38 1936


Uimhir 38 de 1936.


ACHT UM FHIAILE DHÍOBHÁLACH, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN FÁS AGUS LEATHNÚ FIAILE DÍOBHÁLAIGHE DO CHOSC, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE FIAILE DHÍOBHÁLACH DO LEASÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [8adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an Acht so d'fheidhmiú.

(2) Chun crícheanna an Achta so beidh gach duine acu so leanas ina dhuine fhreagarthach maidir le talamh, sé sin le rá:—

(a) duine ar bith is únaer ar an talamh san,

(b) duine ar bith is sealbhaire ar an talamh san,

(c) duine ar bith go mbeidh teideal aige de thurus na huaire chun úsáide an tailimh sin,

(d) duine ar bith a bheidh freagarthach, mar mhaor no mar bháille, i gcúram no i mbainistí an tailimh sin,

(e) más bóthar puiblí an talamh san, an t-údarás áitiúil go mbeidh cothabháil an bhóthair sin mar chúram ortha,

agus is dá réir sin a léireofar an abairt “duine freagarthach” nuair a húsáidtear í maidir le haon talamh áirithe.

Fiaile dhíobhálach.

2. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire plandaí d'aon chineál no gné áirithe bheidh ag fás, no go measfaidh an tAire gur deallrathach go mbuanóid iad féin, in aon líomatáiste áirithe do bheith ina bhfiaile dhíobhálach sa líomatáiste sin féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh á dhearbhú gur fiaile dhíobhálach sa líomatáiste sin, mar a luaidhtear é san ordú san, na plandaí sin.

(2) An líomatáiste luadhfar in aon ordú déanfar fén alt so féadfaidh iomlán Shaorstáit Éireann no aon chuid de bheith ann agus féadfa sé bheith ina aon líomatáiste leanúnach amháin no ina dhá líomatáiste no níos mó ar leithligh ná beidh buailte le n-a chéile.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so féadfaidh, le hordú ina dhiaidh sin, an t-ordú san do cheiliúradh no do leasú.

(4) Pé uair a bheidh ordú déanfar fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, aon phlandaí dearbhófar leis an ordú san do bheith ina bhfiaile dhíobhálach sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san beid, chun crícheanna an Achta so, ina bhfiaile dhíobhálach sa líomatáiste sin.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé bhráid dháil Éireann amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Daoine freagarthacha do bheith freagarthach maidir le fiaile dhíobhálach.

3. —Má bhíonn aon fhiaile dhíobhálach ag fás ar aon talamh beidh an té is duine freagarthach maidir leis an talamh san no, má bhíonn beirt no níos mó den tsórt san ann, beidh gach duine acu ar leithligh ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Comhacht chun dul isteach ar thalamh agus iniúchadh do dhéanamh.

4. —Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána agus aon chigire dul isteach gach tráth réasúnta ar thalamh ar bith in aon líomatáiste, le n-a mbainfidh ordú ar bith a déanfar fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, chun a fháil amach an bhfuil fiaile dhíobhálach ag fás ar an talamh san.

Fógra chun fiaile dhíobhálach do dhíthiú.

5. —(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána agus aon chigire gheobhaidh fiaile dhíobhálach ag fás ar thalamh ar bith fógra do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is duine freagarthach maidir leis an talamh san, á cheangal ar an duine sin an fhiaile dhíobhálach san (a luadhfar sa bhfógra san) do dhíthiú sa tslí, agus fé cheann na haimsire, a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Más rud é, i gceann na haimsire luadhfar i bhfógra seirbheálfar fén alt so maidir le talamh ar bith, go mbeidh aon fhiaile dhíobhálach a bheidh luaidhte sa bhfógra san gan díthiú do réir an fhógra san, beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine ar ar seirbheáladh an fógra san fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air i dteanta aon phionóis eile dlighfear a chur air fén Acht so mar gheall ar an bhfiaile dhíobhálach san agus i dteanta aon íocaíochta eile dlighfear a bhaint de fén alt so,

(b) féadfaidh duine ar bith go n-údarás ón Aire dul isteach ar an talamh san i dteanta no d'éamais fear oibre, capall, no meaisíní agus féadfaidh an fhiaile dhíobhálach le n-a mbainfidh an fógra san do dhíthiú,

(c) féadfaidh an tAire méid na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a raghfar ag díthiú na fiaile díobhálaighe sin do bhaint de dhuine ar bith, ar ar seirbheáladh fógra fén alt so maidir leis an talamh san, mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(3) Na costaisí agus na caiteachaisí uile bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Fógraí.

6. —(1) Fógra ar bith a húdaruítear d'aon bhall den Ghárda Síochána no d'aon chigire a sheirbheáil fén Acht so, is leor mar dhílse-dheimhniú air é bheith sighnithe ag an mball den Ghárda Síochána no ag an gcigire sheirbheálfaidh é.

(2) Fógra ar bith a féadfar a sheirbheáil fén Acht so ar dhuine ar bith maidir le fiaile dhíobhálach a bheidh ag fás ar thalamh ar bith, féadfar é sheirbheáil ar aon tslí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a sheachadadh don duine sin,

(b) tré n-a fhágaint ag an seoladh ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth,

(c) tré n-a chur tríd an bpost agus é dírithe chun an duine sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn sé de ghnáth,

(d) nuair nach féidir a fháil amach, tré fhiosrú réasúnta, cá gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth, tré n-a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé mblian déag d'aois a bheidh ina chomhnaí no ar fostú ar an talamh san no tré n-a ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh san.

Cosc.

7. —Duine ar bith, ar aon talamh no ina thimpeal, a dhiúltóidh d'fhaisnéis a bheidh aige, maidir le húnaeracht no sealbhaireacht no úsáid an tailimh sin, do thabhairt d'aon bhall den Ghárda Síochána no d'aon chigire, no do bhéarfaidh d'aon bhall no cigire den tsórt san faisnéis is eol dó bheith bréagach maidir le húnaeracht no sealbhaireacht no úsáid an tailimh sin, no dhéanfaidh aon bhall no cigire den tsórt san no aon duine bheidh ag gníomhú fé ordú an Aire fén Acht so do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar no ag cólíonadh aon dualgaisí cuirtear ar aon bhall, cigire no duine den tsórt san leis an Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Cúisimh.

8. —(1) Ní bunófar imeachta i dtaobh cionta fé aon alt den Acht so ach amháin ag an Aire no le toiliú an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire cúiseamh do dhéanamh i gcionta fé aon alt den Acht so.

(3) Maran féidir ainm únaera no sealbhaire aon tailimh (pe'ca aca é) d'fháil amach tré fhiosrú réasúnta féadfar fógra ar bith seirbheálfar fén Acht so do dhíriú chun “an t-únaer” no “an sealbhaire” (fé mar is gá sa chás) gan é d'ainmniú.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear i dtaobh cuideachtan a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, gur ina n-oifig chláruithe chomhnuíd de ghnáth agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha bhíonn gnáth-chomhnuí ar gach cólucht corpruithe eile agus ar gach cólucht neamhionchorpruithe.

Costaisí.

9. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

10. —Athghairmtear leis seo an Weeds and Agricultural Seeds (Ireland) Act, 1909

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Fhiaile Dhíobhálach, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1937.