt do lóisteáil no do chur i dtaisce (ar shlí seachas ar chuntas reatha) i Saorstát Éireann le bancaer i gcó-ainmneacha beirt daoine no níos mó, agus go bhfuighidh duine acu san (dá ngairmtear an duine marbh san alt so) bás tar éis an Achta so do rith, ní íocfaidh an bancaer sin an t-airgead san ná aon chuid de leis an duine ná leis na daoine uile ná le haon duine de sna daoine mhairfidh i ndiaidh an duine sin ná le duine ar bith eile mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh) deimhniú do thabhairt don bhancaer sin á dheimhniú ná fuil aon éileamh ar dhiúité gan íoc maidir le bás an duine mhairbh alos an airgid sin no aon choda dhe.

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 6 den Finance Act, 1894, tuigfear chun crícheanna an ailt seo diúité is inghearrtha agus is iníoctha ar bhás an duine mhairbh do theacht chun bheith dlite lá an duine mhairbh d'fháil bháis.

(3) Gach bancaer íocfaidh aon airgead contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear píonós máil de chúig céad púnt do chur air.

(4) Má cúisítear bancaer i gcionta fén alt so is ar an mbancaer sin a bheidh a chruthú go ndearnadh deimhniú den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt don bhancaer sin sara ndearna sé an íocaíocht go ndeirtear gurb é an cionta san é.

(5) Má cúisítear bancaer i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú go raibh foras réasúnta ag an mbancaer sin, nuair do rinne sé an íocaíocht airgid go ndeirtear gurb é an cionta san é, chun a chreidiúint ná raibh éinne de sna daoine gur ina gcó-ainmneacha a bhí an t-airgead san lóisteálta no curtha i dtaisce leis tar éis bháis d'fháil.

(6) San alt so—

cialluíonn an focal “bancaer” duine ag á mbíonn gnó bancaerachta ar siúl i Saorstát Éireann;

foluíonn an focal “íoc” aistriú i leabhair bhancaera;

cialluíonn an abairt “cuntas reatha” cuntas go n-oibrítear air de ghnáth tré sheic no tré ordú bhancaera.