19 1937

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 19 de 1937.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1937.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]

ACHT CHUN RÉ CEADÚNAISÍ ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , D'FHAIDIÚ TUILLEADH. [4adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ceadúnaisí fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 , d'fhaidiú.

1. —Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), agus a bhí i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1937, de bhuadh ailt 8 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 (Uimh. 34 de 1934) , tuigfear é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí am an Achta so do rith agus, má bhíonn an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe le linn an Achta so do rith sa chlár d'easportálaithe déantóireachta atá á choimeád fé alt 14 den Acht Tora Déiríochta, 1924 . adubhradh, fanfa sé i bhfeidhm faid a leanfaidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe amhlaidh, ach féadfaidh an tAire Talmhaíochta an ceadúnas san do cheiliúradh tráth ar bith.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, agus den Acht so le chéile.