Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Na Tairisginti le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain.)

40 1935


Uimhir 40 de 1935.


ACHT CHUMANN NA NÁISIÚN (OBLAGÁIDÍ BALLRAÍOCHTA, 1935.


ACHT CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT DON ARD-CHOMHAIRLE SLÍ DO GHLACADH CHUN OBLAGÁIDÍ ÁIRITHE DÁ bhFUIL AR SHAORSTÁT ÉIREANN MAR BHALL DE CHUMANN NA NÁISIÚN DO CHÓLÍONADH. [15adh Mí na Samhna, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Coiste Có-ordúcháin” an Coiste do bhunuigh Baill de Chumann na Náisiún chun có-orduithe nithe do bheadh le déanamh ag na Baill sin i gcólíonadh na n-oblagáidí atá ortha fé Airtiogal 16 de Naidhmcheangal Chumann na Náisiún do bhreithniú agus do chur in usacht;

cialluíonn an abairt “na Tairisgintí Sceidealta” na Tairisgintí (sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so) le n-ar ghlac an Coiste Có-ordúcháin.

Comhachta na hArd-Chomhairle.

2. —(1) Chun éifeachta do thabhairt do sna Tairisgintí Sceidealta, sa mhéid go bhfuilid le cur i bhfeidhm ag Rialtas Shaorstáit Éireann, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach slí do ghlacadh, gach toirmeasc agus srian d'fhorchur, agus gach ní do dhéanamh is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá chun gach meán no aon mheán dá luaidhtear sna Tairisgintí Sceidealta do chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so féadfaidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, socrú do dhéanamh i dtaobh gach cúrsa, agus fós gach rud do dhéanamh, is dóich leis an Ard-Chomhairle bhainfidh no gheobhaidh le foirfheidhmiú no is gá chun foirfheidhmithe gach forála no aon fhorála d'fhorálacha an orduithe sin a déanfar amhlaidh fén bhfo-alt san.

Orduithe do leasú agus do cheiliúradh.

3. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, fé mar is dóich leo is ceart, ar ordú ar bith bheidh déanta roimhe sin ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén alt so.

Cosaint do chóluchtaí creidimh agus daoncharadais.

4. —Aon ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, ag toirmeasc no ag srianadh aon cadarghnótha dá luaidhtear i dTairisgint II de sna Tairisgintí Sceidealta, ní bhainfidh le haon eadarghnó ná ní dhéanfaidh deifir d'aon eadarghnó déanfar le haon chólucht no cóghléasadh creidimh no daoncharadais no chun tairbhe d'aon chólucht no cóghléasadh den tsórt san.

Ciontaí agus pionóisí.

5. —(1) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar ordú beidh déanta ag an Ard-Chomhairle fén Acht so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear—

(a) ar a chiontu ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil do chur air de pé méid is dóich leis an gCúirt is ceart no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, no pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná seacht mbliana, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht no an phian-tseirbhís sin le chéile.

(2) Má dheineann cuideachta no cólucht corpruithe eile cionta fén alt so beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile don chólucht chorpruithe sin, d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach freisin i gcionta fén alt so agus, ar a gciontú ann, beid inphionósuithe dá réir sin.

Orduithe do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

6. —Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar Acht Chumann na Náisiún (Oblagáidí Ballraíochta), 1935, do ghairm den Acht so.