An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. An Chuideachta, Fo-Chuideachtana agus Aer Lingus, Teoranta.) Ar Aghaidh (CUID X. Saghsanna Áirithe Gnótha Eitlíochta do Stiúradh agus do Rialáil.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CUID IX.

Srian le Seirbhísi Aer-Iompar Intíre do Phaisnéirí agus d'Earraí.

Srian le paisnéirí agus earraí d'iompar d'aer idir áiteanna i Saorstát Éireann.

84. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aer-sheirbhís intíre do bheith ar siúl aige maran rud é—

(a) gurb é an duine sin an Chuideachta no Aer Lingus, Teoranta, no gur fo-chuideachta é, no

(b) go ndeonfaidh an tAire cead don duine sin fén alt so chun na seirbhíse sin do bheith ar siúl aige agus gur fé réim agus do réir an cheada san a bheidh an tseirbhís sin ar siúl.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Duine go mbeidh údaruithe dhó de thurus na huaire seirbhís eadarnáisiúnta do bhunú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead i scríbhinn do dheonadh dhó chun aer-sheirbhís intíre bheith ar siúl aige, fé réir choinníll ná beidh sa tseirbhís intíre sin ach aer-árthaighe bheidh sa tseirbhís eadarnáisiúnta san agus fé réir pé coinníollacha eile is ceart dar leis an Aire.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “aer-sheirbhís intíre” aersheirbhís chun paisnéirí agus earraí no aon taobh acu d'iompar go puiblí o áiteanna go háiteanna eile i Saorstát Éireann.