An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Srian le Seirbhísi Aer-Iompar Intíre do Phaisnéirí agus d'Earraí.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Convensiún Eadarnáisiúnta chun Ionannú do Dhéanamh ar Rialacha Áirithe maidir le hIompar Eadarnáisiúnta d'Aer.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CUID X.

Saghsanna Áirithe Gnótha Eitlíochta do Stiúradh agus do Rialáil.

Mínithe chun crícheanna Coda X.

85. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (aimsiriú príobháideach)” aer-árthaighe do chur ar aimsir ar luach saothair, chun paisnéirí no earraí d'iompar, fé chonnradh tré n-a bhfostuítear an t-aer-árthach go hiomlán chun turus no turusanna áirithe do dhéanamh, fé mar a bheidh luaidhte i leabhar turuis an aer-árthaigh sin, gan féachaint don méid paisnéirí no earraí bhíonn le hiompar;

cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (eitill áineasa)” eitill áineasa do thabhairt do dhaoine, ar luach saothair, in aer-árthaighe, ag tosnú agus ag críochnú, gan túirling i gcúrsa an eitill, san aon aerodróm amháin;

cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (teagasc)” teagasc in eitlíocht do thabhairt do dhaoine ar luach saothair.

(2) Chun crícheanna an Achta so is gnó eitlíochta de shaghas ar leith gach gnó fé leith acu so, eadhon, gnó eitlíochta (aimsiriú príobháideach), gnó eitlíochta (eitill áineasa), agus gnó eitlíochta (teagasc).

An lá ceaptha chun crícheanna Coda X.

86. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Toirmeasc ar dhaoine nea-cheadúnuithe gnó eitlíochta de shaghas le n-a mbaineann Cuid X do bheith ar siúl acu.

87. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (aimsiriú príobháideach) a bheidh ar siúl aige, aon phaisinéir ná earraí d'iompar in aon aer-árthach i Saorstát Éireann, maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so, á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige, no

(b) maidir leis an aer-árthach san—

(i) gur o áit lasmuich de Shaorstát Éireann a thosnuigh sí a turus, agus

(ii) gur fostuíodh go príobháideach í go hiomlán, agus

(iii) ná hiompróidh sí, faid a bheidh sí i Saorstát Éireann, aon phaisnéirí ar luach saothair, seachas cuid de sna paisnéirí no na paisnéirí go léir do bhí á n-iompar aici ar thúirling di i Saorstát Éireann den chéad uair.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (eitill áineasa) a bheidh ar siúl aige, aon phaisinéir d'iompar d'aer i Saorstát Éireann maran rud é gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear freisin ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (teagasc) a bheidh ar siúl aige, aon duine eile d'iompar d'aer i Saorstát Éireann, maran rud é gur sealbhóir an duine sin a céad-luaidhtear ar cheadúnas (dá ngairmtear freisin ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige.

(4) Gach duine ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(5) Deimhniú bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire agus é bheith á dheimhniú go raibh duine áirithe ar lá no laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe gan bheith ina shealbhóir ar cheadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe gnótha eitlíochta, beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine bhéarfaidh le tuisgint an deimhniú san do shighniú no gurb oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé cinn de sna nithe roimhráite bhéarfaidh le tuisgint do bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.

Ceadúnaisí gnótha eitlíochta d'iarraidh.

88. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas gnótha eitlíochta, á udarú dhó saghas áirithe gnótha eitlíochta do bheith ar siúl aige, d'iarraidh ar an Aire.

(2) Beidh gach iarratas ar cheadúnas gnótha eitlíochta sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Ceadúnas gnótha eitlíochta do dheonadh.

89. —Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith, fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, ceadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe gnótha eitlíochta d'iarraidh ar an Aire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an duine sin do chur ina luighe ar an Aire go raibh gnó de shaghas is cosúil leis sin gur leis a bhaineann an t-iarratas san ar siúl aige i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Eanar, 1936, deonfaidh an tAire an ceadúnas san don duine sin, agus

(b) i ngach cás eile, féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin é, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh.

Oibriú ceadúnais ghnótha eitlíochta.

90. —Gach ceadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe ghnótha eitlíochta déarfaidh agus déanfaidh a údarú don duine is ceadúnaí fén gceadúnas san de thurus na huaire an saghas san gnótha eitlíochta do bheith ar siúl aige, ach san fé réir forálacha an Achta so agus aon ordú no rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus fé réir na gcoinníoll (más ann dóibh) a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.

Coinníollacha do chur ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta.

91. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas gnótha eitlíochta féadfaidh aon choinníollacha is ceart dar leis do chur ag gabháil leis an gceadúnas san, agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) teorannú an líomatáiste gur ina thaobh a bheidh an saghas gnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san ar siúl,

(b) págh agus coinníollacha fostuíochta na bhfostaithe sa ghnó san, agus

(c) saoránaigh de Shaorstát Éireann do bheith ar fostú agus déantúisí de chuid Shaorstáit Éireann d'úsáid maidir leis an ngnó san.

(2) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.

Coinníollacha ceadúnais ghnótha eitlíochta do leasú.

92. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar iarratas sealbhóra cheadúnais ghnótha eitlíochta, leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) ar na coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.

(2) Féadfaidh an tAire uaidh féin leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) i pé slí is oiriúnach leis ar na coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta.

(3) Pé uair a bheartóidh an tAire leasú do dhéanamh, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar na coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, cuirfidh fé ndeár fógra do sheirbheáil tríd an bpost ar an gceadúnaí fén gceadúnas san ag luadh na gcoinníollacha leasuithe atá chun bheith ag gabháil leis an gceadúnas san agus ar an bhfógra san do sheirbheáil beidh na coinníollacha leasuithe sin ag gabháil-leis an gceadúnas san.

Coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta do bhriseadh.

93. —Má theipeann ar dhuine ar bith is ceadúnaí fé cheadúnas gnótha eitlíochta no má fhaillíonn no má dhiúltann sé aon cheann áirithe de sna coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san d'fhorchoimeád no do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Tosach feidhme agus ré cheadúnais ghnótha eitlíochta.

94. —(1) Luadhfar i ngach ceadúnas gnótha eitlíochta an dáta ar a dtosnóidh sé agus tosnóidh gach ceadúnas den tsórt san an dáta bheidh luaidhte amhlaidh.

(2) Mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar é fén gCuid seo den Acht so roimhe sin leanfaidh gach ceadúnas gnótha eitlíochta i bhfeidhm ar feadh tréimhse de dhá mhí dhéag o dháta a thosnuithe agus raghaidh in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén gCuid seo den Acht so.

Iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta d'athnuachaint.

95. —(1) Féadfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh athnuachainte air) féadfaidh, laistigh den aimsir orduithe agus le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.

(2) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta d'athnuachaint agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Athnuachaint ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh.

96. —(1) Féadfaidh an tAire diúltadh d'iarratas ar cheadúnais ghnótha eitlíochta d'athnuachaint ar scór no ar scóranna acu so leanas ach ní har aon scór eile, sé sin le rá:—

(a) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh le linn ré an cheadúnais, no na hathnuachainte deiridh air, coinníoll no coinníollacha dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh;

(b) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn na ré sin, forálacha an Achta so no forálacha aon ordú no rialachán ar n-a ndéanamh fé do bhriseadh no faillí do thabhairt in iad d'fhorchoimeád no do chólíonadh;

(c) ar an scór go ndearnadh, le linn na ré sin, an ceadúnaí fén gceadúnas san do chiontú i gcionta (pe'ca fén Acht so no fé aon Acht eile é) maidir leis an ngnó eitlíochta le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis na haer-árthaighe a húsáidtear ann.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas gnótha eitlíochta d'athnuachaint, féadfaidh an tAire leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) i pé slí is ceart dar leis ar na coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.

Ré athnuachainte ceadúnais ghnótha eitlíochta.

97. —Tosnóidh gach athnuachaint ar cheadúnas gnótha eitlíochta díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfaidh i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar í fén Acht so roimhe sin) go ceann tréimhse dhá mhí dhéag o dháta a tosnuithe.

Ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh.

98. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh ar iarratas an cheadúnaí fé.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is ceart dar leis ar aon scór ar a n-údaruítear dó leis an gCuid seo den Acht so diúltadh d'iarratas ar an gceadúnas san d'athnuachaint.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh más deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san.

Ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú.

99. —(1) Ní bheidh ceadúnas gnótha eitlíochta ionaistrithe, ag an té is ceadúnaí fé ná tré oibriú dlí, chun éinne eile.

(2) Pé uair a haistreofar únaeracht ghnótha eitlíochta, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón té is ceadúnaí fén gceadúnas gnótha eitlíochta bhaineann leis an ngnó san chun duine eile, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin.

(3) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas chun ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(4) I gcás ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú fén alt so tuigfear an ceadúnas san d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san.

Ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta d'éagadh.

100. —Pé uair éagfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfar an gnó eitlíochta le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá, promháid uachta no leitreacha riaracháin estáit phearsanta an cheadúnaí do dheonadh, no an ceadúnas san do dhul in éag, no trí mhí do bheith caithte ón am d'éag an ceadúnaí sin;

(b) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin, le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm, an gnó eitlíochta san do choimeád ar siúl go ceann sé mhí ón am d'éag an ceadúnaí sin no go dtí go raghaidh an ceadúnas san in éag, pé ní acu san is túisce thárlóidh;

(c) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint no d'aistriú chuige féin (do réir mar is gá sa chás) agus ar an iarratas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) más iarratas ar athnuachaint an t-iarratas san, féadfaidh an tAire diúltadh don iarratas san ach ní fhéadfaidh déanamh amhlaidh ach ar scór ar a n-údaródh an tAcht so dhó diúltadh don iarratas dá mairfeadh an ceadúnaí sin agus dá mb'é féin a dhéanfadh an t-iarratas;

(ii) más iarratas ar aistriú an t-iarratas san, deonfaidh an tAire an t-iarratas san.

Daoine iarrfaidh ceadúnaisí gnótha eitlíochta do dheonadh, d'athnuachaint agus d'aistriú, do thabhairt eolais agus fíoruithe uatha.

101. —(1) Gach duine iarrfaidh, fén gCuid seo den Acht so, ceadúnas gnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, déanfaidh, ar an Aire á cheangal san air, an t-eolas san uile theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú do thabhairt don Aire.

(2) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, no déanfar chun an Aire mar fhreagra ar iarratas ag lorg eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, go bhfíorófaí é le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an réad a luaidhtear amhlaidh.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so a thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, diúltadh don iarratas gur ina thaobh a ceangailtear amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Táillí ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh, etc.

102. —(1) Íocfar leis an Aire, ar gach iarratas fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham, le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (táille a coimeádfar pe'ca deonfar an t-iarratas no ná deonfar) ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(2) Féadfar táillí deifriúla do cheapadh alos ceadúnaisí gnótha eitlíochta do dheonadh, d'athnuachaint agus d'aistriú fé seach agus alos ceadúnaisí gnótha eitlíochta á údarú saghsanna deifriúla gnóthaí eitlíochta do bheith ar siúl.

Cuntaisí agus tuairisceáin o cheadúnaithe fé cheadúnaisí gnótha eitlíochta.

103. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialachán ar n-a dhéanamh aige fén Acht so, a ordú cadiad na cuntaisí choimeádfaidh gach duine ag á mbeidh gnó eitlíochta ar siúl fé cheadúnas ghnótha eitlíochta agus fós cadiad na ráitisí ar chuntaisí, na tuairisceáin ar thrácht agus na tuairisceáin eile bheidh le tabhairt go tréimhsiúil ag gach duine den tsórt san don Aire agus cadiad na tráthanna agus na hócáidí ar a mbeidh na tuairisceáin sin le tabhairt amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, a cheangal ar an gceadúnaí fén gceadúnas san cuntaisí do choimeád no tuairisceáin do thabhairt uaidh a bheidh deifriúil (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár, no atharú é) leis na cuntaisí no leis na tuairisceáin a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, agus i gcás aon choinníoll den tsórt san do chur ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta beidh feidhm ag na rialacháin sin maidir leis an gceadúnaí fén gceadúnas san fé réir an choinníll sin.

(3) Féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair is dóich leis san do bheith ceart, gach tuairisceán no aon tuairisceán do bhéarfar dó fén alt so agus fós staitistíocht a chuirfe sé le chéile o sna tuairisceáin sin d'fhoillsiú.

(4) Gach duine go dteipfidh air na cuntaisí do choimeád no na tuairisceáin do thabhairt uaidh is gá dhó, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so no do réir choinníll ar n-a ghabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, do choimeád no do thabhairt uaidh, beidh sé cionta i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.