An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Leasuchain Ilghneitheacha ar na hAchtanna Tora Talmhaiochta (Arbhar), 1933 go 1935.)

30 1936

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1936

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1936 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1934” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1935” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935 (Uimh. 26 de 1935) ;

tá leis na habairtí “cruithneacht dúthchais” “ceadúnas muilneoireachta” “deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain” “muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe” “Iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe” “clár de dheighleálaithe i gcruithneachtain” “meascán mine buidhe” “arbhar dúthchais” agus “eithne coirce” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935;

cialluíonn an abairt “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh agus clárú deighleálaithe cláruithe i gcruithneachtain, muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe agus iomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do chealú.

3. —(1) Má ciontuítear sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta i gcionta fé aon alt den Acht so, tuigfear, chun crícheanna ailt 34 den Príomh-Acht, an sealbhóir sin do chiontú i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 34, mar a leasuítear é le halt 13 d'Acht Leasúcháin 1934.

(2) Má dheineann deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe sárú ar an Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 61 den Príomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 20 d'Acht Leasúcháin 1934, gur sárú ar an bPríomh-Acht do rinne an duine sin agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 61, mar a leasuítear é amhlaidh.

Ciontaí do chúiseamh.

4. —Féadfaidh an tAire, no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta ar bith fé aon alt atá san Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Athghairm.

6. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, agus beidh feidhm ag an athghairm sin ar na dátaí agus o sna dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gcéadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.