29 1936


Uimhir 29 de 1936.


ACHT AN ARÁIN (PRAGHSANNA DO RIALÁIL), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PRAGHAS AN ARÁIN DO RIALÁIL AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE hARÁN DO DHÍOL. [11adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “plúr” aon phlúr a gheibhtear ar fad no nach mór ar fad as cruithneachtain.

Riail-phraghas plúir.

2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é le hordú fén bhfo-alt so, praghas an phlúir i gcóir aon líomatáiste áirithe do cheapadh, chun crícheanna an Achta so, agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm isé an praghas a ceapfar amhlaidh a bheidh, chun crícheanna an Achta so, ina riail-phraghas ar phlúr i gcóir an líomatáiste sin.

(2) Luadhfar i ngach ordú fén alt so an líomátaiste le n-a mbainfe sé féadfaidh iomlán Shaorstáit Éireann no aon chuid áirithe dhe bheith sa líomátaiste sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúradh.

(4) Sara ndeinidh sé aon ordú fén alt so raghaidh an tAire i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach Muilneoireachta do bunuíodh fé alt 10 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 ( Uimh. 7 de 1933 ).

(5) Gach ordú déanfar fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Orduithe um arán (phraghas).

3. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú um arán (praghas) san Acht so) an praghas maximum do cheapadh ar a bhféadfar arán de chineál áirithe (a míneofar i pé slí agus fé threoir pé nithe is dóich leis an Aire is ceart) do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta i líomatáiste áirithe nuair a beifear á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta fé pé sraith no sraitheanna de sna sraitheanna coinníollacha so leanas a luadhfar san ordú san agus féadfaidh praghsanna deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh maidir le sraitheanna coinníollacha deifriúla den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhór-choda agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an t-arán san áit ina mbeidh an t-arán san á choimeád ag an díoltóir;

(b) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhór-choda agus go ndéanfaidh an díoltóir an t-arán do sheachadadh don cheannuitheoir in áit éigin seachas an áit ina mbeidh an t-arán san á choimeád ag an díoltóir;

(c) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda ag bácaer an aráin sin i siopa is leis agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an t-arán sa tsiopa san;

(d) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda ag duine seachas bácaer an aráin sin i siopa is leis an duine sin, agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an t-arán sa tsiopa san;

(e) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda agus go ndéanfaidh an díoltóir an t-arán do sheachadadh don cheannuitheoir in áit éigin seachas áit an díola;

(f) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda o fheithicil is leis an díoltóir, agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an t-arán láithreach;

(g) go mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhór-choda in aon chuma áirithe eile (a míneofar i pé slí agus fé threoir pé nithe is dóich leis an Aire is ceart);

(h) fo mbeidh an t-arán á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda in aon chuma áirithe eile (a míneofar i pé slí agus fé threoir pé nithe is dóich leis an Aire is ceart).

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le horduithe um arán (praghas), sé sin le rá:—

(a) féadfaidh ordú um arán (praghas) baint le níos mó ná aon tsaghas amháin aráin, agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann maidir le gach saghas aráin fé leith den tsórt san;

(b) aon phraghas maximum a ceapfar le hordú um arán (praghas) féadfa sé bheith ina phraghas ion-atharuithe bheidh ag brath, i pé slí foralfár leis an ordú san, ar an riail-phraghas ar phlúr i gcóir an líomátaiste le n-a mbainfidh an t-ordú san;

(c) luadhfar in ordú um arán (praghas) an líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san agus féadfaidh iomlán Shaorstáit Éireann no aon chuid áirithe dhe bheith sa líomatáiste sin;

(d) déanfar gach ordú um arán (praghas) d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta;

(e) luadhfar i ngach ordú um arán (praghas) an dáta ar a dtiocfa sé i bhfeidhm agus ní bheidh an dáta san níos túisce ná dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil;

(f) féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, ordú um arán (praghas) do cheiliúradh no do leasú, agus bainfidh míreanna (d) agus (e) den fho-alt so le gach ordú déanfar fén mír seo.

(3) Pé uair—

(a) a bheidh ordú um arán (praghas) i bhfeidhm de thurus na huaire, agus

(b) a ceapfar leis an ordú san praghas maximum ar a bhféadfar arán den tsaghas a luadhfar san ordú san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san nuair a beifear á dhíol no á thairisgint chun a dhíolta fé shraith áirithe choinníollacha,

gach duine dhéanfaidh aon arán den tsórt san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin fén sraith choinníollacha san ar phraghas is mó ná an praghas maximum san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Forálacha breise maidir le horduithe um arán (praghas).

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le haon ordú um arán (praghas), a thoirmeasc arán d'aon tsaghas le n-a mbainfidh an t-ordú san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san, mara ndeintear an t-arán san a dhíol no a thairisgint chun a dhíolta amhlaidh (i) ina aonaid is lugha ná ocht n-únsa meáchainte no (ii) ina aonaid de phúnt no d'iolraithe ar phúnt meáchainte, agus má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don toirmeasc san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo d'ainneoin éinní atá san Bread (Ireland) Act, 1838.

Admhála ar arán do dhíol.

5. —(1) I gcás—

(a) ordú um arán (praghas) do bheith i bhfeidhm maidir le harán de shaghas áirithe, agus

(b) duine ar bith do dhíol aon aráin den tsórt san sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san fé aon tsraith choinníollacha luadhfar san ordú san,

déanfaidh an duine sin, má cheanglann an ceannuitheoir air é, admháil a thabhairt don cheannuitheoir á thaisbeáint cadé an méid do híocadh ar an arán san agus cadé an mheáchaint a bhí ann.

(2) Mara ndeinidh aon díoltóir aráin do réir na n-oblagáidí cuirtear air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Comhacht chun arán do mheádh i siopa no i bhfeithicil, etc.

6. —(1) Féadfaidh aon chigire meáchan agus tomhas gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon fhoirgint no cuid d'fhoirgint no áit eile ina mbeidh arán á dhíol no á choimeád no á thairisgint chun a dhíolta,

(b) aon fheithicil a bheidh ag iompar aráin chun a dhíolta no chun a sheachadtha do cheannuitheoir do stop,

(c) aon arán do gheobhfar in aon áit no feithicil den tsórt san no bheidh á sheachadadh d'aon cheannuitheoir do mheádh.

(2) Má dheineann duine ar bith cigire meáchan agus tomhas do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an gcigire sin leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “cigire meáchan agus tomhas” cigire meáchan agus tomhas (le n-a n-áirmhítear cigire ex officio meáchan agus tomhas) fé sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí.

7. —Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon alt den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt san aige é agus, másé an dara cionta no cionta ina dhiaidh sin fén alt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil agus an phríosúntacht san le chéile.

Eifeacht orduithe um arán (praghas) maidir le connartha atá ann cheana.

8. —(1) I gcás—

(a) ordú um arán (praghas) do dhéanamh maidir le harán de shaghas áirithe do dhíol i líomatáiste áirithe fé shraith áirithe choinníollacha, agus

(b) connradh, chun arán den tsaghas san do dhíol sa líomatáiste sin fé shraith choinníollacha den tsórt chéanna, do dhéanamh roimh an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, agus

(c) iomlán an chonnartha san no aon chuid de do bheith le cólíonadh tar éis an dáta san, agus

(d) an praghas a bheidh luaidhte sa chonnradh san d'arán den tsórt san do bheith níos mó ná an praghas maximum a ceapfar leis an ordú san don arán san agus é á dhíol fén sraith choinníollacha san,

leanfaidh an connradh san i bhfeidhm ach beidh éifeacht aige, maidir le haon arán a seachadfar an dáta san no dá éis, fé is dá gcuirtí an praghas maximum san in ionad an phraghais a bheidh luidhte sa chonnradh san.

(2) I gcás—

(a) ordú um arán (praghas) do dhéanamh maidir le harán de shaghas áirithe do dhíol i líomatáiste áirithe fé shraith áirithe choinníollacha, agus

(b) tairisgint, chun arán den tsórt san do sholáthar sa líomatáiste sin i rith tréimhse áirithe fé shraith choinníollacha den tsórt chéanna, do dhéanamh roimh an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, agus

(c) an té dhéanfaidh an tairisgint sin do bheith fé cheangal do réir dlí, fé réir téarmaí na tairisginte sin, pé caindíochtaí d'arán den tsórt san do sholáthar a hordófar o am go ham i rith na tréimhse sin, agus

(d) gan iomlán na tréimhse sin no aon chuid áirithe dhi do bheith caithte ar an dáta san, agus

(e) an praghas a bheidh luaidhte sa tairisgint sin chun arán den tsórt san do sholáthar do bheith níos mó ná an praghas maximum a ceapfar leis an ordú san d'arán den tsórt san agus é á dhíol fén sraith choinníollacha san,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, se sin le rá:—

(i) ní dhéanfaidh an t-ordú san um arán (praghas) deifir do sna hoblagáidí bheidh ar an duine dhéanfaidh an tairisgint sin pé caindíochtaí d'arán den tsórt san do sholáthar, fé réir téarmaí na tairisginte sin, a hordófar o am go ham an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm no dá éis;

(ii) léireofar an tairisgint sin agus beidh éifeacht aici, maidir le haon arán den tsórt san a hordófar an dáta san no dá éis, fé is dá gcuirtí an praghas maximum san in ionad an phraghais a bheidh luaidhte sa tairisgint sin.

Orduithe do leagadh fé bhráid Dháil Éireann.

9. —Gach ordú déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé bhráid Dháil Éireann amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ciontaí do chúiseamh

10. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh

Costaisí.

11. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gas costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar Acht an Aráin (Praghsanna do Rialáil), 1936 , do ghairm den Acht so.