An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT ÁRACHAIS, 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Ceadunaisi Arachais.)

45 1936

ACHT ÁRACHAIS, 1936

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, do ghairm den Assurance Companies Act, 1909, agus den Acht so le chéile.

Tosach feidhme an Achta so.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san no na laethanta san a ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire, go generálta no i dtaobh aon Choda áirithe, agus féadfar laethanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla den Acht so, ach ní dhéanfaidh an tAire ordú ar bith fén alt so i dtaobh Coda VI den Acht so gan toiliú an Aire Airgid.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” (ach amháin mar a n-abartar a mhalairt go soiléir) orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “gnó árachais” aon ghnó acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gnó árachais saoil,

(b) gnó árachais tionnscail,

(c) gnó árachais tóiteáin,

(d) gnó árachais tionóisce,

(e) gnó banna-shúncála,

(f) gnó árachais fhreagarthachta fostóirí,

(g) gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste,

(h) gnó árachais fhreagarthachta puiblí,

(i) gnó árachais innealltóireachta,

(j) gnó árachais ghloine,

(k) gnó árachais urraíochta,

(l) gnó árachais bhuirgléireachta;

ní fholuíonn an abairt “gnó árachais saoil” aon ghnó is gnó árachais tionnscail, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó déanta connradh árachais ar shaol daoine, le n-a n-áirmhítear airgead d'íoc ar éag do dhuine (ach amháin nuair nach éinní ach tionóisc fé ndeár an t-éag san) agus le n-a n-áirmhítear connartha árachais go mbíonn na praemia bhaineann leo iníoctha ar feadh téarma bhíonn ag brath ar shaol daoine agus fós connartha chun blianachtaí ar shaol daoine no maidir le saol daoine do dheonadh (seachas aois-liúntaisí agus blianachtaí is iníoctha as aon chistí nach ionchurtha ach chun fóirthne agus cothabhála daoine atá no do bhí ag gabháil do ghairm, do chéird no d'fhostaíocht áirithe no cleithiúnaithe a leithéidí) agus fós connartha bhíonn ag gabháil le connartha árachais ar shaol daoine no ag brath ortha agus ná bíonn aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha agus le n-a socruítear airgead d'íoc i gcás tionóisc no galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tionnscail” gnó déanta árachaisí ar shaol daoine ina mbíonn na praemia bhaineann leis na hárachaisí sin iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná dhá mhí agus ina mbailítear iad tré bhailitheoirí (agus ortha san áirmhítear connartha bhíonn ag gabháil le hárachaisí den tsórt san no ag brath ortha agus ná bíonn aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha agus le n-a socruítear airgead d'íoc i gcás tionóisc nó galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air) ach ní fholuíonn an abairt sin gnó déanta aon árachais acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) árachaisí ar n-a ndéanamh, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ag cuideachtain árachais go raibh gnó árachais ar siúl acu roimh dháta an Achta so do rith agus ná raibh acu ar an dáta san aon árachaisí go raibh na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná mí, faid a fhanfaidh an chuideachta san gan aon árachaisí den tsórt san do dhéanamh, agus

(b) árachaisí do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith agus go bhfuil na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí de mhí no tréimhsí is sia ná san agus le n-a ndeighleáltaí, go dtí tosach feidhme na Coda den Acht so bhaineann le gnó árachais tionnscail, mar chuid den ghnó do dheineadh brainse seachas an bhrainse árachais tionnscail den chuideachtain a dheineann árachaisí den tsórt san, agus

(c) árachaisí ar chúig púint fhichead no níos mó ná san a déanfar tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí de mhí no tréimhsí is sia ná san ach is giorra ná dhá mhí agus le n-a ndeighleálfar mar chuid den ghnó dheineann brainse seachas an bhrainse árachais tionnscail de chuideachtain árachais, i gcásanna ina ndeimhneoidh an tAire go bhfuil téarmaí agus coinníollacha na n-árachas san, tríd is tríd, chó fábhrach ar a laighead don árachaí leis na tearmaí agus na coinníollacha forchuirtear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tóiteáin” gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tionóisce” gnó déanta connradh árachais in aghaidh no ar shlí eile i dtaobh tionóiscí pearsanta, marbhthach no eile, no galair no breoiteachta pearsanta, no aon tsaghais áirithe tionóiscí no galair no breoiteachta pearsanta, lasmuich d'aon chonnartha ghabhann le connartha gnótha árachais saoil no gnótha árachais tionnscail no bhíonn ag brath ar a leithéidí agus a bhronnann sochar ar an árachaí i gcás tionóisc no galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air agus ná fuil aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha;

ní fholuíonn an abairt “gnó banna-shúncála” gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, ná gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó tabhartha amach bannaí no deimhnithe dearlaice tré n-a gconnruíonn an chuideachta dheineann an gnó san suim airgid d'íoc le sealbhóir an bhanna no an deimhnithe sin ar dháta áirithe i gcomaoine síntiúisí is iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná sé mhí;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fhreagarthachta fostóirí” gnó déanta connradh árachais le fostóirí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le lucht oibre ar fostú acu;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste” gnó déanta connradh árachais in aghaidh feithiclí inneall-ghluaiste do chailliúint no in aghaidh damáiste dhóibh no damáiste de dheascaibh no i dtaobh a n-úsáidthe, le n-a n-áirmhítear fionntair threas-pháirtí;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fhreagarthachta puiblí” na gnóthaí árachais seo leanas agus ní haon ghnóthaí árachais eile, sé sin le rá, gnó déanta connradh árachais a shlánuíonn an t-árachaí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le duine ar bith alos díobháil phearsanta no caillteanas no damáiste do thárlachtaint don duine sin de dheascaibh faillí i bpáirt an árachaí no i bpáirt a sheirbhísigh no a ghníomhaire ag gníomhú laistigh de scóip a fhostaíochta no a údaráis mar sheirbhíseach no mar ghníomhaire den tsórt san (do réir mar bheidh) agus gnó déanta connradh árachais a shlánuíonn an t-árachaí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc de dheascaibh no i dtaobh maoin an árachaí, réalta no pearsanta, d'úsáid go neamhaireach no de dheascaibh no i dtaobh staid na maoine sin;

cialluíonn an abairt “gnó árachais innealltóireachta” an gnó árachais seo leanas agus ní haon ghnó árachais eile, sé sin le rá, gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanas do theacht de dheascaibh damáiste no díobhála d'aon choire no fearas eile ina mbeadh geas, gal no fliuchán fé bhrughadh no d'aon fhearas mheicniúil no meaisínteacht eile no ar aon tslí eile de dheascaibh no i dtaobh aon fhearas no meaisínteacht den tsórt san d'úsáid, le n-a n-áirmhítear freagarthacht i gcúiteamh d'íoc le treas-pháirtithe maidir le fearas no le meaisínteacht den tsórt san;

cialluíonn an abairt “gnó árachais ghloine” gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh gloine do bhriseadh;

cialluíonn an abairt “gnó árachais urraíochta” gnó déanta connradh árachais le fostóirí in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh fostuithe do dhéanamh calaoise, fallsaíochta, gadaíochta no ladrannachta no do chlaon-chasadh no do mhí-leithreasú airgid no maoine, agus gnó tabhartha amach bannaí no connradh urrachais;

ní fholuíonn an abairt “gnó árachais bhuirgléireachta” gnó árachais urraíochta, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh buirgléireachta, tigh-réabtha, gadaíochta no ladrannachta;

cialluíonn an abairt “gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail” gnó déanta connradh árachais (seachas ar shaol daoine) tré n-a gcó-aontuíonn an t-árachóir, i gcomaoine praemium amháin d'íoc leis no dhá phraemium no níos mó d'íoc leis i gcionn tréimhsí nach giorra ná dhá mhí, suim amháin no sreath de shuimeanna d'íoc leis an árachaí ar dháta áirithe no ar dhátaí áirithe;

cialluíonn an focal “polasaí” aon scríbhinn le n-a ndeintear aon chonnradh árachais no le n-a gcó-aontuítear aon chonnradh árachais do dhéanamh no is fianaise ar aon chonnradh den tsórt san;

cialluíonn an focal “praemium” aon airgead no luach airgid is iníoctha no a híoctar le duine ar bith go mbíonn gnó árachais ar siúl aige agus a thógann freagarthacht ar bith air féin fé aon pholasaí, banna no deimhniú i gcomaoine an airgid no an luacha airgid sin;

cialluíonn “cuideachta árachais” cuideachta go mbíonn aon ghnó árachais ar siúl acu (pe'ca cláruithe i Saorstát Éireann dóibh fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no ionchorpruithe fé dhlí tíre éigin seachas Saorstát Éireann) agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn an abairt sin cumann, comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar aon tslí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann agus go mbíonn gnó árachais ar siúl acu;

cialluíonn an abairt “cuideachta le Saorstát Éireann” cuideachta árachais atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924;

cialluíonn an abairt “cuideachta choigríche” cuideachta árachais atá ionchorpruithe fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn an abairt sin cumann, comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar aon tslí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “sinneagóid” aon ghrúpa d'fho-scríbhneoirí is baill de Lloyd's agus a dheimhneoidh Cathaoirleach Choiste Lloyd's do bheith ina sinneagóid chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an focal “achtuaire” achtuaire ag á bhfuil na cáilíochtaí orduithe;

cialluíonn an abairt “Acht 1908” an Companies (Consolidation) Act, 1908;

cialluíonn an abairt “Acht 1909” an Assurance Companies Act, 1909, mar do hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé, agus mar do leasuíodh no do leathnuíodh le haon achtachán eile é.

Costaisí.

4. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deintear aon tsocrú eile leis an Acht so ina thaobh.

(2) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Airgid chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus ná deintear aon tsocrú eile leis an Acht so chun a orduithe.

Srian le hoibriú an Achta so.

6. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir—

(a) do dhleathacht aon chonnartha árachais a bheidh déanta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so ná d'é choimeád ar siúl agus do chólíonadh go cuibhe; ná

(b) do fhreagarthacht chiste árachais saoil no ciste árachais tionnscail cuideachtan go mbeidh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail ar siúl acu i Saorstát Éireann le linn an tosach feidhme sin chun dochair do dhaoine go mbeidh polasaithe árachais saoil no árachais tionnscail déanta acu le haon chuideachtain den tsórt san roimh an tosach feidhme sin; ná

(c) d'aon ghnó bheidh ar siúl go dleathach ag cumainn agus cóluchtaí eile bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna bhaineann le cara-chumainn no le cara-chumainn no le ceárd-chumainn; ná

(d) d'aon ghnó is árachú in aghaidh fionntar do thiocfadh de dheascaibh no i dtaobh aer-árthach d'úsáid; ná

(e) d'aon ghnó do bhí ar an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ar siúl go dleathach ag ceárd-chumann ná raibh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna bhaineann le ceárd-chumainn agus a bheidh ar siúl ag an gceárd-chumann san de thurus na huaire fé réim agus do réir cheada ar n-a dheonadh ag an Aire chuige sin; ná

(f) d'aon ghnó nach gnó árachais.

Athghairm.

7. —(1) Deintear leis seo na ranna so leanas d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda II den Acht so agus as san amach, sé sin le rá, míreanna (b), (c) agus (d) d'alt 31, míreanna (b) agus (c) d'alt 32, míreanna (a), (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 33, agus míreanna (b) agus (c) d'alt 34 agus, in alt 35, na focail “originally established more than twenty years before the commencement of this Act.”

(2) Deintear leis seo an Collecting Societies and Industrial Assurance Companies Act, 1896, agus alt 36 d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda V den Acht so agus as san amach.

(3) Deintear leis seo an roinn seo leanas d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda VII den Acht so agus as san amach, sé sin le rá, na focail uile i bhfo-alt (1) d'alt 3 o sna focail “Provided that” go deireadh an fho-ailt sin.