7 1936


Uimhir 7 de 1936.


ACHT AIRGID (AIS-TARRAC SPEISIALTA), 1936.

ACHT CHUN A ÚDARÚ GO nAISÍOCFAÍ, I bhFUIRM AIS-TARRAIC, AN DIÚITÉ CUSTUM DO hÍOCADH AR GHUAL AGUS AR SHUBSTAINTÍ ÁIRITHE DÁ SHAMHAIL DO BHÍ AR STOC TRÁTH SCURTHA AN DIÚITÉ SIN.

[14adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “iomportálaí cláruithe” duine do bhí, an 24adh lá d'Eanar, 1936, cláruithe sa chlár a bhí á choinneáil ar siúl do réir ailt 7 den Acht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 (Uimh. 12 de 1934) , chun crícheanna an Orduithe chun Iomportálanna do Rialú (Quota Uimh. 11), 1934, do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht san an 21adh lá de Mhí na Nodlag, 1934;

cialluíonn an abairt “diúité guail” an diúité custum a gearradh le mír 6 den Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 5), 1932 (do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1932) agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 1 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú san;

cialluíonn an abairt “teine-abhar indiúité” substaint ar a raibh diúité guail inéilithe le linn í d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann.

Ais-tarrac d'íoc ar theine-abhar áirithe indiúité.

2. —Ar an teine-abhar indiúité uile go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh—

(a) go ndearna iomportálaí cláruithe an teine-abhar indiúité sin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, agus

(b) go ndearnadh diúité guail d'íoc ar an teine-abhar indiúité sin, agus

(c) go raibh an teine-abhar indiúité sin ar únaeracht no ar seilbh ag an iomportálaí cláruithe sin i ndeireadh an 24adh lá d'Eanar, 1936,

déanfar ais-tarrac do réir cúig scillinge an tonna d'íoc leis an iomportálaí cláruithe sin.

(2) Ar an teine-abhar soladach uile go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh—

(a) go ndearna iomportálaí cláruithe an teine-abhar soladach san i Saorstát Éireann, agus

(b) gurb é bhí sa teine-abhar soladach san ar fad no nách mór ar fad ná gual no deannach guail d'iomportáil an t-iomportálaí cláruithe sin isteach i Saorstát Éireann, agus

(c) gur híocadh diúité guail ar an ngual no ar an deannach guail uile do húsáideadh i ndéanamh an teine-abhair sholadaigh sin, agus

(d) go raibh an teine-abhar soladach san ar únaeracht no ar seilbh ag an iomportálaí cláruithe sin i ndeireadh an 24adh lá d'Eanar, 1936,

íocfar leis an iomportálaí cláruithe sin ais-tarrac do réir cúig scillinge an tonna ar an ngual no ar an deannach guail uile den tsórt san go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur húsáideadh é i ndéanamh an teine-abhair sholadaigh sin.

Éilithe, etc., do rinneadh roimh an Acht so do rith.

3. —I gcás éileamh, ráiteas no dearbhú do dhéanamh roimh an Acht so do rith chun aon ais-tarrac den tsórt a húdaruítear leis an Acht so d'fháil féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más dóich leo do réir chúrsaí an cháis gur ceart san do dhéanamh, deighleáil leis an éileamh, an ráiteas, no an dearbhú san (pe'ca aca é) mar éileamh, ráiteas no dearbhú do rinneadh fén Acht so agus chun crícheanna an Achta so.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

4. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Ais-tarrac Speisialta), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum.

(3) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 25adh lá d'Eanar, 1936, agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.