5 1936


Uimhir 5 de 1936.


ACHT FREASTAL SCOILE, 1936.


ACHT CHUN AILT 4 DEN ACHT FREASTAL SCOILE, 1926 , DO LEASÚ. [14adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Freastal Scoile, 1926 (Uimh. 17 de 1926) .

Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Deintear leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “an bhliain 1940” do chur isteach i ngach fo-alt díobh san in ionad na bhfocal “an bhliain 1936”.

Gearr-theideal agus luadh.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige o thosach feidhme an ailt sin 4.

3. —Féadfar an tAcht Freastal Scoile, 1936 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 agus 1936, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.