35 1935


Uimhir 35 de 1935.


ACHT CEÁRD-CHUMAINN, 1935.


ACHT CHUN AILT 7 DEN TRADE UNION ACT, 1871, DO LEASÚ TRÉ FHOCAIL ÁIRITHE ATÁ ANOIS ANN DO SCRIOSADH AMACH AS. [2adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 7 den Trade Union Act, 1871, do leasú.

1. —Léireofar alt 7 den Trade Union Act, 1871, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “not exceeding one acre” atá anois ann do scriosadh amach as.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Ceárd-Chumainn, 1935 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, do ghairm de sna Trade Union Acts, 1871 to 1917, agus den Acht so le chéile.