|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935) | Ar Aghaidh (CUID II. Pinsin (Sintiusacha) Bhaintreach agus Pinsin (Sintiusacha) Dilleachtaithe.) |
ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —(1) San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, mar a leasuítear iad leis an achtachán so no mar a leasófar iad le haon achtachán ina dhiaidh seo; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “tír cheaptha” tír | |
[EN] | (a) ina mbeidh socrú déanta tré achtachán reachtúcháin chun aon scéim phinsean do bhunú inti— | |
[EN] | (i) a dheimhneoidh an tAire do bheith go substainteach ar aon dul leis an scéim phinsean a bunuítear leis an Acht so, agus | |
[EN] | (ii) ina mbeidh socrú chun pinsin d'íoc le daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann, agus | |
[EN] | (b) nách tír go mbeidh comhar-shocrú déanta ag an Aire le n-a húdarás ceart fé sna forálacha de chuid VII den Acht so bhaineann le comhar-shocrú do dhéanamh le tíortha eile; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “pinsean” gan coinníoll cialluíonn sé pinsean ar bith fén Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an focal “saighdiúir” ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann (ar a n-áirmhítear an Cúltaca) go mbeidh síntiúisí fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta iníoctha ina thaobh de thurus na huaire fé sna hAchtanna san; | |
[EN] | tá an brí céanna leis an abairt “bliain síntiúis” atá leis an abairt “contribution year” sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an abairt “an aois cheaptha” maidir le leanbh cialluíonn sí aois cheithre mblian déag maran leanbh é bheidh, ar an aois sin do bheith slán aige, fé theagasc lán-aimsire i scoil lae agus a leanfaidh de bheith fén teagasc lán-aimsire sin tar éis na haoise sin do bheith slán aige agus sa chás san cialluíonn an abairt sin an aois (nach mó ná sé bliana déag) gur go dtí í leanfaidh an leanbh san de bheith fén teagasc lán-aimsire sin no gur leanbh é bheidh, ar a cheithre bliana déag do bheith slán aige, neamh-inniúil, de dheascaibh laige chuirp no aigne, ar theagasc lán-aimsire do ghlacadh i scoil lae no ar ghabháil le haon tslí bheatha le n-a ngabhann luach saothair agus sa chás san cialluíonn an abairt sin an aois (nách mó ná sé bliana déag) gur go dtí í leanfaidh an laige chuirp no aigne sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “údarás conganta phuiblí” an t-údarás áitiúil go mbeidh de chúram ortha tré aon achtachán no dá réir na dlithe bhaineann le fóirithin na mbocht do riaradh i líomatáiste ar bith: | |
[EN] | cialluíonn an abairt “congnamh díomhaointis” congnamh díomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Cumann Aontuithe” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so. | |
[EN] | (2) I gcás baintreach aon fhir do phósadh ath-uair ní tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb í baintreach an fhir chéile do bhí aici roimhe sin í. | |
[EN] |
Leanbhaí agus dílleachtaithe. |
3. —(1) San Acht so— |
[EN] | foluíonn an focal “leanbh” leas-leanbh agus, maidir le fear, leanbh mí-dhlisteanach, leis féin no le n-a mhnaoi chéile, do bhí ina chomhnaí in éintigheas leis an tráth do fuair seisean bás agus, maidir le mnaoi, foluíonn sé leanbh mí-dhlisteanach leis an mnaoi sin do bhí ina chomhnaí in éintigheas léi an tráth do fuair sise bas; | |
[EN] | cialluíonn an focal “dílleachtaí” leanbh go bhfuil a athair agus a mháthair marbh. | |
[EN] | (2) Má bhíonn baintreach aon fhir, ar feadh aon tréimhse, i bpríosún fé bhreith phríosúntachta do réir orduithe chúirte á ordú í chur i bpríosún gan a rogha dhi fíneáil d'íoc, no fé bhreith phian-tseirbhíse, no á cothú in áit ar bith mar ghealt choiriúil no mar othar neamh-íocach in aon óspidéal meabhairghalar ceanntair no fo-óspidéal meabhair-ghalar, do réir bhrí ailt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear san le halt 79 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), ansan, chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (neashíntiúsacha) dílleachtaithe, deighleálfar le leanbhaí an fhir sin (más ann dóibh) ar feadh na tréimhse sin fé is dá mba leanbhaí dílleachtacha leis an bhfear san iad. | |
[EN] | (3) Má bhíonn leanbh fir mhairbh ar feadh aon tréimhse, le linn baintreach an fhir sin do bheith ina beathaidh— | |
[EN] | (i) á choinneáil i scoil cheartúcháin no saothair, no | |
[EN] | (ii) do réir orduithe o chúirt, i gcoimeád duine éigin seachas an bhaintreach san, no | |
[EN] | (iii) tréigthe no fágtha ag an mbaintrigh sin, no | |
[EN] | (iv) ina chomhnaí i bhfundúireacht no curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha, den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bhaineann le hacfuinn na baintrighe sin d'áireamh, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é, agus | |
[EN] | (b) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) dílleachtaithe deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is dá mba leanbh dílleachtach leis an bhfear san é. | |
[EN] | (4) Má bhíonn leanbh fir mhairbh ar feadh aon tréimhse, le linn baintreach an fhir sin do bheith ina beathaidh, ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le ré:— | |
[EN] | (a) mara mbeidh an leanbh san ina chomhnaí i dtír cheaptha, ansan, chun crícheanna Coda II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) bhaintreach, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é; | |
[EN] | (b) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha, den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bhaineann le hacfuinn na baintrighe sin d'áireamh, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é. | |
[EN] | (5) I gcás leanbh do rugadh sarar phós a thuismitheoirí do dhlisteanú de bhuadh a thuismitheoirí do phósadh ina dhiaidh sin, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur leanbh do rugadh den phósadh san an leanbh san. | |
[EN] |
Fostaíochtaí eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so. |
4. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so” fostaíocht do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) (i) gur fostaíocht í is fostaíocht eiscithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, de bhuadh deimhnithe do tugadh fé mhír (b) no (c) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an National Insurance Act, 1911, no | |
[EN] | (ii) gur fostaíocht í fé aon údarás áitiúil no údarás puiblí eile dúntar amach o Chuid I den Chéad Sceideal san do réir mhíre (e) den Chuid sin (eadhon, an mhír do cuireadh isteach tré alt 6 den National Insurance Act, 1913), agus | |
[EN] | (b) nách fostaíocht í is fostaíocht eiscithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, de bhuadh míre (g) de Chuid II den chéad Sceideal san, agus | |
[EN] | (c) nách fostaíocht í go bhfuil ordú déanta ina taobh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so.. | |
[EN] | (2) Sa mhéid go mbainfidh mír (g) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an National Insurance Act, 1911, mar a leasuítear í tré alt 1 den National Health Insurance Act, 1919, le haon tréimhse roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1919, beidh éifeacht aici, chun crícheanna míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, fé is dá ndeintí sa mhír sin (g), agus í leasuithe amhlaidh, na focail “one hundred and sixty pounds” do chur in ionad na bhfocal “two hundred and fifty pounds” i ngach áit ina bhfuil na focail sin. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an Aire, maidir le haon fhostaíocht a bheidh do réir na gcoinníollacha luaidhtear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt so, socrú bheith déanta, tré aon achtachán reachtúcháin no ar shlí eile le n-a n-aontóidh an tAire, chun go bhfuighfear, maidir le baintreacha agus leanbhaí fear a bheidh sa bhfostaíocht san no maidir le leanbhaí ban a bheidh sa bhfostaíocht san, sochair a bheidh, tríd is tríd, gan bheith níos lugha ná na sochair a bronntar leis an Acht so féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú nách fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so an fhostaíocht san. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an Achta so beidh feidhm ag alt 66 den National Insurance Act, 1911, maidir le haon cheist i dtaobh ce'ca fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so no saghas áirithe fostaíochta eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so aon fhostaíocht áirithe no saghas áirithe fostaíochta no nách eadh, no i dtaobh ce'ca ba dhuine sa bhfostaíocht eiscithe sin duine áirithe no nárbh eadh no ce'ca duine den tsórt san é no nách eadh, agus le haon cheist i dtaobh cé is fostóir no cé dob fhostóir do dhuine in aon fhostaíocht eiscithe den tsórt san, fé is dá mba le fostaíocht do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta do bhainfeadh an cheist. | |
[EN] |
Daoine árachuithe. |
5. —(1) Is duine árachuithe chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) gach duine is duine árachuithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta; | |
[EN] | (b) gach duine is saigdiúir. | |
[EN] | (c) gach duine i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so. | |
[EN] | (2) Má scuireann duine, is duine árachuithe de bhuadh míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, de bheith i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so leanfaidh an duine sin, chun crícheanna an Achta so, de bheith ina dhuine árachuithe ar feadh tréimhse de dhá mhí dhéag a thosnóidh díreach tar éis deireadh na seachtaine inar scuir sé de bheith i bhfostaíocht amhlaidh. | |
[EN] | Nuair a beifear, chun crícheanna an fho-ailt seo, ag áireamh na tréimhse sin de dhá mhí dhéag ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse bheidh an té do scuir amhlaidh de bheith i bhfostaíocht neamh-inniúil chun oibre de dheascaibh galair éigin áirithe no mí-chumais chuirp no aigne gur tugadh fógra agus cruthú ina thaobh don Aire fé cheann na haimsire orduithe agus sa tslí orduithe ná ar aon tréimhse tar éis a sheachtó bliain do bheith slán ag an duine sin. | |
[EN] | (3) San Acht so nuair a húsáidtear an abairt “duine árachuithe” gan coinníoll cialluíonn sí duine is duine árachuithe de bhuadh an ailt seo, agus léireofar an focal “árachas” dá réir sin maidir le haon duine den tsórt san. | |
[EN] |
Fostaíocht talmhaíochta. |
6. —(1) San Acht so nuair a húsáidtear an abairt “fostaíocht talmhaíochta” maidir le duine ar bith cialluíonn sí fostaíocht in obair thalmhaíochta ar thalamh atá i seilbh dhuine éigin eile agus a húsáidtear le haghaidh talmhaíochta amháin ach ní fholuíonn sí fostaíocht mar sheirbhíseach tighis. |
[EN] | (2) Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca fostaíocht talmhaíochta do réir bhrí an Achta so aon fhostaíocht áirithe no nách eadh cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi. | |
[EN] |
Contae-bhuirgí, baile-líomatáistí agus tuath-líomatáistí. |
7. —(1) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gur contaebhuirg Buirg Dhún Laoghaire. |
[EN] | (2) San Acht so cialluíonn an abairt “baile-líomatáiste” aon bhailecheanntar (nach contae-bhuirg) gur mó ná seacht míle a líon daoine (do réir an mhóráirimh daoine gurb é móráireamh is déanaí den tsórt san é de thurus na huaire). | |
[EN] | (3) San Acht so cialluíonn an abairt “tuath-líomatáiste” aon líomatáiste nách contae-bhuirg ná baile-líomatáiste. | |
[EN] |
Laetheanta ceaptha. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina chéad lá cheaptha chun crícheanna an Achta so agus lá (eadhon, an lá ceapfar chun bheith ina chéad lá cheaptha no lá eile) do cheapadh chun bheith ina dhara lá cheaptha chun crícheanna an Achta so. |
[EN] | (2) San Acht so cialluíonn na habairtí “an chéad lá ceaptha” agus “an dara la ceaptha” an lá no na laetheanta cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina chéad lá cheaptha agus ina dhara lá cheaptha fé seach. |