An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III Gnothai Arachais Airithe do Cho-Nascadh agus d'Aistriu.)

45 1936

ACHT ÁRACHAIS, 1936

CUID II.

Ceadunaisi Arachais.

Toirmeasc ar ghnó árachais nea-cheadúnuithe.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon chuideachtain árachais ná d'éinne eile gnó árachais ar bith do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais (dá ngairmtear ceadúnas árachais san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach duine (seachas cuideachta árachais) go mbeidh aon ghnó árachais ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Toirmeasc ar árachú do dhéanamh le hárachóir neacheadúnuithe.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (ach amháin le linn dó ath-árachú do dhéanamh aon chonnradh árachais do dhéanamh ná tabhairt fé n-a dhéanamh le cuideachtain árachais ná le haon duine eile nach sealbhóir ar cheadúnas árachais a chuireann an chuideachta no an duine sin i dteideal connartha árachais do dhéanamh den tsórt a dhéanfaidh an duine sin no do bhéarfa sé fé n-a dhéanamh amhlaidh.

(2) Gach duine dhéanfaidh aon chonnradh árachais no do bhéarfaidh fé n-a dhéanamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Gnó tuigfear do bheith ina ghnó árachais i Saorstát Éireann.

10. —(1) Cuideachta le Saorstát Éireann go mbeidh aon ghnó árachais ar siúl acu tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann d'ainneoin iomlán an ghnótha san no cuid de do bheith ar siúl no á dhéanamh lasmuich de Shaorstát Éireann.

(2) Cuideachta choigríche no duine (pé áit ina gcomhnuíonn sé no ina ndeineann sé gnó) do bhéarfaidh amach (ach amháin i gcúrsa ath-árachú no mar ath-árachú) polasaí, banna, deimhniú no ionstruim eile árachais do dhuine ar a mbeidh gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no do bhéarfaidh amach do dhuine ar bith den tsórt san polasaí, banna, deimhniú, no ionstruim eile árachais in aghaidh freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann, no ghlacfaidh o dhuine ar bith ar a mbeidh gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann praemium alos polasaí do bhéarfar amach amhlaidh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfear ina dtaobh chun crícheanna an Achta so, más i gcúrsa gnó do bheith ar siúl is gnó árachais do réir bhrí an Achta so agus más mar chuid den gnó san do tugadh amach an ionstruim árachais sin no do glacadh an praemium san, gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann pe'ca in áit laistigh no in áit lasmuich de Shaorstát Éireann do bhéarfar amach an ionstruim sin no glacfar an praemium san.

Iarrataisí ar cheadúnaisí árachais.

11. —(1) Féadfaidh aon chuideachta árachais no aon tsinneagóid ceadúnas árachais, á údarú dhóibh gnó árachais áirithe do bheith ar siúl acu, d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas a déanfar fén alt so ar cheadúnas árachais agus luadhfar ann an gnó no na gnóthaí árachais a bheidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid (pe'ca aca é) a bheidh ag déanamh an iarratais sin ar aigne a bheith ar siúl acu agus fós pé mion-innste eile a hordófar.

(3) Gach cuideachta árachais no sinneagóid iarrfaidh ceadúnas árachais fén alt so bhéarfaid don Aire, ar an Aire á cheangal san ortha, gach eolas a theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar cheadúnas árachais no déanfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófaí é le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar na réada bheidh sa ráiteas san.

(5) Má dheineann duine ar bith, in iarratas ar cheadúnas árachais no le linn aon eolas do thabhairt uaidh do réir éilimh ón Aire fén alt so, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta den tsórt san ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt.

(6) Má theipeann ar aon chuideachtain árachais no ar aon tsinneagóid aon eolas no fíorú do thabhairt uatha cheanglóidh an tAire ar an gcuideachtain no ar an sinneagóid sin (pe'ca aca é) fén alt so do thabhairt uatha féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltú don iarratas gur ina thaobh do héilíodh an t-eolas no an fíorú san amhlaidh.

(7) Ar gach iarratas fén alt so ar cheadúnas árachais íocfar pé táille ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgid agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

(8) Déanfar na táillí uile is iníoctha fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(9) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Ceadúnaisí árachais do dheonadh.

12. —(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an tAire géilleadh no diúltú d'iarratas ar cheadúnas árachais fé mar is rogha leis.

(2) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ceadúnas árachais, chun gnó acu san no iad araon do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann go raibh aon ghnó árachais eile, i dteanta gnótha árachais saoil no gnótha árachais tionnscail no ina dteanta san araon, ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ceadúnas árachais, chun an ghnótha árachais eile sin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis gur leor sócmhainní na cuideachtan san chun a chur ar chumas na cuideachtan san an gnó árachais eile sin do bheith ar siúl acu.

(4) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann iarratas le n-a mbaineann ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa bhfo-alt san do bheith ar siúl acu i dteanta gnótha no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa cheann eile den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más deimhin leis go bhfuil an chuideachta san do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa cheann san den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo bhaineann leis an iarratas san agus ná fuil an ceadúnas san ag teastáil ón gcuideachtain sin ach go dtí go gcríochnófar socrú chun an ghnótha no na ngnóthaí árachais le n-a mbaineann an t-iarratas d'aistriú go dtí cuideachta no cuideachtana éigin eile le Saorstát Éireann a bheidh ceadúnuithe fén Acht so chun an ghnótha no na ngnóthaí sin do bheith ar siúl acu.

(5) Má dheonann an tAire ceadúnas árachais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun ceiliúrtha bronntar air leis an Acht so) an ceadúnas san do cheiliúradh ar chríochnú an tsocruithe chun an ghnótha árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san d'aistriú agus déanfaidh, pé scéal é, an ceadúnas san do cheiliúradh i gcionn naoi mí tar éis dáta a dheonta.

(6) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ná raibh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, no a bunuíodh tar éis an dáta san, ceadúnas árachais, chun gnó acu san no iad araon do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh na coinníollacha uile seo leanas cólíonta, sé sin le rá:—

(a) nach lugha caipital eisithe na cuideachtan san ná dhá chéad míle púnt agus nach lugha caipital íoctha na cuideachtan san ná céad míle púnt, agus

(b) go bhfuil ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus

(c) gur saoránaigh de Shaorstát Éireann furmhór stiúrthóirí na cuideachtan san (lasmuich de stiúrthóir bhainisteoireachta bheireann a chuid aimsire ar fad dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san).

(7) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) má bhí gnó árachais saoil ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, go bhfuilid do réir na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann le gnó árachais saoil, agus

(c) má bhí gnó árachais tionnscail ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, go bhfuilid ag cólíonadh na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann le gnó árachais tionnscail, agus

(d) go raibh ag an gcuideachtain sin an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go bhfuil acu ar dháta an iarratais sin áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus

(e) go bhfuil an chuideachta san (más fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann atáid ionchorpruithe) ag cólíonadh forálacha ailt 274 d'Acht 1908 no (más cumann, comhlachas, no cólucht eile iad atá ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann) gur chuir an chuideachta san ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan—

(i) deimhniú (ar n-a dheimhniú ag oifigeach ceart na tíre ina bhfuil an chuideachta san ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile amhlaidh) ar chlárú na cuideachtan san sa tír sin, agus

(ii) cóip (ar n-a deimhniú sa tslí chéanna) de sna rialacha no den ionstruim eile mhíníonn cóiriú na cuideachtan san, agus

(iii) ainmneacha na ndaoine atá ar an gcoiste bainistí no ar an gcólucht eile stiúrann no rialann an chuideachta san, agus

(iv) ainmneacha rúnaí agus iontaobhaithe na cuideachtan san agus na ndaoine go bhfuil sé údaruithe dhóibh dul chun dlí, agus go bhfuil sé údaruithe dul chun dlí leo, thar ceann na cuideachtan san, agus

(v) ainmneacha agus seolta duine no daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhógraí, scríbhinní no próisis dlí do ghlacadh thar ceann na cuideachtan san.

(8) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) go bhfuil an chuideachta san ag cólíonadh na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann leis an ngnó no na gnóthaí árachais a bhíonn ar siúl acu, agus

(c) go raibh ag an gcuideachtain sin an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go bhfuil acu ar dháta an iarratais sin áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus

(d) go bhfuil an chuideachta san ag cólíonadh forálacha ailt 274 d'Acht 1908.

(9) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche iarratas le n-a mbaineann ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa bhfo-alt san do bheith ar siúl acu i dteanta gnótha no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa cheann eile den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más deimhin leis go bhfuil an chuideachta san do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa cheann san den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo bhaineann leis an iarratas san agus ná fuil an ceadúnas san ag teastáil ón gcuideachtain sin ach go dtí go gcríochnófar socrú chun an ghnótha no na ngnóthaí árachais le n-a mbaineann an t-iarratas d'aistriú chun cuideachtan no cuideachtana árachais éigin eile a bheidh ceadúnuithe fén Acht so chun an ghnótha no na ngnóthaí sin do bheith ar siúl acu.

(10) Má dheonann an tAire ceadúnas árachais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun ceiliúrtha bronntar air leis an Acht so) an ceadúnas san do cheiliúradh ar chríochnú an tsocruithe chun an ghnótha árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san d'aistriú agus déanfaidh, pé scéal é, an ceadúnas san do cheiliúradh i gcionn naoi mí tar éis dáta a dheonta.

(11) Pé uair a déanfar iarratas go cuibhe do réir an Achta so—

(a) ag cuideachtain le Saorstát Éireann ná beidh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu ar dháta an iarratais sin ach go raibh gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus ná raibh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá san de Dheireadh Fómhair, 1935, no

(b) ag cuideachtain le Saorstát Éireann a bunófar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá, go bhfuil ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus gur saoránaigh de Shaorstát Éireann furmhór stiúrthóirí na cuideachtan san (lasmuich de stiúrthóir bhainisteoireachta bheireann a chuid aimsire ar fad dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san), agus nach lugha caipital eisithe na cuideachtan san ná dhá chéad míle púnt agus nach lugha caipital íoctha na cuideachtan san ná céad míle púnt, no

(c) ag cuideachtain gur deimhin leis an Aire ina dtaobh go bhfuilid do réir forálacha ailt 2 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) ,

ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Acht so, géilleadh don iarratas san.

(12) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ceadúnas árachais, chun gnó árachais fhreagarthachta fostóirí amháin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más deimhin leis gur comhlachas d'fhostóirí an cuideachta san agus, an gnó bhíonn no atá le bheith ar siúl ag an gcuideachtain sin, gurb é atá ann, ar fad no go substainteach, ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag na baill sin, go haonarach no maraon le hárachas in aghaidh aon fhionntair eile gur gnó freagarthachta fostóirí do réir bhrí an Achta so árachas ina aghaidh.

(13) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ceadúnas árachais, chun gnó árachais tóiteáin amháin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más deimhin leis gur comhlachas d'únaerí no de shealbhairí foirgintí no maoine eile an chuideachta san agus, an gnó bhíonn no atá le bheith ar siúl ag an gcuideachtain sin, gurb é atá ann, ar fad no go substainteach, ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh damáiste do dhéanamh, de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin, do sna foirgintí no don mhaoin eile atá ar únaeracht no ar seilbh acu.

(14) Pé uair a dhéanfaidh sinneagóid ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no gnó banna-shúncála do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh an gnó no na gnóthaí árachais sin seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail no gnó banna shúncála ar siúl ag an sinneagóid sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) go raibh na baill a bhí sa tsinneagóid sin ar an dáta san ag cólíonadh forálacha an Ochtú Sceidil a ghabhann le hAcht 1909, agus

(c) gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan—

(i) liost (agus é deimhnithe ag Cathaoirleach Lloyd's) d'ainmneacha agus de sheolta ball na sinneagóide sin, agus

(ii) ainmneacha agus seolta duine no daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhograí, scríbhinní, no próisis dlí do ghlacadh thar ceann na sinneagóide sin.

Forálacha speisialta i dtaobh cuideachtana coigríche áirithe.

13. —Pé uair a bheidh cuideachta choigríche, is cumann no comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann, tar éis ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, no pé uair a beifear tar éis ceadúnas árachais do dheonadh chun an dá ghnó san no ceachtar acu do bheith ar siúl aca, d'aon chuideachtain den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon atharú, sna rialacha no san ionstruim eile mhíníonn cóiriú na cuideachtan san agus do cuireadh ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan, cuirfear in úil don Chlárathóir sin é fé cheann na haimsire orduithe, agus

(b) féadfar aon fhógra, scríbhinn no próiseas dlí lasmuich de chás inar gá a mhalairt do réir no fé réim aon rialacha cúirte no aon orduithe chúirte no bhreithimh) do sheirbheáil tré n-a fhágaint ag na daoine, no tré n-a chur tríd an ngáth-phost roimh-íoctha chun na ndaoine, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, ag seolta na ndaoine sin mar a bheid luaidhte ag an gcuideachtain sin fén gCuid seo den Acht so, agus

(c) deanfaidh Clárathóir na gCuideachtan, más deimhin leis gur chuir an chuideachta san ar comhad aige na nithe is gá dhóibh do réir na Coda so den Acht so do chur ar comhad amhlaidh, deimhniú fé n-a láimh do thabhairt amach á dheimhniú gur chuir an chuideachta san ar comhad amhlaidh na nithe is gá dhóibh amhlaidh do chur ar comhad, agus

(d) beidh gach deimhniú den tsórt san ina fhianaise prima facie ar a mbeidh ráite ann agus ní gá sighniú Clárathóra na gCuideachtan do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é, agus

(e) má éilíonn duine ar bith san ar Chlárathóir na gCuideachtan agus má íocann an duine sin leis an gClárathóir sin pé táille acu so leanas is lugha, sé sin le rá, táille de reul an fólio de dhá fhocal sheachtód no táille phúint, bhéarfaidh an Clárathóir sin amach don duine sin cóipeanna (a bheidh deimhnithe ag an gClárathóir sin a bheith ina gcóipeanna dílse) d'aon cheann de sna nithe is gá d'aon chuideachtain den tsórt san, do réir na Coda so den Acht so, do chur ar comhad ag an gClárathóir sin agus ar bheith deimhnithe dhi amhlaidh beidh gach cóip den tsórt san ina fianaise prima facie ar a mbeidh inti agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an Chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é.

Forálacha speisialta i dtaobh sinneagóidí

14. —Pé uair a bheidh sinneagóid tar éis ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no gnó banna-shúncála do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, no pé uair a beifear tar éis ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais (seachas na gnóthaí adubhradh) do bheith ar siúl acu, do dheonadh do shinneagóid, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfidh Cathaoirleach Lloyd's in úil do Chlárathóir na gCuideachtan fé cheann na haimsire orduithe aon atharú déanfar ar bhallraíocht na sinneagóide sin, agus

(b) féadfar (lasmuich de chás inar gá a mhalairt do réir no fé réim aon rialacha cúirte no aon orduithe chúirte no bhreithimh) aon fhógra, scríbhinn no próiseas dlí do sheirbheáil tré n-a fhágaint ag na daoine, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, a bheidh luaidhte ag an sinneagóid sin chuige sin fén gCuid seo den Acht so no tré n-a chur tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha chun na ndaoine sin ag á seolta mar a bheid luaidhte ag an sinneagóid sin amhlaidh, agus

(c) déanfaidh Clárathóir na gCuideachtan, más deimhin leis gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad aige na nithe is gá dhóibh do réir na Coda so den Acht so do chur ar comhad amhlaidh, deimhniú fé n-a láimh do thabhairt amach á dheimhniú gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad amhlaidh na nithe is ghá dhóibh amhlaidh do chur ar comhad, agus

(d) beidh gach deimhniú den tsórt san ina fhianaise prima facie ar a mbeidh ráite ann agus ní bheidh sé riachtanach sighniú Clárathóra na gCuideachtan do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é, agus

(e) má éilíonn duine ar bith san ar Chlárathóir na gCuideachtan agus má íocann an duine sin leis an gClárathóir sin pé táille acu so leanas is lugha, sé sin le rá, táille de reul an fólio de dhá fhocal sheachtód no táille phúint, bhéarfaidh an Clárathóir sin amach don duine sin cóip (a bheidh deimhnithe ag an gClárathóir sin a bheith ina cóip dhílis) d'aon cheann de sna nithe is gá don tsinneagóid sin, do réir na Coda so den Acht so, do chur ar comhad ag an gClárathóir sin agus ar bheith deimhnithe dhi amhlaidh beidh gach cóip den tsórt san ina fianaise prima facie ar a mbeidh inti agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an Chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é.

Srian le ceadúnaisí árachais do dheonadh.

15. —(1) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta árachais no sinneagóid ceadúnas árachais d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) diúltú don iarratas san—

(a) marar chólíon an chuideachta san no Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le hairgead do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, no

(b) má chítear don Aire go bhfuil cúis mhaith chun a chreidiúint go bhfuil an chuideachta san dócmhainneach.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain árachais, diúltóidh an tAire, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, do gach iarratas ón gcuideachtain sin ar cheadúnas árachais chun aon ghnó árachais eile do bheith ar siúl acu, lasmuich de chás ina n-údaruítear go soiléir le halt eile den Chuid seo den Acht so an ceadúnas a hiarrfar amhlaidh do dheonadh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais (seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail) do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain choigríche, diúltóidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) do gach iarratas ón gcuideachtain sin ar cheadúnas árachais chun aon ghnó árachais eile den tsórt san do bheith ar siúl acu mara raibh an gnó árachais eile sin ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain árachais, diúltóidh an tAire, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, do gach iarratas ón gcuideachtan sin ar cheadúnas árachais chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, lasmuich de chás ina n-údaruítear go soiléir le halt eile den Chuid seo den Acht so an ceadúnas a hiarrfar amhlaidh do dheonadh.

Athchomharc in aghaidh diúltuithe d'iarratas ar cheadúnas árachais.

16. —Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas ar cheadúnas árachais beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh neach iarrtha an cheadúnais sin, fé cheann mí tar éis an diúltuithe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair a dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh dhó;

(b) ainmneofar an tAire mar fhreagarthóir in aon iarratas a déanfar chun na hArd-Chúirte fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so;

(c) más deimhin leis an Ard-Chúirt gur chólíon an t-iarratasóir sin no go gcólíonfaidh i dtráth forálacha Achta 1909 agus an Achta so agus, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé ceart agus cothrom an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin, féadfaidh ordú do dhéanamh á dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin;

(d) pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so á dhearbhú gur cheart ceadúnas árachais do dheonadh do dhuine bheidh á iarraidh déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh san caothúil, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin fé réim agus do réir an Achta so.

Fuirm, etc., cheadúnais árachais.

17. —Maidir le gach ceadúnas árachais—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

(b) más do chuideachtain árachais a deonfar é, luadhfar ann ainm na cuideachtan árachais sin agus, más do shinneagóid a deonfar é, luadhfar ann ainmneacha agus seolta ball na sinneagóide sin, agus

(c) luadhfar ann an gnó no na gnóthaí árachais fhéadfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) a bheith ar siúl acu, agus

(d) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin (pe'ca aca é) an gnó no na gnóthaí árachais a luaidhtear sa cheadúnas san do bheith ar siúl acu, agus

(e) deonfar é agus déarfaidh go ndeontar é fé réir forálacha an Achta so.

Ceadúnaisí árachais d'aistriú.

18. —(1) Ní bheidh ceadúnas árachais ionaistrithe ag an duine is ceadúnaí fé, ná tré oibriú dlí, chun aon chuideachtan ná chun aon duine eile.

(2) Pé uair a haistreofar únaeracht ghnótha árachais, tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí, ón duine is ceadúnaí fén gceadúnas árachais a bhaineann leis an ngnó san chun cuideachtan árachais eile féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ar n-a iarraidh sin don duine no don chuideachtain eile sin, an ceadúnas árachais sin d'aistriú chun na cuideachtan árachais eile sin agus chuige sin an ceadúnas árachais sin do leasú tré ainm na cuideachtan árachais eile sin do chur ann (tré cheartú no tré chúl-scríbhinn) mar cheadúnaí fé, in ionad ainm an duine ba cheadúnaí fé díreach roimhe sin.

(3) Pé uair a scuirfidh sinneagóid, is sealbhóir ar cheadúnas árachais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, den ghnó árachais le n-a mbainfidh an ceadúnas árachais sin do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, ar iarratas sinneagóide éigin eile, an ceadúnas árachais sin d'aistriú chun na sinneagóide eile sin agus chuige sin an ceadúnas árachais sin do leasú tríd an sinneagóid eile sin do chur ann (tré cheartú no tré chúl-scríbhinn) mar cheadúnaí fé, in ionad na céad shinneagóide sin adubhradh.

(4) Na forálacha den Acht so bhaineann le ceadúnas árachais d'iarraidh agus do dheonadh beidh acu, sa mhéid is infheidhmithe iad sa chás, feidhm maidir le haistrithe ceadúnaisí árachais d'iarraidh agus do dheonadh

Ceadúnas árachais do gheallbhruideadh.

19. —Pé uair—

(a) a deonfar ceadúnas árachais do chuideachtain le Saorstát Éireann fé fhoráil den Acht so le n-a gceangailtear ar an Aire an ceadúnas san do dheonadh más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh coinníollacha áirithe á gcólíonadh ag an gcuideachtain sin, agus

(b) a bheidh sé ina choinníoll de sna coinníollacha san go mbeidh ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann,

ansan agus i ngach cás den tsórt san tuigfear gur coinníoll leanúnach ag gabháil leis an gceadúnas san an coinníoll atá leagtha amach sa mhír sin (b) roimhe seo agus má scuireann an chuideachta san, aon uair le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm, de bheith do réir an choinníll sin tiocfaidh an ceadúnas san chun bheith agus beidh sé geallbhruidthe agus gan bhrí láithreach.

Ceadúnaisí árachais do cheiliúradh, etc.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas árachais d'atharú no do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin i scríbhinn, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, don duine is ceadúnaí fén gceadúnas san.

(2) Pé uair a chífear don Aire gur cheart ceadúnas árachais do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh ar gach foras no ar aon fhoras acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur theip ar an duine is ceadúnaí fé forálacha Achta 1909 no an Achta so do chólíonadh, no

(b) nach ceart, toisc nea-dhóthanacht sócmhainní an duine is ceadúnaí fé, an gnó árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san do bheith ar siúl ag an gceadúnaí sin, no

(c) gur theip ar an gceadúnaí sin méid éilimh fé pholasaí árachais do rinneadh leis an gceadúnaí sin d'íoc, leis an té do bhí ina theideal, fé cheann mí tar éis an dáta ar ar hadmhuíodh no ar ar cinneadh no ar ar breithiúnuíodh méid an éilimh sin do bheith dlite, no

(d) i gcás sinneagóide, go bhfuil códhéanamh na sinneagóide atharuithe tré mhéadú do dhéanamh ar bhallraíocht na sinneagóide sin is dóich leis an Aire do bheith míréasúnta ag féachaint do líon na mball a bhí sa tsinneagóid sin ar dháta an cheadúnais árachais do thabhairt amach don tsinneagóid sin,

féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do thabhairt don cheadúnaí sin á rá go bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh agus ag luadh na bhforas ar a bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a bhéarfaidh an tAire fógra fén alt so, don duine is ceadúnaí fé cheadúnas árachais, á rá go bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an ceadúnaí sin, fé cheann lá is fiche, no fé cheann pé aimsire níos sia ná san a cheadóidh an tAire, tar éis an fhógra san do thabhairt, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an churtha-ar-fiunraoi no an cheiliúrtha san;

(b) aon uair tar éis deireadh na haimsire ceaptar leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so chun na cúise sin a luaidhtear sa mhír sin do phlé agus tar éis don Aire an chúis sin (má pléidhtear í) do bhreithniú féadfaidh an tAire más dóich leis san do bheith ceart, tré fhógra do thabhairt don cheadúnaí sin, an ceadúnas san do chur ar fiunraoi go ceann pé aimsire is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa bhfógra san no é cheiliúradh ar fad;

(c) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt so raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san (pe'ca aca é) in éifeacht an cúigiú lá déag tar éis an fhógra le n-a ndéanfar an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do thabhairt agus beidh éifeacht aige ón lá san amach;

(d) aon uair tar éis an fhógra san i dtaobh cur-ar-fiunraoi no ceiliúrtha (pe'ca aca é) do thabhairt agus sara raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san in éifeacht féadfaidh an ceadúnaí sin a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do chur ar nea-mbrí agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Ard-Chúirt an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do chur ar nea-mbrí más deimhin léi go bhfuil forálacha Achta 1909 agus an Achta so cólíonta ag an gceadúnaí sin agus, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé ceart agus cothrom an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san (pe'ca aca é) do chur ar nea-mbrí;

(e) ainmneofar an tAire mar fhreagarthóir in aon iarratas chun na hArd-Chúirte fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

(f) nuair a déanfar iarratas chun na hArd-Chúirte fén mír sin roimhe seo den fho-alt so ní raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh is abhar don iarratas san in éifeacht mara ndiúltuighidh ná go dtí go ndiúltóidh an Ard-Chúirt don chur-ar-fiunraoi no don cheiliúradh san do chur ar nea-mbrí, ach beidh san fé réir chirt na hArd-Chúirte chun an dul-in-éifeacht san do chur ar athló tuilleadh go dtí go ndéanfar athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe.

Clár de cheadúnaisí

21. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár clár de cheadúnaisí (dá ngairmtear san alt so an clár de cheadúnaisí) do choimeád de sna ceadúnaisí árachais uile.

(2) Pé uair a deonfar ceadúnas árachais cuirfidh an tAire fé ndeár go gcuirfear sa chlár de cheadúnaisí láithreach na mioninnste seo leanas, sé sin le rá:—

(a) deonadh an cheadúnais sin, agus

(b) dáta deonta an cheadúnais sin, agus

(c) i gcás cuideachtan árachais, ainm agus seoladh na hoifige cláruithe no na príomh-áite gnótha eile i Saorstát Éireann atá ag an gcuideachtain árachais dar deonadh an ceadúnas san, agus, i gcás sinneagóide, ainmneacha agus seolta ball na sinneagóide sin maraon le hainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhógraí, scríbhinní, no próiseas dlí do ghlacadh thar ceann na sinneagóide sin, agus

(d) pé mion-innste eile, i dtaobh an cheadúnais sin no bhainnean leis, ordóidh an tAire o am go ham.

(3) Pé uair a hatharófar, a ceiliúrfar, no a haistreofar ceadúnas árachais, no a thiocfa sé chun bheith geallbhruidthe, cuirfear láithreach sa chlár de cheadúnaisí na mion-innste sin i dtaobh an atharuithe, an cheiliúrtha, an aistrithe, no an gheallbhruidthe sin, do réir mar bheidh, ordóidh an tAire o am go ham.

(4) Beidh an clár de cheadúnaisí i pé fuirm agus coimeádfar é i pé áit i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath ordóidh an tAire o am go ham.

(5) Féadfaidh duine ar bith, na tráthanna san ordóidh an tAire, an clár de cheadúnaisí d'iniúchadh ar íoc pé táille, nach mó ná scilling, a ordóidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

(6) Na táillí uile is iníoctha fén alt so, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgid.

(7) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

E d'oblagáid ar chuideachtana árachais airgead do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

22. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh gach cuideachta árachais go mbeidh gnó árachais ar siúl acu no bheidh ar aigne gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann pé suim no suimeanna acu so leanas, a bhainfidh leis an ngnó no na gnóthaí árachais a bheidh ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, do lóisteáil agus (faid a bheidh an gnó árachais le n-a mbainfidh aon tsuim a lóisteálfar fén alt so ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh) do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, sé sin le rá:—

(a) suim fiche míle púnt alos gach gnótha árachais fé leith acu so leanas, sé sin le rá, gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail, agus

(b) suim fiche míle púnt alos aon ghnótha no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste agus gnó árachais ghloine, agus

(c) suim cúig mhíle dhéag púnt alos gnótha árachais fheithicle inneall-ghluaiste.

(2) Beidh feidhm ag alt 2 (bhaineann le lóisteála) d'Acht 1909, mar a leasuítear no a hatharuítear san leis an alt so, maidir le gach suim a ceangailtear leis an alt so ar chuideachtain árachais do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil fé mar atá feidhm ag an alt san 2 maidir leis an suim is gá do chuideachtain árachais do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil fén alt san.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chuideachtain acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuideachta le Saorstát Éireann is comhlachas d'fhostóirí agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn no atá le bheith ar siúl acu ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag na baill sin, go haonarach no maraon le hárachas in aghaidh aon fhionntair eile bhaineann leis an trádáil, an tionnscal no an gnó bhíonn ar siúl ag na baill sin, no

(b) cuideachta le Saorstát Éireann is comhlachas d'únaerí no de shealbhairí foirgintí no maoine eile agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn no atá le bheith ar siúl acu ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh damáiste do dhéanamh, de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin, do sna foirgintí no don mhaoin eile atá ar únaeracht no ar seilbh acu, no

(c) cuideachta gur deimhin leis an Aire ina dtaobh iad do bheith do réir forálacha ailt 2 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) , no

(d) cuideachta árachais go raibh gnó árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail ar siúl acu i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus nach gá dhóibh do réir Achta 1909 éarlais do lóisteáil agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn ar siúl aca ná árachaisí do dhéanamh in aghaidh cailliúint no damáistiú maoine no alos maoine is le cóghléasadh no cólucht creidimh no atá i seilbh ar iontaobhas dóibh no in úsáid no ar seilbh acu no thar a gceann le n-a n-áirmhítear freagarthacht i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag iontaobhaithe, coistí, maoir no oifigigh eile no sealbhóirí maoine den tsórt san, no

(e) cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais ghloine ar siúl acu agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh ná bíonn aon ghnó árachais eile ar siúl acu.

E d'oblagáid ar Choiste Lloyd's éarlaisí do lóisteáil.

23. —(1) Pé uair agus faid a bheidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste, agus gnó árachais ghloine ar siúl i Saorstát Éireann ag sinneagóid no dhá shinnegóid no níos mó déanfaidh Coiste Lloyd's suim fiche míle púnt do lóisteáil agus go choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(2) Pé uair agus faid a bheidh gnó árachais fheithicle inneallghluaiste ar siúl i Saorstát Éireann ag sinneagóid no dhá shinneagóid no níos mó, déanfaidh Coiste Lloyd's suim cúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(3) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar fén alt so do shúncáil i pé urrúis is rogha le Coiste Lloyd's agus go mbeidh údaruithe de thurus na huaire do réir dlí airgead fé urláimh no fé réir ordú na hArd-Chuirte do shúncáil ionta, agus íocfaidh an Cuntasóir sin an t-ús ar na hurrúis sin leis an gCoiste sin.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 2 d'Acht 1909 maidir le suimeanna do lóisteáil fén alt so fé mar atá feidhm acu maidir le suimeanna do lóisteáil fén alt san.

Earlaisí a bheidh ar lóisteáil fé Acht 1909 d'aistriú.

24. —(1) Pé uair a bheidh cuideachta árachais ag coimeád éarlaise ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais i dtosach feidhme na Coda so den Acht so do réir Achta 1909 alos saghais áirithe gnótha árachais agus is gá don chuideachtain árachais sin do réir na Coda so den Acht so suim airgid do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais alos an tsaghais áirithe céanna san gnótha árachais, coinneoidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais sin a bheidh á coimeád ar lóisteáil amhlaidh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus na súncála is ionann agus an éarlais sin an uair sin agus tuigfear gur éarlais iad do lóisteáil an chuideachta árachais sin alos an tsaghais áirithe sin gnótha árachais do réir na Coda so den Acht so.

(2) Díreach i dtosach feidhme na Coda so den Acht so áirmheoidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais agus déanfaidh amach, maidir le gach éarlais a choinneoidh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, an méid is luach margaidh, le linn an tosach feidhme sin, do sna súncála is ionann an uair sin agus an éarlais sin agus bhéarfaidh láithreach don chuideachtain árachais do choimeád an éarlais sin ar lóisteáil amhlaidh fógra i scríbhinn ag luadh méid an luacha mhargaidh sin a déanfar amach amhlaidh agus an méid (más aon mhéid é) is lugha no is mó (pe'ca aca é) an luach margaidh sin ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más lugha an luach margaidh sin ná an lán-mhéid ceart san agus go lóisteálfaidh an chuideachta árachais sin le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, mí ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann leis an deifríocht idir an luach margaidh sin agus an lán-mhéid ceart san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais gurb ionann na súncála san agus í agus d'áireamh mar chuid den éarlais sin agus tuigfear an lán-mhéid ceart san do bheith san éarlais sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus ón am san amach;

(b) má bhíonn breis ag an luach margaidh sin ar an lán-mhéid ceart san féadfaidh an chuideachta árachais sin, tráth ar bith fé cheann trí mhí tar éis an fhógra san d'fháil, íoc na breise sin d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire, agus leis sin féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú do Chuntasóir na hArd-Chúirte an oiread san (más ann dó) de sna súncála san do dhíol a fhágfaidh luach margaidh na coda eile de sna súncála san do bheith, lá an díola san, có-ionann leis an lán-mhéid ceart san agus sochar an díola san d'íoc leis an gcuideachtain árachais sin (tar éis costaisí an díola san do thógaint as) no, má iarrann an chuideachta árachais sin go ndéanfaí amhlaidh, a ordú do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an oiread san (más ann dó) de sna súncála san d'aistriú chun na cuideachtan árachais sin, no chun duine éigin ainmneoidh an chuideachta árachais sin, a fhágfaidh luach margaidh na coda eile de sna súncála san do bheith, lá an aistrithe sin, có-ionann leis an lán-mhéid ceart san.

Fiacha breithiúntais d'íoc as éarlaisí.

25. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Cúirt ordú, aithne, no breithiúntas á cheangal ar chuideachtain árachais no ar shinneagóid airgead d'íoc le duine ar bith alos éilimh fé pholasaí ar n-a thabhairt amach ag an gcuideachtain árachais no ag an sinneagóid sin (pe'ca aca é) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin i slí achmair don duine sin, a ordú an t-airgead san d'íoc (i dteanta no d'éamuis costaisí an iarratais sin) leis an duine sin as an éarlais no as aon éarlais áirithe bheidh á coimeád ar lóisteáil ag an gcuideachtain árachais sin no ag Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) do réir an Achta so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so íocfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an t-airgead a luadhfar san ordú san leis an duine agus as an éarlais a luadhfar san ordú san agus díolfaidh chuige sin oiread, de sna súncála is ionann agus an éarlais sin, agus is gá (tar éis costaisí an díola san do ghlanadh) chun go bhféadfar an t-airgead san d'íoc amhlaidh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Cuntasóir na hArd-Chúirte, do réir orduithe ar n-a dhéanamh ag Cúirt fén alt so, aon airgead d'íoc as éarlais, no aon chuid do dhíol de sna súncála is ionann agus éarlais, a bheidh á coimeád ar lóisteáil leis do réir na Coda so den Acht so ag cuideachtain árachais no ag Coiste Lloyd's, áirmheoidh agus déanfaidh amach láithreach luach margaidh an mhéide bheidh gan díol de sna súncála is ionann agus an éarlais sin agus, más lugha ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin an luach margaidh sin maraon le haon airgead nea-shúncálta is cuid den éarlais sin, bhéarfaidh fógra i scríbhinn don chuideachtain árachais sin no don Choiste sin (fé mar is gá sa chás) i dtaobh an easnaimh sin agus a mhéide.

(4) Más rud é, nuair a bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais do chuideachtain árachais no do Choiste Lloyd's do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, go lóisteálfaidh an chuideachta árachais sin no Coiste Lloyd's le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, ceithre lá déag ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus tuigfear gur choimeád an chuideachta árachais sin no Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) an éarlais sin ina lán-mhéid cheart.

Earlaisí do scaoileadh.

26. —(1) Pé uair a scuirfidh cuideachta árachais d'aon tsaghas áirithe gnótha árachais do bheith ar siúl acu go mbeidh an chuideachta árachais sin ag coimeád éarlaise ar lóisteáil ina thaobh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, féadfaidh an chuideachta árachais sin ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(2) Más rud é, ar chuideachtain árachais do dhéanamh iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so, gur deimhin leis an Ard-Chúirt nach gá an éarlais le n-a mbaineann an t-iarratas san do choimeád ar lóisteáil i dtaobh aon ghnótha árachais eile bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain árachais sin, agus gur híocadh agus gur glanadh na fiachaisí do bhí ar an gcuideachtain árachais sin i Saorstát Éireann alos an ghnótha árachais sin gur scuir an chuideachta árachais sin amhlaidh d'é do bheith ar siúl acu no gur tugadh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais urrús chun a shástachta ar na fiachaisí sin d'íoc, ordóidh an Ard-Chúirt do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais pé costaisí (más ann dóibh) d'íoc as na súncála agus as an airgead is ionann agus an éarlais sin ordóidh an Ard-Chúirt agus, maran leor an t-airgead san chun na gcostaisí sin d'íoc, oiread de sna súncála san do dhíol agus is leor (tar éis costaisí an díola san d'íoc) chun na críche sin agus na súncála san no an méid a bheidh fanta dhíobh (pe'ca aca é) d'aistriú chun na cuideachtan árachais sin agus an t-airgead san no an méid (más aon mhéid é) a bheidh fanta dhe (pe'ca aca é) d'íoc leis an gcuideachtain árachais sin.

Earlaisí bheidh ar lóisteáil ag Coiste Lloyd's do scaoileadh.

27. —(1) Más rud é, aon uair le linn Coiste Lloyd's do bheith ag coimeád éarlaise fiche míle púnt ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, ná beidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneallghluaiste, no gnó árachais ghloine ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid, féadfaidh Coiste Lloyd's ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiadh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i dtaobh na héarlaise sin i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(2) Más rud é, aon uair le linn Coiste Lloyd's do bheith ag coimeád éarlaise cúig mhíle dhéag púnt ar lóisteáil le Cuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, ná beidh gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid, féadfaidh Coiste Lloyd's ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i dtaobh na héarlaise sin i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(3) Más rud é, ar Choiste Lloyd's do dhéanamh iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so, gur deimhin leis an Ard-Chúirt ná fuil aon ghnó árachais oiriúnach (mar a mínítear san sa chéad fho-alt eile den alt so) ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid agus gur híocadh no gur glanadh na fiachaisí do bhí, laistigh de Shaorstát Éireann, ar gach sinneagóid ag á raibh aon ghnó árachais oiriúnach ar siúl i Saorstát Éireann roimhe sin no gur tugadh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais urrús chun a shástachta ar na fiachaisí sin d'íoc, ordóidh an Ard-Chúirt do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais pé costaisí (más ann dóibh) d'íoc as na súncála agus as an airgead is ionann agus an éarlais le n-a mbainfidh an t-iarratas san ordóidh an Ard-Chúirt agus, maran leor an t-airgead san chun na gcostaisí sin d'íoc, oiread de sna súncála san do dhíol agus is leor (tar éis costaisí an díola san d'íoc) chun na críche sin agus na súncála san no a mbeidh fanta dhíobh (pe'ca aca é) d'aistriú chun Coiste Lloyd's agus an t-airgead san no an méid (más aon mhéid é) a bheidh fanta dhe d'íoc leis an gCoiste sin.

(4) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cialluíonn an abairt “gnó árachais oiriúnach”—

(a) i gcás iarratais i dtaobh éarlaise fiche míle púnt do lóisteáil Coiste Lloyd's do réir an Achta so—aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste, agus gnó árachais ghloine, agus

(b) i gcás iarratais i dtaobh éarlaise cúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil Coiste Lloyd's do réir an Achta so—gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste.