17 1937


Uimhir 17 de 1937.


ACHT CISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1937.


ACHT CHUN ACHTA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935, DO LEASÚ. [3adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “an ciste” ciste na n-iasachtaí áitiúla.

(2) Gach abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá léi san Acht so an brí tugtar di amhlaidh.

An méid airgid a féadfar a thabhairt amach as an gciste do mhéadú.

2. —Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear ná raghaidh méid iomlán an airgid do bhéarfar amach as an gciste, maidir le hiasachtaí áitiúla, i rith na tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt san thar suim cúig milleon punt, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán an airgid do bhéarfar amach amhlaidh i rith na tréimhse sin thar suim aon mhilleoin déag punt.

Easnaimh i gcaipital an chiste.

3. —Má orduíonn agus pé uair ordóidh an tAire amhlaidh, déanfar, sa mhéid ordóidh an tAire, aon easnamh a bheidh de thurus na huaire i gcaipital an chiste do shlánú as aon bharrachas a bheidh de thurus na huaire i gcuntas ioncuim an chiste.

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Na méideanna féadfar a bhaint, fé fho-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht, as airgead is iníoctha le húdarás áitiúil (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-údarás áitiúil a céad-luaidhtear) beidh ortha méid aon tsuime (le n-a n-áirmhítear suim is ús pionósach i bpáirt no go hiomlán) a bheidh dlite don chiste agus iníoctha leis—

(a) ag údarás áitiúil gur le hairgead no amach as airgead a sholáthruíonn an t-údarás áitiúil a céad-luaidhtear a híoctar a gcostaisí i bpáirt no go hiomlán, no

(b) alos iasachta áitiúla go mbeidh a haisíoc urruithe ag an údarás áitiúil a céad-luaidhtear.

(2) Méideanna a has-bhainfear de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht, iad d'as-bhaint fén alt san 16.

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.