An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Convensiún Eadarnáisiúnta chun Ionannú do Dhéanamh ar Rialacha Áirithe maidir le hIompar Eadarnáisiúnta d'Aer.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

DARA SCEIDEAL.

Coinníollacha ata le Cólíonadh ag an gCuideachtain.

1. Beidh Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan fé réir an Aire Airgid d'aontú leo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

2. Isé méid scair-chaipitail na Cuideachtan ná pé suim ná raghaidh thar milleon punt agus a cheadóidh an tAire Airgid.

3. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—

(a) gur i mBaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;

(b) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan—

(i) rianta aer-iompair do bhunú, do chothabháil agus d'oibriú idir áiteanna i Saorstát Éireann agus idir Saorstát Éireann agus tíortha eile iad féin no tré Aer Lingus Teoranta agus gnóthaí aer-iompair eile ina mbeidh leas stiúrtha ag an gCuideachtain;

(ii) scaireanna in Aer Lingus Teoranta d'fháil agus do shealbhú;

(iii) na gnóthaí aer-iompair eile sin do bhunú agus scaireanna ionta do shealbhú;

(iv) scaireanna i ngnóthaí aer-iompair, seachas iad san a luaidhtear sa chlás deiridh sin roimhe seo, do shealbhú agus socrú oibre do dhéanamh le gnóthaí aer-iompair den tsórt san;

(v) congnamh airgid no congnamh eile do thabhairt, le toiliú an Aire Airgid, do sna gnóthaí aer-iompair sin;

(c) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;

(d) go mbeidh scair-chaipital na Cuideachtan roinnte ina scaireanna de phunt an ceann, agus go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain, le toiliú an Aire Airgid, chun na scaireanna i gcaipital na Cuideachtan do roinnt i saghsanna iomdha agus chun aon chearta, no príbhléidí no coinníollacha, tosaíochta no moillithe no coinníollta no speisialta, do chur ar gabháil leis na saghsanna san fé seach.

4. Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan—

(a) gur cúigear líon stiúrthóirí na Cuideachtan;

(b) faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh na deichiú coda (in ainm-luach) ar a laighead de scaireanna eisithe na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc, gurb é an tAire sin ainmneoidh triúr de stiúrthóirí na Cuideachtan tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála;

(c) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain chun airgead do chruinniú chun crícheanna na Cuideachtan tré bhintiúirí, ach san fé réir na nithe seo leanas:—

(i) nach mó tráth ar bith an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan,

(ii) ná feidhmeofar an chomhacht san gan toiliú an Aire Airgid faid a bheidh an tAire sin i seilbh na deichiú coda ar a laighead de scair-chaipital na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc;

(d) nach féidir, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna sa Chuideachtain, duine ar bith do cheapadh ina iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh an tAire sin tar éis aontú le hainmniú an duine sin chun bheith ina iniúchóir don Chuideachtain.