An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Foralacha Riarachain agus Foralacha Ilghneitheacha.) Ar Aghaidh (CUID IX. Srian le Seirbhisi Aer-Iompar Intire do Phaisneiri agus d'Earrai.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CUID VIII.

An Chuideachta, Fo-Chuideachtana agus Aer Lingus, Teoranta.

An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.

68. —Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith déanfaidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, gach ní do chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun a chur fé ndeár cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bhunú agus do chlárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.

Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a mbunuithe d'íoc.

69. —(1) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire Airgid suim nach mó ná cúig mhíle punt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha is ceart dar leis maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus nithe ar bith eile.

Aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so cuirfidh an Chuideachta é chun no mar chabhair chun costaisí tionnscanta, bunuithe agus cláruithe na Cuideachtan agus costaisí réamhghabhálacha eile na Cuideachtan d'íoc, agus ní chun aon chrícheanna eile.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgid chun no mar chabhair chun aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'aisíoc no chun an úis ar an airgead san d'íoc.

Scair-chaipital na Cuideachtan do thabhairt amach.

70. —Ní tabharfar amach tráth ar bith aon chuid de scairchaipital na Cuideachtan (seachas scair-chaipital do bhéarfar amach do shuibscríobhaithe Mhemorandum Comhlachais na Cuideachtan) mara n-údaruighidh an tAire Airgid an tabhairt-amach san tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

An tAire Airgid d'fháil scaireanna tré shuibscríobhadh.

71. —Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham aon tsaghas no saghsanna scaireanna leis an gCuideachtain do thógaint tré shuibscríobhadh ach ní mó ná suim milleon punt (do réir ainm-luacha) a bheidh an méid scaireanna ar fad a tógfar amhlaidh.

An tAire Airgid d'fho-scríobhadh scaireanna bhéarfar amach.

72. —Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a chó-aontú leis an gCuideachtain go ndéanfa sé, mara dtógaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairisgint tráth ar bith chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta.

Comhachta an Aire Airgid mar scaireánach.

73. —Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

Comhachta an Aire Airgid maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.

74. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon scaireanna leis an gCuideachtain a thógfaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh eige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh sé.

An Stát d'urrú bintiúirí na Cuideachtan.

75. —Pé uair a bheartóidh an Chuideachta aon bhintiúirí do thabhairt amach féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, a urrú, i pé fuirm agus slí is dóich leis is ceart, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuibhe do réir téarmaí na mbintiúirí sin an t-airgead colna agus an t-ús a hurrófar leis na bintiúirí sin.

Airgead do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste.

76. —(1) Roimh-íocfar as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis an t-airgead uile theastóidh o am go ham ón Aire Airgid—

(a) chun íocaíochtaí do dhéanamh is gá dhó do dhéanamh leis an gCuideachtain alos aon scaireanna go suibscríobhfaidh le n-a n-aghaidh no thógfaidh fén Acht so, no

(b) chun suimeanna d'íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha fé aon urraíocht do bhéarfaidh fén Acht so maidir le hairgead a hurrófar le bintiúirí do bhéarfaidh an Chuideachta amach.

(2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimhíocfar amach as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

(5) Aon airgead a roimh-íocfar as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis chun na gcrícheanna luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste é (maraon le hús air do réir pé rátaí cheapfaidh an tAire Airgid), i pé méideanna agus pé uaireanta cheapfaidh an tAire sin, agus má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh aon airgead den tsórt san gan aisíoc ag an gCuideachtain leis an bPrímh-Chiste aisíocfar na suimeanna san leis an bPrímh-Chiste amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

77. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn, bonus, agus airgead eile do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige.

Memorandum agus Airtiogail Chomlachais na Cuideachtan d'atharú.

78. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan dleathach ná éifeachtúil, faid a bheidh aon scaireanna leis an gcuideachtain ar seilbh ag an Aire Airgid, gan an tAire Airgid d'aontú leis roimh ré tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

Conganta airgid.

79. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, le hordú, a údarú go n-íocfar conganta airgid leis an gcuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha luadhfar san ordú san.

(2) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, ach ní thiocfaidh i bhfeidhm maran rud é—

(a) go ndaingneofar an t-ordú san le rún o Dháil Éireann, no

(b) go mbeidh deireadh le tréimhse de lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a mbráid amhlaidh agus ná beidh Dáil Éireann tar éis rún do rith laistigh den tréimhse sin ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí.

(3) Ní mó ná cúig céad míle punt an méid iomlán a féadfar, le haon orduithe déanfar fén alt so, a údarú a íoc leis an gCuideachtain, agus ní féadfar aon ordú den tsórt san do dhéanamh tar éis deireadh chúig mblian o dháta an Achta so do rith.

(4) I gcás ordú déanfar fén alt so do theacht i bhfeidhm is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon airgead is gá chun an chonganta airgid a luadhfar san ordú san d'íoc.

An Chuideachta do thabhairt iasachta d'Aer Lingus, Teoranta.

80. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na Cuideachtan do chlarú féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgid, pé suim do thabhairt ar iasacht d'Aer Lingus, Teoranta, a dheimhneoidh an tAire Airgid is leor chun aon fhiachaisí fé n-a ndeachaidh Aer Lingus, Teoranta, agus a bheidh gan glanadh an uair sin, do ghlanadh.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haisíoc aon tsuime bhéarfaidh an Chuideachta ar iasacht d'Aer Lingus, Teoranta, fén alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfar an tsuim sin d'aisíoc amhlaidh i pé slí acu so leanas ordóidh an tAire Airgid, sé sin le rá:—

(i) tré bhintiúirí de mhéid is có-ionann leis an suim sin do thabhairt amach,

(ii) tré scaireanna d'ainm-mhéid is có-ionann leis an suim sin do thabhairt amach,

(iii) maidir le cuid den tsuim sin, tré bhintiúirí de mhéid is có-ionann leis an gcuid sin do thabhairt amach agus, maidir leis an gcuid eile den tsuim sin, tré scaireanna d'ainm-mhéid is có-ionann leis an gcuid eile sin do thabhairt amach;

(b) i gcás aon bhintiúirí do bheith iontugtha amach amhlaidh beidh pé ráta úis ar na bintiúirí sin ordóidh an tAire sin, agus

(c) i gcás aon scaireanna do bheith iontugtha amach amhlaidh féadfaidh na scaireanna san no aon chuid acu, do réir mar ordóidh an tAire sin, bheith ina scaireanna go dtosach acu ar ghnáth-scaireanna agus sa chás san beidh pé ráta díbhinne ortha ordóidh an tAire sin.

E bheith mar oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire Airgid.

81. —(1) Gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so bhéarfaid don Aire Airgid laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus an dá chuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na cuideachtan san.

(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair do bhéarfaidh gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so déanfar amach iad ar pé slí a hordófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir na rialachán san) cuimre ar chaipital, ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na cuideachtan san, maraon leis na mion-innste sin is gá chun a thaisbeáint cadé an saghas na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus conus a rinneadh amach luach na sócmhainní.

(3) Gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so bhéarfaid don Aire Airgid, ar san d'éileamh, pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'iarraidh maidir le haon chuntas chothromaíochta no cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó do réir an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid Dháil Éireann laistigh de mhí tar éis an chuntais chothromaíochta agus an chuntais sochair agus dochair sin do thabhairt dó amhlaidh.

(5) Pé uair agus a mhinicí éileoidh an tAire Airgid ortha é déanfaidh gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so pé mioninnste éileoidh an tAire sin do thabhairt dó i dtaobh gníomhachtaí na cuideachtan san.

(6) Pé uair agus a mhinicí éileoidh an tAire Airgid é bhéarfaidh an Chuideachta don Aire sin pé mion-innste (eadhon, mion-innste fé n-a gcúram no ar seilbh no ar fáil ag an gCuideachtain) éileoidh sé maidir le haon ghnó (seachas Aer Lingus, Teoranta, no fo-cuideachta) ina mbeidh leas acu.

(7) Má fhaillíonn an Chuideachta, no Aer Lingus, Teoranta, no aon fho-chuideachta na hoblagáidí cuirtear ortha leis an alt so do chólíonadh beidh an Chuideachta, no Aer Lingus, Teoranta, no an fho-chuideachta san (do réir mar a bheidh), agus gach stiúrthóir no bainisteoir no oifigeach eile dhóibh d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.

(8) Féadfaidh an tAire Airgid, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san alt so mar ní a hordófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.

(9) Baineann an t-alt so—

(a) leis an gCuideachtain;

(b) le hAer Lingus, Teoranta;

(c) le gach fo-chuideachtain.

(10) Féadfaidh an tAire Airgid no féadfar ar agra an Aire Airgid mar chúisitheoir cionta fén alt so no fén gcéad alt ina dhiaidh seo do chúiseamh.

Leabhair agus scríbhinní leis an gCuideachtain, le hAer Lingus, Teoranta, agus le fo-chuideachtana d'iniúchadh.

82. —(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach in áitreabh aon chuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so agus aon leabhair no scríbhinní san aitreabh san d'iniúchadh.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine ar bith cigire do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire leis an alt so; no

(b) go dteipfidh ar dhuine ar bith aon leabhair no scríbhinní den tsórt san roimhráite do thaisbeáint,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire Airgid chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

(4) Baineann an t-alt so—

(a) leis an gCuideachtain;

(b) le hAer Lingus, Teoranta;

(c) le gach fo-chuideachtain.

Na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, do bheith gan feidhm maidir le nithe áirithe.

83. —Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, maidir le haon ghníomh no ní a dhéanfaidh an Chuideachta no Aer Lingus, Teoranta, no aon fho-chuideachta.