42 1935


Uimhir 42 de 1935.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COMHAR-ÁRACHAS), 1935.


ACHT CHUN ACHTANNA NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COMHAR-ÁRACHAS), 1926 AGUS 1928, DO LEATHNÚ.

[28adh Mí na Samhna, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “Achtanna 1926 agus 1928” Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) agus Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1928 (Uimh. 21 de 1928) .

Baint Achtanna 1926 agus 1928 do leathnú.

2. —Beidh gach coiste oideachais ghairme beatha agus tuigfear go raibh sé riamh ina údarás áitiúil chun crícheanna agus do réir bhrí Achtanna 1926 agus 1928, agus bainfidh na hAchtanna san agus tuigfear gur bhaineadar riamh le coistí oideachais ghairme beatha dá réir sin.

An abairt “údaras áitiúil” do leathnú le hordú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, a dhearbhú aon chólucht, údarás no bord áitiúil a hainmneofar agus a tuairisceofar san ordú san do bheith ina údarás áitiúil chun crícheanna agus do réir bhrí Achtanna 1926 agus 1928.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an cólucht, an t-údarás no an bord áitiúil, a hainmneofar agus a tuairisceofar san ordú san, ina údarás áitiúil, chun crícheanna agus do réir bhrí Achtanna 1926 agus 1928, faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus fé réir aon leasuithe déanfar air, agus dá réir sin bainfidh na hAchtanna san le gach cólucht, údarás no bord den tsórt san.

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tráth ar bith, le hordú, aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so, de cheiliúradh no do leasú.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 go 1935, do ghairm d'Achtanna 1926 agus 1928 agus den Acht so le chéile.