|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Roimhráiteach agus Generálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Iompar d'Aer.) |
ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Foralácha I dTaobh Chonvensiún Pharis. | |
[EN] |
Comhacht chun éifeacht do thabhairt do Chonvensiún Pharis. |
10. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham pé orduithe do dhéanamh a chífear dóibh is gá no is oiriúnach chun Convensiún Pharis do chólíonadh agus chun éifeacht do thabhairt dó no d'aon cheann dá fhorálacha, agus beidh feidhm dlí ag gach ordú den tsórt san i Saorstát Éireann. |
[EN] |
Comhacht chun feidhm do thabhairt do Chonvensiún Pharis maidir le heiteall inmheánach. |
11. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, a ordú i dtaobh na bhforálacha de Chonvensiún Pharis a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, no i dtaobh aon cheann acu, pe'ca tá na forálacha san ceaptha chun gan baint ach le haer-árthaighe d'aon tsaghas áirithe no le haer-árthaighe dheineann aon tsaghas áirithe loingseoireachta no ná fuilid, go mbeidh feidhm acu maidir no i ndáil le haon aer-árthaighe i Saorstát Éireann no os a chionn agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh feidhm, maidir no i ndáil le haon aer-árthach i Saorstát Éireann no os a chionn, ag pé forálacha acu san a luadhfar san ordú san. |
[EN] |
Forálacha speisialta féadfar a dhéanamh le hOrdú ón Ard-Chomhairaile. |
12. —Gan dochar do gheneráltacht na gcomhacht a bronntar leis an dá alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú ar n-a dhéanamh fé cheachtar alt acu san, socrú do dhéanamh— |
[EN] | (a) á ordú cadé an t-údarás fheidhmeoidh i Saorstát Éireann aon chomhacht dá bhfuil infheidhmithe fé Chonvensiún Pharis ag Stát connarthach no ag aon údarás ann; | |
[EN] | (b) chun aerodrómanna do cheadúnú, d'iniúchadh, agus do rialáil, chun dul isteach in aerodrómanna agus in áiteanna ina mbeidh aer-árthaighe tar éis túirlinge, chun dul isteach i monarchana aer-árthach chun na hoibre bheidh ar siúl ionta d'iniúchadh, chun úsáid aerodrómanna nea-cheadúnuithe do thoirmeasc no do rialáil, agus chun an phearsanra do cheadúnú bheidh ar fostú in aerodrómanna chun aer-árthaighe d'iniúchadh no do mhaoirsiú; | |
[EN] | (c) i dtaobh na slí ina ndéanfar agus na gcoinníollacha ar a ndéanfar aon deimhniú no ceadúnas, is gá do réir an orduithe no do réir Chonvensiún Pharis, do thabhairt amach agus d'athnuachaint, agus leis sin áirmhítear an scrúdú agus na tástála fé n-a raghfar agus fuirm, coinneáil, taisbeáint, cealú, agus tabhairt-suas aon deimhnithe no ceadúnais den tsórt san, agus a chur ar fiunraoi, agus cúl-scríbhinn do chur air; | |
[EN] | (d) i dtaobh aer-árthaighe do chlárú i Saorstát Éireann; | |
[EN] | (e) i dtaobh na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar aer-árthaighe d'úsáid chun paisnéirí agus earraí d'iompar; | |
[EN] | (f) i dtaobh na gcoinníollacha fé n-a bhféadfaidh aer-árthaighe gabháil, no fé n-a bhféadfaidh aer-árthaighe paisnéirí no earraí do thabhairt, isteach i Saorstát Éireann no amach as no o pháirt de Shaorstát Éireann go páirt eile dhe; | |
[EN] | (g) ag tabhairt saoirse o fhorálacha an orduithe no o fhorálacha Chonvensiún Pharis, no o aon cheann acu, d'aer-árthaighe a heitleofar chun crícheanna tástála no d'aon aer-árthaighe no daoine eile i gcás ina bhfeicfear nár cheart feidhm do bheith ag an gcéanna; | |
[EN] | (h) á ordú cadiad na scálaí d'éilithe bheidh i bhfeidhm in aerodrómanna ceadúnaithe; | |
[EN] | (i) ag ceapadh aon líomatáiste chun bheith ina líomatáiste thoirmiscthe chun crícheanna an orduithe; | |
[EN] | (j) a ordú cadiad an táillí bheidh le n'íoc as aon deimhniú no ceadúnas do dheonadh no ar shlí eile chun crícheanna an orduithe no Chonvensiún Pharis; | |
[EN] | (k) ag foirlíonadh Chonvensiún Pharis, i pé slí chífear do bheith riachtanach no caothúil, le rialacháin a bheidh ceaptha chun cabhrú le sábháltacht aer-árthach agus le sábháltacht daoine agus maoine bheidh á n-iompar ionta, agus chun aer-árthaighe do chosc ar dhaoine agus ar mhaoin eile do chur i mbaol; | |
[EN] | (l) chun stiúradh agus rialáil do dhéanamh ar thithe soluis aerdha ar shoillse ag aerodrómanna agus tithe soluis aerdha no ina gcomharsanacht, agus ar shoillse d'fhéadfadh aer-árthaighe do chur i mbaol; | |
[EN] | (m) ag déanamh rialála maidir le haer-árthaighe agus daoine ar iompar ionta do dhéanamh comharthaí agus conbharsáidí eile no maidir le comharthaí agus conbharsáidí eile do dhéanamh leo, agus ag déanamh rialála maidir le húsáid aon mheirge bheidh bunuithe chun crícheanna bhaineann le haer-loingseoireacht; | |
[EN] | (n) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe. | |
[EN] |
Comhacht chun a chur fhiachaint ar aer-árthach géilleadh nuair ná déanfaidh do réir chomharthaí. |
13. —Má eitlíonn aer-árthach ar bith no má bheireann fé eiteall os cionn aon líomatáiste bheidh ceaptha mar líomatáiste thoirmiscthe fé réim no de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so no má théigheann no má bheireann fé dhul isteach i Saorstát Éireann contrárdha d'aon ordú den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) beidh sé dleathach d'aon oifigeach a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san a chur fé ndeár an comhartha san do thabhairt a bheidh orduithe leis an ordú san, agus | |
[EN] | (b) más rud é, tar éis an chomhartha san do thabhairt di, go dteipfidh ar an aer-árthach freagra do thabhairt ar an gcomhartha san tré dhéanamh do réir na bhforálacha den ordú san le n-a n-orduítear an gníomh a bheidh le déanamh ar an gcomhartha san do thabhairt, beidh sé dleathach don oifigeach san caitheamh leis an aerárthach san no isteach inti agus éinní agus gach ní eile ar a chumas do dhéanamh chun a chur fhiachaint uirthi déanamh do réir na bhforálacha san; | |
[EN] | (c) ní bunófar aon aicsean ná aon imeachta dlí eile ar bith, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt i Saorstát Éireann i dtaobh éinní do dhéanamh a húdaruítear d'aon oifigeach den tsórt san do dhéanamh fén alt so, pe'ca an t-oifigeach san féin a dhéanfaidh an ní sin no duine bheidh ag gníomhú mar chabhair don oifigeach san no fé stiúradh an oifigigh sin. | |
[EN] |
Costaisí an Choimisiúin Eadarnáisiúnta um Aer-Loingseoireacht, etc. |
14. —Íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, aon tsuimeanna is gá chun íoctha an tsíntiúis o Shaorstát Éireann le haghaidh cóghléasadh agus obair an Choimisiúin Eadarnáisiúnta um Aer-Loingseoireacht do bunuíodh fé Chonvensiún Pharis no fé n-a raghfar de dhruim toscaireachtaí do chur amach. |
[EN] |
Orduithe agus rialacháin do rinneadh fé Chuid I den Air Navigation Act, 1920, do leanúint i bhfeidhm. |
15. —Gach ordú agus rialachán do rinneadh fé Chuid I den Air Navigation Act, 1920, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén gCuid seo den Acht so do rinneadh iad agus féadfar dá réir sin iad do leasú no do cheiliúradh le hordú ón Ard-Chomhairle agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaid i bhfeidhm. |
[EN] |
Deimhnithe agus ceadúnaisí atá ann cheana do leanúint i bhfeidhm. |
16. —Gach deimhniú agus ceadúnas do deonadh fén Air Navigation Act, 1920, no fé aon ordú no rialacháin do rinneadh fé, agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith, leanfaid i bhfeidhm agus tuigfear, chun gach críche, gur fén Acht so no fén ordú no fén rialachán san do deonadh iad. |