Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Tabla de Thuairisci agus de sna Reigiuin Spainneacha le n-a mBainid.)

6 1936


Uimhir 6 de 1936.


ACHT UM AN gCÓ-AONTÚ TRÁDÁLA LEIS AN SPÁINN, 1936.

ACHT CHUN AN tSOCRUITHE SIN DO DHÉANAMH IS GÁ CHUN LÁN-ÉIFEACHTA DO THABHAIRT D'FHORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHÓ-AONTÚ THRÁDÁLA, IDIR SAORSTÁT ÉIREANN AGUS AN SPÁINN, DO SIGHNÍODH AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1935. [14adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Srian le tuairiscí d'úsáid ná baineann le ceart ach le fíonta Spáinneacha.

2. —Féadfaidh an tAire o am go ham, fé mar is rogha leis féin é, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú dearbhach san Acht so) tuairisc áirithe luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith ar feadh tréimhse áirithe (dá ngairmtear tréimhse feidhme san Acht so), pe'ca ina haonar no 1 dteanta aon cheann de sna focail “character,” “type,” “quality,” “kind,” no i dteanta aon fhocail, abairte, no cáilíochta den tsamhail sin a húsáidfear í, ina tuairisc thrádála bhréagaigh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nuair do bhéarfar í do réir bhrí na nAchtanna san mar thuairisc ar aon fhíon no digh eile agus go mbeidh feidhm agus éifeacht ag na hAchtanna san dá réir sin maran rud é gur fíon do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) an fíon no an deoch eile ar a dtabharfar an tuairisc sin agus go raibh, le linn san d'iomportáil amhlaidh, deimhniú tionnscnaimh ag gabháil leis do thug údarás Spáinneach amach a bheidh deimhnithe de thurus na huaire ag an Aire do bheith inniúil chuige sin, deimhniú sa chéill gur sa réigiún no i gceann de sna réigiúin sa Spáinn, a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh na tuairisce áirithe sin sa chéad cholún den Sceideal san, do táirgeadh an fíon san.

Eifeacht orduithe dhearbhaigh.

3. —Ar feadh tréimhse feidhme orduithe dhearbhaigh no ar feadh aon fhaidithe fén Acht so ar thréimhse feidhme orduithe dhearbhaigh beidh an tuairisc a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh luaidhte san ordú san, pe'ca ina haonar no i dteanta aon cheann de sna focail “character,” “type,” “quality,” “kind,” no i dteanta aon fhocail, abairte, no cáilíochta den tsamhail sin a húsáidfear í, beidh sí, nuair do bhéarfar í do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, mar thuairisc ar aon fhíon no digh eile, ina tuairisc thrádála bhréagaigh do réir bhrí na nAchtanna san agus beidh feidhm agus éifeacht ag na hAchtanna san dá réir sin maran rud é gur fíon do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) an fíon no an deoch eile ar a dtabharfar an tuairisc sin agus go raibh, le linn san d'iomportáil amhlaidh, deimhniú tionnscnaimh ag gabháil leis do thug údarás Spáinneach amach a bheidh deimhnithe de thurus na huaire ag an Aire do bheith inniúil chuige sin, deimhniú sa chéill gur sa réigiún no i gceann de sna réigiúin sa Spáinn a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh luaidhte san ordú san do táirgeadh an fíon san.

Ordú dearbhach do leathnú agus do cheiliúradh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, ar n-a dhéanamh tráth ar bith roimh dheireadh thréimhse feidhme orduithe dhearbhaigh a bheidh déanta aige fén Acht so no, i gcás an tréimhse sin d'fhaidiú, roimh dheireadh an fhaidithe bheidh ann de thurus na huaire ar an tréimhse feidhme sin, an tréimhse feidhme sin d'fhaidiú no d'fhaidiú tuille (pe'ca aca é) o dheireadh na tréimhse sin no an fhaidithe sin uirthi go dtí pé dáta is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh do dhéanamh, o aon dáta áirithe nách luatha ná dáta an orduithe sin, ar aon ordú dearbhach do rinne sé fén Acht so agus go mbeidh a thréimhse feidhme no faidiú ar a thréimhse feidhme gan caitheamh de thurus na huaire.

Saoirse theoranta maidir le deochanna bheidh iomportálta cheana.

5. —Ar feadh na tréimhse de bhliain o dháta an Achta so do rith ní bheidh baint ag aon ordú dearbhach, a dhéanfaidh an tAire fén Acht so, le haon fhíon no digh eile do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an dáta san ná ní bheidh feidhm aige maidir leis an gcéanna.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht um an gCó-Aontú Trádála leis an Spáinn, 1936 , do ghairm den Acht so.