50 1936


Uimhir 50 de 1936.


ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA (LEASÚ), 1936.


ACHT CHUN AN ACHTA OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930 , DO LEASÚ. [28adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) .

Coistí oideachais ghairme beatha do chur tailimh ná beidh ag teastáil de láimh.

2. —(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire Oideachais, aon talamh a bheidh dílsithe sa choiste sin do dhíol no do chur ar cíos.

(2) An t-airgead uile gheobhaidh coiste oideachais ghairme beatha de bharr talamh do dhíol fén alt so no i bhfuirm fíneála as talamh do chur ar cíos fén alt so, déanfar, sa chéad dul síos, é chur mar chabhair chun íoctha aon airgid cholna a bheidh mar mhuirear ar an gciste oideachais ghairme beatha bheidh á chothabháil ag an gcoiste sin, agus déanfar an farasbarr (más ann dó) den airgead san d'íoc isteach sa chiste sin.

(3) Aon airgead a gheobhaidh coiste oideachais ghairme beatha i bhfuirm chíosa as talamh do chur ar cíos fén alt so, déanfar é d'íoc isteach sa chiste oideachais ghairme beatha bheidh á chothabháil ag an gcoiste sin.

(4) Beidh fo-alt (1) den alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige ón 21adh lá d'Iúl, 1930.

Alt 43 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 43 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “i dtosach na bliana san” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san agus tré sna focail “i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin” do chur, i ngach cás, in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, do chur i mbaint.

4. —Bainfidh Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, le coistí oideachais ghairme beatha agus le n-a gcuid ball fé mar a bhaineann sé le comhairlí contae agus le n-a gcuid ball ach san fé réir an atharuithe ná beidh duine, d'ainneoin éinní atá i mír (e) d'fho-airtiogal (4) den Airtiogal san 12, dí-cháilithe, más cáilithe dhó ar gach slí eile, chun é do thogha no do rogha mar bhall, no chun é bheith mar bhall, d'aon choiste oideachais ghairme beatha no d'aon fho-choiste den chéanna de bhíthin é féin no a pháirtnéir d'fháil aon tsochair no buntáiste no do dhéanamh connartha chun aon tsochar no buntáiste d'fháil a thairgeann an coiste sin no aon fho-choiste den chéanna don phuiblíocht i bhfuirm oideachais leanúnaigh agus ceárd-oideachais ná de bhíthin baint do bheith aige féin no ag á pháirtnéir le haon mhargadh no connradh atá ar marthain ar dháta an Achta so do rith agus do rinneadh leis an gcoiste sin no le haon fho-choiste den chéanna ná de bhíthin é féin no a pháirtnéir d'fháil coda de bhrabús aon mhargaidh no connartha den tsórt san no aon oibre atá á déanamh ar an dáta san fé údarás an choiste sin no aon fho-choiste den chéanna.

Athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo alt 122 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —Féadfar an tAcht Oideachais Ghairme Beatha (Leasú), 1936 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Oideachais Ghairme Beatha, 1930 agus 1936, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.